Méid an Téacs

Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna 2010

Samhain 17, 2010

Beidh Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna na bliana seo ar siúl in Óstán Tullamore Court, An Tulach Mhór,  Co. Uíbh Fháilí ag an deireadh seachtaine ón 19-20 Samhain 2010. Ar na cainteoirí a bheidh ag caint ag an gcomhdháil beidh an tráchtaire raidió Mícheál Ó Muircheartaigh chomh maith leis an Aire Pat Carey TD agus is é Éamonn Murtagh, Príomhchigire Cúnta leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, a osclóidh an chomhdháil go hoifigiúil.

Le linn na Comhdhála,  beidh léachtaí éagsúla á dtabhairt mar aon le seisiún cainte.  Beidh ábhair éagsúla maidir le cúrsaí scoile agus ceisteanna reatha oideachais á bplé le linn an deireadh seachtaine chomh maith.

Beidh deis ann éisteacht le painéal saineolaithe i mbun díospóireachta faoi ról lárnach an ghaeloideachais sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge, agus tapaigh an deis meon an Aire Carey a chloisteáil agus an Straitéis ar tí a bheith foilsithe.

Is i Gormlaith Ní Thuairisc ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh ina Cathaoirleach ar an seisiún áirithe díospóireachta seo.
San iarnóin ar an Aoine cuirfear ceardlanna den scoth ar fáil ó shaineolaithe clúiteacha chun freastal ar riachtanais na scoileanna agus cuirfear idir ábhar machnaimh agus spreagtha ar fáil do chách.

Oíche Aoine le linn Fháiltiú na Comhdhála beidh an t-aoí speisialta Mícheál Ó Muircheartaigh ag labhairt faoin tábhacht a bhaineann leis an ngaeloideachas.

Maidin Sathairn beidh An Dr. Emer Ní Bhrádaigh, Fiontar, DCU ag tabhairt léachta maidir le ‘Tiomsú airgid agus margaíocht scoile’ Bunscoileanna & Iar-bhunscoileanna.

Beidh neart ceardlann ar úsáid na teicneolaíochta agus áiseanna eile sna scoileanna lán-Ghaeilge ar siúl agus beidh go leor seastán eolais i láthair thar an deireadh seachtaine.

Tuilleadh eolais ar fáil ar  www.gaelscoileanna.ie.

Feachtas tiomsaithe airgid do Ghaelscoil Ráth Tó

Samhain 16, 2010

Ag tús na scoilbhliana seo, osclaíodh Gaelscoil Ráth Tó, i gCo. Na Mí, In ainneoin gur dhiúltaíodh aitheantas dóibh ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

D’fhógair meitheal eagraíochtaí Gaeilge, ina measc Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhluadar agus An Foras Pátrúnachta, go bhfuil siad aontaithe ar thacaíocht a sholáthar do Choiste Bunaithe Ghaelscoil Ráth Tó, an chéad Ghaelscoil le hoscailt ó 2008, faoi ainm an fheachtais Aitheantas.

Tá feachtas tiomsaithe airgid curtha ar bun ag an bhfeachtas Aitheantas, chun costais na scoile a íoc, toisc nach bhfuil pingin le fáil ag an scoil ón stáit toisc nach bhfuil sí aitheanta go hoifigiúil ón Roinn Oideachais agus Scileanna, agus tá crannchur á reáchtáil ar son Ghaelscoil Ráth Tó le geansaithe CLG sínithe as Gaeilge ag foirne Chorcaí, an Dúin, Thiobraid Árann agus Chill Chainnigh mar dhuaiseanna.

Tá na mílte bandaí dubha le hinscríbhinn greanta i mbuí á ndíol ag Aitheantas chomh maith, áit go bhfuil an focal Gaeilge agus comhartha le hordóg in airde le feiceáil orthu. Tá costas €1 ar gach ceann; bronntanais bheaga iontacha atá iontu dóibh siúd atá ag freastal ar Ghaelscoileanna, clubanna óige Gaeilge, páistí ó theaghlaigh Gaeilge, cumainn Ghaelacha agus eile, agus téann aon bhrabús ó dhíol na mbandaí caol-láimhe i dtreo an fheachtais Aitheantas agus Ghaelscoil Ráth Tó.

Is féidir ordú a dhéanamh ar na bandaí caol-láimhe agus tuilleadh eolais ar chrannchur na ngeansaithe sínithe ar son Ghaelscoil Ráth Tó trí ríomhphost a chur go lorcan@glornangael.ie / aitheantas@ireland.com nó foirm iarratais a sheoladh go Aitheantas, f/ch Glór na nGael, Ráth Chairn, Baile Átha Buí, Co. na Mí.

