Coláiste Feirste – Múinteoir le Béarla á lorg
Márta 29, 2012
Is é an t-aon iarbhunscoil lánGhaeilge i mBéal Feirste é Coláiste Feirste. Is scoil chuimsitheach í a fhreastalaíonn ar riachtanais gach ábaltachta.
Tá sé tiomanta don tsíorfhorbairt agus don síorfheabhsú agus bíonn deiseanna maithe don fhorbairt ghairme ann. Tréimhse mháithreachais le clúdach (Meán Fómhair 2012 – Feabhra 2013)
Múinteoir le Béarla
Bheadh sé ina bhuntáiste dá mbeadh an t-iarrthóir in ann Spáinnis ag EC3 a theagasc fosta.
Le tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais a fháil, glaoitear ar:-
Coláiste Feirste
Guthán:+0044 (0)28 90320707 nó is féidir foirm a iarraidh ar sheoladh ríomhphoist:- rmhicanlia963@c2kni.net
Caithfidh foirmeacha iarratais bheith ar ais ag an Choláiste roimh: 12:00 meánlae 19 Aibreán 2012
Is fostóir comhdheiseanna Coláiste Feirste
Tá tuilleadh eolais faoin scoil ar fáil ar:www.colaistefeirste.com
Múinteoir Eolaíochta de dhíth i Loch Garman
Márta 28, 2012
Tá múinteoir eolaíochta le bitheolaíocht agus eolaíocht talmhaíochta ag teastáil láithreach go dtí deireadh na scoilbhliana i gcomhair scoil lán-Ghaeilge i gContae Loch Garman (20 uair).
Cuir glaoch ar Mheánscoil Gharman nó seol ríomhphost chuig meanscoil@meanscoilgharman.com , má tá suim agat sa phost sin.
Uimhir teileafóin 053-9235796 / 086-3838378
Aighneacht ar Shamhail Mhaoinithe Fhorais na Gaeilge
Márta 27, 2012
A chara na gaelscolaíochta,
Tá do chúnamh agus tacaíocht de dhíth orainn chun cur i gcoinne scrios iomlán ar earnáil na Gaeilge deonaí agus earnáil na gaelscolaíochta ach go háirithe.
Gabhaim buíochas mór leo siúd a shínigh an achainí go dáta agus a scríobh aighneachtaí chuig Foras na Gaeilge cheana. Is é an Luan seo chugainn, 2 Aibreán, an spriocdháta do na haighneachtaí. Bheinn buíoch díot as lucht d’aitheantais a spreagadh le é a shíniú freisin.
Thíos, gheobhaidh tú aighneacht shamplach a leagann amach na mór-ábhair imní agus an baol ollmhór atá ann don 19 n-eagraíocht, GAELSCOILEANNA TEO. san áireamh, atá ag treabhadh an ghoirt le blianta fada chun leas na Gaeilge, agus na gaelscolaíochta, inár gcás. Tá fíor-fáilte romhat ábhar na haighneachta iniata a úsáid chun aighneacht a chur le chéile agus a sheoladh chuig Séan Ó Cearnaigh, Comhordaitheoir Freagairtí, Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 nó ar rphost: eolas@forasnagaeilge.ie.
Aighneacht Shamplach don Phobal
Leagaim amach thíos eolas a d’fhéadfá a úsáid freisin san aighneacht chun tacú linn chur i gcoinne na samhla seo de bharr an scrios a dhéanfar ar earnáil na Gaelscolaíochta agus ar GAELSCOILEANNA TEO. dá bharr.
Bheinn fíor-bhuíoch díot as aighneacht a chur (fiú mura bhfuil ann ach cúpla líne), agus ba mhór agam dá gcuirfeá cóip chugam freisin chun go mbeidh taifead agam ar líon na n-aighneachtaí. Tá sé i gceist ag an bhForas gach aighneacht a chrochadh ar an suíomh láithreach, ach más é do rogha é nach ndéanfar cáipéis phoiblí as, ní mór duit é sin a chur in iúl agus tú á cur faoi bhráid an Fhorais.
Más mian leat aon chuid de a phlé nó treoir bhreise, bheinn an-sásta a chloisteáil uait. Táimid fíor-bhuíoch díot as do chomhoibrithe agus tacaíochta.
Le mór-mheas,
Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach, GAELSCOILEANNA TEO.
Eolas ábhartha faoi na himpleachtaí d’earnáil na Gaelscolaíochta:
- Is iad na scoileanna lán-Ghaeilge sa tír seo baill na heagraíochta agus is na baill a threoraíonn clár oibre na bliana trí na rúin a rithear ag an gCruinniú Cinn Bliana agus trí na héilimh ar chúnamh ar an eagraíocht go leanúnach. Sa chás go mbeadh Foras na Gaeilge ag aithint réimsí na scéimeanna móide na torthaí a mbeifeá ag dúil leo, tá baol an-mhór ann nach mbeadh cur chun cinn na gaelscolaíochta ag teacht le tosaíochtaí ná le mianta na scoileanna. Bheadh baol láidir ann nach mbeadh forbairt na hearnála gaeloideachais ag tarlú i mbealach atá ábhartha do phobal na gaelscolaíochta nó ar bhealach a rachadh chun leasa na hearnála.
