Méid an Téacs

Leabhair do pháistí le fail saor in aisce

Márta 16, 2011

Tá Forbairt Naíonraí Teoranta ag tabhairt cóipeanna den fhoilseachán An Chéad Chéim amach saor in aisce do thuismitheoirí agus d’fhostaithe a bhíonn ag obair le páistí óga.

Is bunchúrsa Gaeilge é An Chéad Chéim atá dírithe ar dhaoine a oibríonn le páistí i naíolanna, Naíonraí, grúpaí súgartha agus seirbhísí iarscoile. Tá an foilseachán roinnte i gcaibidlí éagsúla mar ‘Fáiltiú ar maidin’, ‘Am lóin’ agus ‘Ag dul abhaile’. Tugtar focail agus frásaí bunúsacha i ngach caibidil, mar aon le rainn a bhaineann leis an ábhar. Tá  lámhleabhar eile How to Enjoy Irish with Young Children á fhorbairt ag an eagraíocht faoi láthair chomh maith. Tá tuilleadh eolais mar gheall ar na leabhair áisiúla seo  ar fáil ar an suíomh Gréasán www.naionrai.ie

Bua don teanga agus í de dhíth san Ardteist -Imní faoi chiorruithe in earnáil na Gaeilge áfach

Márta 10, 2011

Tá feachtasóirí Gaeilge ag ceiliúradh an tseachtain seo toisc go bhfuil sé aontaithe ag Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre an Ghaeilge a choinneáil mar ábhar éigeantach go fóill.

Tá an baol ann áfach go mbeidh ciorruithe i ndán d’eagraíochtaí Ghaeilge agus athbhreithniú ar an gcaoi ina gcaitear airgead orthu ar an mbealach. Is bua é ceist na Gaeilge mar ábhar éigeantach dóibh siúd a bhí i mbun feachtais le cúpla seachtain anuas in aghaidh pholasaí Fhine Gael ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge don Ardteist. Dheimhnigh Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre sa chlár don rialtas nua, go gcuirfidh siad feabhas ar chaighdeán mhúineadh na Gaeilge agus nach ndéanfar machnamh ar ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge go dtí go gcuirfear roinnt athruithe eile i bhfeidhm ar dtús. Dúirt Éamonn Mac Niallais, feachtasóir de chuid Ghuth na Gaeltachta le Foinse: “Cinnte is dul chun chinn é seo toisc go bhfuil an rialtas nua chun seans a thabhairt do na hathruithe eile sula mbreathnóidh siad ar an gceist arís. “Is maith an rud é freisin go bhfuil siad ag rá go dtabharfaidh siad tacaíocht don Straitéis 20 Bliain, ceann de na moltaí bhí againn.”

Bhí ceist na Gaeilge ina chnámh spairne idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre le linn an fheachtais olltoghcháin agus tá neart conspóide cruthaithe aige le cúpla seachtain anuas. D’aontaigh Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre tacaíocht a thabhairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.Tá sé geallta acu go mbainfidh siad na spriocanna atá molta ann amach. Tá sé ar intinn ag an rialtas nua líon na ndaltaí a dhéanann scrúdú Gaeilge na hArdteiste ag an ardleibhéal a dhúbailt faoi 2018.  Léiríonn na staitisticí is déanaí nach ndearna ach 14,650 dalta ón 57,839 dalta a rinne an Ardteist an samhradh seo caite an Ghaeilge ag an ardleibhéal. Tá sé aontaithe ag na páirtithe athnuachan a dhéanamh ar an gcuraclam Gaeilge chomh maith leis an gcaoi ina múintear an teanga i scoileanna timpeall na tíre. Ardóidh an rialtas nua líon na marcanna don scrúdú béil go 50 faoin gcéad den mharc iomlán.

