Méid an Téacs

Seisiún Plé agus Forbairt Tuisceana ar an Tumoideachas

Bealtaine 26, 2017

Seisiún Plé agus Forbairt Tuisceana ar an Tumoideachas

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, an Cheathrú Rua,
Céadaoin 31ú Bealtaine 2017 19.00

Comhthéacs: An Polasaí don Oideachas Gaeltachta agus an Fhoirm Léirithe Spéise

Tá sé i gceist ag Gaeloideachas cruinniú breise sa tsraith chruinnithe ar an tumoideachas i gcomhthéacs an pholasaí nua don Oideachas Gaeltachta a reáchtáil ar 31ú Bealtaine ag 19.00 in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, Gaillimh.

Cuirfear fóram plé ar fáil do phobail na scoileanna Gaeltachta le linn an chruinnithe mar ullmhúchán don spriocdháta atá rompu le hiarratas a chur isteach le bheith páirteach sa scéim aitheantais mar scoil Ghaeltachta. Tabharfaidh an cruinniú seo deis bhreise do scoileanna – idir baill foirne, tuismitheoirí agus pobail uile na scoileanna a gcuid tuairimí, ábhair imní agus ceisteanna a ardú agus comhairle a fháil óna chéile. Beidh saineolaithe ar an tumoideachas i láthair an chruinnithe, a thabharfaidh léargas ar choincheap agus cur chuige an tumoideachais agus a bheidh ar fáil le ceisteanna a fhreagairt ina leith. Fáilte roimh chách! Bígí Linn!

An Polasaí don Oideachas Gaeltachta – Sraith Chruinnithe á heagrú ag Gaeloideachas

Bealtaine 17, 2017

I gcomhthéacs an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus na hImlitreach a chuaigh amach ón Aonad Gaeltachta go dtí na scoileanna Gaeltachta ar an 28 Aibreán 2017 a shonraigh gurb é an 15 Meitheamh 2017 an spriocdháta don Léiriú Spéise, tá sé beartaithe ag Gaeloideachas sraith de sheisiúin plé agus forbairt tuisceana ar an tumoideachas a chur ar bun sna Gaeltachtaí, mar atá leagtha amach sa tábla thíos. Beidh fáilte roimh na pobail scoileanna ag na seisiúin plé seo.  Beidh saineolaí ar an tumoideachas agus príomhoidí atá ag cur an tumoideachais i bhfeidhm ar na painéil chainteoirí.

 

Dé Luain 22 Bealtaine

                              7i.n.

Óstán Loch Altan, 

Gort a’ Choirce,

Co Dhún na nGall   

Ag freastal ar Ghaeltacht

Dhún na nGall

Dé Máirt 23 Bealtaine 

                               7i.n.

Óstán  an Clayton,

Bóthar Muine Mheá,

Baile an Bhriotaigh,

Gaillimh. 

Ag freastal ar Ghaeltachtaí

na Gaillimhe agus na Mí.

De Céadaoin  24 Bealtaine

                                7i.n.

     

Óstán Malton,

Cill Áirne,

Co Chiarraí

Ag freastal ar Ghaeltachtaí Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge.
Dé Máirt 30 Bealtaine

                                 7i.n.    

Óstán an Broadhaven,

Béal a Mhuirthid,

Co Mhaigh Eo.

Ag freastal ar Ghaeltachtaí

Mhaigh Eo.

 

Fógraíonn an tAire Bruton Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta

Aibreán 28, 2017

Fograíonn an tAire chomh maith dhá phost breise in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun an soláthar múinteoirí iar-bhunoideachais don teagasc trí mheán na Gaeilge a neartú

Ag eascairt as an seoladh a rinneadh mí Dheireadh Fómhair seo caite ar Pholasaí na Roinne don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton T.D. inniu tús leis an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta.

