Fógraíonn an tAire Quinn Pátrúnacht na mBunscoileanna Nua atá á mbunú i 2012 agus i 2013
Márta 7, 2012
Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, TD, na cinntí atá déanta aige faoi phátrúnacht na mbunscoileanna nua atá le bunú i 2012 agus 2013.
Tá an fógra seo mar bhuaicphointe ar an bpróiseas a thosaigh i Meitheamh 2011 nuair a d’fhógair an tAire go bhfuiltear le 20 bhunscoil nua a bhunú suas go dtí 2015 i roinnt áiteanna éagsúla chun freastal ar an méadú ar líon na ndaltaí.
Ag an am sin d’fhógair an tAire chomh maith go mbeadh critéir agus socruithe nua ann i gcomhair na scoileanna nua a aithint. Ar na socruithe seo bhí bunú Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua, atá ina ghrúpa neamhspleách comhairleach, chun comhairle a chur ar an Aire faoi phátrúnacht na scoileanna nua tar éis don Ghrúpa tuarascáil a bhreithniú a chuir oifigigh de chuid na Roinne le chéile. Chuir an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua tuarascáil faoi bráid an Aire an tseachtain seo caite.
Ag fógairt pátrúnacht na scoileanna nua dó, dúirt an tAire Quinn: “Cuireann na cinntí atá déanta agam maidir le pátrúnacht na scoileanna nua béim ar leith ar sholáthar cuí a dhéanamh áit a bhfuil sé léirithe go bhfuil éileamh ann ó thuismitheoirí ar iolrachas agus éagsúlacht pátrúnachta. Cuirfidh na scoileanna nua seo barrfheabhas ar an raon rogha atá ag tuismitheoirí agus neartóidh siad an éagsúlacht soláthair sna ceantair a bhfuil siad le bunú iontu.”
Iarradh ar na pátrúin fianaise a chur faoi bhráid ar éileamh ó thuismitheoirí agus iad ag cur iarratais isteach ar scoil nua. Ina theannta sin, áiríodh i measc na gcritéar chun cinneadh ar an bpátrúnacht an bealach ina ndéanfadh na scoileanna beartaithe, faoina gcuid pátrún ar leith, foráil d’éagsúlacht sholáthar oideachais a leathnú nó a láidriú i ngach aon cheantar ag tabhairt aird ar thuairimí na dtuismitheoirí.
Agus na hiarratais a fuarthas á mbreithniú sna cásanna go léir, breithníodh na critéir fhoilsithe go léir de réir mar a leagadh amach iad, san áireamh méid na héagsúlachta atá ann sna scoileanna atá ann agus méid na héagsúlachta a chuirfeadh an scoil nó na scoileanna nua ar fáil. Breithníodh é seo maraon le leibhéal an éilimh ó thuismitheoirí i leith gach aon iarratasóra ar phátrúnacht.
Ghabh an tAire a bhuíochas le baill an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua as an ionchur luachmhar a bhí acu sa bpróiseas. Adúirt sé “Chuir mé tús leis an gcóras leasaithe i gcomhair bhunú scoileanna nua agus ceapadh pátrún na scoile i dtreo is go mbeadh sé ina phróiseas oibiachtúil, trédhearcach. Tá ról an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua ríthábhachtach chun na haidhmeanna seo a bhaint amach agus is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leo as a gcuid oibre sa réimse seo.”
Rachaidh oifigigh de chuid na Roinne i dteagmháil le gach ceann de na comhlachtaí pátrúnachta gan mhoill maidir le lóistíocht bhunú na scoileanna nua seo.
Osclófar 7 scoil nua i Meán Fómhair 2012. Beidh 5 díobh seo faoi phátrúnacht Ag Foghlaim le Chéile, beidh scoil amháin faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta agus beidh an seachtú scoil ina Pobalscoil Náisiúnta a bheidh faoi phátrúnacht an CGO nuair a achtófar reachtaíocht cumasúcháin.
