Fógartha ag an Aire O’Sullivan go n-osclófar ceithre scoil ilchreidmheach nua (Gaelscoil ina measc)
Feabhra 13, 2015
Scéal ar fad ag: www.education.ie
Blitz iomána / camógaíochta i nDoire do bhunscoileanna lán-Ghaeilge
Feabhra 13, 2015
Tá blitz iomána / camógaíochta eagraithe ag CLG Naomh Colm Bhaile na Scríne, Contae Dhoire ar an 8ú Márta in ionad spóirt Meadowbank i Machaire Fíolta idir 1.30- 3.30pm Domhnach a bheas ann.
Tá seo fá choinne páistí Gaelscoileanna idir rang 5-7 ón fud fad an Chúige Uladh, níl ann ach 5 ón taobh agus is féidir na cailiní agus na gasúir le bheith measctha le chéile ar son scoile nó ceantair s’acu.
Ní mór d’áit a chur in airithe le Conchúr Ó Muirí ag ( conchur73@hotmail.com ) le bheith páirteach. Beidh achan gnó déanta trí Ghaeilge agus beidh fáilte roimh chách.
Folúntas: Múinteoir Ionaid i gColáiste Chineál Eoghain, Dún na nGall
Feabhra 12, 2015
Spriocdháta: 18ú Feabhra 2015
Sonraí ar www.educationposts.ie.
Léirsiú Náisiúnta taobh amuigh de Dháil Éireann ar 17ú Feabhra
Feabhra 11, 2015
Tá léirsiú náisiúnta eagaithe ag ACP (Cumann na nGairmithe Óige) chun aird a tharraingt ar thábhacht an oideachais agus cúram luath-óige agus an ról riachtanach a imríonn na daoine gairmiúla a oibríonn san earnáil chun tacú leis na páistí agus na teaghlaigh ag bonnchéim na forbartha. Is é bunsprioc an léirsithe ná infheistíocht a éileamh d’earnáil na luathbhlianta. Beidh an léirsiú ar siúl óna 13.00-15.00 Dé Máirt an 17ú Feabhra 2015 os comhair Dáil Éireann. Tá tuilleadh sonraí le fáil anseo: http://www.acpireland.com/national-rally.html
Beidh oifigigh forbartha Gaelscoileanna Teo. i láthair ag an léirsiú chun tacú leis na naíonraí. Buailfidh muid le chéile in Óstán Buswells ag meán lae agus rachaidh muid uaidh sin chuig an léirsiú, le go mbeidh deis ag na naíonraí dul mar ghrúpa agus páirt a ghlacadh ann.
Tá léarscáil chuig Óstán Buswells le fáil ag an nasc seo http://www.buswells.ie/index.cfm/section/basic/display/16/location.htm
Folúntas: Naíonra Neasáin, Baile Hearman, B.AC 5
Feabhra 11, 2015
Tá post le líonadh i Naíonra Neasáin, Baile Hearman, B.AC 5
Cáilíochtaí ag teastáíl: cumas maith Gaeilge labhartha agus Léibhéal 7 nó 8 i luath oideachas
Sonraí le fáil ó Mháire ag maireuimhurchu@gmail.com
Scrúduithe TEG 2015: DÁTAÍ & IONAID
Feabhra 11, 2015
Beidh Scrúduithe TEG 2015 ar siúl sna hionaid seo:
B2 18 Aibreán 2015*
An Spidéal
Páras
B1 9 Bealtaine 2015
Béal Feirste
Prág
A2 23 Bealtaine 2015
Caisleán an Bharraigh
Nua-Eabhrac
A1 6 Meitheamh 2015
Cill Airne
Ottawa
Cill Chainnigh
Corcaigh
Leitir Ceanainn
Luimneach
Má Nuad
*Glactar le Meánleibhéal 2 (B2) mar cheann de na critéir iontrála do chúrsaí sa bhunmhúinteoireacht sna coláistí Oideachais agus i gColáiste Hibernia.
Is é an dáta deiridh d’iarratais ar scrúduithe TEG ná 20 Márta 2015. Cláraigh anseo.
Dírigh ar do chumas labhartha! PÁIRTCHREIDIÚINT AR FÁIL
Tá páirtchreidiúint ar fáil do dhaoine ar mhaith leo an scrúdú cainte amháin a dhéanamh. Mar sin, beidh dhá rogha ag iarrthóirí 2015:
• Scrúdú iomlán TEG a dhéanamh agus creidiúint iomlán a fháil;
NÓ
• An scrúdú cainte amháin a dhéanamh agus páirtchreidiúint a fháil.
