Gaeilge éigeandála ar fáil do thuismitheoirí agus d’fheighlithe
Meán Fómhair 7, 2011
PÓL Ó MUIRÍ, Eagarthóir Gaeilge
Á, FAOISEAMH. Is tuismitheoir tú agus tá do chuid páistí ar ais ar scoil. Buíochas do Dhia, a deir tú. Ach fan. Is tuismitheoir tú a bhfuil páiste ar ghaelscoil agat.
Níl do chuid oibre ach ina tús. Caithfidh tú cúpla focal a labhairt leis an leanbh agus níl mórán Gaeilge agat nó b’fhéidir nach bhfuil mórán Gaeilge ag an fheighlí linbh agus tusa ar shiúl chun na hoifige gach lá, ag saothrú leat.
Ná bíodh imní ort. Tá Forbairt Naíonraí Teoranta (www.naionrai.ie) i ndiaidh leagan nua den leabhrán – BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí – a fhoilsiú. Tá caibidlí gairide ann ar cheisteanna a chur, bheannachtaí, rabhaidh, am codlata, chúrsaí leighis agus ar thurais.
Agus ó tharla gur fhógair an t-eagras inné gur osclaíodh 25 naíonra nua i mbliana; ardú ar 17 anuraidh agus ar 5 cinn arú anuraidh, shílfeá go mbeadh go leor léitheoirí nua ann don leabhrán.
Tá na habairtí ar fad breá simplí – “Ar mhaith leat dul amach sa ghairdín?”; “Ar chodail tú go maith?”; “Ar nigh tú d’aghaidh” – agus is beag duine ar bheagán Gaeilge nach mbeadh ábalta iad a úsáid. Le cois na n-abairtí Gaeilge, tá leagan Béarla leo.
Agus ná ceaptar nach bhfuil focal nó dhó nua le fáil agat, fiú sa chás go bhfuil Gaeilge agat. Ní raibh a fhios agam féin gurb ionann “folach bíog” agus “hide and seek” ach sin an donas céim sa Léann Ceilteach a bhaint amach agus ní céim sa Léann Linbh!
Tá ceithre dhlúthdhiosca leis an leabhar agus an t-ábhar le fáil i gcanúint Chúige Uladh, Chúige Chonnacht, Chúige Mumhan agus sa Chanúint Chaighdeánach – canúint do dhaoine, is dócha, a bhfuil cónaí orthu in Dublin 4 agus a bhfuil eagla orthu go rachaidh a gcuid páistí ag caint faoi mhóin agus iascaireacht agus ní faoi sciartha bainc agus stocmhargaí na hEorpa.
(Ar cheart do lucht na Gaeilge a rá le lucht an Bhéarla atá in éadan chúrsaí aistriúcháin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil an t-ádh orthu gur aistriúchán amháin a shásaíonn lucht na Gaeilge faoin reachtaíocht?)
Mar thuismitheoir le páistí óga, mheas mé go mbeadh an leabhrán ina chuidiú ag foghlaimeoir ar bith ach tá bearnaí ann.
Bíodh is go bhfuil caibidil ar bheannachtaí ann, níl ceann ar mhallachtaí le feiceáil.
Is beag duine againn a thugann faoi ruathar na scoile nach sceitheann an droch-chaint as, anois agus arís, agus tuismitheoirí eile ag páirceáil (go holc) os comhair gheataí na scoile nó ag tiomáint gan aire cheart agat ar charranna eile.
Mholfainn go láidir cúpla mallacht bhreá Ghaelach a chur sa chéad eagrán eile: “Damnú ort! Tugann tú tiománaí ort féin ach is mó ciall atá ag mo leanbh beag féin i mbun a lego ná tusa sa Lexus sin!”
Mholfainn fosta cúpla abairt éigeandála a chur ar fáil do thuismitheoirí mar ábhar rúnda acu féin ionas go mbeadh siad ábalta labhairt ar an ghuthán, cód nach mbeadh ag na páistí óga soineanta: “Dúirt an polaiteoir go mbeadh sé sa Dáil ag a sé. Tá an polaiteoir mall. Mura dtagann an polaiteoir go luath, íosfaidh an madra a dhinnéar. Agus má fhaigheann an taoiseach amach go raibh an polaiteoir ag plé leis an choiste gailf, ní fada go mbeidh an polaiteoir as oifig!”