Tá imlitir, mar aon le pacáiste eolais, curtha amach inniu chuig gach bunscoil agus iar-bhunscoil i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta agus tugtar cuireadh do na scoileanna sin páirt a ghlacadh sa Scéim. Faoin Scéim tabharfar deis do na scoileanna a bheidh páirteachAitheantas mar Scoil Ghaeltachta a ghnóthú ar an mbonn go ndéantar sainchritéir theanga a chur i bhfeidhm thar thréimhse chúig bliana agus go nglactar páirt sna próisis phleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta, 2012.

Caithfear cinneadh na scoile maidir le páirt a ghlacadh sa Scéim a dhéanamh i gcomhairle le pobal na scoile uile, ar a n-áirítear an príomhoide, an fhoireann teagaisc, an bord bainistíochta, Príomhfheidhmeannach an Bhoird Oideachais agus Oiliúna (BOO), más cuí, ionadaithe na dtuismitheoirí agus an coiste pleanála teanga áitiúil. Ar mhaithe le cur chuige comhairleach, comhoibríoch a chothú, caithfidh an Fhoirm um Léiriú Spéise a chuirfidh scoileanna isteach go dtí an Roinn a bheith sínithe ag príomhoide na scoile, ag cathaoirleach an bhoird bhainistíochta agus ag cathaoirleach an choiste pleanála teanga ábhartha.

Beidh na scoileanna a ghlacfaidh páirt sa Scéim incháilithe chun tacaíochtaí breise a fháil faoi na téarmaí atá leagtha amach sna himlitreacha a bhaineann leis an Scéim. Tá na tacaíochtaí a bheidh ar fáil sa scoilbhlian 2017/2018 leagtha amach in Imlitir 0033/2017 agus in Imlitir 0034/2017.

“Tá an Rialtas tiomanta go mór don oideachas trí mheán na Gaeilge a neartú sa Ghaeltacht agus is céim mhór chun cinn sa phróiseas sin an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta,” a dúirt an tAire Bruton. “Sa chéad scoilbhliain eile, leagfar an bhéim ar fhorbairt agus ar thacaíocht ghairmiúil a sholáthar do phríomhoidí agus do mhúinteoirí na Scéime ionas gur féidir leo pleanáil chun an soláthar trí mheán na Gaeilge ina gcuid scoileanna a fheabhsú.”

Beidh deontais ar fáil do na scoileanna a bheidh páirteach sa scéim chun acmhainní oideachais breise a ghnóthú mar aon le raon tacaíochtaí don fhorbairt ghairmiúil in 2017/18. Déanfar tacaíochtaí breise a fhógairt sna blianta atá le teacht de réir mar a bhíonn an Polasaí don Oideachas Gaeltachta á chur i bhfeidhm.

“Rinneadh na cuir chuige agus na tacaíochtaí atá leagtha amach sna himlitreacha atá eisithe agam inniu a phlé go cuimsitheach le raon leathan eagraíochtaí sa Ghaeltacht agus le grúpaí príomhoidí bunscoile agus iar-bhunscoile i scoileanna Gaeltachta. Bhain tábhacht thar na bearta le dearcthaí na ndaoine aonair agus na ngrúpaí seo, mar aon le tacaíocht mo chomhghleacaí, an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne agus a roinn, chun cruth a chur ar an Scéim seo,” a dúirt an tAire Bruton.

“Molaim do gach scoil sa Ghaeltacht féachaint le páirt a ghlacadh sa Scéim seo agus táim muiníneach go gcabhróidh sé seole todhchaí na Gaeilge mar theanga bheo sna pobail Ghaeltachta a thacú agus a chur chun cinn,” a dúirt an tAire.