- Tá an clár oibre atá leagtha amach sa tSamhail nua seo go h-iomlán saintreorach. Níl aon áit ann do neamhspleáchas an bhoird ag ceapadh a chuid polasaithe ná clár oibre féin, de réir ár saintuiscint agus saineolas ar an earnáil.
- Tá saintaithí, saineolas agus saintuiscint léirithe ag GAELSCOILEANNA TEO. le 40 bliain anuas. Bheadh cailliúint an saineagraíocht seo agus a cuid tionscadail, seirbhísí tacaíochta, tograí srl. tubaisteach d’earnáil na scoileanna lán-Ghaeilge.
- Tá GAELSCOILEANNA TEO. ionadaíoch ar gach scoil lán-Ghaeilge sa tír, beag beann ar phatrún agus ar shainmheon creidimh. Is í Gaelscoileanna Teo. an t-aon eagraíocht tacaíochta agus abhcóideachta a dhéanann stocaireachta ar son na scoileanna lán-Ghaeilge go léir ag an dá leibhéal. Tá obair riachtanach ar bun ag GAELSCOILEANNA TEO., obair nach bhfuil á comhlíonadh ag aon eagraíocht eile agus obair a bhfuil an-éileamh cruthaithe ann di sa trí mhór-réimse 1) bunú scoileanna, 2) buanú scoileanna agus 3) forbairt scoilphobail.
- Chomh maith le deireadh a chur le leanúnachas eagraíochtaí, bainfear de neamhspleáchas na hearnála cláracha oibre eagraíochtúla a cheapadh agus a chur i bhfeidhm a thacaíonn le cur chun cinn na Gaeilge agus a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail dá réir de thoradh na moltaí atá ag Foras na Gaeilge. Gan trácht ar an mbaol do réimse mór scileanna, feasa agus saineolais na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe.
- Tá GAELSCOILEANNA TEO. i bhfabhar athstruchtúrú ar an earnáil dheonach a bheadh chun leasa a) earnáil na Gaeilge trí chéile agus b) earnáil na gaelscolaíochta ach go háirithe. Tá an eagraíocht i bhfabhar aon chóras nua a mbeadh seirbhís fheabhsaithe d’ár mbaill mar thoradh air, a léireodh éifeacht agus éifeachtúlacht feabhsaithe, comhoibriú feabhsaithe agus comhroinnt acmhainní, saineolas agus saintaithí i mbealach comhordaithe, trédhearcach. Ní fheictear áfach go mbeadh de thoradh ar an athstruchtúrú atá molta ach a mhalairt de sprioc.
- Tá gá le croí-mhaoiniú leanúnach a bheith ar fáil don earnáil gaelscolaíochta i dtreo is gur féidir an tacaíocht chuí a chur ar fáil go fadtéarmach agus go seasmhach do na scoileanna atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge agus mar thacaíocht dá gcuid pobail.
- Tá obair riachtanach ar bun ag GAELSCOILEANNA TEO., obair nach bhfuil á comhlíonadh ag aon eagraíocht eile agus obair a bhfuil an-éileamh cruthaithe ann di sa trí mhór-réimse 1) bunú scoileanna, 2) buanú scoileanna agus 3) forbairt scoilphobail.
- Tá caomhnú agus tacaíocht leanúnach d’fhás earnáil na gaelscolaíochta riachtanach do chaomhnú na Gaeilge mar theanga bheo agus riachtanach chun soláthar a dhéanamh do chearta bunreachtúla an tsaoránaigh ar oideachas trí mheán na Gaeilge.
- Príomhaidhm na scéime oideachais nua: Tacaíocht a sholáthar i gcomhar leis na páirtithe cuí don ghaelscolaíocht, do theagasc na Gaeilge i scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc agus imeachtaí idirscoile a reáchtáil. I bhfianaise an méid oibre atá le tabhairt faoi le forbairt a dhéanamh ar agus tacaíocht a thabhairt don ghaelscolaíocht ag an dá leibhéal níl scóip na scéime seo réadúil, inmholta ná indéanta ar chúiseanna straitéiseacha ná ar chúiseanna maoinithe. Bheadh impleachtaí an-suntasacha ann d’fheidhmiú agus d’éifeacht na hoibre sa dá réimse seo. Tá an dá réimse ró-éagsúil óna chéile le sainriachtanais agus pobail éagsúla acu. Ní ghá ach an oiread go n-aontódh an dá réimse seo lena chéile i gcónaí (mar shampla maidir le caighdeán agus dúshláin na Gaeilge ag leibhéal na hArdteiste).
- Scorfar foireann GAELSCOILEANNA TEO. agus caillfear a lán saineolais ar an earnáil dá bharr.
I measc moltaí GAELSCOILEANNA TEO., áirítear:
- Moltar don bhForas fianaise a chur ar fáil don earnáil trí chéile ar na ceisteanna seo:-
- An straitéis as a dtáinig bunús na samhla. Ní mór go léireofaí nasc láidir idir aon samhail nua mhaoinithe agus Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge, straitéis Fhoras na Gaeilge agus ról na n-eagraíochtaí iontu.
