Polasaí Gaeilge Fhine Gael curtha faoi bhrú
Nollaig 3, 2010
Chuir idir bhaill den phobal agus bhaill d’Fhine Gael féin a mí-shástacht in iúl maidir le polasaí Gaeilge an pháirtí ag cruinniú poiblí a bhí eagraithe ag Fine Gael in Óstán Pháirc Stigh Lorgan, Baile Átha Cliath, oíche Dé Máirt.
Labhair ceannaire an pháirtí, agus é ag déanamh tagairt do chúrsaí eacnamaíochta na tíre, faoin ngá le cinntí a thógáil atá bunaithe ar thaighde iontaofa agus ar thoil an phobail ach nuair a iarradh air cén taighde a raibh polasaí tromchúiseach Gaeilge an pháirtí bunaithe air dhiúltaigh sé freagra a thabhairt. Cé nár luaigh Enda an Ghaeilge ina aitheasc, cuireadh dian-cheisteanna air maidir le polasaí conspóideach an pháirtí chun deireadh a chur leis an Ghaeilge mar chroí-ábhar éigeantach Ardteistiméireachta.
Chuir ógánach amháin, Aodhán Ó Deá, atá anois ina iarbhaill den pháirtí, in iúl don slua go raibh an misneach ar fad a bhí aige sa pháirtí imithe agus nach bhféadfadh sé vóta a chaitheamh d’Fhine Gael a thuilleadh “i ngeall ar pholasaí teanga atá thar a bheith tubaisteach do thodhchaí na Gaeilge.”
Tharraing daoine aonair aird an slua ar thaighde a léiríonn nach bhfuil muintir na hÉireann ar son an pholasaí seo agus gur bhuntáiste í don teanga an stádas atá aici sa chóras oideachais.
Ba ar mhaithe le tacaíocht a mhéadú don pháirtí i nDáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thoir Theas a eagraíodh an cruinniú.
Gaelscéal – Ciarán Mac Fhearghusa
03 Nollaig 2010
An Gaeloideachas – croílár na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge
Samhain 29, 2010
Bhí Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo ar siúl an deireadh seachtaine seo caite i hTulach Mhór agus ba é an tAire Pat Carey a d’oscail é.
Ina óráid, thug sé aitheantas oifigiúil don ról fíorthábhachtach a bheidh ag na scoileanna lán-Ghaeilge i bhforbairt na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus do na heagrais dheonacha Ghaeilge a bheidh lárnach do thodhchaí na Gaeilge mar theanga bheo. Rinneadh ceiliúradh ar dhíograis agus ar dhúthracht Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh ar son earnáil na Gaelscolaíochta i ndiaidh do Ó Muircheartaigh óráid bhreá a thabhairt ar thábhacht na Gaelscolaíochta sa tsochaí, sa stair agus sa todhchaí.
Labhair Príomhchigire Cúnta na Roinne Oideachais agus Scileanna, Éamonn Murtagh, ar thacaíocht iomlán na Roinne don Ghaeloideachas, agus d’aithin sé ról lárnach na Gaelscolaíochta agus obair luachmhar na múinteoirí i gcur chun cinn na straitéise. Leag sé béim ina chuid cainte ar luachanna agus ar bhuntáistí an chórais tumoideachais agus thagair sé don dul chun cinn atá déanta ar cheist an luath-thumoideachais de bharr comhráití leanúnacha le Gaelscoileanna Teo., eagrais eile agus scoileanna . Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na heagraíochta, ina leith, “Fáiltímid go mór roimh aitheantas agus tacaíocht oifigiúil na Roinne don chóras oideachais is éifeachtaí sealbhaithe teanga in Éirinn. Beimid ag súil go mór le dul i gcomhairle leis an Roinn maidir leis an dréacht-Ionstraim Reachtúil a bheidh á eisiúint go luath chun a chinntiú go léireofar tríd an reachtaíocht nua buanna iomlána an chórais.”
Ghabh sí buíochas le rannpháirtithe uile na Comhdhála thar an dá lá a “chuir go gníomhach agus go paiseanta le rath na Comhdhála. Is iontach an rud é an fonn láidir ceiliúrtha a fheiceáil ar ardchaighdeán oideachais sna scoileanna lán-Ghaeilge agus táimid thar a bheith buíoch de na scoileanna lán-Ghaeilge a ghlac páirt ghníomhach sa phlé agus sna díospóireachtaí.” Ina aitheasc, d’éiligh Mícheál Ó Broin, Uachtaráin na heagraíochta, ar an Roinn Oideachais agus Scileanna, “beart a dhéanamh de réir briathair i gcomhthéacs forbairt na hearnála Gaelscolaíochta trí infheistíocht chuí a dhéanamh sa chóras, ach go háirithe sna saincheisteanna práinneacha a bhaineann le cóiríocht chuí do scoileanna agus bunú scoileanna nua chun freastal ar an éileamh ollmhór.”