Tá tuarascáil an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua don Aire leis seo mar eolas:
Ghlac an tAire le moltaí an Ghrúpa i ngach cás ach amháin Cill Dara agus Mala. Rinne sé athrú maidir leis an bpátrúnacht a bhí beartaithe do na scoileanna i gCill Dara agus Mala áit a raibh an leibhéal éilimh ó thuismitheoirí a léirigh an dá phátrún beagnach díreach mar an gcéanna. Tá Ag Foghlaim le Chéile faofa ag an Aire Quinn mar phátrún na scoile nua i gCill Dara agus tá CGO Chontae Chorcaí faofa aige mar phátrún ar an scoil nua i Mala (seachas an CGO i gCill Dara agus Ag Foghlaim le Chéile i Mala mar a bhí molta). Tá pobalscoil náisiúnta cheana féin ag Contae Chill Dara faoi CGO Chill Dara agus í suite i Nás. Rinneadh an t-athrú seo chun an líon contaethe agus CGOanna a raibh pobalscoil náisiúnta acu a leathnú agus chun teorainn a chur leis an líon pobalscoileanna náisiúnta a bheadh ag tosnú i 2012 roimh don reachtaíocht nua maidir le CGOanna a bheith achtaithe. Déileálfaidh an Bille um Boird Oideachais agus Oiliúna, a bhfuil an scéim ghinearálta de foilsithe, leis an mbunús reachtaíochta le gafacht an CGO/Bhord Oiliúna le pobalscoileanna náisiúnta. Beidh an tAire ag foilsiú chomh maith tuarascáil ghrúpa oibre faoi fheidhmiú na bPobalscoileanna Náisiúnta sna seachtainí amach romhainn agus sa chomhthéacs seo tá sé ag breithniú cén chaoi gur féidir an tsamhail seo a fhorbairt a thuilleadh mar chuid den chóras bunoideachais go ginearálta.
EDUCATION.IE
Buaiteoirí Scléip – Connacht
Márta 5, 2012
Bhí spraoi agus Scléip den scoth againn ag babhta Connacht sa Town Hall Theatre ar an 2 Márta. Bhí 2 scoil linn ar an lá agus tá ardmholadh ag dul do na rannpháirtithe uile, bhí an caighdeán an-ard i mbliana agus ba dheacair na cinntí a bhí le déanamh ag an moltóir. Seo thíos liosta na mbuaiteoirí, tá áit faighte acu sa chraobh ceannais:
Ceol nua-aimseartha (aonair):
- Meabh Nic an Chrosáin, Coláiste an Eachréidh (sóisear)
Ceol nua-aimseartha (grúpaí):
- Teannas, Coláiste an Eachréidh (sóisear)
- Armóin, Coláiste an Eachréidh (sinsear)
Rogha na Moltóirí:
- Jade Tierney, Coláiste an Eachréidh (sóisear)
Foilseachán nua – Lámhleabhar do phríomhoidí i scoileanna lán-Ghaeilge
Márta 1, 2012
Lámhleabhair eolais do phríomhoidí bunscoile, dírithe ar phríomhoidí nua ach go háirithe. Leagann sé moltaí maidir le nithe praiticiúla gur gá do phríomhoidí tabhairt faoi le linn a bpost. Is comhfhiontar é idir Gaelscoileanna Teo. agus an Foras Pátrúnachta.