Ta Séan Kyne TD, a toghadh in Iarthar na Gaillimhe le déanaí, sásta le pleananna an rialtais nua don teanga. Dúirt sé: “Cuirim fáilte roimh iarrachtaí an rialtais nua feabhas a chur ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na Gaeilge. “Athdheimhneoidh an polasaí seo go bhfuil Fine Gael sa rialtas nua ag iarraidh an rud is fearr d’ár dteanga dhúchais a dhéanamh.” Déanfaidh an rialtas nua athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le cinntiú go bhfuil an t-airgead a chaitear ar an nGaeilge, á chaitheamh ar an gcaoi is fearr ó thaobh forbairt na teanga de. Breathnófar ar na cláir infheistíochta agus ar na cláir mhaoinithe a mbaineann eagraíochtaí Gaeilge tairbhe astu. Déanfar a chinntiú uaidh sin go bhfuil an luach is fearr ar a gcuid airgid a fháil ag saoránaigh na hÉireann uathu. Tá imní ar an Uasal Mac Niallais áfach toisc nach bhfuil Údarás na Gaeltachta luaite sa chlár don rialtas nua. Dúirt sé le Foinse: “Is é an cheist anois ná céard a tharlóidh don Údarás, níl tagairt ar bith déanta don eagraíocht sa chlár.”

Foinse – Orla Bradshaw

Leanfaidh an feachtas le Gaeilge a chosaint

Márta 3, 2011

Is céim sa treo ceart an tuairim a thug Enda Kenny ar RnaG

LEANFAIDH feachtasóirí Gaeilge orthu chun an Ghaeilge a choinneáil mar ábhar éigeantach don Ardteist, go dtí go dtabharfaidh Enda Kenny cúl lena pholasaí Gaeilge. Cuireadh fáilte roimh ráiteas Kenny le gairid ina ndúirt sé go ndéanfaidh sé taighde eolaíoch ar mhúineadh na Gaeilge sula ndéanfar athrú ar bith ar an gcóras oideachais. Dar le hÉamonn Mac Niallais, urlabhraí do Ghuth na Gaeltachta, is céim sa treo ceart an tuairim seo a thug Enda Kenny ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ach nach ndéanfar dearmad ar an gceist seo toisc go bhfuil an t-olltoghchán thart. “Go dtí seo níl ann ach moladh pearsanta a bhí ag Enda Kenny, nach raibhbunaithe ar aon taighde nó comhairliúchán fiú le daoine ina pháirtí féin. Dúirt Dinny Mc Ginley nár labhair sé leis ar chor ar bith faoi. Is é an t-aon rud nach bhfuil ráite ag Enda Kenny ná an mbeidh sé sásta glacadh le pé moltaí a thagann as an taighde seo?” a dúirt sé.

Beidh sé ag cuardach cruinnithe leis an Taoiseach nua, leis an Aire Oideachais nua chomh maith leis an Aire Gaeltachta nua chun ceist na Gaeilge a phlé nuair a cheaptar iad. Níor éirigh le Mac Niallais agus a chomhfheachtasóirí bualadh le Enda Kenny i rith an fheachtais olltoghcháin ach tá sé dóchasach go leor go dtiocfaidh athrú ar an scéal seo go luath. Dúirt sé le Foinse: “Is cinnte go raibh sé sásta labhairt leis na meáin faoin ábhar seo ach go dtí seo ní raibh sé sásta bualadh linne. Sílim go mbeidh sé sásta bualadh linn anois agus an t-olltoghchán thart. Deir sé go bhfuil sé ag déanamh an méid seo ar son na teanga; táimid uilig á dhéanamh seo ar son na teanga.” Beidh an tUasal Mac Niallais agus Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge ag reáchtáil cruinniú eile ag 2pm ar an 11 Márta in óstán Menlo Park i gcathair na Gaillimhe.

Tá siad ag súil go mbaileoidh daoine le chéile chun an saineolas atá acu ar ról na Gaeilge sa chóras oideachais a roinnt agus chun liosta moltaí do Enda Kenny a chur le chéile. Dúirt sé: “Is gá breathnú ar an gcóras ina iomláine, ní amháin an Ardteist agus tá sé sin ar eolas ag Enda Kenny. “Beidh muid ag tabhairt daoine le chéile arís chun an taighde agus an saineolas atá againn a chur le chéile; cé na moltaí atá againn, cén dóigh is fearr chun an taighde sin a dhéanamh. Tá trí cheist againn do Enda Kenny:

1. An mbeidh COGG i gceannas ar an taighde eolaíoch a choimisiúnú?
2. Cén scála ama a bheidh i gceist?
3. Cén critéar a bheidh ann sa taighde?