Cruinniú Cinn Bhliana Chomhar na Múinteoirí Gaeilge

Samhain 16, 2010

Beidh Cruinniú Cinn Bhliana Chomhar na Múinteoirí Gaeilge á reáchtáil ar an Satharn, 20 Samhain in Óstán Alexander, Sráid na bhFíníní, Baile Átha Cliath 2.  Beidh fáilte roimh chách chuig cur i láthair a dhéanfaidh An Dr. Muiris Ó Laoire ar bhealaí praiticiúla leis an nGaeilge labhartha a chur chun cinn sa seomra ranga.

Déanfaidh sé cur síos ar straitéisí leis an nGaeilge labhartha a chleachtadh agus le cumas na ndaltaí a mheas.

Tabharfar neart leideanna úsáideacha do mhúinteoirí le daltaí a ullmhú don Bhéaltriail leasaithe Ardteiste 2012, a mbeidh 40% de mharcanna á bhronnadh uirthi.

Anuas air sin, seolfar Teagasc na Gaeilge 9, iris Chomhar na Múinteoirí Gaeilge a dhíríonn ar cheisteanna a bhaineann le teagasc agus le
foghlaim na Gaeilge.

Tuilleadh eolais ar fáil ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge:  (01) 639 8448/5 nó seol ríomhphost chuig anna@cnmg.ie/ saffron@cnmg.ie

Gabh le Gaeilge seolta i mBéal Feirste

Samhain 16, 2010

Ar an Satharn seo caite, ag Seimineár Chomhar an Tuaiscirt, de chuid Chomhar na Múinteoirí Gaeilge i mBéal Feirste, rinne Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge an DVD ‘Gabh le Gaeilge’ a sheoladh go hoifigiúil.  Is pacáiste eolais é Gabh Le Gaeilge do dhaltaí a bheidh ag roghnú ábhar don TGMO (GCSE) atá curtha i dtoll a chéile ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge.

Léiríonn an DVD, agus na cleachtaí atá ag dul leis, na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge a roghnú mar ábhar scoile. Tá réimse an-leathan ábhar (breis agus leathchéad) ar fáil don TGMO ach tá líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge ag titim go leanúnach ón mbliain 2007.

Tá na hiontrálacha don scrúdú Gaeilge ag leibhéal an TGMO tite 25% le trí bliana, le cuid mhaith daltaí ag roghnú teangacha eile thar an nGaeilge. Thug Comhar na Múinteoirí Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoin tionscadal áirithe seo chun dul i ngleic leis an laghdú ar na figiúirí seo.

Beifear á sheoladh chuig múinteoirí i scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc le cuidiú leo an Ghaeilge a chur chun cinn mar rogha don TGMO. Tá an pacáiste ag díriú ar dhaltaí atá idir 11 – 14 bliain d’aois agus ar bheagán Gaeilge. Mar sin, tá an rithim breá mall agus an Ghaeilge simplí go leor le bheith intuigthe.

Sa DVD, cuireann Caoimhe Ní Chonchoille aoichainteoirí ó chúlraí difriúla i láthair agus tugann siad léiriú ar na buntáistí a bhain siad féin as an nGaeilge a roghnú mar ábhar. Is iad Tomaí Ó Conghaile (Láithreoir raidió agus iriseoir le Nuacht 24), Ursula Uí Dhonnaile (Oifigeach Gaeilge Chomhairle Dhún Geanainn) agus Mark Harte (Iarpheileadóir do Thír Eoghain agus múinteoir meánscoile) rannpháirtithe an chláir.

Tugann siad ar fad le fios nach mbeadh na deiseanna céanna acu murach an Ghaeilge agus gur chuidigh sí go mór leo forbairt phearsanta agus ghairmiúil a dhéanamh. Tugann Caoimhe léargas ansin ar na coláistí samhraidh i nGaeltacht Thír Chonaill chomh maith le heolas breise ar na Gaeltachtaí eile agus ar an scrúdú TGMO.

Ag labhairt dó ag an ócáid seolta, dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge “Is iontach na rud é go bhfuil áis teagasc ar ardchaighdeán mar seo ar fáil do scoileanna an tuaiscirt agus is cinnte go mbeidh tionchar dearfach ag Gabh le Gaeilge ar líon na ndaoine a thabharfaidh faoin nGaeilge don TGMO amach anseo”.

Chun cóip den DVD Gabh le Gaeilge a ordú, déan teagmháil linn ag gabhlegaeilge@gaelport.com.