Lámhleabhar do phríomhoidí i scoileanna lán-Ghaeilge
Buaiteoirí Scléip – Uladh
Márta 1, 2012
Bhí spraoi agus Scléip den scoth againn ag babhta Ulaidh i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire ar an 29 Feabhra. Bhí 4 scoil linn ar an lá agus tá ardmholadh ag dul do na rannpháirtithe uile, bhí an caighdeán an-ard i mbliana agus ba dheacair na cinntí a bhí le déanamh ag na moltóirí. Seo thíos liosta na mbuaiteoirí, tá áit faighte acu sa chraobh ceannais:
Ceol nua-aimseartha (aonair):
- Megan Nic Ruairí, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
- Emma Ní Fhuaruisce, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Ceol nua-aimseartha (grúpaí):
- Loinnir, Coláiste Chineál Eoghain (sóisear)
- Eva, Megan & Emma, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Rince cruthaitheach (aonair):
- Christina Ní Luachra, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
- Aoibhinn Ní Mhuimhne, Coláiste Chineál Eoghain (sinsear)
Rince cruthaitheach (grúpaí):
- Cinnúint, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
- Anna & Orla, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Drámaíocht/mím (aonair agus grúpaí):
- Ciarán & Eva Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
- Jack & Shane le “Naomh Smirnoff”, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Rogha na Moltóirí:
- James Mac Lochlainn, Coláiste Chineál Eoghain (sinsear)
Scrios iomlán á bhagairt ar earnáil dheonach na Gaeilge
Feabhra 28, 2012
A chara dhil na gaelscolaíochta,
Mar is eol duit, tá GAELSCOILEANNA TEO., maoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá Foras na Gaeilge ag beartú deireadh a chur le bunmhaoiniú bliantúil d’eagraíochtaí Gaeilge. Faoin córas nua maoinithe nó ‘Samhail Nua Mhaoinithe’ atá beartaithe ag Foras na Gaeilge, cuirfear deireadh le maoiniú 19 n-eagras Gaeilge fadbhunaithe, GAELSCOILEANNA TEO. ina measc. Cuirfear deireadh leis na seirbhísí a chuireann GAELSCOILEANNA TEO. agus na heagrais eile ar fáil, agus scaoilfear lena bhfoirne. Ina áit, táthar chun tairiscintí a iarradh ar scéimeanna trí bliana i réimse teoranta gníomhaíochtaí. Ciallaíonn sé seo go mbeidh 8 scéim ann in áit bunmhaoiniú do 19 n-eagras, agus go mbeidh comórtas ann do na scéimeanna, a bheidh oscailte don phobal ar fad.
Tá seasamh láidir comhaontaithe ag na heagraíochtaí bunmhaoinithe agus ag an bpobal Gaeilge trí chéile i gcoinne na samhla nua molta agus i gcoinne na n-impleachtaí a bheidh ann don earnáil.
Tá tacaíocht ár gcuid baill agus an phobail de dhíth orainn. Iarraim ort leis seo an achainí a shíneadh agus a chur ar aghaidh chuig gach ball den scoil agus de phobal na scoile agus lucht bhur n-aitheantais uile. Tá sé riachtanach go bhfaigheann an earnáil tacaíocht láidir ar an gceist seo. Tá sé ar fáil ag http://www.petitiononline.ie/petition/don-t-destroy-the-irish-language-voluntary-sector/1437.
Tá Foras na Gaeilge i mbun próisis comhairliúcháin ar an samhail nua mholta faoi láthair. Tá an t-eolas uile ar www.gaeilge.ie. Aithnímid áfach go bhfuil sé an-chasta mar mholadh agus mar sin tá teimpléad á ullmhú ag na heagrais bunmhaoinithe a chabhróidh leat an ceistneoir a chomhlánú nó aighneacht a scríobh.
Cruinnithe Poiblí: Tá cruinnithe poiblí beartaithe ag Foras na Gaeilge mar chuid den phróiseas comhairliúcháin ar an tSamhail Nua Mhaoinithe ar na dátaí agus sna hionaid thíos. Tá sé tábhachtach go mbeadh freastal láidir ar na cruinnithe seo agus go léireodh an pobal tuairimí láidre i gcoinne na Samhla Nua Maoinithe. Iarraim oraibh mar sin, freastal a dhéanamh nó a chinntiú ar na himeachtaí seo más féidir, agus eolas ar na cruinnithe seo a scaipeadh i measc bhur lucht aitheantais féin.
