Westport school hoists country’s first anti-bullying flag
Deireadh Fómhair 10, 2014
A Westport Gaelscoil has become the first school in Ireland to fly the Blue Shield Flag for its robust anti-bullying policy.
An Taoiseach Enda Kenny was in Gaelscoil na Cruaiche yesterday (Thursday ) to raise the Blue Shield Flag, which is an initiative by the ISPCC.
The Blue Shield Flag recognises schools who have strong anti-bullying policies and promote a climate of openness and support in responding to any bullying concerns.
Some of the measures introduced at Gaelscoil na Cruaiche include an anti-bullying awareness week and appointing an anti-bullying coordinator.
School principal Mairéad Ní Ruáin said the school had carried out considerable work with the ISPCC to “sustain and develop a warm and caring atmosphere where all children feel safe and secure.”
Speaking at the flag raising ceremony, An Taoiseach congratulated the school on their achievement.
“The ISPCC Blue Shield Flag is a testament to their positive action and determination to ensure a safe and secure school environment for all children and is a great example for all schools to follow to combat bullying,” he said.
Last year the ISPCC worked with 100 schools in reviewing and developing their anti-bullying policies, and it has worked with 71 schools so far this year.
Fiona Jenning, regional ISPCC representative, said bullying is a consistent issue that needs to be addressed.
“Through the Shield My School campaign, the ISPCC offers support to the whole school community in actively responding to this concern,” she said. “We hope that Gaeslscoil na Cruaiche will be the first of many schools [to win the Blue Shield Flag] nationally.”
For more information on the campaign visit www.ispcc.ie or telephone (01 ) 676 7960.
Folúntas: Coláiste Chroí Mhuire
Deireadh Fómhair 10, 2014
Sonraí ar www.educationposts.ie.
Folúntas: Béal an Mhuirthead Sóisear
Deireadh Fómhair 9, 2014
Sonraí ar www.educationposts.ie.
Folúntas: Gaelscoil Átha Í
Deireadh Fómhair 8, 2014
Sonraí ar www.educationposts.ie.
Folúntais le Glór na nGael
Deireadh Fómhair 8, 2014
Is gluaiseacht náisiúnta é Glór na nGael, a bhfuil sé d’aidhm aige an Ghaeilge a fhorbairt i dtrí réimse lárnacha: forbairt phobail, forbairt eacnamaíochta, agus ar bhealach speisialta, tógáil páistí le Gaeilge.Tá foireann á lorg do na folúntais seo a leanas:
Bainisteoir Acmhainne Daonna (Comhroinnte le Conradh na Gaeilge)
Scála tuarastail: Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin, (scála caighdeánach), de réir 28/2009 – Aguisín 2A – €46,081 – €58,254
Bainisteoir Forbartha – Cúige Uladh agus Tuaisceart Laighean
Le ceapadh láithreach
Scála tuarastail: Tuaisceart Éireann SO 195 – £31.500 – £34,135
Oifigigh Forbartha x 6
Scálaí tuarastail (ag braith ar áit chónaithe an té a roghófar)
Tuaisceart Éireann – SO 193 £28,500 – £31,135
Ó dheas EO – 28/2009 -Aguisín 2A €30,516 – €47,975
Seol rphost chuig post@glornangael.ie le haghaidh sonraíocht poist.
Más mian leat cur isteach ar na poist seo, is gá iarratas móide CV reatha a sheoladh chuig post@glornangael.ie roimh 5.30 in, Dé hAoine, 24 Deireadh Fómhair 2014.
Tá Glór na nGael maoinithe ag Foras na Gaeilge
Tá sé i gceist ag Glór na nGael painéal fostaíochta a chur le chéile do phostanna ag leibhéal Oifigeach Forbartha agus ag leibhéal Bainisteoir Forbartha. De réir mar a thagann folúntais aníos roghnófar fostaithe oirúnacha ón bpainéal seo, a bheas i bhfeidhm go dtí 31/12/2015.
Folúntas: An Naíonra ag Gaelscoil Uí Chéadaigh
Deireadh Fómhair 8, 2014
Sonraí ar www.educationposts.ie.
Rúin agus Ainmniúcháin CCB 2014 – Spriocdháta 10.10.2014
Deireadh Fómhair 7, 2014
Bíodh glór agat agus tapaigh an deis rún a mholadh agus ionchur a bheith agat i bhforbairt na naíscoileanna, naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge.
Rún a Mholadh
Cad is rún ann?
