Sraith Nua do dhaltaí atá ag réiteach do Bhéaltriail na Gaeilge
Feabhra 23, 2012
Tá tús á chur le sraith nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a thabharfaidh cúnamh do dhaltaí Ardteiste ullmhú do bhéaltriail na Gaeilge.
Anois agus 40% de na marcanna ag dul don bhéaltriail sa Ghaeilge, díreoidh A Rá, a bheidh ag tosnú Dé Luain 27 Feabhra, ar dhaltaí atá ag réiteach don scrúdú sin. Leanfaidh an tsraith ar feadh ocht seachtainí as seo nó go dtosóidh na scrúduithe i mí Aibreáin.
Is í an láithreoir raidió agus teilifíse, Síle Ní Scanláin, a bheidh sa chathaoir d’A Rá, agus beidh sobaldráma nua do dhéagóirí, An Baile Beag, mar chuid den chlár. Aisteoirí óga as Conamara a bheidh le cloisteáil ann, agus tá súil gur bealach spraíúil, cruthaitheach a bheidh anseo cur le foclóir na ndaltaí, agus cuidiú leo le cúrsaí gramadaí, gan é bheith ró-chosúil le rang scoile.
Beidh beirt shaineolaí sa stiúideo le Síle freisin gach seachtain, le moltaí do dhaltaí. Is iar-scrúdaitheoir í Caoimhe Ní Chuinn, agus beidh sise ag cur comhairle maidir leis na rudaí a bheidh á lorg ag an scrúdaitheoir, na botúin is mó a dhéantar, agus conas iad a sheachaint. Beidh an múinteoir Máirín Ní Dhomhnaill ar an gclár gach seachtain chomh maith agus leideanna aici do dhaltaí maidir leis an gcaoi is fearr le réiteach don scrúdú.
Le cois na míreanna seo, beidh agallamh ann le haoi speisialta atá i mbéal an phobail, agus ar chuid acu siúd a bheidh le cloisteáil beidh Gráinne Bleasdale a bhí i bpáirt Sophie sa dráma Aifric, beidh Brídín Ní Mhaoldomhnaigh atá le feiceáil i bpáirt Katie i Ros na Rún, agus beidh Úna Ní Fhlatharta ón dráma Corp + Anam. Cloisfear míreanna faoi leith freisin ar an bhfilíocht, agus ar Shraith na bPictiúr, gné nua den scrúdú i mbliana.
Beidh A Rá le cloisteáil maidin Dé Luain 10.15 am, le hathchraoladh maidin Dé Sathairn 11.30 am, agus beidh an chéad chlár ag dul amach ar 27 Feabhra. Beidh na cláracha uilig le fáil ar Sheinnteoir Raidió RTÉ, www.rte.ie/radioplayer, agus beidh siad le fáil ar leathanach Facebook Raidió na Gaeltachta, leis. Tuilleadh eolais le fáil ag www.rte.ie/rnag, nó cuardaigh Raidió na Gaeltachta Oifigiúil ar Facebook.
Is léiriú de chuid Meangadh Fíbín Teo do RTÉ Raidió na Gaeltachta é A Rá, agus léiríodh an tsraith le maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann.
School funds cut to pay for U-turn by Quinn
Feabhra 23, 2012
Múinteoirí san Uisce
Feabhra 23, 2012
Tá Coláiste uisce, Coláiste Samhraidh atá lonnaithe i mBéal an Mhuirthead i dtuaisceart Mhaigh Eo, ag tabhairt cuiridh do mhúinteoirí freastal ar dheireadh seachtaine eachtraíochta atá á eagrú acu ar an 30 Márta.
Tabharfar deis do mhúinteoirí dhá lá a chaitheamh i mbun imeachtaí eachtraíochta trí mheán na Gaeilge agus é saor in Aisce. Caithfidh uimhir oide a bheith ag gach múinteoir le freastal ar an gcúrsa seo.
Deir lucht an Choláiste tabharfaidh an deireadh seachtaine seo deis chun tuiscint a fháil ar an mbealach a spreagann muid na daltaí trí ghníomhaíochtaí eachtraíochta.
Tuilleadh eolas ó clodagh@uisce.ie.
GALWAY ADVERTISER
Áiseanna Gaeilge ar iTunes
Feabhra 23, 2012
Tá togra foghlamtha seolta ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar chainéal iTunes.
Seo cnuasach saibhir fuaime, fís, amhráin, dánta agus scéalta staire atá curtha le chéile ó chartlann Raidió na Gaeltachta agus ó chartlann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá an áis nua dírithe ar na bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre agus tá sé ar fáil saor in aisce @ itunes.cogg.ie
GALWAY ADVERTISER
A Rá ar an Raidió
Feabhra 23, 2012
Cuirfidh Raidió na Gaeltachta tús Dé Luain seo chugainn, 27 Feabhra, le A Rá, sraith nua do dhaltaí atá ag réiteach do scrúdú na hardteistiméireachta.
