Méid an Téacs

Dianchúrsa Breise ag Forbairt Naíonraí Teo.

Aibreán 30, 2010

 

Beidh Forbairt Naíonraí Teoranta ag cur Dianchúrsa d’ábhar Stiúrthóirí Naíonraí ar fáil ag deireadh mhí Bealtaine 2010 i mBaile Átha Cliath.

 

Ó tharla an oiread sin éileamh ar an Dianchúrsa d’ábhar Stiúrthóirí Naíonraí i mbliana, beidh Forbairt Naíonraí Teo. ag cur Dianchúrsa eile ar fáil ar an 24-28 Bealtaine 2010, Luan go Aoine idir 9.00-5.00i.n.. Beidh an dianchúrsa ar siúl i lár na Cathrach i mBaile Átha Cliath. Is é seo an buncháilíocht atá ag teastáil ó FNT le feidhmiú mar Stiúrthóir Naíonra.

Beidh agallamh Gaeilge le déanamh acu siúd gur mhian leo freastal ar an Dianchúrsa seo chun caighdeán Gaeilge na hiarrthóirí a áireamh. Beidh na hagallaimh Gaeilge ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 11 agus 12 Bealtaine, 2010 in Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9.

 

Is bunchúrsa é seo, trí mheán na Gaeilge, i mbainistíocht agus reáchtáil Naíonraí d’ábhar Stiúrthóirí Naíonraí nó d’éinne le Gaeilge líofa a bhfuil spéis acu Gaeilge a úsáid le páistí óga. Is cúrsa éigeantach é d’éinne atá ag iarraidh naíonra a bhunú faoi Forbairt Naíonraí Teo. Faoi láthair tá 156 naíonraí cláraithe le Forbairt Naíonraí Teo agus tá os cionn 3,500 leanaí ag freastal ar sheirbhísí chúram leanaí trí Ghaeilge.

 

Dúirt Clíona Frost, Ard-Fheidhmeannach FNT,

“Tá an-áthas orm go bhfuil an borradh seo le feiceáil sna naíonraí Gaelacha. Léiríonn an tionchar atá ár naíonraí Gaelacha buanaithe á imirt sa phobal agus an nasc atá á chothú acu leis na gaelscoileanna fud fad na tíre, go bhfuil branda an Naíonra ag treisiú.”

 

Lean Frost,

“Is léir go bhfuil tuismitheoirí anois ag aithint buntáistí an Luath-Thumoideachais Iomlán agus iad ag roghnú réamhscolaíocht lán-Ghaeilge dá bpáistí.”

 

Tá Forbairt Naíonraí Teoranta ag obair go leanúnach leis na príomheagraíochtaí deonacha Gaeilge eile ar chur chun cinn na teanga agus ar chúram agus oideachas leanaí trí mheán na Gaeilge, ach go háirithe sa suíomh luath-thumoideachais.

Tuilleadh eolais:

Clíona Frost

eolas@naionrai.ie

01 853 5101

 

Nóta don Eagarthóir:

Is cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta, a thacaíonn le seirbhísí, cúram is oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliabháin ar aghaidh. Cuireann Forbairt Naíonraí Teoranta tacaíocht ar fáil chun na seirbhísí trí Ghaeilge seo thíos a bhunú, a bhuanú agus a riaradh: naíolanna, naíonraí, seirbhísí aois scoile, campaí samhraidh, agus grúpaí tuismitheoirí/caomhnóirí agus leanaí.

Gaelscoil Ráth Tó le hoscailt gan aitheantas ón Roinn Oideachais

Aibreán 29, 2010

D’fhógair coiste bunaithe Gaelscoil Ráth Tó go bhfuil an scoil le bunú gan aitheantas na Roinne Oideachais i Meán Fómhair 2010. Ag labhairt ar son an choiste, dúirt an cathaoirleach Anita Sheppard go bhfuil tuismitheoirí agus eagraíochtaí Gaeilge ag tacú leo le Gaelscoil Ráth Tó a oscailt. Na heagraíochtaí bainteach leis an bhfeachtas “Aitheantas” ná an Foras Pátrúnachta, Glór na nGael, Comhluadar, Conradh na Gaeilge agus Gaelscoileanna Teo.

