Méid an Téacs

Folúntas: Scoil an Fheirtéaraigh, Co Chiarraí.

Iúil 13, 2016

Tá múinteoir tacaíochta foghlama de dhíth i Scoil an Fheirtéaraigh. Tuiileadh eolais ag an nasc thíos:

 http://www.educationposts.ie/post/view/72924

Oíche Chultúir sa Ghaeltacht 16 Meán Fómhair 2016

Iúil 12, 2016

Capture

Breis eolais agus foirmreacha iarratais le fáil ó Áisitheoirí Ealaín ,

Ealaín na Gaeltachta (Teo). Sonraí le fáil ar www.ealain.ie

Tús le Plean Teanga sna Rosa

Iúil 12, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Folúntais: Gaelscoil an Ghoirt Álainn, Corcaigh

Iúil 12, 2016

Múintoeoir ranga:  http://www.educationposts.ie/post/view/72749 

Cúntoir riachtanais speisialta páirt-aimseartha:  http://www.educationposts.ie/post/view/72760

Cúntóir riachtanais speisialta do shaoire mháithreachais: http://www.educationposts.ie/post/view/72764

20 míle curtha ar fáil do sheirbhísí teanga agus Gaeltachta i Leitir Ceanainn

Iúil 12, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Gaelscoil na Fuinseoige

Iúil 12, 2016

Folúntais: Stiúirtheoirí de dhíth do chlubanna iarscoile i mBÁC

Iúil 12, 2016

Folúntais: Stiúrthóirí de dhíth do chlubanna iarscoile i mBÁC

Táimid ag lorg beirt stiúrthóirí le fostú in dhá chlub iarscoile nua, ceann acu i mBaile na Manach agus ceann i mBaile Uí Ógáin.

Daoine díograiseacha, iomasacha, fuinniúla atá ábalta an chraic a bheith acu.

20 – 25 uair sa tseachtain atá i gceist.

Cumas/taithí faoi leith ag obair le páistí iarscoile.

Scileanna cumarsáide láidre

Gaeilge líofa (Leibhéal TEG 2 labhartha molta)

NFQ Leibhéal 5 nó 6 i gcúram leanaí

Chuir Litir iarratais agus CV le hainmneacha bheirt mholtóirí chuig Míde, Explorersafterschool@gmail.com

Oifigeach Riaracháin á earcú ag Feachtas: Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge

Iúil 11, 2016

Oifigeach Riaracháin á earcú ag Feachtas: Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge

Tá Feachtas ag earcú Oifigeach Riaracháin le freagraíochtaí cuntais ar bhonn páirtaimseartha. Beidh freastail ar mhórimeachtaí cúpla uair sa bhliain san áireamh. Oibreoidh an té a cheapfar 14 uair in aghaidh na seachtaine thar ceithre lá.

Is eagraíocht óige Feachtas, a bhfuil sé d’aidhm aici an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus cuidiú lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta. Is balleagraíocht de Chomhairle Náisiúnta na nÓg é Feachtas agus glacann muid páirt ghníomhach i gcúrsaí óige agus i gcúsaí Gaeilge.  Oibríonn muid le daoine óga san aoisghrúpa 11-18 mbliana d’aois.

Misean

An Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus tacú lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta trí chlár fiúntach, taitneamhach agus dúshlánach a chur ar fáil i gcomhpháirt leis na daoine óga.

Fís

Go spreagtar daoine óga, trí rannpháirteachas in imeachtaí Feachtas, bheith féinmhuiníneach, gníomhach agus bródúil as an Ghaeilge agus go mbeidh pobal na Gaeilge níos saibhre dá bharr.

Riachtanais

  • Scileanna maithe eagrúcháin ar a n-áirítear scileanna ríomhaireachta
  • Taithí ar chúrsaí riaracháin agus cuntais
  • Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh
  • Scileanna láidre idirphearsanta agus cumarsáide

Beidh an post lonnaithe in oifig Feachtas i mBaile Átha Cliath agus ní mór don té a cheapfar a bheith ar fáil chun dul i mbun oibre ar an 29 Lúnasa.

