Méid an Téacs

4,300 pupils took oral Irish despite ban

Meán Fómhair 14, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Ranganna Gaelchultúr

Meán Fómhair 13, 2011

Beidh Gaelchultúr ag cur tús lena ranganna Gaeilge oíche do dhaoine fásta an tseachtain seo chugainn (19–22 Meán Fómhair 2011). Beidh ranganna ar siúl i mBaile Átha Cliath, Béal Feirste, Corcaigh, Ceatharlach, Dún Dealgan, Luimneach, Nás na Ríogh, Sligeach agus sa Mhuileann gCearr. Tá líon beag spásanna fós ar fáil. Tabhair cuairt ar www.gaelchultur.com chun na cúrsaí agus na hionaid uile a fheiceáil agus chun cúrsa a chur in áirithe.

Eolas/Information: www.gaelchultur.com | eolas@gaelchultur.com | (01) 484 5220 | 1890 252 900

Pacáiste nua POBAL dírithe ar pháistí

Meán Fómhair 9, 2011

Tá pacáiste do pháistí curtha le chéile ag an eagraíocht Gaeilge, POBAL, bunaithe ar an taispeántas ‘Súil Charad’ atá bunaithe ar fhoilseacháin i nGaeilge le breis is 200 bliain.

D’oscail POBAL ‘Súil Charad’ ceithre mhí ó shin agus tá sé i ndiaidh bogadh timpeall leabharlanna Bhéal Feirste. Bhog sé go Leabharlann na Carraige Báine ar an 2 Meán Fómhair agus beidh sé ann go dtí an 7 Deireadh Fómhair. Tá Séimí Mac Aindreasa, Oifigeach Forbartha le POBAL, ag súil go mbeidh an-chuid suime ag na scoileanna sa taispeántas agus go gcabhróidh an pacáiste leo.

“Chonaic muid deis chun scéal na bhfoilseachán seo a thabhairt chuig páistí óga agus daltaí na nGaelscoileanna, mar seo cuid de scéal agus cúlra s’acu féin,” a deir Séimí. Tá ceisteanna, crosfhocail, tomhais agus cluichí sa phacáiste ionas go mbeidh na páistí ag foghlaim i mbealach taitneamhach. Lá iomlán a bheidh i gceist do pháistí i nGaelscoileanna agus na páistí is óige sna Gaelcholáistí. Beidh sé úsáideach do pháistí sna scoileanna Béarla freisin atá ag foghlaim Gaeilge. Tá an t-eolas ar fad sna seastáin, sa leabhrán agus sa phacáiste dátheangach, agus tá fáilte roimh chách teacht lena fheiceáil. Níl aon chostas ag baint leis do na scoileanna.

Beidh ‘Súil Charad’ le feiceáil mar chuid de lá mór na Gaeilge, Cearta agus Ceiliúradh, in Aonach Naomh Seoirse, ar an 9 Deireadh Fómhair, agus ansin i Leabharlann an Iúir ar feadh an chuid eile de mhí Dheireadh Fómhair.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó 02890 438132 nó oforbartha2@pobal.org

09 Meán Fómhair 2011

www.gaelsceal.ie

Seoladh leabhráin nua An Traein

Meán Fómhair 9, 2011

Ba mhór ag Forbairt Naíonraí Teo. agus Gaelscoileanna Teo. tú a bheith i láthair nuair a sheolfar leabhrán nua faoin aistriú ón Naíonra go dtí an bhunscoil lán-Ghaeilge.

Céard?

Seoladh leabhráin nua An Traein: eolas agus moltaí faoin aistriú ón Naíonra go dtí an bhunscoil leis an
Dr. Máire Mhic Mhathúna

Cathain?

Dé Máirt, 20 Meán Fómhair 2011

Cén t-am?

3.00i.n.

Cá háit?

Halla Fhoras na Gaeilge
7 Cearnóg Mhuirfean
B.Á.C. 2

R.S.V.P. chuig clar@naionrai.ie roimh Déardaoin, 15 Meán Fómhair 2011

Ciorcal Comhrá Iarscoile i gCeatharlach

Meán Fómhair 8, 2011

Tá an-áthas ar Glór Cheatharlach a fhógairt go mbunófar Ciorcal Comhrá Iarscoile do mhicléinn na hArdteistiméireachta i gCeatharlach an fómhar seo.

Díreoidh an ciorcal ar mhic léinn atá ag lorg deiseanna breise chun Gaeilge a labhairt go neamhfhoirmiúil lasmuigh den seomra ranga. Ar ndóigh cuirfidh micléinn fáilte roimh gach deis agus iad ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge go háirithe i rith na scoilbhliana seo agus méadú mór go daichead fán gcéad de mharcanna an ábhair i scrúdú na hArdteistiméireachta le dul don bhéaltriail.