Gairmeacha Beatha le Gaeilge á phlé ag daltaí i Halla na Saoirse

Samhain 16, 2010

Ag leanúint le camchuairt Bhuntáiste Breise na Gaeilge, reáchtáladh ócáid Déardaoin, 04 Samhain i Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath.

Bhailigh os cionn ceithre chéad scoláire ó ranganna sinsearacha mheánscoileanna Co. Átha Cliath le chéile do sheimineár ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ a bhí á eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. I measc na n-aoichainteoirí a thug píosa cainte le linn an tseimineáir,  bhí Eoghan Mac Diarmada fear a bhíonn le feiceáil ar Pop4 ar TG4 agus  a bhíonn le cloisteáil  ar Spin 1038.

Rinne láithreoir spóirt RTÉ, Evanne Ní Chuilinn,  ó Cill Chainnigh ó dhúchas, cur síos ar a cuid taithí féin agus na deiseanna breise ar thapaigh sí sna meáin chraolta ó tharla go raibh sí dátheangach.

Labhair Anna Davitt, Stiúrthóir Chomhar na Múinteoirí Gaeilge, faoina taithí féin agus í ag obair le heagraíochtaí agus le múinteoirí atá ag cur na Gaeilge chun cinn laistigh den chóras oideachais D’éirigh léi saol gairmiúil dúshlánach spéisiúil a bhaint amach di féin de bharr an phaisin agus na spéise atá aici sa teanga, dar léi.

Thug Colm Mac an Iomaire, fidléir den scoth a bhíonn le feiceáil ar stáitse le The Frames agus The Swell Seasaon léargas spéisiúil ar an tábhacht a bhaineann leis an teanga, ní hamháin i dtaca le deiseanna fostaíochta ach freisin i dtaca leis an saibhreas a thagann le sealbhú na teanga, mar  uirlis aitheantais d’Éireannaigh.

Thug Doireann Ní Chorragáin iar-aisteoir de chuid Fair City agus Ros na Rún an-léargas ar an mbealach a d’imigh an Ghaeilge chun tairbhe dí féin ina gairm agus na doirse a d’oscail an teanga di agus í i mbun athghuthaithe agus ag scríobh drámaí do TG4.

Mar chuid den seimineár cuireadh fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí, rud a spreag díospóireacht spleodrach i Halla na Saoire.

Chuir na daltaí ceisteanna maidir le: todhchaí na teanga; conas an Ghaeilge a shealbhú agus a spreagadh sna scoileanna; cén bealach tabhairt faoi chúrsaí aistriúcháin; caighdeán na Gaeilge sna scoileanna; agus na deiseanna éagsúla ata ar fáil chun Gaeilge a úsáid thar lear.  

Go dtí seo, tá seimineáir reáchtáilte ag an gComhdháil i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh, i gCaisleán an Bharraigh, i mBéal Feirste agus i Leitir Ceanainn le breis is dhá bhliain anuas.

Bhí ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastán eolais, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.

Beidh a macasamhail de sheimineár á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge sa Tulach Mhór  amárach, an 18 Samhain,  áit a bhfuiltear ag súil le slua mór de dhaltaí scoile ó lár tíre.

I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid sin beidh an t-iriseoir le TG4 agus RTÉ Irene Ní Nualláin as An Muilleann gCearr, chomh maith le réalts spóirt de chuid fhoireann iománaíochta Thiobraid Árann, Darragh Egan, fear óg atá ina mhúinteoir scoile i Scoil Náisiúnta na Carraige san Aonach i gCo. Thiobraid Árann.

Pléifidh Susan Folan, ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, cúrsaí ateangaireachta, agus na deiseanna idirnáisiúnta a ghabhann leis an ngairm nua-aimseartha seo.  

Ag labhairt freisin,  beidh an láithreoir Spóirt le RTÉ Evanne Ní Chuilinn.  Labhróidh Bríd Ní Chofaigh atá ina hOifigeach Forbartha Pobail le Comharchumann Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí ar a cuid taithí féin agus úsáid na Gaeilge sa phobal.

Forbairtí sa Ghaeloideachas le plé ag seimineár uile-oileáin

Samhain 16, 2010

Tá an Coiste Seasta Thuaidh/Theas ar Ghaeloideachas ag eagrú seimineár lae ar thaighde san Ostán The Clarion,  Aerfort Átha Cliath ar an 6 Nollaig 2010.