Is éard is rún ann ná ráiteas simplí a mhíníonn riachtanas nó mian atá ag pobal naíscoile/naíonra/scoile. Tugtar deis do bhaill Gaelscoileanna Teo. rúin a rith ag Cruinniú Chinn Bliana na heagraíochta. Is féidir rún a rith ar ábhar ar bith a bhaineann le hobair na naíscoile/an naíonra/na scoile nó le mórphobal na luathbhlianta agus na scoileanna lán-Ghaeilge.
Cad is fiú rún a chur chun cinn?
Gníomhaíonn Gaelscoileanna Teo. ar na rúin a ritear ag an gCruinniú Chinn Bliana agus ar na hiarratais ar chúnamh a thagann chugainn ó naíscoileanna, naíonraí agus scoileanna i gcaitheamh na bliana. Feidhmíonn Gaelscoileanna Teo. de réir riachtanais ár gcuid baill (na naíscoileanna, naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge a chláraíonn linn) agus na hearnála. Is mór an éifeacht agus an tionchar a bhíonn ag an earnáil más guth comhaontaithe láidir atá ann ó na naíscoileanna, naíonraí agus scoileanna féin. Is féidir le haon naíscoil/naíonra/scoil atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge sna 32 contae ballraíocht a ghlacadh leis an eagraíocht agus rún a rith ag an gCruinniú Chinn Bliana.
Conas a chuirtear rún chun cinn?
Is gá do naíscoil/naíonra/scoil a bheith cláraithe leis an eagraíocht chun rún a mholadh. Is féidir clárú trí glaoch a chur ar 01 8535195 nó ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie. Níl teorainn leis an méid rúin gur féidir a mholadh. Ní gá ach foirm shimplí a chomhlánú agus a sheoladh ar ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie nó sa phost chuig Gaelscoileanna Teo. Tá cóip den fhoirm ar fáil ó stiúrthóir na naíscoile/an naíonra nó ó phríomhoide na scoile. Tá an fhoirm le híoslódáil anseo: Foirm Rúin. An spriocdháta d’fhoirmeacha comhlánaithe do CCB 2014 ná an 10 Deireadh Fómhair 2014. Ní ghlacfar le rúin tar éis an spriocdháta.
Plé na rún ag an gCruinniú Chinn Bliana
Is gá go mbeadh ionadaí ón naíscoil/naíonra/scoil i láthair ag an gCruinniú Chinn Bliana leis an rún a mholadh (ní gá gurb duine de shínitheoirí an rúin a bheadh ann). Iarrtar ar an ionadaí an rún a chur i láthair an tslua agus tugtar deis dó nó di labhairt ar fhiúntas an rúin.
De réir rialacha seasta Gaelscoileanna Teo.:
- Tá suas go 5 nóiméad cainte ag an moltóir agus tá suas go 3 nóiméad cainte ag gach duine eile.
- Glacfar le leasuithe agus cuirfear iad os comhair an chruinnithe ag tosú leis an gceann deiridh. Ní chuirfear leasú atá cealaithe ag leasú a cuireadh roimh ré. Ní mór leasuithe a bheith i scríbhinn. Ní féidir leasú atá contráilte go hiomlán leis an mbunrún a chur.
- Má mholtar rún ní féidir é a tharraingt siar ach le cead an chruinnithe.
Déantar vótáil leis an gcárta vótála a chur san aer le ‘sea’ nó ‘ní hea’ a áireamh. Déantar na rúin a ritear a áireamh i gclár oibre Gaelscoileanna Teo. don bhliain romhainn. Tugtar tuairisc ar gníomhú na heagraíochta ar na rúin sa Tuairisc ar Obair na hEagraíochta ag deireadh na bliana.
Ainmniúchán a Dhéanamh
Cad is ainmniúchán ann?
Is éard is ainmniúchán ann ná moladh ó chomhalta maidir le ballraíocht ar bhord stiúrtha Gaelscoileanna Teo. Is comhaltaí iad na naíscoileanna/naíonraí agus na scoileanna atá cláraithe le Gaelscoileanna Teo. agus is iad na comhaltaí a thoghann na hoifigigh agus baill an bhoird stiúrtha ag Cruinniú Chinn Bliana na heagraíochta. Is féidir clárú trí glaoch a chur ar 01 8535195 nó ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie. Tá seachtar n-oifigeach (An tUachtarán ina measc a bhfuil téarma dhá bhliain acu) agus suas le 13 ball ceadaithe ar an mbord a bhféadfaí bheith comhdhéanta de thuismitheoirí, mhúinteoirí, stiúrthóirí agus baill de choistí stiúrtha agus bhoird bhainistíochta sna naíscoileanna, naíonraí agus scoileanna lán Ghaeilge.
Cad is fiú ainmniúchán a dhéanamh?