Tá fáil ar mhionsonraí na Scéime in Imlitir 0033/2017 agus in Imlitir 0034/2017 http://www.education.ie/ga/An-Córas-Oideachais/Polasai-don-Oideachas-Gaeltachta-2017-2022/Polasai-don-Oideachas-Gaeltachta-2017-2022.html

Poist in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun oideachas múinteoirí trí mheán na Gaeilge a neartú

Rinne an tAire Richard Bruton céim eile a fhógairt inniuchun an soláthar de mhúinteoirí iar-bhunoideachais don teagasc trí mheán na Gaeilge a neartú. Cruthófar dhá phost nua in OÉ Gaillimh ar bhonn iasachtaí, chun cur leis an Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO), in OÉ, Gaillimh.

“Aithnítear sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta go gcaithfimid an soláthar múinteoirí a bhfuil na sainscileanna is gá acu don teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna Gaeltachta a threisiú. Is léiriú iad an dá phost seo atá cruthaithe ar na chéad chéimeanna chun an tiomantas atá sa Pholasaí don OIdeachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm”, a dúirt an tAire Bruton.

“Tá dea-theist le fada ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh don soláthar ar oiliúint múinteoirí don scolaíocht trí mheán na Gaeilge, agus is cúis áthais domsa go bhfuil sé ar mo chumas tacú le méadú an tsoláthair sin,” a dúirt an tAire Bruton.

Táthar ag súil go gcruthóidh na múinteoirí a bheidh ar iasacht chuig an gclár MGO don bhliain acadúil 2017-18 deis ar mhéadú láithreach agus leanúnach ar an soláthar de mhúinteoirí iar-bhunscoile don oideachas trí mheán na Gaeilge. Cuirfear é seo i gcrích le raon beart ar a n-áirítear uas-sciliú ar ábhar oidí, deiseanna foghlama for-rochtana, ar líne agus cumaisc mar aon le feabhsú agus cur chun cinn na gclár.

www.education.ie

Pleanáil Teanga Chathair na Gaillimhe

Aibreán 20, 2017

Tá cruinnithe poiblí á n-eagrú ag Údarás na Gaeltachta sna 3 Limistéar Pleanála Teanga timpeall Chathair na Gaillimhe le heolas a thabhairt faoi Phlean don Ghaeilge do na ceantair sin. Má tá cónaí ort sna ceantracha seo, tugtar cuireadh duit freastal ar chruinniú poiblí agus a bheith páirteach san iarracht an teanga a chur i mbéal an phobail arís.
Tuilleadh Eolais:
pleanailteanga@udaras.ie
www.udaras.ie

PleanailTeanga

Cuairt tugtha ag an Uachtarán ar Scoil Bhríde

Aibreán 6, 2017

Féach ar fhíseán den ócáid anseo

Fin-Tech event for teenagers launched by Co. Louth Gaelcholáiste student

Aibreán 4, 2017

The Young Developers Conference (YDC) is a first of its kind tech event is to launch on Saturday 13th May this year. YDC will provide teenage tech enthusiasts / developers / would-be entrepreneurs the opportunity to meet some of the most successful Irish tech entrepreneurs and people from the world of Irish fin-tech. The participants can hear about the entrepreneurs’ experiences with tech project finance. This unique event will allow Ireland’s finance professionals the opportunity to meet tomorrows potential tech CEOs.

The YDC concept originated with 16-year-old Dundalk Coláiste Lú transition year student Cormac Kinsella in 2016. His objective in launching YDC is to get the smartest and most talented coders talking to the financial sector. Assisting in event organising are three other 16-year-olds – (Gytis Daujotas from Clondalkin, Cormac Salman from Drogheda and Oisín Ó’Duibhir from Limerick). In addition Trinity College Dublin School of Physics and the Walton Club have also been hugely supportive in hosting and advising on this event.

Tickets for YDC can be booked online at ydc17.com for as little as 2 euro each.

Coders interested in presenting a project can forward their details to projects.ydc17.com.

In 2013, at the age of 13, Cormac and Cían Martin-Bohan were the youngest app developers in Ireland when they released their first App (Open Share) which allowed multiple social media updates from a single input. The following year he released the Focal.ie Irish / English dictionary App which has since been downloaded by c. 12,000 Irish language enthusiasts. In 2015 Cormac was invited by Ciaran Cannon TD to be one of the founding members of The Digital Youth Council of Ireland. This year Cormac & Cormac Salman have launched two Apps: Local Trade; a convenient buy & sell items App in your local area and Sence Clothing; an App for browsing branded clothes from different vendors in a single place.