D’fhreastail níos mó ná 250 duine ar an gComhdháil agus bhí ionadaíocht ann ó na bunscoileanna, na hiar-bhunscoileanna agus na heagrais Ghaeilge agus oideachais ar bhonn 32 contae. Beidh ábhar na gcur i láthair agus na gcainteanna ar fáil ar shuíomh gréasáin na heagraíochta go luath, www.gaelscoileanna.ie.
Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
26 Samhain 2010
Ceisteanna na ndaltaí ag seimineár ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’
Deireadh Fómhair 26, 2010
Chuir daltaí meánscoile Dhún na nGall ceisteanna diana agus suimiúla ar an bpainéal aoichainteoirí ag seimineár Buntáiste Breise na Gaeilge in Óstán Mount Errigal i Leitir Ceanainn an tseachtain seo caite.
Ag an seimineár, labhair Loretta Ní Churraighín, feidhmeannach le hOireachtas na Gaeilge, Caoimhín Ó Casaide, múinteoir scoile, colúnaí don nuachtán Goitse agus anailísí páirtaimseartha le ‘GAA Beo’ agus ‘Seó Spórt’, Caitlín Uí Chlocháin atá ag obair mar Chomhordaitheoir Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall, Caoimhe Ní Chonchoille, iriseoir RTÉ/TG4, agus an léachtóir teanga, Micheál Ó Meachair.
Tar éis do na haoichainteoirí cur i láthair a dhéanamh faoin bhuntáiste breise a bhaineann leis an Ghaeilge a labhairt, bhí deis ag na daltaí ceisteanna a chur ar na haoichainteoirí. Chuir dalta ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair ceist ar an bpainéal: an gceapann sibh go bhfuil an Ghaeilge ag éirí níos laige nó níos láidre? Dúirt Caitlín Uí Chlocháin, Ní cheapaim go bhfuil an Ghaeilge ag éirí níos láidre ná níos laige, ach tá obair le déanamh ar an Ghaeilge agus táimid ag brath oraibhse, an t-aos óg, chun í a láidriú. Chuir dalta ó Choláiste Chrannach ceist shuimiúil ar Chaoimhe Ní Chonchoille: cad é atá i ndán do dhaoine ar mhaith leo staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge sa Ghaeltacht ach nach féidir leo de bharr na gciorruithe atá á ndéanamh?
An freagra a bhí ag Caoimhe di ná, Tá sé deacair, cinnte. Caithfidh daoine tarraingt le chéile. Tá an deis ag daoine staidéar a dhéanamh fós i gcathair cosúil le Béal Feirste agus le Baile Átha Cliath, áit a bhfuil pobal Gaeilge láidir ann. Chuir dalta ceist eile ar Chaoimhe Ní Chonchoille: an bhfuil poist Ghaeilge i mbaol nó an bhfuil níos mó deiseanna ann? Dúirt Caoimhe, Má tá an Ghaeilge agat, tá scil bhreise agat. Tá comhlachtaí chun daoine le breis scileanna a fhostú faoi láthair. Chur dalta ceist ar an bpainéal: cén tionchar atá ag an bhád bhán ar thodhchaí na Gaeilge?
D’fhreagair Caitlín an cheist: Tá iníon liom féin ag dul go Ceanada go luath. Tabharfaidh sí léi an Ghaeilge. Tá Gaeilgeoirí ar fud an domhain a labhróidh Gaeilge lena chéile. Déanfaidh sé seo an Ghaeilge níos láidre. Bronnadh duaiseanna ar na daltaí a chuir na ceisteanna is fearr ar na bpainéal ag deireadh an tseimineáir.
Gaelscéal – Caroline Ní Chualáin
22 Deireadh Fómhair 2010
Seimineáir faoi Bhuntáiste Breise na Gaeilge!
Deireadh Fómhair 15, 2010
Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag reáchtáil seimineáir “Buntáiste Breise na Gaeilge” timpeall na tíre faoi láthair.
Is é aidhm an tseimineáir ná an buntáiste breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun ghairm bheatha a léiriú. Tá an seimineár dírithe ar dhaltaí iarbhunscoile sna ranganna sinsir i meánscoileanna.
Bhí an chéad seimineár ar siúl an tseachtain seo caite i gColáiste Feirste, Béal Feirste, i gcomhar le Comhar na Múinteoirí Gaeilge. Labhair aoichainteoirí go spreagúil leis na daoine óga.
I measc na n-aoichainteoirí bhí an craoltóir agus iriseoir Tomaí Ó Conghaile as an Iúr agus Ursula Uí Dhonnaile, a labhair faoina taithí féin mar Oifigeach Gaeilge le Comhairle na Coirre Críochaí agus Comhairle Dhún Geanainn.
Labhair an peileadóir aitheanta agus múinteoir Gaeilge, Conall Ó Máirtín faoina thaithí féin leis an nGaeilge agus na buntáistí agus na deiseanna éagsúla a thug an Ghaeilge dó agus é ag dul i mbun ghairm bheatha agus ag obair le Campa Chormaic agus le coláistí samhraidh i nDún na nGall.