Is eagraíocht dhaonlathach í Gaelscoileanna Teo. agus tá sé rí-thábhachtach go mbeadh bord stiúrtha aici atá ionadaíoch ar a comhaltaí; sé sin, na naíscoileanna, naíonraí agus na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbun agus iar-bhunleibhéal. Tagann an bord stiúrtha le chéile go míosúil i rith na scoilbhliana le treoir agus tacaíocht a thabhairt d’fheidhmeannaigh na heagraíochta le go bhfeidhmeodh sí go héifeachtach ar son na hearnála. Tá deis ag gach naíscoil, naíonra nó scoil a chláraíonn leis an eagraíocht ainmniúcháin a dhéanamh don bhord stiúrtha agus is féidir le naíscoileanna/naíonraí/scoileanna a rogha ionadaí a ainmniú (idir tuismitheoirí, foireann naíscoile/naíonra/scoile, baill de bhoird bhainistíochta na naíscoile/naíonra/scoile nó eile). Is féidir le haon naíscoil/naíonra/scoil atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge sna 32 contae ballraíocht a ghlacadh leis an eagraíocht agus ainmniúchán a dhéanamh don bhord stiúrtha.
Conas a dhéantar ainmniúchán?
Le hainmniúchán a dhéanamh, ní gá ach foirm shimplí a chomhlánú agus a sheoladh ar ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie nó sa phost chuig Gaelscoileanna Teo. Tá cóip den fhoirm ar fáil ó stiúrthóir an naíscoil/naíonra nó ó phríomhoide na scoile. Tá an fhoirm le híoslódáil anseo: Ainmniúcháin – Oifigigh agus Stiúrthóirí. Tá sé rí-thábhachtach go n-aontófaí leis an t-ainmneoir go bhfuil siad sásta go n-ainmneofaí iad agus ní gá ainmniúchán a dhéanamh do gach áit ar an mbord. An spriocdháta d’fhoirmeacha comhlánaithe do CCB 2014 ná an 10 Deireadh Fómhair 2014. Ní ghlacfar le hainmniúcháin tar éis an spriocdháta.
Toghchán ag an gCruinniú Chinn Bliana
- Ní chuirfear aon ainm ar aghaidh ar an lá mura bhfuil glactha ag an duine leis an ainmniúchán roimh ré.
- Faigheann gach naíscoil/naíonra/scoil atá cláraithe trí vóta, ach bíonn orthu freastal ar an gComhdháil chun na vótaí seo a chaitheamh. Tá vóta ag gach ball den Bhord Stiúrtha, fiú agus iad ag éirí as ag an gComhdháil sin.
- Bíonn vóta rúnda má tá níos mó ná ainm amháin luaite le haon phost ar leith. Mura bhfuil ach ainm amháin don phost agus an duine sásta glacadh leis an ainmniúchán, toghfar go huathoibritheach é/í. Toghfar an tUachtarán agus na hOifigigh le móramh simplí ach 50% ar a laghad de na vótaí a chaitear a bheith ag iarrthóir. Is trí vóta rúnda a thoghfar Uachtarán na heagraíochta agus baill an Bhoird Stiúrtha.
- Ní thagann post an Uachtaráin aníos ach gach dara bliain. Toghfar baill eile an Bhoird Stiúrtha go bliantúil.
Folúntas: Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc
Deireadh Fómhair 7, 2014
Sonraí ar www.educationposts.ie.
Eilíonn Earnáil na Gaelscolaíochta 4 leasú sa Bhille Oideachais
Deireadh Fómhair 7, 2014
Éilíonn muid go ndéanfar ann tagairt ar leith do na rudaí seo a leanas:
• Go mbeidh de dhualgas ar an Údarás Oideachais nua “…forbairt na Gaelscolaíochta a spreagadh agus a éascú” [Alt 89 d’Ordú 1998].
• Go mbeidh daoine ar Bhord an Údaráis Oideachais a fheictear don Roinn Oideachais a dhéanann ionadaíocht do leas Earnáil na Gaelscolaíochta;
• Go mbeidh de dhualgas ar gach comhlacht gaolmhar de chuid na Roinne Oideachais forbairt na Gaelscolaíochta a spreagadh agus a éascú.
• Go gcabhróidh an tÚdarás Oideachais le forbairt leanaí agus daoine óga ó thaobh teanga de.