Tá cuireadh á thabhairt ag an gcoiste do dhaoine a bhfuil taighde déanta acu ar ghné ar bith den ghaeloideachas, a bhfuil taighde idir lámha acu, nó a bhfuil rún acu taighde a dhéanamh, sin a chur i láthair lucht an tseimineáir.

Ag brath ar líon na ndaoine a iarrann cur i láthair a dhéanamh, beidh seisiúin ghairide idir 15 agus 30 nóiméad ann le cur i láthair a dhéanamh.
Bunaíodh An Coiste Seasta Thuaidh/Theas ar Ghaeloideachas i mBealtaine 2009  agus tá an coiste tar éis teacht le chéile trí huaire ó shin.

Tá ballraíocht ag  ionadaithe ó raon leathan d’eagraíochtaí gaelscolaíochta agus gaeloideachais thuaidh agus theas araon ar an choiste.
Is é fócas an choiste torthaí dearfacha a bhaint amach do dhaoine óga, do thuismitheoirí agus do pháirtithe leasmhara Gaelscolaíochta trí bheith ag roinnt eolais agus ag sainaithint achair chomhroinnte agus achair chomhoibrithe thrasteorann.  

Tá sé i gceist ag an Choiste Seasta deis a chur ar fáil do lucht déanta taighde ar an ghaeloideachas eolas a mhalartú ar thaighde ar an ghaeloideachas ar fud an oileáin agus níos faide i gcéin.

Is mian leis an choiste deis a chur ar fáil do lucht riartha agus do lucht soláthair an ghaeloideachais eolas a fháil ar thaighde le gur féidir leis sin cuidiú leo i gcur i gcrích a gcuid oibre.

Le cois lucht taighde, tá súil ag an choiste go mbeidh suim sa seimineár seo ag príomhoidí agus ag príomhstiúrthóirí réamhscolaíochta, ag oiliúnóirí oideachais agus ag lucht riartha an oideachais agus na Gaeilge.

Más mian leat cur i láthair a dhéanamh nó más maith leat freastal ar an seimineár déan teagmháil le snichoinn@comhairle.org go luath.

Seimineár Lae do dhaltaí na hArdteistiméireachta

Samhain 15, 2010

Is éard a bheidh sa Seimineár sraith de chainteanna ar litríocht na Nua-Ghaeilge a dhíreoidh ar chúrsa onóracha na hArdteistiméireachta 2010/11 agus pléifear míreanna áirithe den chúrsa sin lena linn. Tá clár an lae le fáil ag an nasc seo.

Caithfear na foirmeacha iarratais a chur sa phost roimh an Luan 15  Samhain 2010.  Ós rud é go bhfuil teorainn chinnte le líon na mac léinn ar féidir linn freastal orthu tabharfar tús áite do na hiarratais is túisce a thagann isteach.

Tá costas €10 in aghaidh an mhic léinn ar an Seimineár Lae. Is féidir clár imeachtaí an lae mar aon le foirm iarratais ach teagmháil a dhéanamh le  Stiúrthóir an tSeimineáir Lae eimhear.nidhuinn@ucd.ie.

Ní cheadófar d’aon ghrúpa mac léinn bheith i láthair ag an Seimineár gan múinteoir amháin ar a laghad a bheith ina dteannta i gcaitheamh an ama.  Ní ghearrfar aon táille ar mhúinteoirí.

Tá an Seimineár Lae seo á reáchtáil ag ábhar na Nua-Ghaeilge i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar an Aoine, 10 Nollaig 2010.

35 páiste nua ag clárú i scoil gan aitheantas, Gaelscoil Ráth Tó

Samhain 8, 2010

Chláraigh 35 páiste nua le tosú i nGaelscoil Ráth Tó i Meán Fómhair 2011 ag cruinniú cur in aithne sa scoil Déardaoin, 02 Samhain 2010, in ainneoin go bhfuil an scoil fós ag fanacht le haitheantas oifigiúil a fháil ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

Tháinig tuistí agus páistí ar cuairt chuig Gaelscoil Ráth Tó chun bualadh leis an bpríomhoide Tricia Ní Mhaolagáin agus chun eolas a fháil faoin scoil.

Fógróidh An Roinn Oideachais agus Scileanna liosta ceantracha ina mbeidh scoileanna nua á mbunú go luath; tá muintir Ráth Tó ag súil go mbeidh siad ar an liosta sin agus go mbronnfar aitheantas ar Ghaelscoil Rath Tó, a d’oscail gan aitheantas ná tacaíocht stáit i Meán Fómhair na bliana seo.

