Dráma Puipéad – Dé Sathairn Beag Seo
Meitheamh 23, 2015
Dráma Puipéad – Saor in Aisce!
Free Puppet Show This Saturday!
Dé Sathairn Beag Seo, 27.6.15, Ionad Pobal Ongar, BÁC 15 1.30-2.30i.n. Oiriúnach do leanaí aois 3 go 5. As Gaeilge
This Saturday, 27.6.15, Ongar Community Centre, D15, 1.30-2.30PM. Suitable for children aged 3 to 5. In Irish.
pobalgaeilge15@gmail.com
www.facebook.com/pobal.gaeilge.15
www.twitter.com/pobalgaeilge15
0861771119
Taighde ar úsáid acmhainní digiteacha i nGaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile
Meitheamh 22, 2015
A Mhúinteoirí Gaeilge,
Tá mac léinn iarchéime ar an gclár MSc le Fiontar ag déanamh tráchtais ar an gcleachtas atá ag múinteoirí iarbhunscoile maidir leis an úsáid a bhaintear as acmhainní digiteacha san ábhar Gaeilge.
Má tá 10 nóiméad le spáráil agat chun an ceistneoir seo a líonadh, chabhródh sé go mór leis an taighde seo a chur i gcrích. Tá sé riachtanach go bhfuil an t-ábhar Gaeilge á mhúineadh agat i do phost reatha in iarbhunscoil.
Míle buíochas as ucht do chabhrach.
An tUachtarán i gCloich na gCoillte agus ar Oileán Chléire
Meitheamh 17, 2015
Thug an tUachtarán Mícheál D Ó hUiginn cuairt ar Chorcaigh le déanaí. Thug Uachtarán na hÉireann cuairt an tseachtain seo caite ar Oileán Chléire agus ar Chloich na gCoillte áit ar oscail sé Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin Ochtar daltaí a bhí sa Ghaelscoil 20 bliain ó shin. Anois tá 350 dalta ag freasal uirthi.
Cartlann Grianghraf anseo: http://tuairisc.ie/gailearai-an-tuachtaran-i-gcloich-na-gcoillte-agus-ar-oilean-chleire/
Bríde wins Gradam an Phiarsaigh award
Meitheamh 10, 2015
Bríde de Róiste, winner of Gradam an Phiarsaigh (the Pearse Award) for 2015, has helped the Irish language flourish in Carlow over the last 35 years.
A native of Dunbeg, Co Clare, she has been teaching in Carlow all her life, setting up the pre-school Naíonra in 1980, followed two years later by Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc.
The natural progression was post-primary education through Irish, and that came about in 1990 when Gael Choláiste Cheatharlach opened.
‘There were 20 children in the Gaelscoil when it opened, and the number is now 500; while from a handful at the start, there are almost 400 students attending Gael Choláiste Cheatharlach,’ Bríde pointed out.
As a consequence, there are almost 1,000 people involved every day in the Irish language in the three schools, not to mention the greater community.
‘Over those 35 years, hundreds of young people have gone through the system, and they are now fluent Irish speakers. The language is alive and spoken in Carlow,’
All of this has helped promote the social aspect, through festivals such as Éigse Cheatharlach.
‘A great milestone was when Carlow was chosen to host the Pan Celtic Festival in 2012 and 2013, and will do so again next year.’
Bríde had special mention for the support from such as Foras na Gaeilge, for the employment of a full-time Irish Language Officer for Carlow since 2008.
In accepting the award, she said it was in recognition of the continued promotion of the language by lots of people through the years. It was an award for Carlow.
Folúntais i gColáiste Oiriall
Meitheamh 10, 2015
Tá roinnt folúntais ann i nGaelcholáiste Oiriall i mbaile Mhuineacháin don scoilbhliain seo chugainn fa choinne Reiligiúin, Matamaitic, Eolaíocht agus Ceimic. Tuilleadh eolais ach glaoch ar an Phríomhoide, Brendan Ó Dufaigh, ag 086 381 5672 chomh luath agus is féidir nó ar an suíomh idirlín: etbjobs.ie (Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin)
Foirmeacha & Fógraí don Naíonra
Meitheamh 9, 2015
Tá samplaí thíos d’fhoirmeacha agus fógraí gur féidir a íoslódáil agus a chur in oiriúint dod’ naíonra féin. Níl iontu ach samplacha, áfach, agus is faoin naíonra a chinntiú go bhfuil siad cuí dá suíomh féin. Is féidir cóipeanna crua d’aon cheann de na foirmeacha agus fógraí thíos a fháil ó Gaelscoileanna Teo. ach teagmháil a dhéanamh linn ar 01 8535195 nó oifig@gaelscoileanna.ie. Tá súil againn cuir leis an liosta seo go leanúnach, agus má tá foirm nó fógra in úsáid agat sa naíonra gur mian leat a roinnt ar seirbhísí eile, déan teagmháil linn.
- Ag cur aithne ar do pháiste (dátheangach)
- Comhaontú maidir le cóir leighis (dátheangach)
- Foirm chlárúcháin datheangach (dátheangach)
Oscailt Oifigiúil Ghaelscoil Shliabh Rua
Meitheamh 5, 2015
Is cúis mhór áthais dúinn a fhógairt go mbeidh an tAire Oideachais & Scileanna, Jan O’Sullivan TD ag teacht chuig Gaelscoil Shliabh Rua, Bóthar Bhaile Uí Ógáin, Baile Átha Cliath 18, ar an 17 Meitheamh chun an foirgneamh agus an scoil a oscailt go hoifigiúil.