Beidh an Ciorcal Comhrá ar siúl in Ionad Phobail Darach Úir gach Luan ó 4.30 go 5.30i.n. le tosú ar 19 Meán Fómhair. Leanfaidh an ciorcal ar feadh sé seachtainí ó 19 Meán Fómhair go 24 Deireadh Fómhair. An táille don tréimhse ná €15. Ní foláir áiteanna a chur in áirithe agus tabharfar tús áite don chéad fiche iarratas. Chun clárú is féidir dul i dteagmháil le Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach ar eolas@glorcheatharlach.ie nó glaoch a chur ar  085 1340047.

08 Meán Fómhair

www.carlow-nationalist.ie

Gaeilge éigeandála ar fáil do thuismitheoirí agus d’fheighlithe

Meán Fómhair 7, 2011

PÓL Ó MUIRÍ, Eagarthóir Gaeilge

Á, FAOISEAMH. Is tuismitheoir tú agus tá do chuid páistí ar ais ar scoil. Buíochas do Dhia, a deir tú. Ach fan. Is tuismitheoir tú a bhfuil páiste ar ghaelscoil agat.

Níl do chuid oibre ach ina tús. Caithfidh tú cúpla focal a labhairt leis an leanbh agus níl mórán Gaeilge agat nó b’fhéidir nach bhfuil mórán Gaeilge ag an fheighlí linbh agus tusa ar shiúl chun na hoifige gach lá, ag saothrú leat.

Ná bíodh imní ort. Tá Forbairt Naíonraí Teoranta (www.naionrai.ie) i ndiaidh leagan nua den leabhrán – BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí – a fhoilsiú. Tá caibidlí gairide ann ar cheisteanna a chur, bheannachtaí, rabhaidh, am codlata, chúrsaí leighis agus ar thurais.

Agus ó tharla gur fhógair an t-eagras inné gur osclaíodh 25 naíonra nua i mbliana; ardú ar 17 anuraidh agus ar 5 cinn arú anuraidh, shílfeá go mbeadh go leor léitheoirí nua ann don leabhrán.

Tá na habairtí ar fad breá simplí – “Ar mhaith leat dul amach sa ghairdín?”; “Ar chodail tú go maith?”; “Ar nigh tú d’aghaidh” – agus is beag duine ar bheagán Gaeilge nach mbeadh ábalta iad a úsáid. Le cois na n-abairtí Gaeilge, tá leagan Béarla leo.

Agus ná ceaptar nach bhfuil focal nó dhó nua le fáil agat, fiú sa chás go bhfuil Gaeilge agat. Ní raibh a fhios agam féin gurb ionann “folach bíog” agus “hide and seek” ach sin an donas céim sa Léann Ceilteach a bhaint amach agus ní céim sa Léann Linbh!

Tá ceithre dhlúthdhiosca leis an leabhar agus an t-ábhar le fáil i gcanúint Chúige Uladh, Chúige Chonnacht, Chúige Mumhan agus sa Chanúint Chaighdeánach – canúint do dhaoine, is dócha, a bhfuil cónaí orthu in Dublin 4 agus a bhfuil eagla orthu go rachaidh a gcuid páistí ag caint faoi mhóin agus iascaireacht agus ní faoi sciartha bainc agus stocmhargaí na hEorpa.

(Ar cheart do lucht na Gaeilge a rá le lucht an Bhéarla atá in éadan chúrsaí aistriúcháin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil an t-ádh orthu gur aistriúchán amháin a shásaíonn lucht na Gaeilge faoin reachtaíocht?)

Mar thuismitheoir le páistí óga, mheas mé go mbeadh an leabhrán ina chuidiú ag foghlaimeoir ar bith ach tá bearnaí ann.

Bíodh is go bhfuil caibidil ar bheannachtaí ann, níl ceann ar mhallachtaí le feiceáil.

Is beag duine againn a thugann faoi ruathar na scoile nach sceitheann an droch-chaint as, anois agus arís, agus tuismitheoirí eile ag páirceáil (go holc) os comhair gheataí na scoile nó ag tiomáint gan aire cheart agat ar charranna eile.

Mholfainn go láidir cúpla mallacht bhreá Ghaelach a chur sa chéad eagrán eile: “Damnú ort! Tugann tú tiománaí ort féin ach is mó ciall atá ag mo leanbh beag féin i mbun a lego ná tusa sa Lexus sin!”