- An taighde ar a bhfuil an tSamhail Nua Mhaoinithe bunaithe.
- An bunús pleanála teanga atá leis an tSamhail.
- Eolas faoin anailís costas-tairbhe agus / nó cost-éifeacht a bhaineann leis an gcuíchóiriú molta .
- Tá saineolaithe idirnáisiúnta sa phleanáil teanga ag moladh go ndéanfaí coincheap na Samhla a chaitheamh i dtraipisí de bharr go ndéanfaidh sí dochar aimhleasach don teanga. Tá sé riachtanach go dtuigfeadh an earnáil cur chuige an Fhorais gan sainchomhairle a leanúint.
- Cruthúnas a thabhairt ho mbeidh na hathruithe molta chun leas na Gaeilge.
- Tá buiséad de €21M ag an bhForas, caitheadh €7.2M de sin ar na heagrais bhunmhaoinithe. Eolas a thabhairt faoin athbhreithniú atá beartaithe ar an €13.8M de sin atá á chaitheamh ar thuarastal, costais agus seirbhísí tosaigh an Fhorais féin.
- Luaitear sa cháipéis chomhairliúcháin go bhfuil an ocht ndréachtscéim molta chun riar ar thosaíochtaí straitéiseacha agus ar bhunphrionsabail phleanála teanga. Ní mór eolas a thabhairt don phobal ar cé na bunphrionsabail seo agus na tosaíochtaí straitéiseacha atá i gceist.
Buaiteoirí Scléip 2012
Márta 26, 2012
Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt i gcraobh ceannais Scléip 2012, bhí lá den scoth againn ar an 24 Márta in amharclann an Axis, Baile Munna. Ghlac 15 scoil páirt sa chraobh, agus bhí an-rath ar an imeacht. Bhí triúr i mbun moltóireacht ar an seó, Sinéad ní Uallacháin, Tomaí Ó Conghaile agus Jen ní Mhathúna, agus bhí sé an-dian orthu cinneadh a dhéanamh maidir leis na buaiteoirí toisc feabhas na tallainne a bhí ar stáitse rompu. Mholadar na hiomaitheoirí uile as an dul chun cinn a bhí déanta acu ó na réamhbabhtaí, ba léir go ndearna gach éinne an t-uafás cleachtadh! Tar éis go leor plé, chuireadar na torthaí thíos in iúl don slua. Gabhaimid buíochas leo as an sár-obair ar fad, agus gabhaimid buíochas chomh maith leis na múinteoirí, tuismitheoirí agus an lucht tacaíochta a thug oiread spreagadh do na rannpháirtithe uile. Guímid gach rath ar na hiomaitheoirí; is cinnte go bhfuil tallann agaibh agus tá súil againn sibh a fheiceáil ar stáitse arís amach anseo, bíodh sin ag Scléip 2013 nó san o2!
Na buaiteoirí rannóige ná:
Ceol nua-aimseartha (grúpaí):
Cór Cois Life, Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath (sóisear)
Na Comrádaithe, Gaelcholáiste Mhuire AG, Corcaigh (sinsear)
Ceol nua-aimseartha (aonair):
Sinéad Toomey, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
Kym Gartry, Coláiste de hÍde (sinsear)
Rince cruthaitheach (aonair):
Saoirse ní Dhubhshláine, Coláiste de hÍde (sóisear)
Dearbhail Ní Mhurchú, Meánscoil Gharman (sinsear)
Rince cruthaitheach (grúpaí):
Áine Pollock agus Sinéad Ní Buachalla, Coláiste de hÍde (sóisear)
Na Jaffa Cakes, Gaelcholáiste Cheatharlach (sinsear)
Drámaíocht/mím (aonair agus grúpaí):
Cé sa diabhail í Alice? Gaelcholáiste Chill Dara (sóisear)
Naomh Smirnoff, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Ilchineálach (aonair agus grúpaí):
Clíona Ní Ghallchoir, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
Grúpa Ceoil an Daingean, Pobalscoil Chorca Dhuibhne (sinsear)
Rogha na Moltóirí:
Scléipeoirí, Coláiste Chilliain
Grand Prix 2012:
Sinéad Toomey, Gaelcholáiste Luimnigh
Tá grianghraif ón lá le feiceáil sa ghailearaí. Má tá grianghraif nó físeáin agat féin den ócáid, ba mhór linn dá sheolfá chugainn ar ríomhphost iad: cspainneach@gaelscoileanna.ie.