- Cúige Mumhan: Ostán Meadowlands, Trá Lí, Co, Chiarraí – 5 Márta ag 7in
- Cúige Uladh: Cultúrlann Bhéal Feirste – 8 Márta
- Cúige Chonnacht: Óstán Pháirc Mionlach, (Menlo Park Hotel) Gaillimh- 12 Márta- 7 in
- Cúige Laighean: Halla Fhoras na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean, BÁC 2 – 14 Márta- 7 in
Leagaim amach thíos roinnt eolais maidir leis an Scéim mholta a bheidh dírithe ar na scoileanna lán-Ghaeilge agus na himpleachtaí a bhaineann le deireadh le maoiniú GAELSCOILEANNA TEO.
Is í aidhm na scéime ná Córas tacaíochta oideachais a fhorbairt agus a chur ar fáil do scoileanna, coistí bunaithe scoileanna agus do mhúinteoirí ar bhonn uile-oileánda ag cur coinníollacha éagsúla an dá dhlínse agus na Gaeltachta san áireamh. Is í príomhaidhm na scéime ná Tacaíocht a sholáthar i gcomhar leis na páirtithe cuí don ghaelscolaíocht, do theagasc na Gaeilge i scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc agus imeachtaí idirscoile a reáchtáil.
Ciallaíonn sé seo obair na scéime a bheith dírithe ar scoileanna lán-Ghaeilge sa Ghalltacht, Gaeltacht, scoileanna Béarla ar fad sa tír agus an Tuaisceart. Tá 5 foirne molta ag an bhForas don obair seo ar fad (tá 5 foirne ag GAELSCOILEANNA TEO. faoi láthair).
I bhfianaise an méid oibre atá le tabhairt faoi le forbairt a dhéanamh ar agus tacaíocht a thabhairt don ghaelscolaíocht ag an dá leibhéal níl scóip na scéime seo réadúil, inmholta ná indéanta ar chúiseanna straitéiseacha ná ar chúiseanna maoinithe. Bheadh impleachtaí an-suntasacha ann d’fheidhmiú agus d’éifeacht na hoibre sa dá réimse seo agus molann Gaelscoileanna Teo. go ndeinfí deighilt sna scéimeanna idir réimse na scolaíochta lán-Ghaeilge agus réimse tacaíochta do na múinteoirí Gaeilge sna scoileanna Béarla. Tá an dá réimse ró-éagsúil óna chéile le sainriachtanais agus pobail éagsúla acu. Bheadh seirbhís tacaíochta na scoileanna lán-Ghaeilge ag fulaingt dá bharr.
Tá saintaithí, saineolas agus saintuiscint léirithe ag GAELSCOILEANNA TEO. le 40 bliain anuas. Bheadh cailliúint an saineagraíocht seo agus a cuid tionscadail, seirbhísí tacaíochta, tograí srl. tubaisteach d’earnáil na scoileanna lán-Ghaeilge.
Tá GAELSCOILEANNA TEO. ionadaíoch ar gach scoil lán-Ghaeilge sa tír, beag beann ar phatrún agus ar shainmheon creidimh. Is í Gaelscoileanna Teo. an t-aon eagraíocht tacaíochta agus abhcóideachta a dhéanann stocaireachta ar son na scoileanna lán-Ghaeilge go léir ag an dá leibhéal. Tá obair riachtanach ar bun ag GAELSCOILEANNA TEO., obair nach bhfuil á comhlíonadh ag aon eagraíocht eile agus obair a bhfuil an-éileamh cruthaithe ann di sa trí mhór-réimse 1) bunú scoileanna, 2) buanú scoileanna agus 3) forbairt scoilphobail.
Is iad na scoileanna lán-Ghaeilge sa tír seo baill na heagraíochta agus is na baill a threoraíonn clár oibre na bliana trí na rúin a rithear ag an gCruinniú Cinn Bliana. Sa chás go mbeadh Foras na Gaeilge ag aithint réimsí na scéimeanna móide na torthaí a mbeifeá ag dúil leo, tá baol an-mhór ann nach mbeadh cur chun cinn na gaelscolaíochta ag teacht le tosaíochtaí ná le mianta na scoileanna. Bheadh baol láidir ann nach mbeadh forbairt na hearnála gaeloideachais ag tarlú i mbealach atá ábhartha do phobal na gaelscolaíochta nó ar bhealach a rachadh chun leasa na hearnála.