I measc na n-eagraíochtaí a raibh seastán acu bhí Foras na Gaeilge, Acadamh na hOllscolaíochta Gaillimh agus Tonnta.
Ag an seimineár in Óstán Mount Errigal i Leitir Ceanainn inné bhí ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéil i láthair chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.
Bhí an craoltóir le RTÉ, Raidió na Gaeltachta, Rónán Mac Aodha Bhuí ann chomh maith le réalta spóirt de chuid fhoireann peile Dhún na nGall, fear Ghaoth Dobhair, Caoimhín Ó Casaide.
Labhair Loretta Ní Churraighín as Teileann i bparóiste Ghleann Cholm Cille atá ag obair mar fheidhmeannach le hOireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus rinne Caitlín Uí Chlochláin cur síos ar a cuid taithí féin agus í ag obair mar Chomhordaitheoir Gaeilge le Comhairle Chontae Dhún na nGall.
Ag labhairt freisin bhí an t-iriseoir nuachta Caoimhe Ní Chonchoille as Gaoth Dobhair.
Is í seo an tríú bliain ag an seimineár a bheith ar siúl. Roimhe seo reáchtáladh na seimineáir i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh agus i gCaisleán an Bharraigh.
Beidh seimineár á reáchtáil i Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath ar 4 Samhain agus in Óstán Tullamore Court ar an Tulach Mhór ar 18 Samhain.
Gaelscéal – Caroline Ní Chualáin
15 Deireadh Fómhair 2010
Tabhair Aird!
Deireadh Fómhair 8, 2010
Todhchaí na Gaeilge á plé i mBÁC – ach ní raibh an tAire i láthair
Bhí os cionn 65 polaiteoir i láthair ag lá eolais a reáchtáil Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin, chomh maith le neart daoine eile ó gach cearn den tír.
Aidhm an lae eolais ná brú a chur ar pholaiteoirí glacadh leis na moltaí ar fad a mhol an Comhchoiste Oireachtais don Straitéis 20 bliain, agus iad a chur ar an eolas faoi na moltaí agus céard go díreach a bhí i gceist.
Freisin, bhí se i gceist aird a tharraingt ar na ciorruithe ollmhóra atá beartaithe ag an rialtas do Roinn na Gaeltachta, i mbliana agus gach bliain as seo amach.
I measc na bpolaiteoirí bhí Enda Kenny, Caoimhín Ó Caoláin, Piaras Ó Dochartaigh, Michael D Higgins, Trevor Sargent, Frank Feighan agus go leor eile.
Bhí go leor grúpaí pobail ó na Gaeltachtaí i láthair freisin, cosúil leis na comharchumainn agus cumainn trádála, agus ar ndóigh bhí lucht an oideachais ann, cosúil le Muireann Ní Mhóráin as COGG, Seán Ó hAdhmaill as Forbairt Naíonraí Teoranta agus Aodhán Ó Dea, Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn in Éirinn, atá ag plé le hoideachas dara leibhéal agus tríú leibhéal ar fud na tíre i mbliana.
Ní hamháin sin ach bhí mic léinn agus daoine óga ann i rith an lae ar fad agus meascán iontach de dhaoine ó gach aoisghrúpa ag iarraidh a bheith ann.
“Caithfidh na hacmhainní a bheith ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta chun an Straitéis a chur i bhfeidhm,” a deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.
“Faoi láthair, tá an Roinn Airgeadais ag iarraidh buiséad Roinn na Gaeltachta a laghdú ó €105 milliún mar atá sé faoi láthair go dtí €30 milliún faoi 2016. Is cinnte má tharlaíonn sé sin nach mbeidh Roinn ná Údarás ann mar nach mbeidh a ndóthain airgid acu chun aon rud a dhéanamh.
Táimid ag iarraidh cur ina aghaidh sin agus táimid ag iarraidh go mbeidh na polaiteoirí sásta dul ar ais go dtí an Dáil agus é sin a throid.”
Ó thaobh na bpolaiteoirí de, deir an tUasal de Spáinn go ndearna Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta an-chuid stocaireachta orthu i rith na bliana, agus go raibh tuiscint i bhfad níos fearr ag formhór acu anois ar chás na Gaeilge agus ar an bhfeachtas atá ar bun faoi láthair.
“Ceapaim go dtuigeann na polaiteoirí céard atá á rá againn agus go bhfuil siad taobh thiar den Ghaeilge agus den Ghaeltacht. Bhí iontas ar go leor acu nuair a mhínigh muid dóibh faoi na ciorruithe ollmhóra atá beartaithe do Roinn na Gaeltachta. Táimid muiníneach go rachaidh siad ar ais go dtí an Dáil anois chun an cheist a phlé,” ar sé.
“Ní hé nach bhfuil an rialtas taobh thiar den Ghaeilge. Tá, is iad atá ag cur na straitéise le chéile, ach tá an chuma air nach bhfuil siad ag labhairt leis an Roinn Airgeadais. Caithfidh an dá roinn teacht le chéile.”