Tá an tsraith á cur i láthair ag Síle Ní Scanláin agus gach seachtain beidh trí mhiondhráma, bunaithe ar théamaí a bhaineann le saol an déagóra, le cloisteáil. Pléifear téamaí an dráma i stíl chruthaitheach, snasta agus réalaíoch a spreagfaidh suim dhaoine óga, agus beidh gnéithe gramadaí agus foclóra fite fuaite síos tríd an scéal. Beidh saineolaithe sa stiúideo chomh maith agus iad ag labhairt ar ghnéithe éagsúla den scrúdú.
Tá an tsraith seo á léiriú ag Meangadh Fíbín Teo. Raidió na Gaeltachta, Dé Luain 27 Feabhra ag 10.15 r.n.
GALWAY ADVERTISER
Máirt na hInide i Scoil Aonghusa, Droichead Átha.
Feabhra 23, 2012
Ar an Máirt (21-2-12) lá na pancóga a bhí ann. Glaotar Máirt na hInide air freisin. Sa halla bhí Cumann na dtuismitheoirí ag déanamh pancóga don scoil go léir. Bhí seacláid té, sú oráiste, agus dar ndóigh, pancóga! D’itheamar ár ndóthain dóibh seo. Bhí tú in ann subh, seacláid, mil, liomóin, siúcra, im agus sioraip a chur ar na bpancóga. Bhí siad an-bhlasta agus thaitin siad go mór le gach éinne. D’aontaigh gach éinne gur chaith cumann na dtuismitheoirí go geal flaithiúil linn ar an lá. Tá muid go léir ag siúl go mór leis an bliain seo chugainn.
Sa phictiúr tá Mary ag soláthair pancóg blasta ar John fad is féachann Nicole is Kate go hocrach uirthi!
Rás UCD 2012-Dé Sathairn 25 Feabhra 12pm, Rith 5K ar Champus Belfield
Feabhra 21, 2012
Rás bóthair 5 ciliméadar timpeall champas Belfield d’óg agus aosta. Duaiseanna do gach aon aoisghrúpa. Ghlac 400 duine páirt sa Rás Gaeilge seo anuraidh agus bhí an spraoi ag baint leis.
Is comhthionscnamh é seo idir Scéim Chónaithe Bord na Gaeilge UCD (www.ucd.ie/bnag), Saorálaithe Thar Lear UCD ( www.ucdvo.org) agus Cumann Lúthcleasaíocht na hOllscoile.
Gach eolas mar aon le foirm iontrála le fáil ar: http://www.ucd.ie/rasucd/ga/
Fáilte roimh chách!
Luach €1000 de leabhair don Leabharlann Scoile le buachan!
Feabhra 21, 2012
Sonraí ar fáil anseo – World Book Day Competition
Seimineáir Inseirbhíse ar Fhorbairt na Matamaitice sa Chóras Tumoideachais
Feabhra 21, 2012
Reáchtálfar seimineáir inseirbhíse ar Fhorbairt na Matamaitice sa Chóras Tumoideachais ar an 21 Márta in Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath agus an 22 Márta i gCorcaigh. Tá an dréachtchlár thíos agus deimhneofar an t-ionad agus na hoiliúnóirí i gCorcaigh go luath.
Níl aon chostas ar na seimineáir agus fáilteofar roimh rannpháirtíocht mhúinteoirí agus príomhoidí ó na scoileanna lán-Ghaeilge. Níl le déanamh chun clárú ach ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelsoileanna.ie le hainm an duine agus seoladh ríomhphoist roimh dheireadh an lae, Luan 12 Márta.
CLÁR
- 09.00 – 09.30 Clárú, Tae agus Caife
- 09.30 – 09.35 Fáilte, Cúlra & Aidhmeanna an tSeimineáir (Bláthnaid ní Ghréacháin)
- 09.35 – 11.00 Seisiún I: Cur chuige uile scoile i leith forbairt na matamaitice sa scoil lán-Ghaeilge: múineadh éifeachtach, saibhriú agus comhtháthú teanga na matamaitice sa ghaelscoil (Karen Brogan, SFGM)
- 11.00 – 11.15 Briseadh
- 11.15 – 12.00 Seisiún II: Léargas scoile ar fhorbairt na mata. Taithí phraiticiúil
- 12.00 – 12.45 Seisiún III: Forbairt na matamaitice agus páistí le riachtanais speisialta
- 12.45 – 13.45 Lón
- 13.45 – 15.15 Seisiún IV: Réiteach fadhbanna agus inniúlacht teanga sna gaelscoileanna (Miriam Ryan, Coláiste Phádraig)
- 15.15 Plé oscailte agus clabhsúr
Controversy over new school plan
Feabhra 21, 2012