Mholfainn fosta cúpla abairt éigeandála a chur ar fáil do thuismitheoirí mar ábhar rúnda acu féin ionas go mbeadh siad ábalta labhairt ar an ghuthán, cód nach mbeadh ag na páistí óga soineanta: “Dúirt an polaiteoir go mbeadh sé sa Dáil ag a sé. Tá an polaiteoir mall. Mura dtagann an polaiteoir go luath, íosfaidh an madra a dhinnéar. Agus má fhaigheann an taoiseach amach go raibh an polaiteoir ag plé leis an choiste gailf, ní fada go mbeidh an polaiteoir as oifig!”

Irish Times

Cumann na bhFiann

Meán Fómhair 7, 2011

Eagraíonn Cumann na bhFiann clubanna óige go seachtainiúil ar fud na tíre, a thugann deis do dhaltaí a gcuid Gaeilge labharta a chleachtadh agus a fhorbairt.

Is iad na buntáistí a bhaineann leis seo ná go mbíonn an teanga in úsáid i measc na ndaltaí i rith réimse leathan d’imeachtaí, agus dá réir tuigeann siad níos fearr an tábhacht atá leis an teanga dár bhféiniúlacht.

Chomh maith leis an gclub óige, eagraíonn Cumann na bhFiann go leor imeachtaí bliantúla náisiúnta, ar nós ceolchoirmeacha, dioscó, deireadh seachtainí as baile, srl. Tá tuilleadh eolais ar na himeachtaí seo ar fáil sa Chumann.

Tá liosta de na Clubanna ar fad atá ar siúl i mbliana thíos. Muna bhfuil Cumann in aice leat, nó má tá ceist ar bith agat faoin seirbhís, ní gá ach teagmháil a dhéanamh liom ag traic@cnb.ie, nó 087 6993439, nó uimhir an duine atá in aice ainm an Cumann is giorra duit ar an liosta.

Cumann na bhFiann 2011-2012

Tionscadal Tumoideachais i nGaeltacht Dhún na nGall

Meán Fómhair 6, 2011

Tá trí bhunscoil Gaeltachta i nDún na nGall tar éis tabhairt faoi thionscadal tumoideachais nua le go mbeadh an Ghaeilge amháin le cloisteáil i ranganna na naíonán sóisearach.

Ciallaíonn sé sin nach mbeidh Scoil Rann na Feirste, Scoil Dhoire Chonaire agus Scoil Chaiseal na gCorr ag tosú ar theagasc an Bhéarla go dtí na naíonáin shinsearacha.

Deir Éamonn Mac Niallais, urlabhraí ar son Ghuth na Gaeltachta go bhfuil an polasaí seo chun leas na Gaeilge sa Ghaeltacht  agus go mbíonn “torthaí foghlama níos airde á mbaint amach ag na daltaí sa dá theanga dá bharr”.

“Tá sé fíorthábhachtach dúinn mar phobal Gaeltachta na céimeanna dearfacha seo a ghlacadh le léiriú go bhfuilimid dáiríre faoi thodhchaí na teanga a chinntiú, a deir sé.

D’eagraigh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus COGG seimineár do lucht teagaisc na scoileanna Gaeltachta san Earrach ar an ábhar seo.  Chomh maith leis sin, d’eagraigh siad seisiúin eolais do na Boird Bhainistíochta agus cúrsa traenála do mhúinteoirí ar fhoghraíocht na Gaeilge.

Táthar ag súil go gcuirfidh seacht mbunscoil eile atá lonnaithe i gcroílár na Gaeltachta i nDún na nGall an beartas céanna i bhfeidhm go luath.

“Tá géarchéim ann ó thaobh úsáid na Gaeilge i measc aos óg na Gaeltachta,  ní réiteach na faidhbe ann féin atá sa tumoideachas ach is cinnte gur cuid den réiteach é”, a deir Mac Niallais.

©Foilsithe ar Gaelport.com 06 Meán Fómhair 2011

An Ghaeilge faoi chaibidil i gCorcaigh

Meán Fómhair 6, 2011

Ar cheann de phríomhspriocanna na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge tá líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a mhéadú go dtí 250,000, ach cé mhéad díobh siúd a bheidh lonnaithe i gCathair Chorcaí?

Déanfaidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge seimineár poiblí i gCathair na Reibiliúnach a reáchtáil i dtreo dheireadh na míosa, chun pobal na cathrach a chur ar an eolas faoi spriocanna na Straitéise, agus chun plean gnímh a chur le chéile i gcomhar le muintir na háite, chun na spriocanna sin a bhaint amach.

“An Ghaeilge i do Cheantar: Do Theanga, Do Phobal, Do Rogha” an teideal atá ar an tsraith seimineár seo, agus is ar 28 Meán Fómhair 2011, a reáchtálfar an chéad seimineár sa tsraith, i nGaelcholáiste Choilm i mBaile an Chollaigh ó 6.30pm-9pm.