Irish Times
Cumann na bhFiann
Meán Fómhair 7, 2011
Eagraíonn Cumann na bhFiann clubanna óige go seachtainiúil ar fud na tíre, a thugann deis do dhaltaí a gcuid Gaeilge labharta a chleachtadh agus a fhorbairt.
Is iad na buntáistí a bhaineann leis seo ná go mbíonn an teanga in úsáid i measc na ndaltaí i rith réimse leathan d’imeachtaí, agus dá réir tuigeann siad níos fearr an tábhacht atá leis an teanga dár bhféiniúlacht.
Chomh maith leis an gclub óige, eagraíonn Cumann na bhFiann go leor imeachtaí bliantúla náisiúnta, ar nós ceolchoirmeacha, dioscó, deireadh seachtainí as baile, srl. Tá tuilleadh eolais ar na himeachtaí seo ar fáil sa Chumann.
Tá liosta de na Clubanna ar fad atá ar siúl i mbliana thíos. Muna bhfuil Cumann in aice leat, nó má tá ceist ar bith agat faoin seirbhís, ní gá ach teagmháil a dhéanamh liom ag traic@cnb.ie, nó 087 6993439, nó uimhir an duine atá in aice ainm an Cumann is giorra duit ar an liosta.
Tionscadal Tumoideachais i nGaeltacht Dhún na nGall
Meán Fómhair 6, 2011
Tá trí bhunscoil Gaeltachta i nDún na nGall tar éis tabhairt faoi thionscadal tumoideachais nua le go mbeadh an Ghaeilge amháin le cloisteáil i ranganna na naíonán sóisearach.
Ciallaíonn sé sin nach mbeidh Scoil Rann na Feirste, Scoil Dhoire Chonaire agus Scoil Chaiseal na gCorr ag tosú ar theagasc an Bhéarla go dtí na naíonáin shinsearacha.
Deir Éamonn Mac Niallais, urlabhraí ar son Ghuth na Gaeltachta go bhfuil an polasaí seo chun leas na Gaeilge sa Ghaeltacht agus go mbíonn “torthaí foghlama níos airde á mbaint amach ag na daltaí sa dá theanga dá bharr”.
“Tá sé fíorthábhachtach dúinn mar phobal Gaeltachta na céimeanna dearfacha seo a ghlacadh le léiriú go bhfuilimid dáiríre faoi thodhchaí na teanga a chinntiú, a deir sé.
D’eagraigh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus COGG seimineár do lucht teagaisc na scoileanna Gaeltachta san Earrach ar an ábhar seo. Chomh maith leis sin, d’eagraigh siad seisiúin eolais do na Boird Bhainistíochta agus cúrsa traenála do mhúinteoirí ar fhoghraíocht na Gaeilge.
Táthar ag súil go gcuirfidh seacht mbunscoil eile atá lonnaithe i gcroílár na Gaeltachta i nDún na nGall an beartas céanna i bhfeidhm go luath.
“Tá géarchéim ann ó thaobh úsáid na Gaeilge i measc aos óg na Gaeltachta, ní réiteach na faidhbe ann féin atá sa tumoideachas ach is cinnte gur cuid den réiteach é”, a deir Mac Niallais.
©Foilsithe ar Gaelport.com 06 Meán Fómhair 2011
An Ghaeilge faoi chaibidil i gCorcaigh
Meán Fómhair 6, 2011
Ar cheann de phríomhspriocanna na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge tá líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a mhéadú go dtí 250,000, ach cé mhéad díobh siúd a bheidh lonnaithe i gCathair Chorcaí?
Déanfaidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge seimineár poiblí i gCathair na Reibiliúnach a reáchtáil i dtreo dheireadh na míosa, chun pobal na cathrach a chur ar an eolas faoi spriocanna na Straitéise, agus chun plean gnímh a chur le chéile i gcomhar le muintir na háite, chun na spriocanna sin a bhaint amach.
“An Ghaeilge i do Cheantar: Do Theanga, Do Phobal, Do Rogha” an teideal atá ar an tsraith seimineár seo, agus is ar 28 Meán Fómhair 2011, a reáchtálfar an chéad seimineár sa tsraith, i nGaelcholáiste Choilm i mBaile an Chollaigh ó 6.30pm-9pm.