Creideann Mac Niallais go léireoidh an taighde eolaíochta seo gur tubaiste don teanga a bheadh ann, deireadh a chur leis an nGaeilge mar chroíábhar Ardteiste. Dúirt sé le Foinse nach gcreideann saineolaí ar bith go dtiocfadh bláth nó fás ar an teanga le polasaí mar seo. “Níl aon dabht faoi ach go bhfuil teipthe ar an gcóras an líofacht Ghaeilge a thabhairt do dhaltaí a ba mhaith linn” a dúirt sé. “É sin ráite, níl teipthe ar an gcóras go hiomlán mar go bhfuil cuid mhaith daoine a bhfuil líofacht mhaith bainte amach acu. Mar sin de, séard atá le déanamh ná taighde a dhéanamh ar an chaighdeán atá á bhaint amach i gcomparáid leis an chaighdeán inmhianaithe. Ní amháin sin ach ba chóir ansin breathnú ar na dea-chleachtais idirnáisiúnta ó thaobh múineadh agus sealbhú mionteangacha de.” Táthar ag súil go ndeimhneofar Enda Kenny mar Thaoiseach ar chomhrialtas nua le Páirtí an Lucht Oibre, páirtí a thacaíonn leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach. Is é seo an toradh is fearr riamh do lucht Fhine Gael agus 76 suíochán buaite acu go dtí seo. D’éirigh le Páirtí an Lucht Oibre 37 suíochán a fháil agus chaill Fianna Fáil níos mó ná caoga suíochán. D’éirigh go maith le Sinn Féin freisin, páirtí a bhfuil polasaí láidir Gaeilge acu chomh maith. Tá 14 shuíochán buaite acu san olltoghchán seo, níos mó suíochán ná le 90 bliain anuas.

Foinse – Orla Bradshaw

Ná scrios an Ghaeilge a Enda más é do thoil é – Impí ó ghlúin óg na tíre gan tréigean a dhéanamh ar an nGaeilge

Feabhra 25, 2011

ROINNEANN dalta Ardteiste a tuairim ar an gconspóid a bhaineann le polasaí Gaeilge Fhine Gael le Foinse inniu.

Tá na triailscrúduithe díreach críochnaithe ag Ruth Lawlor (18) ó Thrá Mhór i gCo Phort Láirge agus tá sí ar buile faoin bpolasaí seo. Creideann Ruth go ndéanfar scrios ar an nGaeilge má fhaightear réidh léi mar ábhar éigeantach don Ardteist agus i litir oscailte chuig Enda Kenny, iarrann sí ar cheannaire Fhine Gael machnamh a dhéanamh ar an dtionchar a bheadh ag an bpolasaí seo ar dhaoine óga. Is í seo an litir atá scríofa aici:

A chara, an t-Uasal Enda Kenny,
‘Más beo do bheo dá néis,
Na gaid go léir a scaoileadh,
Is nach corpán ar do chosa thú,
Iontach liom mar éacht é.’

Scríobh Máirtín Ó Direáin na línte seo roinnt blianta ó shin, ach is dócha nach bhfuil siad cloiste agat go dtí seo. Is ionann gaid sa dán agus teanga, traidisiún, cultúr agus nósanna. Samhlaíonn an file an duine a thréigeann a theanga dhúchais mar chorpán. Má chaitheann muid na seoda luachmhara seo ar leataobh, beimid gan féiniúlacht ar bith; beimid mar chorpán. An bhfuil tú ag lorg glúin nua de chorpáin chun a bheith ina gceannairí ar an tír seo? Cloisimid daoine ag rá gur cur amú ama é a bheith ag foghlaim Gaeilge.

Ach ní bhaineann an teanga le cúrsaí airgid. Baineann sí le spiora agus anam an náisiúin. Tá an chuma ar an scéal nach dtuigeann tú tábhacht na Gaeilge mar chuid dár n-oidhreacht. Ar chuala tú riamh gur tír gan teanga tír gan anam? Níl vóta ag na daoine a mbeidh an cinneadh seo ag dul i bhfeidhm orthu. Is dócha nár smaoinigh tú ar iarmhairtí an chinnidh sin. Beidh na Gaeltachtaí i ndeireadh na feide; beidh na múinteoirí nua Gaeilge gan phoist. Tá líon na nGaelscoileanna ag méadú agus feicimid na sluaite ag triall ar na Coláistí Samhraidh chuile bhliain – ach ní rachaidís ann mura mbeadh an Ghaeilge éigeantach ar scoil. Cén fáth nach bhfuil an Rialtas ag íoc as daoine a chur go dtí an Ghaeltacht, chun spiorad na tíre a chothú? Chuaigh mé go dtí an Ghaeltacht agus ní raibh suim agam sa Ghaeilge; ach spreag sé grá don Ghaeilge ionam.

