Dea-scéal fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le todhchaí Choláiste Chineál Eoghain, Bun Cranncha
Mí na Bealtaine 21, 2013
Gabhann GAELSCOILEANNA TEO., comhghairdeas mór le scoil agus pobal uile Choláiste Chineál Eoghain i mBun Cranncha a d’éirigh leo síneadh a fháil ar an aitheantas sealadach don scoilbhliain 2013/2014. Thug an Roinn faoi iniúchadh ar an roghanna a bhí ann do thodhchaí na scoile i bhfianaise uimhreacha an-íseal ag an scoil. I measc na roghanna [...]
Iarbhunscoileanna nua le bunú i 2015-2016
Mí na Bealtaine 14, 2013
Tá sé fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go mbeidh 8 iarbhunscoil nua le bunú sa tréimhse 2015-2016. Scoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla a bheidh sna scoileanna nua seo, de réir litir atá faighte ag GAELSCOILEANNA TEO. ón Roinn, agus luaitear sa chomhfhreagras céanna gur “socraíodh agus gur freastalaíodh ar sholáthar trí [...]
Stair na Gaelscoile Phortlaoise – De réir a Chéile a Thógtar Caisleán
Mí na Bealtaine 2, 2013
Bunaíodh Gaelscoil Phortlaoise sa bhliain 1998 le 12 paiste agus múinteoir amháin. Is Gaelscoil sinn le hétos Caitliceach. Thosaíomar i gClub na nOifigeach Priosúnaigh (Prison Officers Club). Chaitheamar cúpla bliain san Ionad CLG Phortlaoise agus 3 bliana i nGort na bhFraoch, Bóthar Átha Cliath sna seomraí réamhdhéanta. An bhliain seo chugainn beimid ag tosnú in ár [...]
Todhchaí Choláiste Chineál Eoghain, Bun Cranncha i mbaol
Aibreán 30, 2013
Tá imní léirithe ag GAELSCOILEANNA TEO., Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall agus pobal Choláiste Chineál Eoghain i mBun Cranncha maidir le fógra ón Roinn Oideachais agus Scileanna a chuireann todhchaí na scoile i mbaol. Tá sé tugtha le fios ag an Roinn go bhfuil aitheantas sealadach na scoile, a d’oscail i 2007, le haistarraingt [...]
Deontas €63,000 le haghaidh Coláiste UISCE
Aibreán 16, 2013
Tá fógartha inniu go bhfuil deontas €63,000 ceadaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta do Choláiste Uisce i gContae Mhaigh Eo. Díreoidh an deontas ar an nGaeilge a neartú mar theanga phobail agus teanga teaghlaigh i mBéal an Mhuirthead trí thionscnaimh éagsúla a chur i mbun agus go háirithe leis an nGaeilge a shaibhriú [...]
Eolas míchruinn mar bhunús le ráiteas an Aire ar chleachtas rollacháin na scoileanna lán-Ghaeilge
Aibreán 5, 2013
Tá díomá léirithe ag GAELSCOILEANNA TEO. faoi ráiteas an Aire Oideachais agus Scileanna maidir le toradh an athbhreithnithe ar an bpróiseas rollacháin do scoileanna, mar a tuairiscíodh in alt san Irish Independent ar an 4 Aibreán faoin teideal “Irish language schools targeted over restrictive entrance rules”. Chur an ráiteas a tuairiscíodh ann cleachtas sriantach i [...]
Comórtas: Láithreoir Óg á lorg ag RnaG
Aibreán 3, 2013
An ceoltóir óg tú le suim sa cheol agus i láithriú raidió? Más ea, seo do dheis! Mar chuid de Sheachtain na nÓg ar RTÉ, tá Raidió na Gaeltachta ag tabhairt deis do láithreoir óg an clár Béal Maidine a láithriú i dteannta Neansaí Ní Choisdealbha ar an Domhnach 21 Aibreán ó 8am-10 am. Bíonn [...]
Scoláireachtaí Lóistín i gColáiste Naomh Eoin, Inis Meáin don scoilbhliain 2013-14
Aibreán 3, 2013
Déanann an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta maoiniú ar dheich gcinn de scoláireachtaí lóistín gach bliain chun deis a tabhairt do ghasúir ón mórthír a bhfuil cónaí orthu i limistéir taobh amuigh den Ghaeltacht freastal ar Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin ar feadh na bliana acadúla. Tarlaíonn an maoiniú seo faoi scéim na bhfoghlaimeoirí [...]
Suirbhé ar phátrúnacht foilsithe – Gaelscoil nua do Bhiorra, Contae Uíbh Fhailí
Aibreán 3, 2013
Tá an-áthas ar An Foras Pátrúnachta gur aithin suirbhé na Roinne ar thuismitheoirí an t-éileamh ollmhór atá ar oideachas lán-Ghaeilge i mBiorra, Contae Uíbh Fhailí. Moladh i dtuarascáil na Roinne gur cheart 23 scoil ilchreidmheach a bhunú, Gaelscoil i mBiorra ina measc. D’aithin an suirbhé go bhfuil éileamh mór ar oideachas lán-Ghaeilge i gceantair éagsúla; [...]
Craobh Ceannais Scléip – Liosta na mBuaiteoirí
Márta 11, 2013
Amharclann an Axis, Baile Átha Cliath, 9 Márta 2013 B’iontach an lá a bhí againn san Axis, le 16 scoil ag dul in iomaíocht sa chraobh agus ag cur siamsaíocht agus spreagadh ar stáitse romhainn. Bhí ríméad orainn Kìla a bheith linn don lá, bhí Rossa mar fhear a’ tí agus Rónán, Colm agus Eoin [...]