Ní raibh an tAire Gaeltachta Pat Carey i láthair ar an lá mar gheall ar chruinnithe réamhshocraithe, ach deir de Spáinn go mbíonn cumarsáid rialta eatarthu agus go mbíonn siad ag bualadh le chéile go rialta.
“Níl imní orainn, ar bhealach áirithe, maidir le cé a bheidh sa chéad rialtas eile,” a deir de Spáinn. “Tá tacaíocht traspháirtí ann do na moltaí ar fad, agus d’fhéadfá a rá go bhfuil siad go léir tar éis ceannach isteach sa rud. As seo amach, beimid ag leanacht ar aghaidh le stocaireacht ar pholaiteoirí áirithe. Chomh maith leis sin, beimid ag coinneáil brú ar na comhchoistí Dála éagsúla, mar shampla táimid ag iarraidh aitheantas Gaelscolaíochta a phlé leis an gcomhchoiste oideachais.”
Bhí Cathaoirleach Choiste Bunaithe Ghaelscoil Rath Tó i láthair agus í ag labhairt leis na polaiteoirí, agus ag iarraidh tuiscint a thabhairt dóibh ar chás na scoile. Deis iontach a bhí ann don phobal i gcoitinne bualadh le polaiteoirí a raibh ceisteanna acu dóibh nó a raibh siad ag iarraidh nithe áirithe a phlé leo.
Deir Aengus Ó Snodaigh as Sinn Féin gur “feachtas iontach” atá ar bun.
“Tá sé go maith go bhfuil Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge agus grúpaí eile tar éis tarraingt le chéile agus a chur ina luí ar pholaiteoirí cé chomh práinneach is atá sé bogadh anois ó thaobh na Gaeilge de. Tá Straitéis ann agus an príomhrud anois ná go mbeadh gníomh ann. Ní fiú caint faoi,” ar sé.
“An rud eile ó thaobh mo pháirtí féin de ná nár cheart go mbeadh aon chiorruithe ar sheirbhísí poiblí sa Ghaeltacht nó aon áit sa tír. Táimid tar éis cíoradh a dhéanamh ar gach rud a thagann ón Roinn Airgeadais go dtí seo agus is féidir teacht ar an airgead sin gan ciorruithe a dhéanamh.”
Deir sé go bhforbródh Sinn Féin pacáiste stimulus a bheadh ag cruthú postanna sa tír, ach go háirithe i gceantair Ghaeltachta.
“Ansin tá tú ag infheistiú sa cheantar sin agus tiocfaidh an t-airgead ar ais ó thaobh an córas cánach mar bheadh daoine ag obair, ní bheadh siad ar an gcóras dól, agus bheadh beocht nua i gceantair Ghaeltachta. Ansin is féidir an chuid eile den straitéis a thógáil ar an mbeocht nua sin sna ceantair Ghaeltachta. Aontaím leis na moltaí go léir,” ar sé.
Creideann sé gur cheart go mbeadh Aire Gaeilge ann in áit Aire Gaeltachta, agus faoi sin ba cheart go mbeadh dualgaisí don Ghaeltacht air siúd.
“Sin a bhí ann nuair a bunaíodh an stát. Ar an mbealach sin, bheadh sé i gceannas ar pholasaí iomlán i dtaobh na Gaeilge de, ní díreach sa Ghaeltacht,” ar sé.
Bhí an lá eolais ar siúl ó 8 ar maidin go 6 sa tráthnóna agus bhí daoine isteach agus amach ón óstán i rith an lae ar fad.
Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
08 Deireadh Fómhair 2010
Sárthorthaí á ngnóthú ag Gaeilgeoirí óga ó thuaidh
Meán Fómhair 3, 2010
Tá Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, i ndiaidh tréaslú leis na daltaí agus múinteoirí ó Choláiste Feirste i mBéal Feirste agus Coláiste Chaitríona in Ard Mhacha, mar gheall ar shárthorthaí na ndaltaí i scrúduithe TGMO (GCSE) agus A-Leibhéil i mbliana. Mhol sé an lucht ceannaireachta agus an fhoireann sa dá choláiste as an dul chun cinn leanúnach atá siad a dhéanamh.
I gColáiste Feirste bhí ardú suntasach ó 67% in 2009 go dtí 78% i mbliana ar an líon daltaí a ghnóthaigh pas A* – C i gcúig ábhar TGMO nó níos mó, figiúr atá i bhfad níos airde ná an meán de 54% do scoileanna neamhghramadaí TÉ. Dar le Seán Ó Coinn, is ábhar mór maíte iad na torthaí seo, nuair a chuirtear san áireamh gur ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste iad breis agus 80% de dhaltaí Choláiste Feirste.