“In ainneoin gur dhiúltaigh an Roinn Oideachas aitheantas a thabhairt don scoil, cé go bhfuil gá le háiteanna scoile nua i Ráth Tó, tá an cinneadh tógtha againn leanúint ar aghaidh leis an scoil a bhunú ar bhonn neamhoifigiúil, le tacaíocht fhlaithiúil na heagraíochtaí Gaeilge thuasluaite. Beimid ag cur an-bhrú ar an Roinn aitheantas a thabhairt don scoil seo. Táimid ag obair le daoine sna heagraíochtaí thuasluaite a bhfuil rí-thaithí acu ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú agus a bhainistiú agus tá muid ar fad cinnte go mbainfidh an scoil aitheantas amach ón Roinn amach anseo,” a dúirt Anita Sheppard.

“Tá sé feicthe againn go bhfuil an-éileamh ar an scoil seo i Ráth Tó, ach diúltaíonn an Roinn idirdhealú a dhéanamh idir scoileanna nua ar bhonn teanga teagaisc na scoile. Ciallaíonn seo go bhfuil neamhaird á dhéanamh ag an Roinn ar cearta teanga na dtuismitheoirí agus a bpáistí agus creideann gach éinne bainteach leis an bhfeachtas seo nach féidir leanúint ar aghaidh sa staid seo. Ní hamháin go bhfuil aitheantas á lorg againn do Ghaelscoil Ráth Tó, ach táimid ag iarraidh go n athrófar critéir na Roinne i leith scoileanna nua a aithint, mar tá scoileanna lán-Ghaeilge nua faoi mhíbhuntáiste leis an gcóras atá ann faoi láthair. De dheasca seo, níor bunaíodh aon ghaelscoil nua ó 2008 agus ní léir ón Roinn go mbeidh aon athrú ar an staid seo,” a lean sí.

“Is ceist náisiúnta chomh maith le ceist áitiúil í seo mar go mbaineann sé le gluaiseacht na gaelscolaíochta i gcoitinne, ceann de na hearnálacha oideachais is mó fáis in Éirinn. Ba mhian linn go mbeadh cur chuige níos cothroma ag an Roinn maidir le scoileanna a bhunú a mhúinfeadh trí céad teanga oifigiúil an Stáit, dé réir Airteagal 8 i mBunreacht na hÉireann.

jockeys-help-launch-gael-scoil-ratoath-1

Gaelscoil Ráth Tó

Aibreán 29, 2010

Ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge le déanaí cuireadh na rialacha seasta ar leath taobh le plé a dhéanamh ar rún práinne faoin ngaelscoil nua atá beartaithe do Ráth Tó i gContae na Mí.

Bhí an rún mollta faoi ainm na hiarUachtaráin ar fad a bhí i láthair agus glacadh d’aon ghuth leis, ag iarraidh ar an Roinn Oideachais aitheantas a thabhairt don Ghaelscoil nua, rud atá diúltaithe acu go dtí seo. Go deimhin tá diúltaithe ag an Roinn Oideachais aitheantas a thabhairt d’aon ghaelscoil nua le dhá bhliain anuas.

Ag labhairt ag an Ard Fheis thug Seán Ó Buachalla, duine de bhunaitheoirí Ghaelscoil Ráth Tó, eolais do na teachtaí faoin ngaelscoil atá le bunú ansin mí i mí Mheán Fómhair seo chugainn gan aitheantas na Roinne Oideachais. Dúirt sé go raibh na coinníollacha ar fad a bhain le haitheantas a fháil do scoil nua comhlíonta acu san iarratas a rinne siad ach fós féin gur dhiúltaigh an Roinn an scoil a cheadú.

Chinn Ard Fheis Chonradh na Gaeilge tacaíocht a chur ar fáil do Ghaelscoil Ráth Tó agus mar chéad chéim sa tacaíocht sin bailíodh breis agus míle euro don scoil nua ag an Ard Fheis.

Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
29 Aibreán 2010

Eagrais Ghaeilge ar lorg aitheantais do Ghaelscoil Ráth Tó

Aibreán 28, 2010

TÁ comhghuaillíocht nua oideachais, Aitheantas, bunaithe ag cúig eagraíocht Ghaeilge – Conradh na Gaeilge; Glór na nGael; Comhluadar; An Foras Pátrúnachta agus Gaelscoileanna – agus é mar chuspóir acu tacaíocht a chur ar fáil do Ghaelscoil Ráth Tó, Co na Mí. Rachaidh daltaí na gaelscoile nua i mbun ranga Meán Fómhair na bliana seo gan aitheantas oifigiúil Stáit acu.

Dúirt urlabhraí thar ceann Aitheantas, Feargal Ó Cuilinn, leis an cholún seo go raibh pobal an cheantair “díomách” nach raibh aitheantas oifigiúil ag an scoil. Ba í an cheist a bhí pobal na háite ag cur, a dúirt Ó Cuilinn: “Táimid ann. Táimid réidh. Cén fáth nach bhfuil gaelscoil oscailte?”

Bhí 35 páiste cláraithe agus léirigh staitisticí an Roinn Oideachais féin go raibh gá le scoil nua sa cheantar. Bhí na gaelscoileanna eile sa chontae “lán go doras” agus ní raibh spás iontu.

Tháinig fás as cuimse ar phobal an cheantair le blianta beaga anuas, a dúirt sé. Bhí tuairim is 800 duine ina gcónaí ar Ráth Tó tamall de bhlianta ó shin ach bhí idir 3,000 agus 4,000 duine anois ann.

Bhí tacaíocht an phobail leis an scoil; bhí suíomh acu; bhí an obair déanta agus éileamh ar oideachas trí mheán na Gaeilge.

Bhí rún ag na tuismitheoirí an scoil a oscailt, múinteoir a fhostú agus cloí leis an churaclam. Leanfadh siad leis an obair go dtí go bhfaigheadh siad aitheantas oifigiúil, a dúirt sé.

Faoi na tuismitheoirí a bhí sé anois tuarastal an phríomhoide a fháil, “gach pingin a bhailiú leis an scoil a choinneáil ar oscailt go ceann bliana” agus gach costas a bhain le riar na scoile a ghlanadh, a dúirt Ó Cuilinn.

Dúirt sé go bhfacthas don ghrúpa nach raibh an Ghaeilge “ar chlár oibre na Roinne”; ní raibh tacaíocht le fáil ón Roinn ach a mhalairt.

Ba é cuspóir an fheachtais nua tacaíocht airgid a fháil agus ceist na scoile a chur ar an chlár polaitiúil. Bhí cruinniú ag an ghrúpa cheana féin le hAire na Gaeltachta, Pat Carey; bhí siad ar lorg cruinnithe leis an Aire Oideachais, Mary Coughlan, agus bhí tacaíocht traspháirtí ag an scoil i measc polaiteoirí go háitiúil.

Bhí Comhairle Contae na Mí le rún tacaíochta ar son na scoile a rith ag tús na Bealtaine.

Dúirt ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, gur “ceist náisiúnta agus áitiúil” a bhí i gceist leis an diúltú; níor osclaíodh gaelscoil nua sa Stát ón bhliain 2008 agus bhí an chosúlacht ar chúrsaí nach raibh an Roinn Oideachais “sásta an Ghaeilge a aithint mar chuid den mheasúnú ar sholáthar oideachais”.

Rinne an colún seo teagmháil le Roinn an Oideachais faoi chás Ghaelscoil Ráth Tó. Agus muid ag dul i gcló, níor tháinig freagra ar bith uathu. Cuirfear i gcló é a luaithe agus a thiocfaidh sé.

PÓL Ó MUIRÍ Eagarthóir Gaeilge, Irish Times

Feachtas nua chun tacú le Gaelscoil Ráth Tó

Aibreán 26, 2010

Tá fógartha ag cúig eagraíocht Gaeilge go bhfuil siad ag teacht le chéile i comhfhiontar chun tacú le Gaelscoil nuabhunaithe. D’fhógair Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhluadar, An Foras Pátrúnchta agus Gaelscoileanna  Teo. go bhfuil siad siad aontaithe ar thacaíocht a sholáthar do Choiste bunaithe Gaelscoil Ráth Tó.