Ag Treorú na Foghlama sa Ghaeloideachas

Márta 31, 2017

Tá comhdháil ar chúrsaí gaeloideachais á reáchtáil ag an Ionad taighde ar an Oideachas Lán-Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste ar an Chéadaoin 3 Bealtaine 2017. Is é treorú na foghlama sa Ghaeloideachas téama na comhdhála. Is tríd an taighde reatha agus an taithí ghairmiúil a léirítear seo. Tá sé mar aidhm againn eiseamláirí de thaighde reatha agus den dea-chleachtas ranga a scaipeadh go forleathan agus le suíomh a chur ar fáil do thaighdeoirí, do chleachtóirí agus do pháirtithe leasmhara mar phobal foghlama. Déanfar rogha páipéar ón Chomhdháil a fhoilsiú i Taighde agus Teagasc 7. Meastar go mbeidh suim ag cleachtóirí, ceannairí, taighdeoirí agus lucht pleanála sa chomhdháil. Deis a bheas ann ag múinteoirí agus ag ceannairí foghlama gréasúnú agus eolas a chur ar chleachtas a chéile fríd Oid-ócáid (TeachMeet) agus ag daoine a bhfuil taighde déanta acu ar cheisteanna a bhaineas le teagasc agus foghlaim san earnáil a bhfionnachtana a chur i láthair. Níl aon chostas ar chor ar bith i gceist ach caithfidh gach toscaire clárú don chomhdháil trí Eventbrite . Tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín an choláiste www.smucb.ac.uk

Coláiste Pádraig Leamhchán curadh na hÉireann i gComórtas Tráth na gCeist Feachtas

Márta 30, 2017

Dianchomórtas don dara háit ach í buaite ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne sa deireadh

Is iad scoláirí Choláiste Pádraig Leamhcháin as Baile Átha Cliath buaiteoirí náisiúnta ar Chraobh Comórtas Náisiúnta Tráth na gCeist Feachtas. Thug na scoláirí an svae leo ag ócáid mhór spórtúil in Óstán an Ashling, BÁC Dé Máirt an 28 Márta. Ach is don dara háit a bhí an dianchomórtas le trí choláiste, Meánscoil Gharman, Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Meánscoil Loch Garmán i ngleic lena chéile. D’éirigh le Pobalscoil Chorca Dhuibhne an dara áit a bhaint dóibh féin.

Le sé mhí anuas, ghlac 1,000 dalta ó 250 meánscoil agus gaelcholáistí ar fud na tíre páirt i gcraobhacha réigiúnacha an chomórtais.  Bhí 25 scoil san iomaíocht sa bhabhta craoibhe in Óstán Ashling i mBaile Átha Cliath.  Bronnadh duaischiste €1,000 inniu.   Bronnadh €600 ar an fhoireann, Alex Mac Piarais, Ashmed Kalee, Mark Ó Dálaigh agus Mícheál Ó Conghail ó Choláiste Pádraig Leamhchán agus €400 ar an fhoireann Mollie Ní Loibhéad, Eoghan Ó Muircheartaigh, Oisín Ó Dubhagáin augs Luke Mac Diarmad a tháinig sa dara háit

Ag caint dí, tar éis an Tráth na gCeist, dúirt Bainisteoir Feachtas, Loretta Ní Churraighín:

“Tá muid iontach sásta leis an rath a bhí ar an chomórtas i mbliana. Is léiriú é ar an éileamh atá ann dá leithéid i measc déagóirí óga ar spéis leo an Ghaeilge. Tá muid buíoch as an tacaíocht a fuair muid ó scoileanna i mbliana. Thaisteal scoileanna ó Phórt Láirge, Chiarraí, Cill Dara, Baile Átha Cliath Cill Chainnigh agus Dún nan Gall don chraobhchomórtas inniu. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna  a rinne urraíocht ar an chomórtas.”

