Bainisteoir Cúram Leanaí á earcú
Lúnasa 3, 2017
Fáiltíonn an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh Teo., Indreabhán roimh iarratais do phost mar Bhainisteoir Cúram Leanaí ar an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Teo. Beidh an té a cheapfar freagrach as riaradh agus bainistiú na seirbhíse ina hiomláine.
Ní mór d’iarrthóirí na cáilíochtaí/an taithí seo a leanas a bheith ina seilbh:
Taithí bainistíochta/riaracháin a bheith acu chomh maith le taithí agus cáilíocht sa réimse cúram leanaí.
Tá cáilíocht FETAC Leibhéal 6 riachtanach nó níos airde agus bheadh cáilíocht tríú leibhéal sa réimse cúram leanaí ina bhuntáiste.
Seoltar iarratais agus C.V. chuig:
An Rúnaí, An I.T.T. Teo. Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe roimh 5.00i.n. an 24ú Lúnasa 2017
Eolas breise ar fáil maidir le dualgais an phoist ach teagmháil a dhéanamh le 091 593017 nó ríomhphost a sheoladh chuig ittt@eircom.net.
Folúntas Oibrí Cúram Leanaí
Lúnasa 3, 2017
Tá an Crann Taca (Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Teo) ag lorg iarrthóirí do phoist lánaimseartha agus páirt aimseartha mar Oibrí Cúram Leanaí.
Is Naíolann/Naíonra agus seirbhís iar/réamhscoile lán aimseartha é An Crann Taca a chuireann Seirbhís Cúraim agus Réamhoideachais trí mheán na Gaeilge ar fáil do pháistí óga ó 5 mhí go 12 bliain d’aois.
Tá cáilíochtaí FETAC Leibhéal 5 nó níos airde i gCúram Leanaí riachtanach. Ní mhór do iarrthóirí Gaeilge líofa a bheith acu.
Roghnófar iarrthóirí freisin a bheadh sásta a bheith ar phainéal don Ionad do aon phost/folúntais sa todhchaí agus i gcóir clúdach tinnis, saoire agus srl.
Ní mhór iarratas agus Curriculum Vitae a sheoladh roimh an Aoine 18 Lúnasa 2017 chuig:
An Rúnaí,
Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Teo
An Cnoc
Indreabhán,
Co. na Gaillimhe
Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig ittt@eircom.net nó glaoch a chur ar 593132
Is fostóir comhionannas deiseanna é an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh Teo.
An bhfreastalaíonn do pháiste Bodhar nó Lagéisteacht ar Ghaelscoil?
Lúnasa 3, 2017
Stiúrthóir á Éarcú– Bré, Co. Chill Mhantáin
Lúnasa 3, 2017
Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra Ghleann na Darach i gCill Mhantáin.
Is gá go mbeadh líofacht na Gaeilge, idir Gaeilge labhartha agus scríofa, ag an iarrthóir, mar aon le cáilíocht CDBO leibhéal 5.
Má tá tuilleadh eolais uait faoin bpost seo is féidir dul i dteagmháil le Grace ar 086 3450093, nó ar ríomhphost ag ghleannnadarach@gmail.com.
Dáta dunta: 22/12/2017
Folúntas mar Ionadaí Naíonra le Naíonra Bhríde
Lúnasa 1, 2017
Tá Ionadaí Naíonra á earcú ag Naíonra Bhríde, B.Á.C. 6.
Cáilíochtaí:
- Íoschailíocht QQI leibhéal 5 i gCúram Leanaí bheith bainte amach agat.
- Cúrsa Céad Cabhair bheith bainte amach agat.
- Taithí praiticiúl i Naíonra agus grá don luath-oideachas.
- Gaeilge líofa (Cáilíocht TEG).
Is féidir teagmháil a dhéanamh le naionrasinead@gmail.com maidir leis an bhfolúntas seo.
Oifigeach Eagrúcháin á earcú ag Gael-Linn
Lúnasa 1, 2017
Fáiltíonn Gael Linn roimh iarratais do phost mar Oifigeach Eagrúcháin i Rannóg na Scéimeanna.
Próifíl an Phoist:
• Cabhrú le stocaireacht agus eagrúchán i leith scéimeanna Gael Linn don aos óg agus sa réimse oideachais, ar a n-áirítear: Comórtais Díospóireachta, Coirm, Gaelbhratach, Scléip, Féilte Peile.