Beidh an feachtas seo, ‘Aitheantas’ ag obair lámh i lámh lena chinntiú go n-aithneofar Gaelscoil Ráth Tó agus  go n-úsáidfidh an Roinn Oideachas agus Eolaíochta soláthar an ghaeloideachas mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua.

Dhúiltigh an Roinn Oideachas agus Scileanna aitheantas a bhronnadh ar an scoil i mbliana cé go bhfuil sé ráite ag an Roinn go bhfuil gá le soláthar oideachas breise ar an mbaile.
Tá an Roinn ag déanamh neamhard ar mianta tuismitheoirí Ráth Tó agus neamhard ar an t-éileamh d’oideachas lánGhaeilge.

Ag labhairt faoin bhfeachtas seo dúirt Lorcán Mac Gabhann, Glór na nGael gur “cheist náisiúnta agus áitiúl an dúiltú seo. Níor osclóidh Gaelscoil nua ó 2008. Tá an cuma ar an scéal nach bhfuil an Roinn sásta an Ghaeilge a aithint mar chuid den mheasúnú ar soláthar oideachas.”

D’fháiltigh Cathaoirleach an Choiste Bunaithe, Seán Ó Buachalla, roimh an tacaíocht ag rá “ tá an-obair romhainn ag chinntiú go mbeidh gaelscolaíocht ar fáil do phobal Ráth Tó agus thug seasamh pobal na Gaeilge  spreagadh ollmhór do na tuismitheoirí.”

Tá sé beartaithe ag na heagraíochtaí gach tacaíocht a thabhairt do phobal Ráth Tó agus iad ag troid ar son cearta tuismitheoirí; freastal mar ba choir a fháil ón Roinn.

Osclóidh Gaelscoil Ráth Tó, gan aitheantas, ar 1 Meán Fómhair i CLG Ráth Tó, Páirc Seán Eiffe, Ráth Tó, Co. na Mí.

Concern over ‘literature-lite’ Irish syllabus

Aibreán 26, 2010

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Cruth Úr ar Láithreán Gréasáin Gaelscoileanna

Aibreán 21, 2010

Tá suíomh nua  forbartha ag GAELSCOILEANNA TEO. agus tá le leagan amach úr agus eolas ar www.gaelscoileanna.ie   ar gach gné d’obair na heagraíochta. Tá súil ag an eagraíocht go gcabhróidh an leagan amach nua atá le daoine eolas maidir leis an ngaelscolaíocht agus acmhainní a bhaineann lái a aimsiú go héasca.

I measc na n-áiseanna ar an suíomh nua tá liosta na scoileanna agus sonraí teagmhála dóibh, tá nuachtlitir leictreonach na heagraíochta agus cartlann de na heagráin a foilsíodh cheana, tá eolas maidir le Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo. agus comhairle maidir le feachtasaíocht agus scoileanna nua a bhunú.

Tá go leor le híoslódáil ón suíomh chomh maith: léachtaí, cur i láthair, ábhar oiliúna do Bhoird Bhainistíochta, foilseacháin agus eile.

Tá an DVD a eisíodh i gcomhpháirt le Comhairle na Gaelscolaíochta a thugann an-chuid eolais ar an gcóras gaelscolaíochta le feiceáil ar an bpríomhleathanach, agus tá grianghraif agus físeáin le feiceáil ann ó na himeachtaí éagsúla a nglacann pobal na gaelscolaíochta páirt iontu. Tá tuairiscí le léamh chomh maith ó scoileanna a ghlac páirt sa scéim deontais Imeachtaí Idirscoile.

Tá súil ag Gaelscoileanna Teo. go mbeidh an suíomh níos idirghníomhaí fós amach anseo nuair a fhorbrófar foirmeacha ar líne do sheirbhísí na heagraíochta, agus beidh siad ag cur leis go leanúnach.

Cuirtear fáilte roimh aiseolas faoin suíomh; is féidir ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie le do thuairimí a chur in iúl dóibh.