Deireadh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe agus Aitheantas do Riachtanais Earnáil na Gaelscolaíochta
Iúil 3, 2012
Cuireann GAELSCOILEANNA TEO. fáilte roimh chinneadh Bhord Fhoras na Gaeilge deireadh a chur leis an tSamhail Nua Mhaoinithe a bhí beartaithe d’eagrais na hearnála. Cinneadh ciallmhar agus riachtanach a bhí ann gan leanúint le punann de scéimeanna iomaíocha de réir catagóirí éagsúla a bhí beartaithe in áit bunmhaoiniú d’eagrais fadbhunaithe atá ag treabhadh goirt na hearnála chun leasa na Gaeilge le blianta fada.
Tugann an cinneadh seo aitheantas do thábhacht ghuth comhaontaithe na hearnála chun seirbhísí tábhachtacha a chinntiú do phobal na Gaeilge. Aithnítear gur den riachtanas é múnla nua a fhorbairt a thógann ar láidreachtaí na hearnála, a thógann moltaí agus na tuairimí a léiríodh le linn an phróisis chomhairliúcháin san áireamh agus a thógann ar na mór-fhorbairtí in earnáil na Gaeilge, eadhon an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus An Bille Gaeltachta. Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. go mór roimh an deis leanúint leis an gcomhoibriú riachtanach idir na heagraíochtaí Gaeilge sna míonna romhainn agus le Foras na Gaeilge lena chinntiú go mbainfear an toradh is éifeachtaí agus is éifeachtúla amach sa phróiseas anailíse agus forbartha nua.
Gabhann GAELSCOILEANNA TEO. buíochas mór leis na scoileanna agus le pobail uile na scoileanna a léirigh a gcuid tuairimí le linn an phróisis comhairliúcháin. Beimid ag súil go mór le bhur n-ionchur sa tréimhse romhainn ar mhaithe le láidriú earnáil an oideachais lán-Ghaeilge.
Bainisteoir / Stiúrthóir Naíonra
Iúil 2, 2012
Tá bainisteoir / stiúrthóir a lorg ag Naíonra Montessori de hÍde, Órán Mór, Contae na Gaillimhe.
Post lánaimseartha: Seirbhís seisiúnach l (9 r.n. go 12 i.n. agus 12 15i.n. go 3.15i.n.)
Riachtanais:
- Meas agus ómos do pháistí óga
- Ar a laghad teastas FETAC Leibhéal 7/8 Mórdhámhachtain i gCúram Leanaí .
- Líofacht i nGaeilge (labhartha agus scríofa) agus líofacht i samhail Lán Tumadh luath
- Eolas agus tuiscint críochnúil ar chleachtais agus polasaithe cúram leanaí.
- Réamh thaithí ar fhoireann a bhainistiú.
- Inniúlacht i gcáipéisí deontais a chomhlíonadh (ECCE)
- Scileanna cumarsáide agus idirphearsanta d’ardchaighdeán, ag plé le foireann agus daoine i gcoitinne.
- Cumas seirbhís d’ardchaighdeán a fhorbairt agus a choinneáil sa Naíonra.
- Tuarastal coimhlinte ag brath ar thaithí agus ar cháilíochtaí.
Iarratais:
Litir iarratais agus CV chuig: naionra@ymail.com nó:
Naíonra Montessori de hÍde,
Gaelscoil de hÍde,
Órán Mór,
Contae na Gaillimhe.
Dáta deireadh iontrála ná Máirt 24ú Iúil 2012.
Próiseas céimithe earcaíochta a bhéas ann más gá.
Is fostóir comhionannas deiseanna é Naíonra Montessori de hÍde Teo.
Maoinithe ag Rialtas na hÉireann faoin bPlean Forbairt Náisiúnta 2007-2013
Cúntóir riachtanas speisialta, Co. Dhún na nGall
Iúil 2, 2012
Tá cúntóir riachtanas speisialta páirtaimseartha ag teastáil i nGaelscoil Éirne, Co. Dhún na nGall Ní mór do gach iarrthoir Gaeilge liofa a bheith aige/aici
Iarratais:
Caithfear iarratais a chur chuig:
FAO: Colleen Ní Fhaoláin, Cathaoirleach
Gaelscoil Éirne,
Fearann an Bhaile,
Béal Átha Seanaidh,
Co. Dhún na nGall
Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:
Teistiméarachtaí scríofa
Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
Cóip gach teastas ábhartha (teastais, céimeanna, dioplómaí)
CV (Neamhcheangailte/Unbound)
Tuilleadh eolais: 087 6445761 Spriocdháta: 19 Iúil 2012
Túsdáta: 29 Lúnasa 2012
Foras na Gaeilge ditches funding plan
Iúil 2, 2012
Fáiltíonn an Chomhdháil roimh chinneadh deireadh a chur leis an tSamhail Nua Mhaoinithe
Iúil 2, 2012
Cuireann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh chinneadh Bhord Fhoras na Gaeilge gan leanúint ar aghaidh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe a bhí molta go dtí seo.
Fógraíodh an cinneadh seo tar éis cruinniú de Bhord Fhoras na Gaeilge i nGaoth Dobhair Dé hAoine.
Faoi láthair tá 19 n-eagraíocht bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá an múnla reatha maoinithe i bhfeidhm ó bunaíodh Foras na Gaeilge i 1999, nuair a aistríodh cúram maoinithe ocht n-eagras déag Gaeilge go dtí an comhlacht.