Anger over decision to omit Gaelscoil from building list
Márta 16, 2012
40 scoil lán-Ghaeilge ar liosta tógála na roinne don chéad 5 bhliain eile – ach éagóir á dhéanamh ar 27% de bhunscoileanna agus 38% d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge sa tír gan cóiríocht bhuan
Márta 14, 2012
“Fáiltímid go mór roimh fhógra an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, maidir le cóiríocht scoile nua atá le tógáil sa tréimhse 2012-2015 agus a chinnteoidh timpeallacht fhabhrach oideachais don 40 scoil lán-Ghaeilge i measc na 275 tionscnamh tógála ar an liosta”, a deir Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO., Máirín Ní Chéileachair inniu. “Is iomaí constaic a bhí roimh na scoileanna seo le blianta fada ag lorg cúinsí níos fearr dá bpáistí, agus guímid gach rath ar phobail na scoileanna sin sa ré nua”.
Ba fhógra an-dhíomách é, áfach, don 27% de bhunscoileanna agus 38% de na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge sa tír gan cóiríocht bhuan, nach bhfuil ar aon liosta cóiríochta ag an Roinn agus nach bhfuil mórán dóchais ann go dtiocfaidh feabhas ar a staid cóiríochta.
“Tá géarchéim chóiríochta in earnáil na gaelscolaíochta go leanúnach le blianta anuas” a dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. “ Tá 60% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge a bunaíodh le 25 bliain anuas i gcóiríocht shealadach faoi láthair – sin gan trácht ar scoileanna eile atá tar éis fás ón am a bhfuaireadar foirgneamh buan agus a bhfuil ag úsáid cóiríocht shealadach do chuid den scoil. Níl sé inghlactha go bhfuil scoileanna fágtha gan aon gheallúint ón Roinn go gcuirfear cóiríocht chuí ar fáil dóibh. Maireann scéim nua tógála na Roinne 5 bliana – tréimhse ró-fhada do scoileanna nach bhfuil aitheanta don bhabhta seo. An toradh a bheidh ar seo ná nach bhfágfar aon rogha ag cúpla scoil ach dúnadh mar gheall ar uimhreacha ag titim de bharr drochchúinsí cóiríochta. ”
I measc na scoileanna sin a fágadh ar lár, tá 7 scoil atá ag fanacht níos mó ná 20 bliain do chóiríocht bhuan, agus ba mhór an buille dóibh fógra an Aire maidir leis an gclár infheistíochta ar luach €1.5 billiún. “Braitheann pobail na scoileanna seo go bhfuil an Roinn ag déanamh neamhaird iomlán orthu agus go bhfuil éagóir á dhéanamh ar na páistí” a dúirt ní Ghréacháin. “Cuireann na socraithe sealadacha cóiríochta atá i bhfeidhm sna scoileanna seo bac iomlán ar fhás na scoileanna, bíonn impleachtaí sláinte agus sábháilteachta ann dóibh agus cosnaíonn siad go daor ar eispéireas na bpáistí”.
Cosnaíonn na socraithe sealadacha cóiríochta go daor freisin ar bhuiséad na Roinne, atá ag íoc cíosa as cóiríocht atá mí-oiriúnach, go minic i seomraí réamhdhéanta atá ag dul chun raice, áit a bhfeadfaí an t-airgead a chaitheamh ar thionscnaimh tógála agus infheistíocht a dhéanamh i dtodhchaí an chórais oideachais. Caithfear deireadh a chur leis na socraithe sealadacha seo agus gníomhú a éileamh ón Roinn ar thimpeallacht sláintiúil foghlama a bheith ar fáil do dhaltaí.
Tá GAELSCOILEANNA TEO. ag lorg cruinniú práinneach leis an Rannóg Pleanála chun cás na scoileanna seo a phlé agus chun an t-éileamh a dhéanamh go dtabharfaí tosaíocht do ghéarchéim staid na cóiríochta i scoileanna lán-Ghaeilge le haitheantas buan atá i gcóiríocht shealadach agus nach bhfágfar na scoileanna seo ag fulaingt níos faide ná mar a d’fhulaing le blianta fada
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.
Nótaí:
Tá liostaí cóiríochta na Roinne le fáil ar www.education.ie.
Tá liosta de na scoileanna lán-Ghaeilge atá san áireamh ar liosta na Roinne ar fáil anseo.