I dtaca le A-Leibhéal de, ghnóthaigh 76% de dhaltaí A* – C in dhá ábhar nó níos mó agus ghnóthaigh dalta amháin A* sa Mhatamaitic agus san Fhisic araon. Deir Seán Ó Coinn go léiríonn torthaí den chineál seo na buntáistí breise a bhaineann leis an Ghaelscolaíocht, ina múintear na daltaí trí Ghaeilge agus ina ngnóthaíonn siad torthaí den scoth.
Déanann daltaí an Choláiste Gaeilge TGMO i mBliain 9, trí bliana níos luaithe ná daltaí i scoileanna eile agus, i mbliana, ghnóthaigh 97% acu grád A* – C.
Thug an tUasal Ó Coinn ardmholadh fosta do dhaltaí Choláiste Chaitríona in Ard Mhacha, an dara soláthróir iar-bhunscolaíochta in earnáil na Gaelscolaíochta, áit a mbaineann na daltaí lán-Ghaeilge na hardchaighdeáin chéanna amach i gcónaí agus a bhaineann na daltaí sa chuid Bhéarla den scoil amach. I mbliana ghnóthaigh 88% de dhaltaí A* – C i gcúig ábhar TGMO nó níos mó, agus ghnóthaigh 100% de dhaltaí Bhliain 9 A* nó A sa TGMO Gaeilge.
Agus é ag cur síos ar an fhorbairt leanúnach ar an soláthar iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge, dúirt Seán Ó Coinn go raibh an bhliain seo thar a bheith rathúil, sa mhéid is go raibh iar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge á hofráil den chéad uair riamh ag Clochar Naomh Iósaf, Domhnach Mór, agus go raibh moltaí á bhforbairt le hiar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge a bhunú in 2011 in Ardscoil Naomh Maolmhadhóg i gCaisleán Uidhilín.
Thug Seán Ó Coinn ardmholadh don fhoireann agus do na daltaí as na torthaí iontacha a bhí gnóthaithe acu, ag rá gur eiseamláir dhea-chleachtais iontacha iad Coláiste Feirste agus Coláiste Chaitríona do na soláthróirí nua ar an Domhnach Mór agus i gCaisleán Uidhilín.
“Tá siad ina gceannródaithe ar an iar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge,” ar sé. “Rinne siad ábhair úra iontacha staidéir a fhorbairt, agus choinnigh siad na caighdeáin is airde dá ndaltaí lena linn.”
Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
03 Meán Fómhair 2010
Díomá do Ghaelscoil Choin Rí Uladh
Meán Fómhair 3, 2010
Ach trí Ghaelscoil nua-aitheanta oscailte ó thuaidh an tseachtain seo.
Fuarthas amach an tseachtain seo nach mbeidh Gaelscoil Choin Rí Uladh sa Bhaile Mheánach in Aontroim, ceann de na Gaelscoileanna nua a fuair aitheantas ó thuaidh le déanaí, ag oscailt go dtí 2011.
Rinne coiste na dtuistí cinneadh gan dul ar aghaidh le hoscailt na scoile go dtí an bhliain seo chugainn mar gheall ar easpa daltaí agus easpa maoinithe dá réir.
Deir urlabhra ón gcoiste go bhfuil fíordhíomá orthu mar gheall air seo agus ghabh siad buíochas le tuismitheoirí agus le gach duine a bhí bainteach leis na hiarrachtaí chun an scoil a oscailt i 2010.
Deir Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, Seán Ó Coinn, go dtabharfaidh an cinneadh seo deis do choiste na dtuistí díriú ar an naíscoil a fhorbairt níos mó ionas go mbeidh a ndóthain daltaí ann le freastal ar an nGaelscoil i 2011.
Deir sé freisin go bhfuil cuid de na tuismitheoirí chun a bpáistí a chur chuig an Ghaelscoil i Machaire Fíolta i nDoire, agus ansin iad a aistriú go dtí an Ghaelscoil sa Bhaile Mheánach, nuair a osclaíonn sé i 2011.
Cé nach mbeidh an scoil seo ag oscailt i mbliana, d’oscail Gaelscoil Léim an Mhadaidh i gContae Dhoire agus Bunscoil na mBeann i gContae an Dúin a ndoirse den chéad uair Dé Céadaoin, in ainneoin nach mbeidh maoiniú ar fáil acu ón Roinn Oideachais. Cosúil leis an nGaelscoil i gContae Aontroma, níl a ndóthain daltaí acu chun an maoiniú a fháil go fóill, ach mar sin féin tá siad sásta leanacht ar aghaidh agus a ndícheall a dhéanamh gan maoiniú oifigiúil.
Deir Seán Ó Coinn, Promhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaiochta, gur dócha go bhfuil bunú na nGaelscoileanna seo i gCill Chaoil agus i Léim an Mhadaidh ar an “fhorbairt is suntasaí i stair na Gaeilge sna ceantair sin”. Deir sé go bhfuil an Ghaelscolaíocht mar chuid riachtanach de phobail Ghaeilge. “Is céim stairiúil é seo do Leim an Mhadaidh agus do Chill Chaoil, céim ó bheith ag tacú leis an nGaeilge go bheith ag úsáid na Gaeilge,” ar sé.
