Méid an Téacs

Is Eolaí Mé

Meán Fómhair 16, 2016

eSraith eolaíochta shiamsúil é ‘Is Eolaí Mé’, dírithe ar dhaoine ó 8-12 bliain d’aois, léirithe ag Meangadh Fíbín do TG4. Cuirfear tús le craoladh an chláir i sceideal an Fhómhair ar Cúla 4 ar an Mháirt 20ú Meán Fómhair agus craolfar é dhá uair sa tseachtain as seo go Nollaig, an Mháirt agus an Déardaoin ag 5.25i.n. Beidh an clár ar fáil ar sheinnteoir TG4 www.tg4.tv chomh maith. Seolfar an suíomh gréasáin www.cula4.com/Iseolaime ar an Mháirt 20ú chomh maith agus beidh eolas le fáil ansin faoin mír ‘Déan é seo sa Bhaile’ agus gach ní eile freisin.

Tugann “Is Eolaí Mé” léargas físiúil agus taitneamhach ar an eolaíocht agus ar an timpeallacht. Tá rannpháirtíocht ó dhaoine óga ó chuile chearn den tír sa tsraith seo agus iad ag baint triail as turgnaimh eolaíochta agus ag tabhairt cuairte ar ionaid eolaíochta ar fud na tíre ar nós Réadlann na Dúcharraige, W5 Béal Feirste, Caisleán Bhiorra agus Tochailt Seandálaíochta i mBaile Átha Troim.

Tosaíonn gach clár sa saotharlann, Aladdin’s cave na heolaíochta, áit a gcuireann an láithreoir Peadar, téama an lae faoi bhráid an lucht féachana.

Tugann  ‘IS EOLAÍ MÉ’ léargas taitneamhach agus greannmhar ar na hábhair atá faoi chaibidil sa churaclam. Díríonn gach clár ar ábhar amháin ar nós SOLAS, DOMHANTARRAINGT, AN GRIANCHÓRAS & srl.

Tá aíonna óga i ngach eagrán ag cabhrú le Peadar sa stiúideo agus iad i mbun turgnaimh spleodracha agus iad ar an láthair freisin le Peadar agus Úna ag taifeadadh fuaimeanna ialtóga, ag seoltóireacht, ag treodóireacht agus go leor leor eile.

iempeadar1

Is í príomhaidhm na sraithe ná an lucht féachana a tharraingt ar ais i dtreo na mbunphrionsabail eolaíochta, ábhair a láimhseáil, ábhair a dhearadh, triail a bhaint as turgnaimh agus an timpeallacht mórthimpeall orthu a fhiosrú.

Beidh na haíonna óga seo in iomaíocht lena chéile i ngach eagrán agus iad i mbun dúshláin eolaíochta chun bonn óir IS EOLAÍ MÉ a bhuachan.

Tá míreanna beochana fite fuaite sa chlár chomh maith le míreanna drámaíochta gearra ag deireadh gach clár scríofa ag Patricia Forde leis na haisteoirí Jonathan & Neil Gunning ag glacadh páirt an Ollaimh aosta & an dalta drogallach. Tá na míreanna seo léirithe i stíl scannán tostach dubh & bán agus na haisteoirí ag díriú isteach ar théama an lae go spraíúil.

Críochnaíonn gach eagrán le treoracha simplí do thurgnamh gur féidir a dhéanamh sa bhaile.

Tá Peadar Ó Goill and Úna Ní Fhlatharta ag láithriú le comhairle ón Dr. Naomi Lavelle (Dr. How Science Wows).

Tá an tsraith stiúrtha ag Róisín Ní Thuairisg & Deirdre Ní Fhlatharta agus í léirithe ag Siobhán Ní Bhrádaigh, Darach Ó Tuairisg & Mícheál Ó Domhnaill.

Tá ‘Is Eolaí Mé’ léirithe do TG4, le tacaíocht ó scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann agus ag baint leas as an scéim tacaíochta atá i bhfeidhm ag Rialtas na hÉireann do scannáin agus do dhrámaíocht teilifíse.

iemuna5

 

Comórtas Amhrán Gaeilge Nua-Chumtha

Meán Fómhair 16, 2016

capture

Sábháil an Dáta do Chomhdháil Oideachais 2016

Meán Fómhair 15, 2016

Tá áthas orainn in a rá gur féidir clárú anois do Chomhdháil Oideachais 2016 i gcomhpháirt le Gaelscoileanna Teo. agus COGG.