Labhróidh aoichainteoir áitiúil, ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, faoin dea-chleachtas pleanála teanga i gceantar uirbeach, agus tabharfaidh ionadaí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, agus Gnóthaí Gaeltachta léargas ar na riachtanais pleanála teanga sa cheantar áitiúil, mar a shonraítear iad faoin Straitéis.
Pléifidh Liam Ó Rinn, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta na Gaeilge de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael (CLG), agus Jerry Ahern, Cathaoirleach Chraobh Niall Uí Chathasaigh de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ), na bealaí ar féidir leis an CLG agus CCÉ an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar.
Mar aon leis na haoichainteoirí thuas, beidh ionadaithe ón gComhairle Cathrach agus ón gComhairle Contae, chomh maith le hionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge atá an-ghníomhach sa cheantar ar nós Gael-Taca agus Cumann na bhFiann ag tabhairt léargais faoina gcláir oibre féin ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge i gCathair agus i gContae Chorcaí sna blianta romhainn. Tabharfar léargas ar na tionscadail atá á bhforbairt cheana féin chun cabhrú i dtreo ghealltanais na Straitéise a chomhlíonadh.
Ag caint faoin seimineár, deir Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Is í aidhm an tseimineáir phoiblí ná eolas faoi dheiseanna cur chun cinn na Gaeilge faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ar bhonn comhtháite a scaipeadh ar mhuintir an cheantair d’fhonn gréasáin Gaeltachta láidre a bhunú agus a fhorbairt”.
Ionas go mbainfear spriocanna na Straitéise amach, is cinnte gur gá go leor daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge. Cuirfear fáilte roimh chách chuig an seimineár seo, más duine thú gan oiread is focal Gaeilge, nó más duine thú a raibh
Gaeilge agat ar scoil, nó gur mhaith leat Gaeilge a mhúineadh do do chlann, cuirfear fearadh na fáilte roimh gach uile duine chuig an seimineár, agus reáchtálfar an seimineár go hiomlán dátheangach chun an freastal is fearr a dhéanamh ar líon is mó daoine.
Tá cead isteach chuig an seimineár saor in aisce, ach iarrtar ar dhaoine clárú roimh ré trí do chuid sonraí teagmhála a chur ar fáil do Chillian de Búrca, cillian@comhdhail.ie.
Reáchtálfar dhá sheimineár den chineál céanna i mí na Samhna freisin, i gcroílár Chathair Luimnigh in Óstán an Strand Dé Luain, 21 Samhain agus an tseachtain chéanna reáchtálfar seimineár in Óstán na Páirce i nDún Garbhán, Co. Phort Láirge Dé Céadaoin 23 Samhain.
©Foilsithe ar Gaelport.com 06 Méan Fómhair 2011
Comhdháil ar Oideachas Gaeltachta
Meán Fómhair 6, 2011
Déanfaidh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta TEO (ESG) a gComhdháil Oideachais agus a gCruinniú Cinn Bhliana a reáchtáil ar Dé Sathairn 01 Deireadh Fómhair 2011 in Óstán an Ard Oileáin i nGaillimh.
Beidh scoth na n-aoichainteoirí i láthair chun plé a dhéanamh ar ábhair thábhachtacha a bhaineann leis an oideachas Gaeltachta. I measc na gcainteanna a thabharfar ar an lá, pléifidh Deirbhile Nic Craith (INTO) na himpleachtaí fostaíochta a bhaineann le comhnascadh a dhéanamh idir scoileanna beaga. Pléifidh Maolsheachlainn Ó Caollaí le ceist na Gaeilge san Ardteistiméireacht, agus beidh daltaí Gaeilge agus na scrúduithe stáit faoi chaibidil ag Muireann Ní Mhóráin, (COGG).
Déanfar plé freisin ar shainriachtanais oideachais, agus na saincheisteanna ar an ábhar seo, mar a bhaineann sé le scoileanna Gaeltachta.
Beidh toghchán á reáchtáil i rith an Chruinnithe Cinn Bhliana do Ghnáth Stiúrthóirí na heagraíochta agus ceapfar Coiste na nOifigeach óna stiúrthóirí sin tar éis an chéad chruinniú don bhord nuacheaptha.