Tá an clár oibre atá leagtha amach go h-iomlán saintreorach. Níl aon áit ann do neamhspleáchas an bhoird ag ceapadh a chuid polasaithe ná clár oibre féin, de réir ár saintuiscint agus saineolas ar an earnáil.
Chomh maith le deireadh a chur le leanúnachas eagraíochtaí, bainfear de neamhspleáchas na hearnála cláracha oibre eagraíochtúla a cheapadh agus a chur i bhfeidhm a thacaíonn le cur chun cinn na Gaeilge agus a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail dá réir de thoradh na moltaí atá ag Foras na Gaeilge. Gan trácht ar an mbaol do réimse mór scileanna, feasa agus saineolais na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe.
Tá GAELSCOILEANNA TEO. i bhfabhar athstruchtúrú ar an earnáil dheonach a bheadh chun leasa a) earnáil na Gaeilge trí chéile agus b) earnáil na gaelscolaíochta ach go háirithe. Tá an eagraíocht i bhfabhar aon chóras nua a mbeadh seirbhís fheabhsaithe d’ár mbaill mar thoradh air, a léireodh éifeacht agus éifeachtúlacht feabhsaithe, comhoibriú feabhsaithe agus comhroinnt acmhainní, saineolas agus saintaithí i mbealach comhordaithe, trédhearcach. Ní fheictear áfach go mbeadh de thoradh ar an athstruchtúrú atá molta ach a mhalairt de sprioc.
Tá gá le croí-mhaoiniú leanúnach a bheith ar fáil don earnáil gaelscolaíochta i dtreo is gur féidir an tacaíocht chuí a chur ar fáil go fadtéarmach agus go seasmhach do na scoileanna atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge agus mar thacaíocht dá gcuid pobail.
Mar a cuireadh in iúl cheana, tá GAELSCOILEANNA TEO. agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta tar éis a bheith ag cíoradh na bhféidearthachtaí a bhaineann le comhnascadh an dá eagrais le os cionn bliain go leith. Cé go n-aithníonn na maoinitheoirí na buntáistí straitéiseacha a bhainfeadh le comhnascadh, nílimid ag fáil aon tacaíocht uathu i bhfoirm maoinithe nó eile.
Fáiltím roimh aon cheisteanna ó éinne maidir leis na moltaí atá leagtha amach sa scéim agus na himpleactaí atá ann do sheirbhísí na n-eagras eile deonacha Gaeilge agus do GAELSCOILEANNA TEO.
Le mór-mheas,
Bláthnaid
Ardfheidhmeannach, GAELSCOILEANNA TEO.
Mórshiúl i nGaoth Dobhair
Feabhra 28, 2012
Bhí thar 700 duine i láthair ar an mórshiúl a d’eagraigh Craobh an Earagail dén INTO i nGaoth Dobhair ar an Satharn seo caite. Bhí ionadaithe ansin ó scoileanna i nGaoth Dobhair, Cloch Cheann Fhaola, na Rossa, Árainn Mhór, an Tearmainn, Gartan agus neart ceantair eile.
Thosaigh an mórshiúl ag ionad an Acadaimh ar an Screabán agus shiúl an slua go dtí oifig Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaíoch TD. Rinne Cathal Ó Fearraigh, Príomhoide Scoil Chonaill an Bhun Bhig(an post a bhí ag an Aire Stáit é féin sula ndeachaigh sé leis an pholaitaíocht) oráid dén scoth don slua. Leag sé amach na deacrachtaí ollmhóra atá ann do na scoileanna beaga tuaithe agus Gaeltachta muna ndéantar na ciorruithe a tharraingt síár a mar a rinneadh leis na scoileanna DEIS i mBÁC. Labhair Daithí Mac Roibeaird thar ceann na dtuismitheoirí agus an tAthair Seán Ó Gallchóir thar ceann na mboird bainistíochta agus chuir Seán Ó Domhnaill, ionadaí an INTO clabhsúr leis an agoid.