Beidh an comhdháil ar siúl ar an Aoine, 11 Samhain 2016 in Óstán Ormonde, Cill Chainnigh. Is féidir bhur scoileanna / naíonraí a chlárú anois ar líne.

Cláraigh anseo

Táillí Comhdhála:
Bunscoileanna / Iarbhunscoileanna le ballraíocht Gaelscoileanna Teo: €75 an duine

Bunscoileanna / Iarbhunscoileanna gan bhallraíocht Gaelscoileanna Teo: €100 an duine

Naíonraí: €50 an duine

Mic léinn lán-aimseartha: €50 an duine

Tá lón agus dinnéar san áireamh sna táillí thuas. Má chláraítearceathrar duine le chéile, beidh an cúigiú duine saor in aisce, ní ghá ach teagmháil a dhéanamh leis an oifig ag oifig@gaelscoileanna.ie nó 01 8535195 leis seo a shocrú.

Beidh níos mó eolais mar gheall ar chlár na comhdhála agus eile á sheoladh amach againn go luath.

Ranganna Oíche ag tosú go luath le Ghaelchultúir

Meán Fómhair 15, 2016

Ranganna Oíche ag tosú go luath | Evening classes starting soon

Cuirfear tús arís le ranganna oíche Gaeilge Ghaelchultúir do dhaoine fásta idir 26 agus 29 Meán Fómhair 2016 i mBaile Átha Cliath agus i gCeatharlach.
Gaelchultúr’s Irish language evening classes for adults will begin again 26–29 September 2016 in Dublin and Carlow.

Cód Lascaine | Discount Code
Sibhse atá ar ár liosta seoltaí, táimid ag cur cód lascaine ar fáil daoibh a laghdóidh praghas an chúrsa seo 5%. Agus tú i mbun clárúcháin, níl le déanamh agat ach an cód seo a leanas a chur isteach: f0mh4r2016
(Rachaidh an cód seo in éag 21 Meán Fómhair, 2016.)
For those of you on our mailing list we’re providing a discount code that will reduce the cost of the course by 5%. All you need to do is enter the following code when registering: f0mh4r2016
(This code will expire 21 September, 2016.)

Cad a gheobhaidh tú? | What do you get?
• Leabhrán ceangailte agus nótaí uile an chúrsa ann | A bound booklet with all of the course notes
• Rochtain ar ábhar an chúrsa ar líne | Access to course material online
• Cúrsaí atá struchtúrtha agus dea-fhorbartha | Structured, well-developed courses
• Dlúthdhiosca agus cleachtaí éisteachta an chúrsa air | A CD with all the listening exercises from the course
• Múinteoirí atá an-chumasach agus cairdiúil | Extremely competent and friendly teachers
• Béim ar labhairt na Gaeilge seachas ar léamh nó ar scríobh | An emphasis on speaking Irish rather than on reading or writing

www.gaelchultur.com

Comhdháil Oideachais 22 Meán Fómhair

Meán Fómhair 14, 2016

Comhdháil Oideachais

Soláthar múinteoirí don iar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge:
Deiseanna agus dúshláin

22 Meán Fómhair 2016, Túr an Chloig, An Roinn Oideachais & Scileanna, BÁC 1

Cláraigh roimh Aoine, 16 Meán Fómhair trí teagmháil le: oifig@gaelscoileanna.ie | 01 8535195 |

 

file-page1

Comhrá ’16

Meán Fómhair 13, 2016

Tá Conradh na Gaeilge ag tabhairt faoi churiarracht domhanda don chomhrá Gaeilge is faide riamh a bhaint amach. Beidh Comhrá ’16 á reáchtáil ag an gConradh ó 11/10/16 go 18/10/16 agus faoi láthair tá scoileanna á lorg acu le páirt a ghlacadh sa churiarracht. Is féidir le scoil ar bith páirt a ghlacadh ar feadh uair a chloig (nó níos mó, más spéis libh). Ní theastaíonn ach idirlíon agus ríomhaire le ceamara.