Tá Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ionadaíoch go náisiúnta ar thuismitheoirí agus ar mhúinteoirí sna Gaeltachtaí ar fad, Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht seo oideachas trí Ghaeilge a neartú agus a bhuanú i Scoileanna Gaeltachta. Tá tuilleadh eolais ar fáil ach dul i dteagmháil dhíreach le Treasa Ní Mhainín, oifig@esg.ie.
Foilsithe ar Gaelport.com 06 Meán Fómhair 2011
Gaelscoil na Mí
Lúnasa 31, 2011
Fáiltíonn an feachtas Aitheantas roimh oscailt Ghaelscoil na Mí i gCill Dhéagláin, Co. na Mí – an chéad Ghaelscoil oifigiúil le hoscailt le haitheantas ón Roinn Oideachais agus Scileanna le trí bliana anuas – ag 12.00 meánlae an Déardaoin bheag seo, 01 Meán Fómhair 2011.
Is bunscoil lánGhaeilge ilchreidmheach í Gaelscoil na Mí atá faoi phátrúnacht ag Foras Pátrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge (An Foras Pátrúnachta) le haitheantas iomlán ón Roinn Oideachais agus Scileanna.
Tháinig na heagrais Ghaeilge Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge agus Glór na nGael le chéile faoi bhrat an chomhfheachtais Aitheantas anuraidh chun stocaireacht a dhéanamh ar son na Gaelscolaíochta, agus go háirithe chun tacú le tuismitheoirí Ghaelscoil Ráth Tó i gCo. na Mí nuair a diúltaíodh aitheantas don bhunscoil lánGhaeilge i 2010.
Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Is mór an chúis cheiliúrtha é oscailt Ghaelscoil na Mí, ní hamháin do mhuintir Aitheantas agus do gach duine a thacaigh le tuismitheoirí Ghaelscoil Ráth Tó nuair a diúltaíodh aitheantas don scoil áitiúil anuraidh, ach do phobal na Gaeilge trí chéile.
“Tá an Ghaelscolaíocht ina crann taca do bhláth na teanga i measc an phobail le 20 bliain anuas, agus tá an Roinn Oideachais agus Scileanna le moladh as tábhacht na teanga sa cheantar seo i gCo. na Mí a aithint trí aitheantas iomlán a bhronnadh ar Ghaelscoil na Mí i mbliana.”
Go dtí go bhfuil suíomh buan aimsithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna don scoil, osclóidh Gaelscoil na Mí ar shuíomh sealadach in aice le clubtheach CLG Domhnach Mór i gCill Dhéagláin, Co. na Mí ar an chéad lá den téarma acadúil i mbliana, agus beidh an scoil nua ag freastal ar Chill Dheagláin, Ráth Tó agus na mórcheantair máguaird.
Dúirt Feargal Ó Cuilinn, Stiúrthóir Comhluadar: “Throid tuismitheoirí Ráth Tó go fíochmhar lena gceart le hoideachas lánGhaeilge a thabhairt dá bpáistí nuair a diúltaíodh aitheantas oifigiúil do Ghaelscoil Ráth Tó, agus tá toradh a gcuid oibre le feiceáil an tseachtain seo le hoscailt Ghaelscoil na Mí sa cheantar. Ba chóir don Roinn Oideachais agus Scileanna freastal mar is cóir a dhéanamh ar an éileamh náisiúnta don Ghaelscolaíocht, agus ceart gach tuismitheoir le hoideachas lánGhaeilge a chur ar a bpáiste a chinntiú, trí sholáthar an Ghaeloideachais a úsáid mar chritéir nuair atá áiteanna á roghnú do scoileanna amach anseo.”
TUILLEADH EOLAIS:
Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)86 8142757
julian@cnag.ie
Feargal Ó Cuilinn,
Stiúrthóir, Comhluadar.