Léiríonn an slua a d’fhreastail ar an gcruinniú agus an t-éileamh leanúnach ó theaghlaigh d’oideachas lánGhaeilge i Rath Tó go bhfuil géarghá freastal ar mhianta thuismitheoirí an cheantair trí aitheantas a thabhairt do Ghaelscoil Ráth Tó láithreach.

Dúirt Tricia Ní Mhaolagáin, Príomhoide Ghaelscoil Ráth Tó: “Chaill fiche páistí a bhí ar liosta na scoile an deis oideachas lánGhaeilge a bheith acu toisc nár ceadaíodh Gaelscoil Ráth Tó i mbliana.

“An bhfuil glúin eile de pháistí Ráth Tó chun an deis sin a chailliúint arís, nó bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna chun an rud cheart a dhéanamh agus tacú le Gaelscoil Ráth Tó trí aitheantas a thabhairt di?

Cláraigh do scoil do Bhuntáiste Breise na Gaeilge Uíbh Fhailí

Samhain 3, 2010

Ag leanúint le camchuairt Bhuntáiste Breise na Gaeilge, reáchtáiltear ócáid amárach i Halla na Saoirse, i mBaile Átha Cliath, agus ócáid ar an Tulach Mhór coicís ina dhiaidh sin, ar an 18 Samhain.  Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha in iar-bhunscoileanna ar fud na tíre.

Le linn na seimineár pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.  Go dtí seo, tá seimineáir reáchtáilte ag an gComhdháil i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh, i gCaisleán an Bharraigh, i mBéal Feirste, agus i Leitir Ceanainn.

Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí  i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.

I measc na n-aoichainteoirí a labhróidh amárach i mBaile Átha Cliath beidh láithreoir spóirt RTÉ, Evanne Ní Chuilinn, fear mór ceoil TG4 Eoghan Mac Diarmada, Stiúrthóir Chomhar na Múinteoirí Gaeilge, Anna Davitt, an réalta ceoil ón mbanna ‘The Frames’, Colm Mac an Iomaire, agus an aisteoir cáiliúil ó Fair City, Doireann Ní Chorragáin.

I measc na gcainteoirí a bheidh i láthair ar an Tulach Mhór, beidh iriseoir RTÉ/TG4, Irene Ní Nualláin, Oifigeach Forbartha le Comharchumann Ráth Chairn, Bríd Ní Chofaigh, láithreoir spóirt RTÉ, Evanne Ní Chuilinn, agus an múinteoir agus iománaí Thiobraid Árann, Darragh Egan.

Mar chuid den seimineár cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí, rud a spreagann díospóireacht spleodrach.  

Beidh ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastán eolais, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.

Tá na spásanna ar fad don seimineár i mBaile Átha Cliath líonta faoin am seo, ach tá roinnt spásanna ar fáil go fóill don seimineár ar an Tulach Mhór.  Má theastaíonn ó do scoil páirt a ghlacadh sa seimineár, bí i dteagmháil le Brígíd, ar 01 679 4780 / brighid@comhdhail.ie.

Cath na gclubanna scoile!

Deireadh Fómhair 29, 2010

Fógraíodh go hoifigiúil go bhfuil tús á chur le comórtas nua Gaeilge d’iar-bhunscoileanna ar bhonn uile-Éireann. Is comhfhiontar é an comórtas seo idir Glór na nGael agus Foinse, an nuachtán Gaeilge.

Iarrfar ar scoileanna Cumann Gaelach na Mac Léinn a bhunú agus beifear ag súil go n-eagródh an Cumann Gaelach sraith imeachtaí Gaeilge lasmuigh den seomra ranga i gcaitheamh na bliana.

Iarrfar ar gach scoil plean imeachtaí bliana a sheoladh chuig Glór na nGael, tráth a ndéanfar gearrliosta de na pleananna is fearr.  Ag fógairt dhuaischiste an chomórtais, chuir Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, in iúl,

“Déanfar moltóireacht ar na hiarratais is fearr agus bronnfar na duaiseanna seo a leanas ar na buaiteoirí;
Tabharfaidh Oifigeach na Mac Léinn, Aodhán Ó Dea cuairt timireachta ar na scoileanna a chláraíonn, chun an comórtas a mhíniú agus na daltaí a spreagadh.

Is cúis áthais do Foinse go mbeidh cur síos ar obair chumainn faoi leith le léamh in Foinse gach seachtain idir mí na Samhna agus mí an Mhárta.
Fógrófar buaiteoirí an chomórtais le linn Sheachtain na Gaeilge 2011.

Gach eolas faoi Chomórtas G! le fáil ó Aodhán 086-3102691 nó aodhan@glornangael.ie.

« Previous PageNext Page »