Punann de scéimeanna iomaíocha a bhí i gceist leis an tSamhail nua mhaoinithe, de réir catagóirí éagsúla.
An mhí seo caite d’fhoilsigh an Comhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht tuarascáil i dtaobh na Samhla Nua Maoinithe d’earnáil dheonach na Gaeilge.
Shocraigh an Coiste Oireachtais ar thuarascáil a choimisiúnú tar éis dóibh éisteacht le tuairimí na n-eagras bunmhaoinithe agus le tuairimí Fhoras na Gaeilge ar mhaoiniú na n-eagras amach anseo. Sa tuairisc leagtar béim ar thábhacht an bhunmhaoinithe chun seirbhísí tábhachtacha a chinntiú do phobal na Gaeilge. Chomh maith leis sin moltar ann nár cheart go mbeadh scéimeanna faoi réir tairisceana iomaíche.
Tháinig tuairisc an Chomhchoiste sna sála ar rún a ritheadh i dTionól Thuaisceart Éireann a léirigh amhras faoin tionchar a bheadh ag an tSamhail Nua Mhaoinithe ar eagraíochtaí Gaeilge, agus a léirigh amhras faoin bpróiseas comhairliúcháin a bhain leis.
Ag labhairt dó ar chinneadh an Bhoird, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Tá iomarca ama caite le blianta beaga anuas, ag plé na Samhla Nua Maoinithe a bhí chomh lochtach sin gur éard a bheadh mar thoradh uirthi ná aimhleas na Gaeilge. Is gá anois d’Fhoras na Gaeilge agus do na heagrais bhunmhaoinithe comhoibriú ar bhonn comhpháirtíochta, le hionchur ó shaineolaithe sa phleanáil teanga agus ó shaineolaithe sa bhainistíocht um athruithe chun teacht ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla chun earnáil dheonach na Gaeilge a mhaoiniú ar mhaithe leis na seirbhísí do phobal na Gaeilge a chothabháil agus a fhorbairt”.
Preasráiteas de chuid Chomhdháil Násiúnta na Gaeilge
Stiúrthóir Nua Ceaptha ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Iúil 2, 2012
Cúis áthais do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a fhógairt go bhfuil an tUasal Kevin De Barra ceaptha mar Stiúrthóir úr ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Feidhmíonn an Chomhdháil mar scátheagraíocht ar 24 eagraíocht dheonach Ghaeilge agus thar ceann phobal na Gaeilge ar mhaithe leis an gcuspóir náisiúnta an Ghaeilge a athbheochan. Tiocfaidh Kevin De Barra i gcomharba ar an Uasal Pádraig Mac Criostail a bhí mar Stiúrthóir ar an gComhdháil ó 2007.
Is as An Spidéal, i gConamara é Kevin De Barra. D’fhreastail sé ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh áit ar bhain sé Céim Tráchtála agus Máistreacht sa Ghnó agus sa Mhargaíocht amach, chomh maith le Dioplóma sa Ghaeilge, agus Dioplóma i Staidéar an Aistriúcháin. Le déanaí tá Máistreacht sa Ghaeilge Fheidhmeach bainte amach aige le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.
Tá an tUasal De Barra ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó bhí 2007 ann, ar dtús mar Bhainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide Poiblí, ansin mar Rúnaí na Comhdhála, agus ó Feabhra na bliana seo bhí sé ag feidhmiú mar Stiúrthóir Gníomhach ar an gComhdháil. Roimh dó post a ghlacadh sa Chomhdháil, d’oibrigh Kevin mar Bhainisteoir Margaíochta Idirnáisiúnta leis an gcomhlacht QTEK Manufacturing Ltd. atá a gceanncheathrú lonnaithe i nGaillimh.
Ag labhairt dó ar cheapachán De Barra, dúirt Uachtarán na Comhdhála, Pádraig Mac Fhearghusa: “Cuireann an ceapachán seo go mór le cumas na Comhdhála ceannasaíocht a léiriú ar earnáil dheonach na Gaeilge sa tréimhse dhúshlánach atá amach romhainn. Tá sainscileanna agus saintaithí ag Kevin De Barra a rachaidh go mór chun tairbhe don Chomhdháil agus dá balleagraíochtaí, agus ar ndóigh do phobal na Gaeilge i gcoitinne”.
Preasráiteas de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Revealed: The 18 Northern Ireland schools which will share £173m cash pot
Meitheamh 29, 2012
INTO task force seeks meeting with minister on small schools
Meitheamh 29, 2012
A parental poll on school patronage
Meitheamh 29, 2012
Stiúrthóir Cúnta le haghaidh Naíonra
Meitheamh 28, 2012
Tá Smarty Pants Montessori, Ros Eo, Co. Áth Cliath ag lorg Stiúrthóir Cúnta le haghaidh Naíonra Nua atá ag oscailt i mí Meán Fómhair 2012.
Is 8.45r.n. – 12.15i.n. uaireanta oibre an phoist.
Tá cumas mhaith sa Ghaeilge idir labhartha agus scríofa riachtanach don ról seo.
Is gá go mbeidh na cáilíochtaí a leanas nó toilteanas tabhairt faoi na cáilíochtaí a leanas a bhaint amach ag iarrthóirí:
- Dianchúrsa FNT
- Cúrsa Garchabhair
- CDBO Leibhéal 5 i gCúram Leanaí
Má tá suim agat sa phost seo, glaoigh le do thoil ar Michelle ar 086 2116233 nó seol ríomhphost chuig info@smartypants.ie