Seo thíos na scoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil ar aon liosta ag an Roinn faoi láthair:
Scoileanna gan cóiríocht buan a bunaíodh sna 1980dí:
1. Gaelscoil Dhonncha Rua, Sionna, 1984
2. Gaelscoil Pheig Sayers, Corcaigh, 1984
3. Scoil Chaitlín Maude, Baile Átha Cliath, 1985
4. Gaelscoil Sheoirse Clancy, Luimneach, 1986
5. Gaelscoil Uileog de Búrca, Clár Chlainne Mhuiris, 1989
6. Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, 1989 (Iarbhunscoil)
Scoileanna gan cóiríocht buan a bunaíodh sna 1990dí:
1. Gaelscoil Sairséal, Luimneach, 1990
2. Gaelscoil Uí Choimín, Cill Rois, 1991
3. Gaelscoil Dhochtúir Uí Shúilleabháin, An Sciobairín, 1993
4. Gaelscoil Lios Tuathail, Lios Tuathail, 1993
5. Gaelscoil na Camóige, Baile Átha Cliath, 1993
6. Gaelscoil Chluain Meala, Cluain Meala, 1994
7. Gaelscoil Dhroichead na Banndan, Droichead na Banndan, 1995
8. Gaelscoil Phádraig, Baile Breac, Co. Átha Cliath, 1995
9. Gaelscoil Eois, Cluain Eois, 1995
10. Gaelscoil Bhreifne, An Cabhán, 1995
11. Gaelscoil Chnoc na Ré, Sligeach, 1996
12. Gaelscoil na Bóinne, Baile Átha Troim, 1996
13. Gaelscoil Chnoc Liamhna, Baile Átha Cliath, 1996
14. Gaelscoil Thulach na nÓg, Dún Búinne, 1998
15. Gaelscoil Charraig na Siúire, Carraig na Siúire, 1998
16. Gaelscoil na gCeithre Maol, Béal an Átha, 1998
17. Gaelscoil Phort Laoise, Port Laoise, 1998
18. Gaelscoil na gCeithre Máistrí, Dún na nGall, 1999
19. Gaelscoil Bhun Cranncha, Bun Chranncha, 1999
20. Coláiste Ráithín, Brí Chualann, 1991 (Iarbhunscoil)
21. Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh, 1991 (Iarbhunscoil)
22. Coláiste Daibhéad, Corcaigh, 1993 (Iarbhunscoil)
Scoileanna gan cóiríocht buan a bunaíodh ó 2000 ar aghaidh:
1. Gaelscoil de hÍde, Ros Comáin, 2000
2. Gaelscoil Chois Feabhail, Bun an Phobail, 2001
3. Gaelscoil Éirne, Béal Átha Seannaigh, 2002
4. Gaelscoil Mhúscraí, An Bhlárna, 2002
5. Gaelscoil an tSlí Dála, Buiríos Mór Osraí, 2005
6. Gaelscoil Uí Earcáin, Baile Átha Cliath, 2005
7. Gaelscoil an Choillín, An Mhuileann gCearr, 2006
8. Gaelscoil na Lochanna, Baile Choimín, 2006
9. Gaelscoil Uí Drisceoil, Gleann Maghair, 2006
10. Gaelscoil Chionn tSáile, Cionn tSáile, 2007
11. Gaelscoil na bhFilí, Gort Inse Guaire, 2007
12. Gaelscoil Chluainín, Cluainín Uí Ruairc, 2007
13. Gaelscoil Lorgan, Baile na Lorgan, 2008
14. Gael-Choláiste Chill Dara, 2003 (Iarbhunscoil)
15. Gaelcholáiste Luimnigh, Luimneach, 2006 (Iarbhunscoil)
16. Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór, 2006 (Iarbhunscoil)
17. Meánscoil Gharman, 2006 (Iarbhunscoil)
18. Gael-Choláiste Phort Láirge, 2007 (Iarbhunscoil)
19. Gaelcholáiste Chineál Eoghain, Bun Chranncha, 2007 (Iarbhunscoil)
40 scoil lán-Ghaeilge san áireamh i bplean tógála an Rialtais
Márta 13, 2012
Tá fógartha ag an Aire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn T.D go bhfuil 275 tionscadal tógála scoile ceadaithe inniu mar chuid de phlean nua cúig bliana do chóiríocht scoile. Tá 40 scoil lán-Ghaeilge san áireamh sa phlean tógála.
Caithfear €1.5 billiún mar chuid den chlár infheistíochta agus mar chuid den tionscadal beidh 106 foirgneamh bunscoile le tógáil agus cuirfear síntí le 65 bunscoil agus le 43 meánscoil.
Ceaptar go gcuirfear go mór le líon na ndaltaí a bheidh ag freastal ar scoileanna idir seo agus 2018 mar gheall ar an méadú ar an ráta-beireatais sa tír le tamall de bhlianta anuas. Beidh 70,000 dalta breise ag freastal ar scoileanna idir seo agus 2018.
Cruthófar 100,000 áit scoile mar chuid den tionscadal tógála agus beidh an tionscadal á riaradh i gcomhpháirt le coistí gairmoideachais, comhairlí contae agus Oifig na nOibreacha Poiblí.
Chuir GAELSCOILEANNA TEO fáilte roimh an ráiteas ach dúirt an eagraíocht áfach go mbeadh díomá ar scoileanna eile atá ag fanacht le fada ar cóiríocht chuí ach nár tugadh san áireamh iad ar liostaí na Roinne Oideachais agus Scileanna don tréimhse 2012-2015.
Tá 27% de bhunscoileanna agus 38% de na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge sa tír gan cóiríocht buan nach bhfuil ar aon liosta cóiríochta ag an Roinn agus tá 60% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge a bunaíodh le 25 bliain anuas i gcóiríocht sealadach faoi láthair – sin gan trácht a dhéanamh ar scoileanna eile atá tar éis fás ón am a bhfuaireadar foirgneamh buan agus a bhfuil ag úsáid cóiríocht sealadach do chuid den scoil.