+353 (0)1 4789191 / +353 (0)87 2908391
feargal@comhluadar.ie
Tumoideachas san Iar-Thuaisceart
Lúnasa 31, 2011
Tá tús curtha inniu ag trí bhunscoil Ghaeltachta san Iarthuaisceart leis an tumoideachas ins na naíonáin bheaga; Scoil Rann na Feirste, Scoil Dhoire Chonaire agus Scoil Chaiseal na gCorr. Séard atá i gceist go bunúsach leis seo nó nach mbeidh na scoileanna seo ag tosnú ar theagasc an Bhéarla leis na daltaí go dtí na naíonáin mhóra ar a laghad. Déanann muid comhghairdeas leis na tuismitheoirí, na Boird Bhainistíochta agus na múinteoirí ins na scoileanna seo a ghlac an cinneadh dearfach seo.
Is cinnte ón taighde idirnáisiúnta agus náisiúnta atá déanta ar an tumoideachas, ní amháin go bhfuil sé chun leas na mionteanga (an Ghaeilge) ach go mbíonn torthaí foghlama níos airde á mbaint amach ag na daltaí ins an dá theanga. Mar sin de, is chun leas an pháiste atá an cleachtas seo.
Tá buíochas ag gabháil d’Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus COGG a d’eagraigh seimineár do lucht teagaisc na scoileanna Gaeltachta san Earrach ar an ábhar seo. Chomh maith le sin, d’eagraigh siad seisiúin eolais do na Boird Bainistíochta agus cúrsa traenála do mhuinteoirí ar fhoghraíocht na Gaeilge. Tá seacht mbunscoil eile i gCatagóir A san Iarthuaisceart agus tuigeann muid go bhfuil cinneadh le déanamh go fóill ag roinnt acu seo agus tá súil againn go nglacfaidh siad uilig an cinneadh céanna.
Tá sé fíorthábhachtach dúinn mar phobal Gaeltachta na céimeanna dearfacha seo a ghlacadh le léiriú go bhfuil muid dáiríre faoi thodhchaí na teanga a chinntiú. Tá géarchéim ann ó thaobh úsáid na Gaeilge i measc aos óg na Gaeltachta; ní réiteach na faidhbe ann féin atá sa tumoideachas ach is cinnte gur cuid den réiteach é.
Ní neart go cur le chéile
Éamonn Mac Niallais
Urlabhraí
Guth na Gaeltachta
Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Tá sé ag reáchtáil cruinnithe poiblí ó shin. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Gaelscoil moves from prefabs to dreamland
Lúnasa 30, 2011
Lascaine speisialta do scoileanna ag Cló Iar-Chonnacht don scoilbhliain nua!
Lúnasa 26, 2011
Tá Cló Iar-Chonnacht ag tairiscint lascaine 25% ar áiseanna teagaisc, leabhair do dhaltaí bunscoile agus leabhair do dhaltaí meánscoile ar orduithe a dhéantar roimh 1 Deireadh Fómhair, 2011. Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.cic.ie nó sna PDF thíos.
Seimineáir Ghairmeacha in Iarthuaisceart na Tíre
Lúnasa 24, 2011
Agus rang na hardteiste 2011 ag machnamh ar na tairiscintí do na cúrsaí ollscoile, tá sé tráthúil do bhfuil dátaí an tseimineáir gairmeacha agus cúrsaí ollscoile, ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ fógartha.
Tabharfar deis do dhaltaí scoile ó na ranganna sinsearacha sa mheánscoil san iar-thuaisceart páirt a ghlacadh san imeacht oideachasúil.
Reáchtálfar seimineáir i gCora Droma Rúisc, Co. Liatroma ar 11 Deireadh Fómhair agus Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin ar 12 Deireadh Fómhair 2011.
Go dtí seo, tá seimineáir reáchtáilte ag An Chomhdháil, i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh, i gCaisleán an Bharraigh, i mBéal Feirste, i Leitir Ceanainn agus ar An Tulach Mór.
Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre. Le linn na seimineár pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha. Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.
Mar chuid den seimineár cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí, rud a spreagann díospóireacht spleodrach ar leithéidí todhchaí na teanga, stádas Gaeltachta, an Ghaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteistiméireacht, an Ghaeilge ag an tríú leibhéal, nó tacaíocht an Rialtais don teanga.
Bíonn ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastáin eolais, chun eolas a roinnt ar na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.
Beidh fáilte roimh daltaí agus scoileanna ó na ceantair mháguaird freastal ar an dá seimineáir.
Tuilleadh eolais: http://www.gaelport.com/bbnag
©Foilsithe ar Gaelport.com 23 Lúnasa 2011