D’oscail aonad Gaelscolaíochta i meánscoil i dTír Eoghain an tseachtain seo freisin do dhaltaí i mbliain a hocht, dul chun cinn suntasach don cheantar.
Tá Gaelscoil an tSeanchaí i nDoire ar oscailt arís, agus beidh maoiniú ón Roinn á fháil acu mar go bhfuil an líon cuí daltaí acu. Seo an dara bliain don Ghaelscoil seo a bheith ar siúl, ach an chéad bhliain dóibh aitheantas a bhaint amach. Is cúis mhisnigh é seo do na Gaelscoileanna eile, a bheidh ag súil le tuilleadh daltaí a fháil an bhliain seo chugainn.
Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
03 Meán Fómhair 2010
18 Naíonra nua ag oscailt
Meán Fómhair 3, 2010
D’oscail 18 Naíonra nua an tseachtain seo, méadú mór ar an gcúig Naíonra nua a d’oscail in 2009.
Tá ocht gcinn de na naíonraí seo lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus d’oscail cinn eile i gCill Dara, Cill Mhantáin, Liatroim, Port Láirge, Corcaigh, Ciarraí, Loch Garman agus an Iarmhí.
I gcás cuid de na naíonraí seo, beidh siad lonnaithe i naíonraí Béarla atá bunaithe cheana féin ach atá anois ag lorg seirbhís Ghaeilge.
Deir Clíona Frost, Príomhfheidhmeannach Fhorbairt Naíonraí Teoranta, go bhfuil siad an-sásta ar fad leis an spéis atá á léiriú ag grúpaí Béarla i seirbhísí réamh-bhunscolaíochta Gaeilge a chur ar fáil do na páistí.
“Tá sé iontach go bhfuil siad ag tacú leis an nGaeilge agus go mbeidh seirbhísí Gaeilge ar fáil do pháistí sula dtéann siad ar scoil,” ar sí.
“Tá cuid acu ag caint ar naíonraí dátheangacha anois freisin, in ionad seisiúin Ghaeilge agus seisiúin Bhéarla a bheith scartha óna chéile. Tuigeann lucht na naíonraí Béarla go bhfuil luach breise ag baint le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil.”
Cén fáth a bhfuil an oiread sin naíonraí nua ag oscailt i mbliana?
“Tá níos mó daoine ag lorg cúraim as Gaeilge,” a deir Clíona. “Freisin, tuigeann daoine an tábhacht a bhaineann leis an mbliain shaor sin sula dtéann na páistí ar scoil, agus tá siad ag iarraidh an deis a thapú agus seans a thabhairt do na páistí an Ghaeilge a fhoghlaim.”
Cé gur oscail beagnach scór naíonra nua an tseachtain seo, níl Gaelscoil nua ar bith i ndiaidh aitheantas a fháil le dhá bhliain anuas nó mar sin de. Mar sin, an mbeidh na páistí sna naíonraí seo in ann freastal ar Ghaelscoileanna an bhliain seo chugainn?
“Tá Gaelscoileanna gar d’fhormhór na naíonraí seo,” a deir Clíona, ag tabhairt le fios go mbeidh an rogha ann do go leor tuismitheoirí a bpáistí a chur chuig Gaelscoil más mian leo.
Is léir go bhfuil tuismitheoirí ag iarraidh cumas Gaeilge a gcuid páistí a fheabhsú, agus fiú mura mbeidh siad ag freastal ar Ghaelscoil an bhliain seo chugainn, seasfaidh an méid a d’fhoghlaim siad sa naíonra leo i cibé scoil ina mbíonn siad.
Deir Cathaoirleach Fhorbairt Naíonraí Teoranta, Máire Uí Bhriain, gur dul chun cinn iontach é seo.
“Tugann na seirbhísí seo tacaíocht do thuismitheoirí gur mian leo an Ghaeilge a úsáid lena leanaí óga chomh maith le cúram leanaí ar ardchaighdeán dá leanaí,” ar sí
Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
03 Meán Fómhair 2010
Daltaí ag baint ardmharcanna Gaeilge amach sna GCSEanna
Lúnasa 30, 2010
Cé gur tháinig ísliú ar an líon daltaí a roghnaigh teangacha mar ábhair do na GCSEanna i dTuaisceart na hÉireann i mbliana, go háirithe Fraincis, bhí an líon daltaí a rinne an scrúdú Gaeilge i gcomhréir le anuraidh.
Is cúis dóchais é sin do lucht na Gaeilge ó thuaidh. Rinne 2161 dalta scrúdú Gaeilge sna GCSEanna i mbliana, rud a chiallaíonn go bhfuil na leibhéil iontrála i gcomhréir le anuraidh, nuair a rinne 2163 dalta an scrúdú.
Tháinig ardú ar an líon daltaí a bhain grád A*-C amach sa scrúdú Gaeilge, ó 89.3% go 90.1%.