Beidh foireann TEG sásta scrúduithe cainte a reáchtáil ag amanna eile i rith na bliana do ghrúpaí in ionaid ar fud na tíre. Cuir glaoch ar (01) 708 6417.
TEG & DALTAÍ MEÁNSCOILE
Is é an dáta deiridh d’iarratais ó scoileanna ná 20 Feabhra 2015. Tar éis an dáta seo cuir glaoch ar (01) 708 6417. Tuilleadh eolais anseo.
Cúrsa saor in aisce ar dhisléicse agus múineadh teanga
Feabhra 10, 2015
Sonraí ar fáil ag: www.futurelearn.com
Féile Futa Fata 2015 ag teacht go Gaelscoileanna Chúige Laighean
Feabhra 9, 2015
Táimid craiceáilte faoi leabhair agus ceol anseo i Futa Fata agus tá sé de sprioc againn an grá agus an spraoi a bhaineann leis a scaipeadh ar fud na tíre.
Sin é an fáth go mbeimid ar an mbóthar, don dara bliain as a chéile le Féile Futa Fata 2015 le linn Sheachtain na Gaeilge, 02-13 Márta. I mbliana táimid ag díriú ar Ghaelscoileanna i mBaile Átha Cliath agus i gCúige Laighean.
Tá trí sheisiún spleodracha leagtha amach againn daoibh. Díreoidh seisiúin 1 ar na naíonáin go rang 1, freastlóidh seisiúin 2 ar ranganna 2-4 agus do sheisiúin 3, cuirfear ceardlann scríbhneoireachta ar fáil do ranganna 5 agus 6. Tá na seisiúin ar fad bunaithe ar mheascán dár saothar, idir leabhair agus cheol.
Táille €5 an páiste atá i gceist agus san áireamh sa phraghas, gheobhaidh gach páiste cóip de leabhar dár gcuid.
Le tuilleadh eolais agus fiosrúcháin faoi áirithintí, dean teagmháil linn ag gemma@futafata.ie. Déan go luath é – tá an dialann ag líonadh go beo.
Físeán de Scléip Gael Linn 2015 le feiceáil anois.
Feabhra 9, 2015
Físeán ar fáil ar youtube ag an nasc seo: Scléip Gael Linn 2015
“Saol Faoi Shráid” – Seó nua Fíbín ar chamchuairt do Sheachtain na Gaeilge
Feabhra 9, 2015
“Saol Faoi Shráid” – Seó nua Fíbín!
Tá Ríbín agus Glibín ag dul sa tóir ar thaisce! Nuair a thiteann mapa ón domhan thuas isteach ina saol faoi tsráid, téann na cairde uilig ar thuras mór. Castar rudaí iontacha – agus scanrúil uaireanta – orthu ach bí cinnte go mbíonn spraoi acu i gcónaí!
Cuireann Fíbín i láthair “Saol Faoi Shráid” le Patricia Forde, stiúrtha ag Rod Goodall (Barnstorm) – dráma puipéadóireachta bunaithe ar an sraith teilifís “Saol Faoi Shráid” atá ar TG4 anois – www.saolfaoishraid.ie
Mar pháirt de Sheachtain na Gaeilge 2015 www.snag.ie
Dátaí Camchuairte:
BÉAL FEIRSTE:
Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, 28ú Feabhra 11.30rn mar chuid de Sheoladh Seachtain na Gaeilge. Saor in aisce
AN IAR MHÍ:
Mullingar Arts Centre, 3ú Márta 10rn & 12in. Guth: 044 934 7777
MAIGH EO:
Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead 5ú Márta 11rn Guth: 097 81079
CONAMARA, CO. NA GAILLIMHE:
Seanscoil Sailearna, Indreabhán 9ú & 10ú Márta 10rn & 12in. Guth: Fíbín 091 505855
BAILE ÁTHA CLIATH:
Liberty Hall Theatre, BÁC 1, 12ú & 13ú Márta 10rn & 12in. Guth: Fíbín 091 505855
CATHAIR NA GAILLIMHE:
An Taibhdhearc, 18ú & 19ú Márta 10rn & 12in ar an 18ú agus 10rn ar an 19ú. Guth: 091 563600
Aoisghrúpa: Naonáin Bheaga – Rang a Dó (4 – 8 mbliana d’aois)
Ticéid: €8 nó €7 má cuirtear ticéid in áirithe roimh 13ú Feabhra. Múinteoirí saor in aisce.
Tuilleadh eolais www.fibin.com