Nuair atá gach rud caillte againn, ár gcuid airgid, ár neamhspleáchas, beidh rud éigin á lorg againn, a thógfaidh sinn as an oíche dhorcha agus isteach go solas an lae. Is é an rud sin ná ár dteanga féin, ach, má tá sí imithe, beidh sí imithe go deo. Caithfimid seasamh le chéile, le focail an amhráin náisiúnta inár n-aigne: “Sinne Fianna Fáil…” Sinne Fianna Fáil ” we are the soldiers of destiny. Fuair ár sinsir bás ar son na Poblachta, ar son na Gaeilge. Guím nach dtiocfaidh an lá go deo go mbeidh an Ghaeilge roghnach sna scoileanna. Iarraim ort le mo chroí ina iomláine. Rinne na Sasanaigh gach iarracht ár dteanga a scriosadh – caithfimid a bheith cúramach nach gcríochnóimid féin an rud a theip orthusan.

Is mise le meas,
Ruth Lawlor
Scoil Stella Maris.

Foinse – Orla Bradshaw

‘Ní féidir linn glacadh le polasaí Gaeilge Fhine Gael’

Feabhra 10, 2011

Tá fáilte curtha ag Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge roimh chuid de leasuithe Fhine Gael (FG) ar a bpolasaí Gaeilge.

Dar leis áfach, beidh an eagraíocht ag leanúint ar aghaidh ag cur brú ar iarrthóirí FG seasamh leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist. Dúirt de Spáinn le Foinse: “Tá dul chun cinn déanta ag an bpáirtí sin ar an bpolasaí oideachais ach ní féidir linn glacadh leis toisc go bhfuil siad fós ag caint faoi ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge. “Tá stiúrthóir againn i ngach dáilcheantar a bheidh ag ceistiú na n-iarrthóirí ar fad faoin nGaeilge sna seachtainí roimh an olltoghchán.” Tugadh deis do na hurlabhraithe éagsúla: an tAire Pat Carey (Fianna Fáil), Frank Feighan (Fine Gael), Brian O’Shea (Páirtí an Lucht Oibre) agus Aongus Ó Snodaigh (Sinn Féin) cur síos a dhéanamh ar a bpolasaithe Gaeilge ag seimineár faoin Straitéis 20 Bliain Déardaoin seo caite i mBÁC. Ní raibh urlabhraí ón gComhaontas Glas i láthair ar an oíche.

Bhí go leor ceisteanna á gcur ar na hurlabhraithe Gaeilge tar éis na n-óráidí, Frank Feighan ach go háirithe. Má éiríonn le FG san olltoghchán ag deireadh na míosa seo, tá sé ar intinn ag an bpáirtí ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge. Mar sin, bhí an-suim acu siúd a bhí i láthair sa mhéid a bhí le rá ag Frank Feighan ina thaobh.

Seo cuid de na pointí ó pholasaí Gaeilge FG a luaigh Feighan ar an oíche:

  • Cuirfidh an páirtí cabhair ar fáil do na coláistí samhraidh.
  • Cuirfear tús le próiseas comhairliúcháin tar éis an olltoghcháin leis na páirtithe atá bainteach leis an nGaeilge, maidir le hábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge.
  • Déanfar machnamh ar phointí breise a thabhairt dóibh siúd a dhéanann staidéar ar an nGaeilge ag an ardleibhéal.
  • Bronnfar 50 faoin gcéad de na marcanna don scrúdú béil.
  • Bunófar scála líofachta náisiúnta a dhéanfaidh meastacháin ar an gcumas Gaeilge atá ag muintir na hÉireann.
  • Dúblóidh an polasaí nua líon na ndaltaí a dhéanann staidéar ar an nGaeilge ag an Ardteist faoi 2018.