Beidh 22 bhunscoil faoi an Foras Pátrúnachta ag fáil scoil iomlán nua agus beidh síneadh á chur le 2 bhunscoil eile faoin bpátrún. Chuir Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta fáilte roimh an ráiteas. “Tá An Foras Pátrúnachta ríméadach faoin bhfógra ar an bplean cúig bliana. Tá formhór de na scoileanna againn ag fanacht le fada leis an dea-scéal seo ón Roinn Oideachais. Cuirfidh na foirgnimh nua agus na forbairtí go mór le timpeallacht na scoile agus le leas mhuintir na scoile”, a dúirt sé.
I dtaca le Gaelscoileanna, léirigh an eagraíocht díomá nach bhfuil scoileanna ar an liosta cé go bhfuil siad ag fanacht le fada an lá le cóiríocht bhuan. Thug siad le fios inné go ndéanfar teagmháil leis an Roinn Oideachais chun an cheist a fhiosrú agus a gcás a chur chun cinn.
Scoileanna lán-Ghaeilge a bheidh san áireamh sa tionscadal tógála:
2012: Obair tógála ar bun
Gaelscoil Uí Fhiach, Cill Dara
Gaelcholáiste Oiriall, Muineacháin
Gaelscoil Ultain, Muineacháin
Gaelscoil Uí Riordán, Corcaigh
Gaelscoil Chloich na Coillte, Corcaigh
Gaelscoil Adamhnáin, Dún na nGall
Gaelscoil Eiscir Riada, BÁC
Gaelscoil na Deise, Port Láirge
Coláiste Áiligh, Dún na nGall
2013: Obair tógála le tosú
Gaelscoil An Ghort Álainn, Corcaigh
Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Gaelscoil Chaladh an Treoigh, Luimneach
Gaelscoil Na Mí, An Mhí
Gaelscoil Éadan Doire, Uíbh Fháilí
Gaelscoil Inis Córthaidh, Loch Garman
Gaelscoil Moshíológ, Loch Garman
Gaelscoil an tInbhir Mhóir, Cill Mhantain
Gaelscoil na gCloch Liath, Cill Mhantáin
2014: Obair tógála le tosú
Gaelscoil Mainistir na Corann, Corcaigh
Gaelscoil & Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Corcaigh
Gaelscoil nua, an tSeanbhábhún, BÁC
Gaelscoil Bharra, BÁC
Gaelscoil Bhaile Munna, BÁC
Bunscoil Coláiste Mhuire, BÁC
Gaelscoil nua, Cnoc na Cathrach, Gaillimh
Gaelscoil Riada, Gaillimh
Gaelscoil an Ráithín, Luimneach
2015:Obair tógála le tosú
Gaelscoil de hÍde, Corcaigh
Gaelscoil nua, An Chéim, BÁC
Gaelscoil an Chuilinn, BÁC
Gaelscoil Ros Eo, BÁC
Scoil Lorcáin, BÁC
Gaelscoil Iarfhlatha, Gaillimh
Gaelscoil Riabhach, Gaillimh
Coláiste an Eachréidh, Gaillimh
Gaelscoil de hÍde, Gaillimh
Gaelscoil Liatroma, Liatrom
Gaelscoil an Longfoirt, Longfort
Gaelscoil an Bhradáin Feasa, An Mhí
Gaelscoil Chill Mhantain, Cill Mhantain
Luach €2 bhilliún de thionscnaimh tógála scoile fógartha ag an Aire Oideachais agus Scileanna
Márta 12, 2012
Tháinig scéal inniu ón Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairi Quinn, maidir le cóiríocht scoile nua atá le tógáil sa tréimhse 2012-2015. Tá 275 tionscnamh tógála ar an liosta san iomlán, agus tá 40 scoil lán-Ghaeilge ina measc. Is dea-scéal é do na scoileanna ar fad atá ar an liosta, agus guíonn GAELSCOILEANNA TEO. gach rath ar phobail na scoileanna sin leis na forbairtí móra atá rompu. Tá liosta de na scoileanna lán-Ghaeilge a aithníodh thíos.
Beidh díomá, áfach, ar scoileanna eile atá ag fanacht le fada ar cóiríocht chuí ach nár tugadh san áireamh iad ar liostaí na Roinne Oideachais agus Scileanna don tréimhse 2012-2015. Tá 27% de bhunscoileanna agus 38% de na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge sa tír gan cóiríocht buan nach bhfuil ar aon liosta cóiríochta ag an Roinn agus tá 60% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge a bunaíodh le 25 bliain anuas i gcóiríocht sealadach faoi láthair – sin gan trácht a dhéanamh ar scoileanna eile atá tar éis fás ón am a bhfuaireadar foirgneamh buan agus a bhfuil ag úsáid cóiríocht sealadach do chuid den scoil.