Iarratas:  Ba choir (i) litir iarratais agus (ii) CV iomlán a chur chuig cathaoirleach@feachtas.ie roimh 12.00 i.n. ar an 15 Iúil. Beidh na hagallaimh ar an Mháirt an 19  Iúil.

Tuilleadh eolais ar fáil ó:  Pádraigín Nic Ghearailt, Feachtas, Oifig 8, Teach Coghill, 64 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Teil: 0861744473.  Ríomhphoist: cathaoirleach@feachtas.ie

 

Fostóir comhdheiseanna is ea Feachtas.

Tá obair Feachtas á maoiniú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

 

 

Deiseanna an Ghaeilge a úsáid á gceilt ar 1,835 duine óg – Conradh na Gaeilge

Iúil 8, 2016

Tá díomá léirithe ag Conradh na Gaeilge faoin ‘laghdú suntasach’ a rinneadh ar Scéim na nImeachtaí Óige i mbliana. Dúirt an Conradh go bhfuil sé ‘náireach’ nach bhfuil sé d’acmhainn ag Foras na Gaeilge an scéim a mhaoiniú agus go bhfuil ‘géarghá le plean infheistíochta Gaeilge agus Gaeltachta’.

Mhaígh Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn go “gcaillfeadh níos mó ná 1,835 duine óg” an deis freastal ar imeachtaí óige Gaeilge taobh amuigh de chóras na scoile i mbliana mar gheall ar an laghdú atá tagtha ar líon na scéimeanna óige a ceadaíodh i mbliana.

“Tá réiteach ar an éagóir seo, áfach, agus plean infheistíochta aontaithe ag breis agus 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta chun úsáid na teanga a spreagadh i measc an phobail, ach an tacaíocht chuí a fháil ón stát.

“Ní hamháin go gcuirfeadh infheistíocht i bplean phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta borradh dochreidte faoi úsáid na Gaeilge, ach chruthófaí níos mó ná 1,175 post nua mar thoradh ar an infheistíocht chéanna,” a dúirt sé.

Ceadaíodh 74 tionscadal anuraidh, faoi Scéim na nImeachtaí Óige 2015 – 2016, ach níor ceadaíodh i mbliana ach 41 tionscadal. Caithfear €182,880 ar scéim 2016-2017 in áit an €322,360 a caitheadh ar scéim na bliana seo caite, mar gheall ar chiorruithe ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge gur “ábhar samhnais an dochar leanúnach atá á dhéanamh ar phobal na Gaeilge” de bharr na gciorruithe agus nár mhór anois do rialtais Theach Laighean agus Stormont “an leithcheal i gcoinne earnáil na teanga a chur ina cheart”.

“Tá buiséad Sheachtain na Gaeilge laghdaithe 40%, tá líon na gcampaí samhraidh atá maoinithe ag an bhForas laghdaithe, agus anois is ar éigean go bhfuil sé d’acmhainn ag Foras na Gaeilge mórán níos mó ná leath na scéimeanna óige a ceadaíodh anuraidh a mhaoiniú i mbliana.

“Ní mór don dá Rialtas an leithcheal i gcoinne earnáil na teanga a chur ina cheart, agus éilíonn Conradh na Gaeilge ar an dá Roinn Airgeadais an plean infheistíochta arna aontú ag breis agus 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a mhaoiniú láithreach,” a dúirt sé.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Ferdie Mac an Fhailigh le Tuairisc.ie gur údar díomá dó gur fhág na ciorruithe atá déanta ar bhuiséad an Fhorais le tamall de bhlianta anuas nach raibh ar chumas na heagraíochta freastal ar an éileamh i measc an phobail ar dheiseanna chun an Ghaeilge a labhairt agus a chur chun cinn.