Labhróidh aoichainteoir áitiúil, ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, faoin dea-chleachtas pleanála teanga i gceantar uirbeach, agus tabharfaidh ionadaí ón  Roinn Ealaíon, Oidhreachta, agus Gnóthaí Gaeltachta léargas ar na riachtanais pleanála teanga sa cheantar áitiúil, mar a shonraítear iad faoin Straitéis.

Pléifidh Liam Ó Rinn, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta na Gaeilge de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael (CLG), agus Jerry Ahern, Cathaoirleach Chraobh Niall Uí Chathasaigh de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ), na bealaí ar féidir leis an CLG agus CCÉ an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar.

Mar aon leis na haoichainteoirí thuas, beidh ionadaithe ón gComhairle Cathrach agus ón gComhairle Contae, chomh maith le hionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge atá an-ghníomhach sa cheantar ar nós Gael-Taca agus Cumann na bhFiann ag tabhairt léargais faoina gcláir oibre féin ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge i gCathair agus i gContae Chorcaí sna blianta romhainn.  Tabharfar léargas ar na tionscadail atá á bhforbairt cheana féin chun cabhrú i dtreo ghealltanais na Straitéise a chomhlíonadh.

Ag caint faoin seimineár, deir Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Is í aidhm an tseimineáir phoiblí ná eolas faoi dheiseanna cur chun cinn na Gaeilge faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ar bhonn comhtháite a scaipeadh ar mhuintir an cheantair d’fhonn gréasáin Gaeltachta láidre a bhunú agus a fhorbairt”.

Ionas go mbainfear spriocanna na Straitéise amach, is cinnte gur gá go leor daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge.  Cuirfear fáilte roimh chách chuig an seimineár seo, más duine thú gan oiread is focal Gaeilge, nó más duine thú a raibh
Gaeilge agat ar scoil, nó gur mhaith leat Gaeilge a mhúineadh do do chlann, cuirfear fearadh na fáilte roimh gach uile duine chuig an seimineár, agus reáchtálfar an seimineár go hiomlán dátheangach chun an freastal is fearr a dhéanamh ar líon is mó daoine.

Tá cead isteach chuig an seimineár saor in aisce, ach iarrtar ar dhaoine clárú roimh ré trí do chuid sonraí teagmhála a chur ar fáil do Chillian de Búrca, cillian@comhdhail.ie.

Reáchtálfar dhá sheimineár den chineál céanna i mí na Samhna freisin, i gcroílár Chathair Luimnigh in Óstán an Strand Dé Luain, 21 Samhain agus an tseachtain chéanna reáchtálfar seimineár in Óstán na Páirce i  nDún Garbhán, Co. Phort Láirge Dé Céadaoin 23 Samhain.

©Foilsithe ar Gaelport.com 06 Méan Fómhair 2011

Comhdháil ar Oideachas Gaeltachta

Meán Fómhair 6, 2011

Déanfaidh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta TEO (ESG) a gComhdháil Oideachais agus a gCruinniú Cinn Bhliana a reáchtáil ar Dé Sathairn 01 Deireadh Fómhair 2011 in Óstán an Ard Oileáin i nGaillimh.

Beidh scoth na n-aoichainteoirí i láthair chun plé a dhéanamh ar ábhair thábhachtacha a bhaineann leis an oideachas Gaeltachta.  I measc na gcainteanna a thabharfar ar an lá, pléifidh Deirbhile Nic Craith (INTO) na himpleachtaí fostaíochta a bhaineann le comhnascadh a dhéanamh idir scoileanna beaga.  Pléifidh Maolsheachlainn Ó Caollaí le ceist na Gaeilge san Ardteistiméireacht, agus beidh daltaí Gaeilge agus na scrúduithe stáit faoi chaibidil ag Muireann Ní Mhóráin, (COGG).

Déanfar plé freisin ar shainriachtanais oideachais, agus na saincheisteanna ar an ábhar seo, mar a bhaineann sé le scoileanna Gaeltachta.
Beidh toghchán á reáchtáil i rith an Chruinnithe Cinn Bhliana do Ghnáth Stiúrthóirí na heagraíochta agus ceapfar Coiste na nOifigeach óna stiúrthóirí sin tar éis an chéad chruinniú don bhord nuacheaptha.

Tá Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ionadaíoch go náisiúnta ar thuismitheoirí agus ar mhúinteoirí sna Gaeltachtaí ar fad, Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht seo oideachas trí Ghaeilge a neartú agus a bhuanú i Scoileanna Gaeltachta.  Tá tuilleadh eolais ar fáil ach dul i dteagmháil dhíreach le Treasa Ní Mhainín, oifig@esg.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com 06 Meán Fómhair 2011

« Previous Page