Tá moladh mór tuillte ag Craobh an Earagail dén INTO as an agóid a eagrú agus fuair sé clúdach maith ar RnaG, TG4 agus ar RTÉ.
Sicíní Scoil Aonghusa
Feabhra 27, 2012
Thosaigh na huibheacha sa ghoradán ar an 20ú Eanáir. Bhíomar go léir i Rang 3 ag iarraidh fanacht ciúin agus iad sa seomra ranga. Bhí sé deacair ach ceapaim gur éirigh go maith linn! Caitheann na huibheacha tuairim is 21 lá sa ghoradán de ghnáth. Ar an Aoine an 10ú Feabhra chonaiceamar poll beag in ubh amháin. Thar an deireadh seachtaine bhris trí shicín amach as na huibheacha. Ghlaomar Wally, Happy Feet (mar is breá leis siúd bheith ag damhsa!) agus Aonghus orthu. D’fhéachamar ar ár sicíní ag teacht amach as na huibheacha ar Youtube ” sicíní “. Tá na sicíní fós sa seomra ranga lin . Tá siad an-ghlórmhar ach is breá linn iad!
Orlaith Ní Chearnaigh (9 mbliana d’aois) Scoil Aonghusa
http://www.youtube.com/watch?v=9I5gbc6Z-tQ
Buaiteoirí Scléip – babhta Mumhain
Feabhra 24, 2012
Bhí spraoi agus Scléip den scoth againn ag babhta Mumhain in amharclann an Firkin Crane ar an 22 Feabhra. Bhí 6 scoil linn ar an lá agus tá ardmholadh ag dul do na rannpháirtithe uile, bhí an caighdeán an-ard i mbliana agus ba dheacair na cinntí a bhí le déanamh ag na moltóirí. Seo thíos liosta na mbuaiteoirí, tá áit faighte acu sa chraobh ceannais:
Ceol nua-aimseartha (aonair):
- Sinéad Toomey, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
- Maitias Barker, Pobalscoil Chorca Dhuibhne (sinsear)
Ceol nua-aimseartha (grúpaí):
- Na JJs, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
- Na Comrádaithe, Gaelcholáiste Mhuire A.G (sinsear)
Rince cruthaitheach (aonair):
- Shauna Ní Thuama, Gaelcholáiste Mhuire A.G (sóisear)
- Áine Ni Loingsigh, Coláiste an Phiarsaigh (sinsear)
Rince cruthaitheach (grúpaí):
- Húla Húpz! Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
- Triail a hAon! Gaelcholáiste Luimnigh (sinsear)
Drámaíocht/mím (aonair agus grúpaí):
- Anna & Nicole, Pobalscoil Chorca Dhuibhne (sóisear)
- Aisteoirí na Ríochta, Gaelcholáiste Chiarraí (sinsear)
Ilchineálach (aonair agus grúpaí):
- Dílseacht Gheal, Gaelcholáiste Chiarraí (sóisear)
- Léiriú Gaelach den amhrán Addicted to Progress ó na Coronas, Pobalscoil Chorca Dhuibhne (sinsear)
Rogha na Moltóirí:
- Na Rithimí! Gaelcholáiste Luimnigh (sinsear)
Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, tá súil againn gur bhain sibh ard-taitneamh as an lá agus go bhfeicfimid san Axis arís sibh ar an 24 Márta don chraobh ceannais.
Seimineáir Inseirbhíse ar Fhorbairt na Matamaitice sa Chóras Tumoideachais
Feabhra 21, 2012
Reáchtálfar seimineáir inseirbhíse ar Fhorbairt na Matamaitice sa Chóras Tumoideachais ar an 21 Márta in Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath agus an 22 Márta i gCorcaigh. Tá an dréachtchlár thíos agus deimhneofar an t-ionad agus na hoiliúnóirí i gCorcaigh go luath.