Dúirt Pádraigín Nic Ghearailt, Cathaoirleach Feachtas:An

 “Tá comórtas Tráth na gCeist Feachtas mar chuid lárnach d’obair na heagraíochta ó bunaíodh muid in 1980. Is í aidhm Feachtas deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, ag ócáidí thaitneamacha, spraoiúla.  Déanaim comhghairdeas leis na buaiteoirí inniu agus leis na foirne uilig a bhí linn i mbliana.”

SEAIMPÍNÍ Fhoireann Choláiste Phádraig, Leamhchán

Sa phictiúr tá: Dáire Ó Broin agus Gordon Duffy, Loretta Ní Churraighín , Bainisteoir Feachtas , Calvin Davis agus Abhiram Ajith

Sa phictiúr tá: Dáire Ó Broin agus Gordon Duffy, Loretta Ní Churraighín , Bainisteoir Feachtas , Calvin Davis agus Abhiram Ajith

 

Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Co Chiarraí, a bhain an dára háit sa chomórtas. Ó chlé: Luke Mac Diarmada, Oisín Ó Dubhagáin, Mollie Ní Loibhéad agus Eoghan Ó Muircheartaigh

Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Co Chiarraí, a bhain an dára háit sa chomórtas. Ó chlé: Luke Mac Diarmada, Oisín Ó Dubhagáin, Mollie Ní Loibhéad agus Eoghan Ó Muircheartaigh

Iompar Scoile 2017/18

Márta 28, 2017

Tá córas iarratais ar iompar scoile ar line Bus Éireann don scoilbhliain 2017/18 ar oscailt anois.

Is é an 28ú Aibreán 2017 an data dúnta le haghaidh iarratas ar iompar scoile.

Is féidir foirmeacha iarratais a fháil ar líne ag www.buseireann.ie.

Freagraítear ceisteanna coitianta maidir leis an scéim ar shuíomh na Roinne Oideachais & Scileanna: www.education.ie.

Coláiste Samhraidh Gaeilge nua ag oscailt ar Inis Meáin

Márta 24, 2017

Beidh Coláiste Samhraidh nua ag tosnú amach ar Inis Meáin i mbliana (2 chúrsa 3 seachtaine).

Dátaí na gcúrsaí faoi 18/Course dates for under 18’s

Bróisiúr/Brochure anseo

Cúrsa 1: 4ú Meitheamh (June) – 25ú Meitheamh (June)
Cúrsa 2: 25ú Meitheamh (June) – 16ú Iúil (July)
Aoisghrúpa/Age group:  11-17 bliain d’aois/years

Cúrsaí do dhaoine fásta/Adult courses

Cúrsa A: 24ú Iúil (July) – 28ú Iúil (July)

Cúrsa B: 31ú Iúil (July) – 4ú Lúnasa (August)

Déan teagmháil linn lbd chun tuilleadh eolais a fháil.

Please contact us for further information.

Bígí linn agus lean lorg leithéidí Pádraig Mac Piarais, W. B. Yeats, J.M Synge, Eoin Mac Néill, Dubhghlás De Híde Lady Gregory agus eile, iad ar fad a tháinig anseo chuig Inis Meáin chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Join us and follow in the footsteps of the likes of Patrick Pearse, William Butler Yeats, John Millington Synge, Eoin McNeill, Douglas Hyde, Lady Gregory and many others, all of who came to Inis Meáin to improve their Irish.

‘Gaeilge Inis Meáin’,
Inis Meáin/Inishmaan, 
Oileáin Árann/Aran Islands, 
Co. na Gaillimhe/Co. Galway
Fón:  087 4030478                             
R-phost:  gaeilgeinismeain@gmail.com 

« Previous PageNext Page »