Tá tuilleadh eolais ar fáil san fhíseán thíos nó ar snag.ie/comhra

Folúntais ar Phoist

Meán Fómhair 13, 2016

• Gaelscoil Uí Earcáin, ag lorg cúntóir riachtanais speisialta buan.
http://www.educationposts.ie/post/view/75970

• Gaelscoil Chnoc Liamhna, ag lorg múinteoir acmhainne ar théarma seasta.
http://www.educationposts.ie/post/view/75899

• Gaelcholáiste Mhuire (A.G.), ag lorg ionadaí.
http://www.educationposts.ie/post/view/75889

• Gaelscoil Choráin,ag lorg múinteoir.
http://www.educationposts.ie/post/view/75892

• Gaelscoil Cois Feabhail, ag lorg múinteoir tacaíochta foghlama buan.
http://www.educationposts.ie/post/view/75747

• Gaelscoil Moshíológ, ag lorg múinteoir acmhainne.
http://www.educationposts.ie/post/view/75832

Cruinniú Urghnách Gaelscoileanna Teo., 6 Deireadh Fómhair 2016

Meán Fómhair 12, 2016

Thug Gaelscoileanna Teo. faoi chomhairliúchán le scoileanna faoi ainm na heagraíochta a leasú i bhfianaise an athraithe atá tagtha ar chúramaí Gaelscoileanna Teo. ó ceapadh ina ceanneagraíocht í ar an réimse Tumoideachas/ Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge in Iúil 2014.

Dá réir tá cúramaí ar an eagraíocht anois i leith na scoileanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di mar aon le seirbhísí a chur ar fáil do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.

Ag eascairt as an gcomhairliúchán sin beidh rún á rith ag Bord Stiúrtha na heagraíochta le hainm na heagraíochta a athrú. Rithfear an rún seo a leanas:

Go ndéanfar ainm na heagraíochta, Gaelscoileanna Teo., a athrú go Gaeloideachas: Guth don Oideachas Lán-Ghaeilge (mar shluán).

Beidh cruinniú urghnách do Gaelscoileanna Teo. ar siúl ag 18.00 ar an 6 Deireadh Fómhair 2016 san Óstán Clarion i nGleann na Life, Baile Átha Cliath 22, chun an rún seo a chur faoi bhráid na mball.

Tá cead ag aon scoil a bhfuil ballraíocht aici leis an eagraíocht suas le trí vóta a chaitheamh ar an rún seo (ach a bheith i láthair ag an gcruinniú urghnách). Tá súil againn go mbeidh comhaltaí ó do scoil in ann bheith i láthair ag an gcruinniú tábhachtach seo. Is féidir clárú chuige trí ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie ag cur sin in iúl (ainm, scoil, seoladh na scoile).

Comhdháil ar Riachtanais Speisialta Oideachais sa bhunscoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta

Meán Fómhair 12, 2016

Bigí linn nuair a reáchtáilfear an chéad comhdháil riamh ar RSO sa chóras lán-Ghaeilge.

Ní ghearrfar costas ar rannpháirteacht ach ní mór clárú le oifig@gaelscoileanna.ie.

Beidh teorainn ar spásanna.

Eiseofar an clár iomlán go luath.

comhdhailrso

Comhdháil Bhliantúil Na Naíonraí Gaelacha

Meán Fómhair 12, 2016

Reáchtáiltear Comhdháil Bhliantúil Na Naíonraí Gaelacha gach bliain i mí Dheireadh Fómhair agus bíonn léachtaí agus seimineáir spéisiúla ar siúl. Bhí Comhdháil 2015 ar siúl ar an 2 agus 3 Samhain i mBaile Átha Luain. Beidh Comhdháil agus Cruinniú Cinn Bhliana 2016 ar siúl ar an 7 agus 8 Deireadh Fómhair sa Kilmurray Lodge, Luimneach. 

Is féidir clár na comhdhála a íoslódáil anseo: Comhdhail-na-Naionrai-Gaelacha-2016-Clar

« Previous PageNext Page »