Go mbeidh de dhualgas ar an Údarás Oideachais forbairt na Gaelscolaíochta a spreagadh agus a éascú
Ní éilítear leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair ar Bhoird Oideachais agus Leabharlann cloí le hAlt 89 d’Ordú 1998. Más rud é go dtuigtear nach bhfuil dualgas an Údaráis Oideachais le forbairt na Gaelscolaíochta a spreagadh agus a éascú docht daingean sa Bhille, tá baol ann go gceapfaidh sé nach gá dó an an dualgas seo a chomhlíonadh. Tá tionchar díobhálach, bacúil imeartha ar fhorbairt na Gaelscolaíochta i réimsí ar nós an iompair, na pleanála teanga agus tacaíochta do ghobharnóirí, srl. mar gheall ar nach bhfuil de dhualgas ar na Boird Oideachais agus Leabharlann cloí leis an ordú thuasluaite. Tá tuairim dhlíthiúil a lorg CnaG ag teacht leis an dearcadh seo. Tá deis againn mar sin an cheist seo a réiteach sa Bhille Oideachais nua seo.
Go mbeidh daoine ar Bhord an Údaráis Oideachais a fheictear don Roinn Oideachais a dhéanann ionadaíocht do leas Earnáil na Gaelscolaíochta;
Tá sé dearbhaithe ag an Aire Oideachais le Coiste Oideachais Thionól Thuaisceart Éireann (30.09.14) nach mbeidh ball ag Earnáil na Gaelscolaíochta ar Bhord an Údaráis Oideachais. Séantar leis seo aon ionchur ar leibhéal boird an Údaráis Oideachais ar Earnáil na Gaelscolaíochta, ach tugtar deis d’aistreoirí, d’iontaobhaithe de chuid earnálacha eile, agus d’ionadaithe polaitiúla áit a ghlacadh ar an mBord. Caithfear an neamhchothroime seo a chur ina ceart ach ceadú d’Earnáil na Gaelscolaíochta ball a bheith aici ar an mBord. Chuirfeadh sé seo in iúl go soiléir go dtuigeann an Roinn Oideachais an dualgas reachtúil atá uirthi le forbairt Earnáil na Gaelscolaíochta a éascú agus a spreagadh, ar bhealaí nach gá di i gcás earnálacha eile, trí bhearta dearfacha a dhéanamh nó trí fháil réidh le bacainní a thagann salach ar an sprioc reachtúil seo.
Go mbeidh de dhualgas ar gach comhlacht gaolmhar de chuid na Roinne Oideachais “…forbairt na Gaelscolaíochta a spreagadh agus a éascú.”
Deirtear i gCuid 1, Alt 2 den Treoir i ndáil le Gealltanais Rialtas na Ríochta Aontaithe i leith na Gaeilge agus na hUltaise, an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, (leagan 2) go bhfuil“an Chairt ina ceangal ar gach ceann de na stáit a dhaingneoidh í. Dá bhrí sin, tá impleachtaí aici do gach roinn agus do gach comhlacht gaolmhar (féach alt 36 le haghaidh an tsainmhínithe ar ‘chomhlacht gaolmhar’) i dTuaisceart Éireann, do gach roinn de chuid Whitehall a fheidhmíonn i dTuaisceart Éireann, agus do chomhairlí dúiche.” In ainneoin nach gá an Chairt féin a lua sa Bhille, is gá an dualgas reachtúil a lua atá ar an Roinn Oideachais agus ar chomhlachtaí neamhrannacha poiblí gaolmhara leis an Ghaelscolaíocht a spreagadh agus a éascú. Is léir go dtacaíonn an méid thuas leis an maíomh seo.
Go gcabhróidh an tÚdarás Oideachais le forbairt leanaí agus daoine óga ó thaobh teanga de.
De réir Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, alt 30 go háirithe, na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh (Cuid III, Alt 8), Chomhaontú Bhéal Feirste, agus Chomhaontú Chill Rìmhinn, is cóir don Údarás Oideachais páirt a ghlacadh i bhforbairt leanaí agus daoine óga ó thaobh teanga de. Tugann an cleachtas reatha i mBoird Oideachais agus Leabharlann le tuiscint nach ann d’aon treoir shoiléir ina leith seo agus bíonn cleachtais difriúla i bhfeidhm ó bhord go bord. Iarrann CnaG go ndéanfar sainmhíniú ar chearta teanga an linbh agus an duine óig sa Bhille de réir na reachtaíochta idirnáisiúnta thuasluaite.
An dóigh le cuidigh linn: How you can help
Bheadh sé ina chuidiú ag Comhairle na Gaelscolaíochta dá dtiocfadh leat cuidigh linn i cibé bealach a mheasann tú bheith oiriúnach.
Dóigheanna le tacú linn:
• Scríobh chuig an Aire Oideachais;
• Scríobh chuig do BTR áitiúil;
• Scríobh chuig Coiste Oideachais an Tionóil
• Tacú lenár bhfeachtas Twitter
Go raibh maith agat.
Gaelcholáiste Dáibhís (A)
Deireadh Fómhair 7, 2014