Is scoil lán-Ghaeilge, ilchreidmheach agus chomhoideachais í Gaelscoil Shliabh Rua faoi choimirce Fhóras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge. Osclaíodh an scoil don chéad uair i Mí Lúnasa 2013. Bhíodh an scoil lonnaithe ar thailte Chlub Rugbaí, DLSP, i gCill Tiarnáin. I mí Aibrein 2015, bhogamar chuig foirgneamh nua ar Bhóthar Bhaile Uí Ógáin, BÁC 18.
Tuilleadh eolais ar fáil faoin lá oscailte nó faoin scoil ag:
01 2958589
Gaelscoil Shliabh Rua
Bóthar Bhaile Uí Ógáin
BÁC 18
www.facebook.com/gaelscoil.shliabhrua
Fógra: Seimineár maidir le hOideachas Gaeltachta ar an 23.05.15
Bealtaine 21, 2015
Tá an t-ionad athraithe don seimineár náisiúnta atá á reáchtáil ag Gaelscoileanna Teo. ar an Satharn 23 Bealtaine 2015 do na Gaeltachtaí ar fad ar na moltaí i leith polasaí don Oideachas Gaeltachta.
Beidh an seimineár ar siúl san Óstán Clayton in áit an Radisson anois.
Tosóidh an seimineár ag 09.30 le clárú agus sólaistí, agus leanfar leis go dtí thart ar 1.30, tráth a chuirfear lón éadrom ar fáil.
Is éard a bheidh i gceist leis an seimineár ná go ndéanfaí iniúchadh agus plé ar na mórcheisteanna agus na himpleachtaí lena mbaineann do scoileanna Gaeltachta, ag an dá leibhéal chun críche cabhrú le scoileanna a gcuid freagraí a fhorbairt mar chuid den phróiseas comhairliúcháin.
Cuireadh chun do thuairim a chur in iúl i dtaobh Oideachais i Limistéir Ghaeltachta
Bealtaine 20, 2015
Moltaí Polasaí Oideachas Gaeltachta
Mar chuid den Straitéis Fiche bliain don Ghaeilge tá réimse moltaí polasaí forbartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, a bhfuil sé mar aidhm leo an soláthar oideachais lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht a threisiú. Is iad taithí scoileanna Gaeltachta agus mórstaidéir thaighde áirithe atá mar bhonn eolais leis na moltaí. Tá achoimre ar na moltaí polasaí seo le fáil in ‘Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta.
Cuirfear fáilte roimh thuairimí na bpáirtithe leasmhara ar fad, lena n-áirítear scoileanna Gaeltachta agus pobail Ghaeltachta, ar mhaithe le bonn eolais a chur faoi pholasaí náisiúnta ar sholáthar oideachais sa Ghaeltacht a fhorbairt.
Tugtar cuireadh duit do thuairim a chur in iúl i dtaobh an fhoilseacháin chomhairliúcháin: ‘Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta’.
– See more at: http://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachta%C3%AD/Imeachta%C3%AD/Molta%C3%AD-Polasa%C3%AD-Oideachas-Gaeltachta/Molta%C3%AD-Polasa%C3%AD-Oideachas-Gaeltachta.html#sthash.DfsuKEqO.dpuf
Aighneachtaí
Tá na sonraí mar a bhaineann leis an bpróiseas comhairliúcháin agus an suirbhé a bheidh le comhlánú le fáil in ‘Cuireadh chun Comhairliúcháin agus Suirbhé: Moltaí Polasaí don SolátharOideachais i Limistéir Ghaeltachta’
Iarrtar ort, le do thoil, an suirbhé a chomhlánú agus a chur ar ais:
ar ríomhphost chuig: moltai_oideachasgaeltachta@education.gov.ie nó
sa phost chuig: Moltaí Polasaí don Oideachas Gaeltachta, Rannóg Pholasaí, Churaclaim agus Mheasúnachta, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath 1
Chomh maith leis sin, tugtar cuireadh dóibh siúd a fhreagraíonn an suirbhé aighneachtaí ar leith a chur isteach ar ríomhphost nó sa phost.
Beidh an próiseas comhairliúchain ar oscailt ó 5 Bealtaine 2015 go 15 Meitheamh 2015.
Athfhógairt: Riarthóir Oifige lán-aimseartha á lorg ag Gaelscoileanna Teo.
Aibreán 30, 2015
Conradh 3 Bliana
Duine fuinniúil, le sár scileanna eagrúcháin, riaracháin oifige agus cumarsáide, mar aon le hardchaighdeán Gaeilge atá de dhíth, a bhfuil spéis, taithí agus tuiscint aige/aici ar réimse an oideachais lán-Ghaeilge.
Scála Tuarastail: Oifigeach Cléireachais: €20,859 – €33,607
Tuilleadh eolais, sainchuntas poist móide foirm iarratais le fáil trí ghlaoch a chur ar 01-8535195 nó trí ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie
Eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaelscoileanna.ie
Spriocdháta le haghaidh iarratas comhlánaithe: 5.00 i.n. Dé Céadaoin, 10ú Meitheamh 2015
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.