Dar le hAodhán Ó Deá, an t-oifigeach Gaeilge le hAontas na Mac Léinn, is maith an rud é gur thuig FG nach raibh lucht na Gaeilge sásta leis an bpolasaí mar a bhí. “Tá siad tar éis roinnt smaointe eile a chur chun tosaigh ach níl an fhianaise acu a thacaíonn le deireadh a chur leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach” a dúirt sé. “Bíonn mé ag tabhairt cuairte ar na cumainn Ghaelacha éagsúla in ollscoileanna timpeall na tíre agus feictear domsa an difríocht a bhíonn ann; bíonn na mic léinn ag baint taitnimh as an nGaeilge ag an ollscoil.”

Dúirt Aodhán nach bhfuair sé an t-aiseolas céanna ó na cuairteanna a thug sé ar ranganna idirbhliana. Labhair Frank Feighan le Foinse tar éis na hócáide agus bhí sé sásta go leor leis an gcaoi a ndeachaigh sé: “Tuigim go bhfuil dearcthaí éagsúla ag daoine i leith na teanga ach ag deireadh an lae, tá an aidhm chéanna againn ar fad.Is maith an rud é go bhfuil díospóireacht faoin ábhar seo oscailte anois.”

Bhí ar Feighan an seimineár a fhágáil beagán luath le freastal ar chruinniú eile i mBéal na mBuillí, Contae Ros Comáin. Dar leis, ba é an chéad cheist a cuireadh air ann ná ceist faoi pholasaí Gaeilge Fhine Gael!

Foinse – Orla Bradshaw

Gá le hathrú a dhéanamh ar mhúineadh na Gaeilge

Feabhra 3, 2011

CREIDEANN 77.9 faoin gcéad de na páistí a ghlac páirt i suirbhé faoin nGaeilge gur tháinig feabhas ar a gcuid Gaeilge de bharr tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Tháinig sé chun solais go dtaitníonn an Ghaeilge le páistí nuair atá múinteoir maith acu agus creideann siad gur cuid den oidhreacht í agus gur ábhar éasca atá inti. Dúirt 59.3 faoin gcéad de na páistí áfach nach dtaitníonn an t-ábhar scoile seo leo toisc go bhfuil sé ‘deacair agus ar bheagán maitheasa’. D’éirigh le Joshua Kieran Glennon (14) ó Choláiste na Carraige Duibhe i mBÁC an chéad duais a bhaint amach sa chatagóir Eolaíocht Sóisialta agus Iompraíochta ag taispeántas na nEolaithe Óga ar son an taighde seo. Ba é ‘Cad faoin Ghaeilge: Forbairt ar dhearcthaí i leith  na Gaeilge i mbuachaillí idir 8-14 bliana d’aois i gceantair uirbeacha’ teideal an tionscadail.

Bronnadh trófaí gloine agus seic EUR300 ar Joshua ar son a chuid oibre. “Tá an-ghrá agam don teanga agus bhí fonn orm a fháil amach cén fáth nach bhfuil an dearcadh céanna faoin teanga ag páistí atá ar chomhaois liomsa,” dar leis. “Chinn mé an t-aoisghrúpa seo a roghnú mar creidim go mbíonn páistí ag forbairt dearcthaí i leith ábhair éagsúla, an Ghaeilge ina measc, idir ocht agus 14 bliana d’aois.”

Ghlac 555 páiste chomh maith le daoine fásta a bhíonn ag obair sna meáin Ghaeilge, in eagraíochtaí Gaeilge agus i scoileanna páirt sa suirbhé. Léirigh na torthaí tionchar tuismitheoirí ar dhearcthaí na bpáistí i leith na teanga. Léiríodh go gcreideann daltaí gur ábhar atá sa Ghaeilge seachas modh cumarsáide. Ar chuid de na moltaí a bhí ag Joshua bhí gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a múintear an teanga agus gur cheart do scoileanna tuilleadh béime a chur ar an nGaeilge san idirbhliain.

Foinse – Orla Bradshaw

Fós ag fanacht le freagra ó Enda Kenny – Feachtasóirí ag lorg cruinniú le FG chun polasaí Gaeilge a phlé

Feabhra 3, 2011

Tá FEACHTASÓIRÍ Gaeilge buartha nach bhfuil dada cloiste acu ó Enda Kenny maidir le bualadh leo chun polasaí Gaeilge Fhine Gael a phlé. Creideann Guth na Gaeltachta go bhfuil polasaithe Gaeilge níos láidre ag na páirtithe eile.