• Freastal ar imeachtaí éagsúla timpeall na tíre
• Tacú le beartais oideachais agus siamsaíochta eile de chuid Gael Linn
• Riaradh ar shuíomh idirlín Gael Linn agus ar na meáin shóisialta.
Riachtanais don phost:
• Líofacht agus cruinneas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, idir labhairt agus scríobh
• Scileanna agus taithí ríomhaireachta agus cumarsáide
• Tuiscint mhaith ar earnáil na Gaeilge agus ar na meáin shóisialta
• Láncheadúnas tiomána agus teacht ar charr
• Bheith ábalta feidhmiú go haonarach nó mar chuid de fhoireann
Beidh an post lonnaithe i gCeannáras Gael Linn i mBaile Átha Cliath ach beidh méid áirithe taistil i gceist. Spriocdáta le haghaidh iarratais: 18 Lúnasa. Tá an post seo á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge.
Foirm iarratais agus tuilleadh eolais ar fáil ó: Máire Harris, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Teil 01-6751200 maireh@gael-linn.ie
Folúntas i Naíonra na nDéise
Iúil 27, 2017
Tá Bord Bainistíochta Naíonra na nDéise ag lorg iarratais do Stiúrthóir Naíonra don scoilbhliain 2017/ 2018. Beifear ag súil le hiarratais ó dhaoine le;
Líofacht sa Ghaeilge.
Íoscháilíocht de QQI Leibhéal 5 i gCúram Leanaí.
Fianaise den phróiséas ghrinnfhiosrúcháin a bheith críochnaithe ag an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.
Árdscileanna cumarsáide agus idirphearsanta.
Taithí praiticiúil i suíomh cúram leanaí.
Fianaise den fhorbairt gairmiúil.
Grá agus cúram do leanaí óga agus tús áite a thabhairt dá riachtanais i gcónaí.
Tá an fhoirm iarratais cuí ar fáil ar www.gaelscoilnandeise.ie. Ba cheart an fhoirm a sheoladh chuig postannagnd@gmail.com roimh an gCéadaoin 16ú Lúnasa 2017.
Múinteoir Ranga á earcú ag Gaelscoil an Chaisleáin
Iúil 25, 2017
Tá múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil an Chaisleáin, ag tosnú ar an 30ú lá de mhí Lúnasa 2017. Bunscoil lán-Ghaelach, ilchreidmheach, nua-bhunaithe í Gaelscoil an Chaisleáin. Ceapadh príomhoide i Mí an Mheithimh. Is é an Foras Pátrúnachta patrún na scoile.
Caithfear litir agus foirm iarratais a sheoladh chuig gsanchaisleain.iarratais@gmail.com faoin 9ú lá de mhí Lúnasa.
Tá an scoil le fás agus le forbairt go suntasach sna blianta atá romhainn amach. Tá ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa riachtanach don bhfolúntas seo. Glacfar le hiarratais i nGaeilge amháin. Is buntáiste é aon cheann de na buanna seo a bheith ag iarratasóirí: ceol, spórt, rince. Beidh sé ina bhuntáiste ag iarratasóirí chomh maith taithí mhúinteoireachta i ngaelscoil a bheith acu.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh;
https://www.educationposts.ie/post/view/89678
Múinteoir Mata á earcú ag Gaelcholáiste Chéitinn
Iúil 25, 2017
Tá múinteoir Mata trí Ghaeilge á earcú ag Gaelcholáiste Chéitinn, Cluain Meala. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoi 12:00 i.n, 28 ú Iúil 2017. Is féidir leat cur isteach ar an bhfolúntas tríd foirm iarratais a íoslódáil ar tipperaryetb.ie. Caithfear ceithre cóip den fhoirm a chomhlíonadh is a sheoladh chuig;
Bóthar an Teampaill
Folúntas mar Múinteoir Ranga
Iúil 19, 2017
Tá múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil Liatroma don bhliain seo chugainn. Conradh bliana atá i gceist. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i nGaelscoil Liatroma.
Caithfear litir iarratais mar aon le cv, a sheoladh ar ríomhphost chuig gaelscoilliatroma@gmail.com. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an 28ú lá de mhí Iúil.
Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/88883.