Éilíonn GAELSCOILEANNA TEO.:
- go dtabharfaí tosaíocht do ghéarchéim staid na cóiríochta i scoileanna lán-Ghaeilge le haitheantas buan atá i gcóiríocht shealadach laistigh den Rannóg Pleanála sa Roinn
- go mbeidh pleanáil réamhghníomhach ann do sholáthar suíomhanna trí struchtúr comhaontaithe idir an Roinn Oideachais agus Scileanna agus na húdaráis áitiúla
- go mbeidh dualgas reachtúil ar lucht pleanála sna comhairlí áitiúla suíomhanna cuí a aimsiú agus a chur ar leataobh do scoil a luaithe is a bhíonn an t-aitheantas buan bronnta orthu, móide cead ordú ceannaigh éigeantach a bheith acu
- go mbeidh dualgas reachtúil ar Oifig na nOibreacha Poiblí suíomh a cheannach laistigh de thréimhse 3 bliana ó bhronntar an t-aitheantas buan ar an scoil
- go mbeidh íoschaighdeán de chóiríocht shealadach do scoileanna, idir spás agus caighdeán fisiciúil, móide scála ama an tréimhse sealadaigh do gach scoil a bheith chomhaontaithe
- go mbeidh cúram cíosa 100% ar an Roinn Oideachais agus Scileanna do gach scoil le haitheantas buan, agus i gcás scoileanna gan aitheantas buan, aisíoc iomlán ar an difir idir 75% agus 100% tar éis don scoil aitheantas buan a bhaint amach.
Tá liostaí cóiríochta na Roinne le fáil ar www.education.ie ach seo thíos na scoileanna lán-Ghaeilge atá san áireamh orthu:
Obair tógála ar bun/le tosú i 2012
Gaelscoil Uí Fhiach, Cill Dara
Gaelcholáiste Oiriall, Muineacháin
Gaelscoil Ultain, Muineacháin
Gaelscoil Uí Riordán, Corcaigh
Gaelscoil Chloich na Coillte, Corcaigh
Gaelscoil Adamhnáin, Dún na nGall
Gaelscoil Eiscir Riada, BÁC
Gaelscoil na Deise, Port Láirge
Coláiste Áiligh, Dún na nGall
Obair tógála le tosú i 2013
Gaelscoil An Ghort Álainn, Corcaigh
Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Gaelscoil Chaladh an Treoigh, Luimneach
Gaelscoil Na Mí, An Mhí
Gaelscoil Éadan Doire, Uíbh Fháilí
Gaelscoil Inis Córthaidh, Loch Garman
Gaelscoil Moshíológ, Loch Garman
Gaelscoil an tInbhir Mhóir, Cill Mhantain
Gaelscoil na gCloch Liath, Cill Mhantáin
Obair tógála le tosú i 2014
Gaelscoil Mainistir na Corann, Corcaigh
Gaelscoil & Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Corcaigh
Gaelscoil nua, an tSeanbhábhún, BÁC
Gaelscoil Bharra, BÁC
Gaelscoil Bhaile Munna, BÁC
Bunscoil Coláiste Mhuire, BÁC
Gaelscoil nua, Cnoc na Cathrach, Gaillimh
Gaelscoil Riada, Gaillimh
Gaelscoil an Ráithín, Luimneach
Obair tógála le tosú i 2015
Gaelscoil de hÍde, Corcaigh
Gaelscoil nua, An Chéim, BÁC
Gaelscoil an Chuilinn, BÁC
Gaelscoil Ros Eo, BÁC
Scoil Lorcáin, BÁC
Gaelscoil Iarfhlatha, Gaillimh
Gaelscoil Riabhach, Gaillimh
Coláiste an Eachréidh, Gaillimh
Gaelscoil de hÍde, Gaillimh
Gaelscoil Liatroma, Liatrom
Gaelscoil an Longfoirt, Longfort
Gaelscoil an Bhradáin Feasa, An Mhí
Gaelscoil Chill Mhantain, Cill Mhantain
Ceithre ghaelscoil nua aitheanta ag an Roinn Oideachais do 2012 agus 2013
Márta 7, 2012
“As 16 bhunscoil nua bheartaithe ar fud fad na tíre do 2012 agus 2013, fáiltímid roimh fhógra an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, TD inné go mbeidh ceithre Ghaelscoil ina measc”, a deir Uachtarán na heagraíochta, Máirín Ní Chéileachair. “Is cinneadh dearfach é seo a chinntíonn go mbeidh an ghaelscolaíocht mar rogha do dhaltaí a bhfuil a dtuismitheoirí ag gníomhú go díograiseach ar son oideachais lán-Ghaeilge. Deimhníonn an dul chun cinn seo gur mian an-láidir í an Ghaelscolaíocht mar chóras oideachais i measc an phobail agus go leanann an fás, an fhorbairt agus an t-éileamh ar bhonn leanúnach.”
Is iad na ceantair ina mbeidh Gaelscoil nua ann ná:
- Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15. Osclóidh Gaelscoil an Chuilinn i Meán Fómhair 2012. * Féach nóta thíos faoi conas clárú leis an scoil nua seo.