Thug siad an rabhadh go mbeadh sé ‘ar cheann de na buillí is tromchúisí don teanga ó bunaíodh an stát’ dá mbeadh an Ghaeilge mar ábhar roghnach don Ardteist. Mura ndéanann Fine Gael athruithe ar a bpolasaí; beidh Guth na Gaeltachta ag tabhairt spreagadh do chainteoirí Gaeilge tacaíocht a dhiúltú dóibh san olltoghchán. Bhí an méid seo le rá ag Éamonn Mac Niallais, urlabhraí do Ghuth na Gaeltachta: Nuair a rinneadh teangacha roghnach sa GCSE i Sasana, thit an líon mac léinn a bhí ag déanamh staidéir orthu go tubaisteach ó 78% in 2001 go dtí 44% in 2009.

Níl aon dabht ach go mbeadh tionchar ollmhór ag an chinneadh seo i rith an bhealaigh fríd an chóras oideachais sa tír seo agus ní hamháin ag leibhéal na Ardteiste. “Chomh maith leis sin bheadh tionchar tubaisteach aige ar na Coláistí Samhraidh agus bheadh ísliú mór ar dheiseanna fostaíochta do mhuintir na Gaeltachta.” Bhuail ionadaithe ó Ghuth na Gaeltachta agus ó Chonradh na Gaeilge le hEamon Gilmore, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre agus Brian O’ Shea, urlabhraí Gaeilge an pháirtí, le chéile i nGaillimh go gairid chun an cheist a phlé. Dheimhnigh Gilmore nár aontaigh a pháirtí le polasaí Fhine Gael agus go gcoinneoidh siad an Ghaeilge mar ábhar éigeantach má tá siad mar chuid den chéad rialtas eile. Dúirt sé freisin go seasfaidh Páirtí an Lucht Oibre an fód in aghaidh Fhine Gael ar an gceist seo.

Dúirt Mac Niallais le Foinse: “Tar éis an chruinnithe i nGaillimh an tseachtain seo caite, seoladh litir chuig Enda Kenny ag lorg cruinniú ach níl aon fhreagra faighte againn go fóill.” Creideann sé go mbeidh tionchar ollmhór ag ceist na Gaeilge ar an gcaoi a gcaitheann muintir na Gaeltachta “Tuigeann muintir na Gaeltachta go maith an tábhacht atá leis na coláistí samhraidh. Is cinnte nach í an Ghaeilge an chéad chloch ar an phaidrín ag formhór na ndaoine sa tír seo faoi láthair ach sílim go mbeidh tionchar áirithe ag an Ghaeilge chuile áit’’ a dúirt sé.

Dar leis, má dhéanann na polaiteoirí ábhar roghnach as an nGaeilge ní ardóidh siad líon na gcainteoirí; ach a mhalairt a dhéanfadh sé. “Tá pobal na Gaeltachta an bhuartha faoin cheist seo. Tuigeann siad go maith go bhfuil muid ag am cinniúnach do thodhchaí na teanga agus tá sé in am ag polaiteoirí na tíre, ionadaithe tofa na ndaoine, ceannasaíocht a léiriú ó thaobh cheist na teanga de” a dúirt sé. Dúirt foinse ó Fhine Gael leis an nuachtán seo aréir go raibh an páirtí ag déanamh machnaimh ar leasuithe a dhéanamh ar an bpolasaí Gaeilge atá acu, toisc go dtuigeann siad go bhfuil daoine míshásta leis na moltaí atá acu faoi láthair. Creidtear go seolfar pleananna Fhine Gael don teanga an tseachtain seo chugainn agus leis na pleananna seo tá lucht Fhine Gael ag súil leis an gcaoi ina múintear an Ghaeilge a athrú go mór.

Cuid d’fhorógraí Gaeilge na bpríomhpháirtithe don olltoghchán:

An Comhaontas Glas: Aonad Gaeilge a bhunú i Roinn an Taoisigh, tuilleadh cumhachta a thabhairt don choimisinéir teanga, deontas TG4 agus Raidió na Gaeltachta a ardú

Sinn Féin: Tuilleadh maoinithe a chur ar fáil d’oideachas trí mheán na Gaeilge, forbairt do choláiste oiliúna Gaeilge do mhúinteoirí, an Ghaeilge a choinneáil mar ábhar éigeantach.