Tuairiscíodh an tseachtain seo go raibh ardú ar an líon daltaí i dTuaisceart na hÉireann a bhain grád A*-C amach sna GCSEanna.
Tá an dalta is óige a bhain GCSE amach i nGaeilge aon bhliain déag d’aois, agus tá an dalta is sine seachtó seacht bliain d’aois.
Bhí 76.3% de na torthaí sa chatagóir sin, i gcomparáid le 69% i Sasana agus áiteanna eile. I measc na scoileanna a bhain marcanna maithe amach sna GCSEanna tá Coláiste Feirste, Gaelcholáiste i mBéal Feirste.
Deir Micheál Mac Giolla Ghunna, Príomhoide Choláiste Feirste, go raibh torthaí GCSE den chéad scoth ag daltaí na scoile.
“Is léir go bhfuil na torthaí s’againne inchurtha le scoth na scoileanna in aon earnáil. Bhain 78% dár gcuid daltaí amach an toradh tagarmhairc de chúig nó níos mó GCSE ag gráid A*-C. Tagann sé seo i ndiaidh torthaí Ardleibhéil an-mhaithe an tseachtain seo caite.”
Deir sé gurb “iontach na torthaí” seo mar gurb é Coláiste Feirste an t-aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge sa Tuaisceart.
“Léiríonn na torthaí seo gur féidir leis an Ghaelscolaíocht barr feabhais a bhaint amach ag an leibhéal is airde trasna na n-ábhar uilig,” ar sé. “Ghnóthaigh na daltaí s’againne gráid A* in ábhair mar Mhata Breise, na hEolaíochtaí, an Ealaín, Staidéir Spóirt agus ar ndóigh an Ghaeilge. Bhí ráta pas de 100% againn sa Tíreolaíocht, san Ealaín agus sa Fhraincis agus bhí roinnt ábhar eile a raibh ráta pas thar 90% acu.”
Is as ceantair faoi mhíbhuntáiste sóisialta 83% de dhaltaí na scoile agus in ainneoin an tearc-infheistithe agus easpa acmhainní i gcomparáid le scoileanna in earnálacha eile, tá an scoil ag feidhmiú go han-mhaith ag an leibhéal is airde, dar leis an Uasal Mac Giolla Ghunna.
Ó thaobh inscne de, d’éirigh níos fearr le buachaillí agus cailíní go ginearálta sna scrúduithe GCSE i mbliana, ach mar is gnách bhí na cailíní chun tosaigh maidir leis na hardmharcanna. D’éirigh le 11% de chailíní an barrmharc de A* a fháil, i gcomparáid le 6.9% de bhuachaillí.
Tá ísliú suntasach tagtha ar an méid daltaí atá ag fágáil na scoile gan cúig GCSE, ó 47.4% in 2005-2006 go 41.6% in 2008-2009. Mar sin féin, is céatadán ard é 41.6% agus seans gur figiúr é a chuirfeadh iontas ar mhórán daoine
Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
27 Lúnasa 2010
Tuilleadh daltaí de dhíth!
Lúnasa 27, 2010
Mar gheall ar easpa éilimh, ní bheidh maoiniú stáit á fháil ach ag scoil amháin as na ceithre Ghaelscoil nua ó thuaidh a fuair aitheantas sealadach ó Chaitríona Ruane cúpla seachtain ó shin.
Fógraíodh le déanaí go bhfuair ceithre Ghaelscoil nua ó thuaidh aitheantas sealadach don scoilbhliain úr. Bunscoil na mBeann i gContae an Dúin, Gaelscoil Léim an Mhadaidh i gContae Dhoire, Gaelscoil an tSeanchaí i nDoire agus Gaelscoil Choin Rí Uladh i gContae Aontroma na scoileanna atá i gceist.
Deir Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach ar Chomhairle na Gaelscolaíochta, go mbíonn deacrachtaí i gcónaí ag Gaelscoileanna a ndóthain daltaí a fháil agus iad ag tosú amach ar dtús.
“Caithfidh tuismitheoirí cinneadh an-mhór a dhéanamh maidir lena gcuid páistí a chur chuig scoil úrnua nó iad a chur chuig scoileanna atá bunaithe le fada,” ar sé.
“Baineann a lán éiginnteachta le scoil nua. Le cúnamh Dé beidh níos mó daltaí ag freastal ar na scoileanna an bhliain seo chugainn, nuair a fheicfidh tuismitheoirí conas mar atá ag éirí leis an scoil.”
Tá a ndóthain daltaí ag Gaelscoil Ráth Tó i gContae na Mí ach níl aitheantas rialtais acu, agus tá siad ag lorg an aitheantais sin faoi láthair.
“Tá a mhalairt de scéal againne anseo sa tuaisceart,” a deir an tUasal Ó Coinn. “Tá an t-aitheantas faighte ag na scoileanna, ach níl na huimhreacha acu go fóill.”
Cén tábhacht a bhaineann leis an aitheantas sin nuair nach féidir maoiniú a fháil?