- Teach na Giúise/An tSeanbhábhún, Meán Fómhair 2013
- An Chéim, Baile Átha Cliath 18, Meán Fómhair 2013
Osclófar an trí scoil thuas faoi phátrúnacht an Fhoras Pátrúnachta
Osclófar gaelscoil nua i gCnoc na Cathrach, Gaillimh Meán Fómhair 2013, ach an phátrúnacht le socrú. De réir córais nua na Roinne, is í an Roinn a aithníonn na ceantair a dhéanfar soláthar nua a bhunú ann. Is córas é seo a bhaineann áfach ón bpróiseas daonlathach. Sa phróiseas aitheantais seo, níor tugadh aitheantas do na hiarratais eile ar ghaelscoileanna nua i gceantair fáis timpeall na tíre, ach go háirithe i gCill Dara, áit nach bhfuil an ghaelscoil áitiúil in ann freastal ar an éileamh ollmhór ar an ngaelscolaíocht. Thug an Roinn aitheantas áirithe don éileamh seo, agus tá dóchas ann go mbunófar gaelscoil ann i 2014.
I bhfocail Ardfheidhmeannaigh na heagraíochta, Bláthnaid ní Ghréacháin, “cé go n-aithnímid gur toradh dearfach é fógra an lae inné ar dhianobair na gcoistí bunaithe áitiúla agus ar an gcomhoibriú idir na páirtnéir uile sa phróiseas, tá laigí sa chóras sa mhéid is nach bhfuil aitheantas ann don éileamh lasmuigh de na ceantair a aithníonn an Roinn, go háirithe ceantair nach bhfuil an daonra ag fás go mór ann. Fágann sé seo pobail gan rochtain ar a rogha oideachais dá bpáistí. Cruthaíonn sé dúshlán dúinn misneach na bpobal a spreagadh agus a chothú nuair nach bhfuil cinnteacht dá laghad ann dóibh. É sin ráite, creidimid go láidir go bhfuil fíor-thábhacht le guth agus mian an phobail, agus leanfaimid orainn mar eagraíocht ag tabhairt tacaíocht do na gaelscoileanna ar fad sa tír agus dóibh siúd atá ag iarraidh iad a bhunú.”
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.
*Féadfar clárú le Gaelscoil an Chuilinn i Mullach Eadrad do Mheán Fómhair 2012 trí glaoch a chur ar 086 3236187 nó ríomhphost a sheoladh chuig gaelscoilanchuilinn@gmail.com.
Tuilleadh eolais:
Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach, GAELSCOILEANNA TEO.
Fón: 01 8535195 Ríomhphost: blathnaid@gaelscoileanna.ie
Máirín Ní Chéileachair, Uachtarán, GAELSCOILEANNA TEO.
Fón: 01 6290667 Ríomhphost: mairinnicheileachair@gmail.com
Forbairt na Matamaitice sa Chóras Tumoideachais – Seimineár Inseirbhíse
Márta 7, 2012
Tapaígí an deis clárú don seimineár ar Fhorbairt na Matamaitice sa Chóras Tumoideachais a bheidh dírithe ar riachtanais na mbunscoileanna. Beidh sé ar siúl i mBaile Átha Cliath ar Chéadaoin, 21 Márta agus reáchtáilfear an clár céanna i gCorcaigh ar an Déardaoin, 22 Márta.
Cuimseoidh an clár na gnéithe seo:
- Cur chuige uile scoile i leith forbairt na matamaitice sa scoil lán-Ghaeilge: múineadh éifeachtach, saibhriú agus comhtháthú teanga na matamaitice sa ghaelscoil
- Taithí phraiticiúil an mhúinteora
- Forbairt na matamaitice agus páistí le riachtanais speisialta
- Réiteach fadhbanna agus inniúlacht teanga sna gaelscoileanna
Tá an clár iomlán ar fáil thíos.
Más mian leat clárú go fóill, cuir ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie roimh Dé Chéadaoin, 14 Márta. Níl aon chostas ar an seimineár seo do rannpháirtithe.
FORBAIRT NA MATAMAITICE SA CHÓRAS TUMOIDEACHAIS
Seimineár Inseirbhíse
Céadaoin 21 Márta 2012 Institiúid Oideachais Marino
Déardaoin 22 Márta, Óstan an Silversprings, Cathair Corcaigh
09.00 – 09.30
Clárú, Tae agus Caife
09.30 – 09.35
Fáilte, Cúlra & Aidhmeanna an tSeimineáir (Bláthnaid ní Ghréacháin)
09.35 – 11.00
Seisiún I: Cur chuige uile scoile i leith forbairt na matamaitice sa scoil lán-Ghaeilge: múineadh éifeachtach, saibhriú agus comhtháthú teanga na matamaitice sa ghaelscoil (Karen Brogan, An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil an Mhúinteora)
11.00 – 11.15
Briseadh
11.15 – 12.00
Seisiún II: Léargas scoile ar fhorbairt na mata. Taithí phraiticiúil (Sinéad Ní Dhíolúin, Gaelscoil Uí Fhiaich (ceardlann B.Á.C.)
12.00 – 12.45
Seisiún III: Forbairt na matamaitice agus páistí le riachtanais speisialta (Oiliúnóir le deimhniú)
12.45 – 13.45
Lón
13.45 – 15.15
Seisiún IV: Réiteach fadhbanna agus inniúlacht teanga sna gaelscoileanna (Miriam Ryan, Coláiste Phádraig)
15.15
Plé oscailte agus clabhsúr