Fianna Fáil: Líon na gcainteoirí Gaeilge a ardú ó 83,000 go 250,000, 20 faoin gcéad de na háiteanna i gcoláistí oideachais a choinneáil dóibh siúd ar cuireadh oideachas orthu trí Ghaeilge, EUR 1.5m curtha ar leataobh chun tacaíocht a thabhairt don straitéis ina chéad bhliain

Fine Gael: Sonraí le fógairt go fóill.

Páirtí an Lucht Oibre: Sonraí le fógairt go fóill

Foinse – Orla Bradshaw

Oideachas trí Ghaeilge pléite

Eanáir 19, 2011

Reáchtáil An Coiste Seasta ar an nGaeloideachas seimineár taighde Dé Luain seo caite i mBaile Átha Cliath d’fhonn taighde ar chúrsaí Gaeloideachais a chomhroinnt.

Cuireadh dhá thionscadal taighde dhéag éagsúil i láthair, ar réimsí leathan ábhar amhail Comhphobail Cleachtais; Oideachas Ilchultúrtha; Fónaic na Gaeilge; Gaeilge labhartha na bpáistí Gaelscoile; Torthaí an Luath-thumoideachais; agus Dátheangachas. 

An Straitéis le plé ag Seimineár i mBÁC

Eanáir 19, 2011

Beidh seimineár poiblí, ‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge – Na céimeanna tosaigh i dtreo Straitéis inmharthana, á eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an Déardaoin, 3 Feabhra 2011, in Óstán Davenport, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 ón 2-9pm.

Díreoidh an seimineár ar bhlianta tosaigh na Straitéise, ar riachtanais phobal na Gaeilge sna blianta tosaigh sin agus ar na céimeanna ar ghá a ghlacadh chun bunchloch láidir a leagan síos don Straitéis.  Feictear don Chomhdháil go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an deis ag an bpobal eolas ar na réimsí gnímh faoin Straitéis a fháil, na réimsí gnímh sin a phlé le saineolaithe na hearnála, le gníomhairí Stáit agus deonacha, agus leis na páirtithe polaitiúla araon.

Reáchtálfar an seimineár ón 2pm-9pm, le trí sheisiún ar leith, ag plé: Réimsí Gnímh na Straitéise; Ról na hearnála deonaí i gcur i bhfeidhm na Straitéise; agus Forógraí Olltoghcháin.  Tá cóip de chlár iomlán an tseimineáir ar fáil ar www.gaelport.com.

Seimineár chun deiseanna oideachais a léiriú do dhaltaí

Meán Fómhair 29, 2010

Ar an 7 Deireadh Fómhair, beidh an seimineár Buntáiste Breise na Gaeilge, á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge (CNG) i gcomhar le Comhar na Múinteoirí Gaeilge i mBéal Feirste.

Is i gColáiste Feirste a bheidh an ócáid, ach tá fáilte roimh dhaltaí ó gach scoil sa cheantar chun freastal air, agus ar an Aonach Oibre ina dhiaidh atá á eagrú ag Forbairt Feirste. Le linn an tseimineáir pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú i mbun do ghairme beatha.  Beidh an t-iriseoir Tomaí Ó Conghaile, an tOifigeach Gaeilge Ursula Uí Dhonnaile, agus an múinteoir Gaeilge agus peileadóir Conall Ó Máirtín i láthair ar an lá agus iad ag plé na mbuntáistí a thug an Ghaeilge dóibhsean.

Roimhe seo, reáchtáil CNG na seimineáir seo i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh agus i gCaisleán an Bharraigh, Tá ócáidí beartaithe do Leitir Ceanainn, Baile Átha Cliath agus an Tulach Mhór. Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí  i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.   Bíonn ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair chun eolas a thabhairt do na dhaltaí.

Más spéis le do scoil páirt a ghlacadh sa seimineár, déan teagmháil go luath le Brígíd Ní Ghríofa, CNG, 01 679 4780.

Foinse – Nuacht na hEarnála le Gaelport.com
29 Meán Fómhair 2010

« Previous PageNext Page »