Níl aon chostas ar na seimineáir agus fáilteofar roimh rannpháirtíocht mhúinteoirí agus príomhoidí ó na scoileanna lán-Ghaeilge. Níl le déanamh chun clárú ach ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelsoileanna.ie le hainm an duine agus seoladh ríomhphoist roimh dheireadh an lae, Luan 12 Márta.
CLÁR
- 09.00 – 09.30 Clárú, Tae agus Caife
- 09.30 – 09.35 Fáilte, Cúlra & Aidhmeanna an tSeimineáir (Bláthnaid ní Ghréacháin)
- 09.35 – 11.00 Seisiún I: Cur chuige uile scoile i leith forbairt na matamaitice sa scoil lán-Ghaeilge: múineadh éifeachtach, saibhriú agus comhtháthú teanga na matamaitice sa ghaelscoil (Karen Brogan, SFGM)
- 11.00 – 11.15 Briseadh
- 11.15 – 12.00 Seisiún II: Léargas scoile ar fhorbairt na mata. Taithí phraiticiúil
- 12.00 – 12.45 Seisiún III: Forbairt na matamaitice agus páistí le riachtanais speisialta
- 12.45 – 13.45 Lón
- 13.45 – 15.15 Seisiún IV: Réiteach fadhbanna agus inniúlacht teanga sna gaelscoileanna (Miriam Ryan, Coláiste Phádraig)
- 15.15 Plé oscailte agus clabhsúr
Agóid náisiúnta ar chás na scoileanna beaga
Feabhra 21, 2012
Beidh na mílte ag bailiú le chéile ar fud na tíre an tseachtain seo in aghaidh na gciorruithe a beartaíodh maidir leis na scoileanna beaga sa Bhuiséid ag deireadh 2012.
Tá dhá lá ágóide náisiúnta eagraithe ag na heagraíochtaí scoileanna éagsúla don tseachtain seo.
Baileoidh muintir na scoileanna DEIS le chéile taobh amuigh den Dáil ag 3.30pm ar an Déardaoin, 23 Feabhra. Táthar ag súil le slua mór sa phríomhchathair ar an lá céanna a dtiocfaidh grúpaí eile le chéile ar son na cúise in áiteanna eile ar fud na tíre ina bhfuil scoileanna DEIS.
Titfidh an dara lá agóide amach ar an Satharn, 25 Feabhra agus is iad an feachtas Save Our Small Schools agus craobhacha éagsúla de Chumann Múinteoirí Éireann a bheidh ina bhun. Bunaíodh craobhacha Save Our Small Schools ar fud na tíre le déanaí agus beifear ag siúl le chéile ar an Satharn i gCiarraí, sa Chlár, i bPort Láirge, i nDún na nGall agus i nGaillimh. Táthar ag súil le 150 scoil agus 3000 duine i gCaisleán an Bharraigh ar an lá, áit a siúlfaidh an slua chuig oifig Dáilcheantar an Taoisigh lena míshásacht a léiriú.
Beidh craobhacha éagsúla de Chumann Múinteoirí Éireann ag mórshiúl ar an 25 Feabhra agus Craobh an Earagail, Gaoth Dobhair ina measc. Tiocfaidh siad le chéile ar an Screabán (oifig Roinn na Gaeltachta) ag 12pm agus iarrtar ar phobal na scoile uile – an Bord Bainistíochta, tuismitheoirí agus an fhoireann – tacú leo ar an lá.
De réir na cáinaisnéise a fógraíodh mí na Nollag seo caite, ardóidh líon na ngasúr is gá do scoil le ceithre mhúinteoir a bheith acu ó 81 go dtí 83. Ardóidh líon na ngasúr i scoileanna Gaeltachta ó 76 go 86 faoin mbliain 2014, rud a chiallaíonn go mbeadh ardú de deich bpáiste ag teastáil chun an líon reatha de mhúinteoirí a choimeád.
GAELPORT