“Tá sé fíorthábhachtach,” a deir Ó Coinn. “Gan aitheantas, ní gá don Roinn Oideachais maoiniú a thabhairt do na scoileanna nuair a gheobhaidh siad an líon ceart daltaí.”
Mar sin, táthar ag súil go n-ardóidh líon na ndaltaí de réir a chéile agus nuair a tharlaíonn sé sin beidh maoiniú curtha ar fáil dóibh.
Ní bheidh ach cúigear páiste ag freastal ar Bhunscoil na mBeann i gContae an Dúin Dé Céadaoin seo chugainn, nuair a osclófar doirse na scoile den chéad uair, ach beidh an scoil ag oscailt ina ainneoin sin.
Deir Éamon Rodgers, a bhí bainteach le naíscoil na mBeann ón tús agus atá mar chathaoirleach ar an ngrúpa, go raibh siad ag súil go mbeadh dháréag ag freastal ar an nGaelscoil, rud a chiallódh go mbeadh maoiniú ar fáil dóibh.
Ar chúis éigin, ní bheidh seachtar ón dáréag sin ag freastal ar an scoil.
“Bhí agus tá fós go leor éiginnteachta ann faoi áitreamh na scoile agus mar sin de,” ar sé. “Tá sé deacair ar thuismitheoirí cinneadh a dhéanamh a bpáistí a chur chuig scoil nuair atá éiginnteacht mar sin ann.”
Beidh Gaelscoil Léim an Mhadaidh ag oscailt ar an gcéad lá de mhí Mheán Fómhair freisin, cé nach bhfuil a ndóthain daltaí acusan ach an oiread chun maoiniú a fháil.
“Ag pointe amháin, bhí an uimhir dhraíochta de dháréag dalta againn don Ghaelscoil,” a deir Lee Devine, Cathaoirleach choiste na scoile.
“Thit cúpla duine amach, áfach, ar chúis éigin, agus anois is cosúil gur ochtar páiste a bheidh ag tosú i rang a haon.”
Faoi láthair tá sé pháiste dhéag ag freastal ar an naíscoil, agus bhí an oiread sin éilimh ar áiteanna ann go raibh ar an scoil diúltú do roinnt páistí eile. Beidh rang speisialta ag tosú sa tráthnóna do pháistí níos óige, atá trí bliana d’aois nó mar sin.
Ní hamhlaidh atá an scéal le Gaelscoil an tSeanchaí, a d’oscail den chéad uair anuraidh.
“Táimid muiníneach go mbeidh maoiniú á fháil againn,” a deir Cathaoirleach choiste na scoile, Graeme Clarke.
“D’oscail muid an scoil i mí Mheán Fhómhair 2009 ar bhonn féinmhaoinithe. Anois táimid ag súil go mbeidh athrú ag teacht air sin, mar go mbeidh fiche dalta againn sa scoil.”
Ag an bpointe seo, tá an chuma ar an scéal nach mbeidh a ndóthain daltaí ag freastal ar Ghaelscoil Choin Rí Uladh, an ceathrú scoil a bhfuair aitheantas sealadach, agus ní fios go fóill an mbeidh an scoil ag oscailt ar chor ar bith.
Dar le Rosie Nic Ghiolla Fhiondáin, atá ar choiste na scoile, bhí dháréag páiste deimhnithe le freastal ar an scoil ach anois níl ach naonúr, nó b’fhéidir deichniúr, ag iarraidh dul ann go cinnte.
“Níl na huimhreacha againn chun maoiniú a fháil ón Roinn Oideachais,” a deir sí. “Ach tá maoiniú á thairiscint dúinn ó fhoinse eile. Níl muid cinnte go fóill an mbeidh an scoil ag oscailt an tseachtain seo chugainn. Braitheann sé ar an gcuid eile den choiste, agus beimid i mbun cainteanna faoi seo sna laethanta amach romhainn.”
Tá seomra ranga ag an scoil cheana féin i lárionad gnó sa Bhaile Meánach agus tá múinteoir acu freisin.
Nuair a fógraíodh go mbeadh aitheantas á thabhairt do na ceithre scoil seo sa tuaisceart, cháin an DUP agus an UUP Caitríona Ruane as an gcinneadh a dhéanamh agus dúirt aontachtaithe go raibh an iomarca airgid á thabhairt don Ghaelscolaíocht. Deir Seán Ó Coinn nach dóigh leis go raibh tionchar ag na haontachtaithe ar thuismitheoirí agus iad ag déanamh cinnidh maidir lena bpáistí a chur chuig Gaelscoil.
“Tá daoine cleachtaithe air sin faoin am seo,” a deir sé.
Ba chóir do thuismitheoirí ar mhaith leo a bpáistí a chur ar cheann ar bith de na Gaelscoileanna nua seo teagmháil a dhéanamh le Comhairle na Gaelscolaíochta ar 028 9032 1475.
Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
27 Lúnasa 2010