“Is údar díomá dom go háirithe go bhfuil daoine óga ag cailleadh amach ar dheiseanna an teanga a úsáid mar nach bhfuil na hacmhainní againn na deiseanna sin a chur ar fáil dóibh faoi láthair. Creidim go láidir nach bhfuil aon duine chun an teanga a fhoghlaim idir a naoi a chlog ar maidin agus a cúig a chlog tráthnóna. Caithfear deiseanna eile a chur ar fáil dóibh,” a dúirt Mac an Fhailigh.

www.tuairisc.ie

‘Thar a dlínse’ a bhí an Roinn Oideachais i gcás pholasaí Gaeilge Scoil Lorcáin

Iúil 8, 2016

Cuireadh tús san Ard-Chúirt inniu le cás atá á thabhairt ag Scoil Lorcáin, Gaelscoil i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, i gcoinne na Roinne Oideachais. Tá Scoil Lorcáin ag iarraidh go gcuirfí ar ceal cinneadh a rinne Coiste Achomharc na Roinne go raibh iallach orthu áit a thabhairt do dhalta áirithe, a mheas an scoil nár shásaigh a cumas sa Ghaeilge polasaí iontrála na scoile.

Tugann an scoil tús áite ina polasaí iontrála do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge.

Mhaígh abhcóide na scoile, an tUasal Luán Ó Braonáin, nach raibh le déanamh ag an gcoiste ach fíricí an scéil a scrúdú agus glacadh le polasaí iontrála na scoile. Dúirt sé go ndeachaigh coiste na Roinne “thar a dhlínse” nuair a fuair siad locht ar pholasaí na scoile.

Agus a chinneadh á fhógairt ag coiste na Roinne, dúradh nach raibh polasaí Scoil Lorcáin a thugann tús áite do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge ag teacht leis an mír i réamhrá pholasaí na scoile, ina ndeirtear go gcuirtear fáilte roimh gach páiste cuma cén cúlra teanga, sóisialta nó creidimh atá aige nó aici.

Dúirt an tUasal Ó Braonáin go raibh sé de cheart ag an Choiste Achomhairc léirmheas a dhéanamh ar an bhuncheist, is é sin, an raibh an páiste in ann an polasaí tosaíochta a chomhlíonadh agus an raibh sí á tógáil le Gaeilge.

Níor chreid Ó Braonáin go raibh an bhuncheist sin freagartha ag coiste na Roinne.

Cháin Colm Ó hOisín, a bhí ag gníomhú thar ceann na Roinne Oideachais, polasaí measúnachta Scoil Lorcáin.

Léigh sé amach sa chúirt torthaí na measúnachta a rinneadh ar an pháiste agus a hathair.

Chinn siad nach raibh athair an pháiste compordach agus é ag labhairt i nGaeilge agus nach raibh rudaí bunúsacha ar nós uimhreacha i nGaeilge agus dathanna i nGaeilge ar eolas ag a iníon. Cheistigh abhcóide na Roinne iontaofacht na measúnachta. Beirt mhúinteoirí a raibh 55 bliain de thaithí múinteoireachta eatarthu acu a bhí i mbun na measúnachta.

D’easaontaigh an tUasal Ó hOisín leis an Uasal Ó Braonáin agus dúirt go raibh sé de cheart ag an Choiste Achomharc polasaí iontrála Scoil Lorcáin a cháineadh mar gur chuid de chur i bhfeidhm an pholasaí a bhí i gceist.

Mhaígh sé go raibh doiléireacht ag baint leis an pholasaí iontrála agus an tuiscint a bhí á baint as an mbrí le ‘páistí atáthar á dtógáil le Gaeilge’. Dúirt sé gur léir gur chreid an coiste go raibh an páiste áirithe seo á tógáil le Gaeilge.

Beidh an cás os comhair na cúirte arís maidin Dé Máirt seo chugainn ag 10:30.

www.tuairisc.ie

« Previous PageNext Page »