Méid an Téacs

FF criticises motion to ‘downgrade’ Irish

Feabhra 21, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

A simple formula for education

Feabhra 21, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Agóid náisiúnta ar chás na scoileanna beaga

Feabhra 21, 2012

Beidh na mílte ag bailiú le chéile ar fud na tíre an tseachtain seo in aghaidh na gciorruithe a beartaíodh maidir leis na scoileanna beaga sa Bhuiséid ag deireadh 2012.

Tá dhá lá ágóide náisiúnta eagraithe ag na heagraíochtaí scoileanna éagsúla  don tseachtain seo.

Baileoidh muintir na scoileanna DEIS le chéile taobh amuigh den Dáil ag 3.30pm ar an Déardaoin, 23 Feabhra.  Táthar ag súil le slua mór sa phríomhchathair ar an lá céanna a dtiocfaidh grúpaí eile le chéile ar son na cúise in áiteanna eile ar fud na tíre ina bhfuil scoileanna DEIS.

Titfidh an dara lá agóide amach ar an Satharn, 25 Feabhra agus is iad an feachtas Save Our Small Schools agus craobhacha éagsúla de Chumann Múinteoirí Éireann a bheidh ina bhun.  Bunaíodh craobhacha Save Our Small Schools ar fud na tíre le déanaí agus beifear ag siúl le chéile ar an Satharn i gCiarraí, sa Chlár, i bPort Láirge, i nDún na nGall agus i nGaillimh.  Táthar ag súil le 150 scoil agus 3000 duine i gCaisleán an Bharraigh ar an lá, áit a siúlfaidh an slua chuig oifig Dáilcheantar an Taoisigh lena míshásacht a léiriú.

Beidh craobhacha éagsúla de Chumann Múinteoirí Éireann ag mórshiúl ar an 25 Feabhra agus Craobh an Earagail, Gaoth Dobhair ina measc.  Tiocfaidh siad le chéile ar an Screabán (oifig Roinn na Gaeltachta) ag 12pm agus iarrtar ar phobal na scoile uile – an Bord Bainistíochta, tuismitheoirí agus an fhoireann – tacú leo ar an lá.

De réir na cáinaisnéise a fógraíodh mí na Nollag seo caite, ardóidh líon na ngasúr is gá do scoil le ceithre mhúinteoir a bheith acu ó 81 go dtí 83.  Ardóidh líon na ngasúr i scoileanna Gaeltachta ó 76 go 86 faoin mbliain 2014, rud a chiallaíonn go mbeadh ardú de deich bpáiste ag teastáil chun an líon reatha de mhúinteoirí a choimeád.

GAELPORT

Tá an Gael-Fachtóir ag teacht!

Feabhra 21, 2012

Beidh seó talainne do dhaoine óga á réachtáil ag an eagraíocht óige Feachtas i Halla Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an 8 Márta.

Idir an dá linn tá Feachtas ag súil le cloisteáil ó dhaoine óga  a bhfuil bua ar leith acu agus atá idir 12 agus 18 mbliana d’aois. Mar sin beidh fáilte roimh rinceoirí, aisteoirí, ceoltóirí agus amhránaithe páirt a ghlacadh sa chomórtas. Beidh duaiseanna móra i gceist, mar sin is fearr an deis a thapú. Tuilleadh eolais ar fáil ó ursula.feachtas@gmail.com

Buaiteoirí Scléip 2012

Feabhra 21, 2012

Bhí spraoi agus Scléip den scoth againn ag babhta Laighin in amharclann an Axis i mBaile Átha Cliath ar an 20 Feabhra. Bhí 9 scoil linn ar an lá agus tá ardmholadh ag dul do na rannpháirtithe uile, bhí an caighdeán an-ard i mbliana agus ba dheacair na cinntí a bhí le déanamh ag na moltóirí. Seo thíos liosta na mbuaiteoirí, tá áit faighte acu sa chraobh ceannais:

Ceol nua-aimseartha (aonair):

  • Lauren Ní Dhubhlaíoch, Coláiste Cois Life (sóisear)
  • Kym Gartry, Coláiste de hÍde (sinsear)

Ceol nua-aimseartha (grúpaí):

  • Cór Cois Life, Coláiste Cois Life (sóisear)
  • Scléipeoirí, Coláiste Chilliain (sinsear)

Rince cruthaitheach (aonair):

  • Saoirse Ní Dhubhshláine, Coláiste de hÍde (sóisear)
  • Dearbhla, Meánscoil Gharman (sinsear)

Rince cruthaitheach (grúpaí):

  • Sinéad & Áine, Coláiste de hÍde (sóisear)
  • Na Jaffa Cakes, Gaelcholáiste Cheatharlach (sinsear)

Drámaíocht/mím (aonair agus grúpaí):

  • Cé sa diabhail í Alice? Gaelcholáiste Chill Dara (sóisear)
  • Pandora, Gaelcholáiste Reachrann (sinsear)

Rogha na Moltóirí:

  • Chewie agus an Bhuíon, Meánscoil Gharman(sinsear)

Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, tá súil againn gur bhain sibh ard-taitneamh as an lá agus go bhfeicfimid san Axis arís sibh ar an 24 Márta don chraobh ceannais.

Donegal shines in national literary schools awards ‘as Gaeilge’

Feabhra 17, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Leabhar Nua “Music is the Key”

Feabhra 16, 2012

Déanann “Music is the Key to unlocking your child’s potential” scríofa ag Karen O’ Connor, Comhairleach Urlabhra agus Teanga, cur síos ar an dul chun cinn a dhéanann páistí le hUathachas, Sindróim Aspergers, Dyspraxia agus dúshláin foráis eile, le cabhair ó Theiripe Fuaime le bunús Ceoil. Déanann sí cur síos ar an maitheas a dhéanann sé do pháistí go háirite ar an gcaoi a ndéanann sé páistí níos socair.  Bíonn siad níos áirdiúil, níos dírithe iad agus cabhraíonn sé lena gcumas foghlaim.

Tháinig Theo, trí bhliana d’aois go dtí Karen le hUachtachas trialach. Tar-éis dhá bhliain, tá Theo in bhuachaill spraíúil, geall gháireach. Tá sé ag freastal ar a scoil áitiúil gan aon tacaíocht bhreise. Tháinig Raphael go dtí í mar stop dheireadh. Bhí fíor bheagán cainte aige agus ní raibh aon idirghníomhú aige le daoine eile. Anois tá neart cainte aige mar a bheadh ag aon pháiste eile chúig bhliana agus taitníonn go mór leis a bheidh ag spraoi lena chairde.

Is é “Music is the Key to unlocking your child’s potential” an chéad leabhar i sraith leabhar a thabhairfeas dóchas do thuismitheoirí agus do pháistí trí scéalta cosúil le scéal Theo agus Raphael a chloisteáil agus an bealach a chlóigh siad a bhfadhb foráis le Theiripe Fuaime le bunús ceoil.

Tá seacht mbliana déag taithí ag Karen o’ Connor, atá bunaithe i nGaillimh, ag obair le páistí le fadhbanna foráis. Scríobh sí an leabhar seo chun a cuid taithí agus eolas a roinnt le teaghlaigh ar fud an domhain.

Tá an leabhar “Music is the Key to unlocking your child’s potential” foilsithe ag Londubh ar an 17ú Feabhra 2012 ar €12.99/£10.99.

Bí páirteach i roghnú Laureate na nÓg 2012-2014 d’Éirinn

Feabhra 16, 2012

Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit a bheith páirteach i roghnú Laureate na nÓg 2012-2014 d’Éirinn. Cuireadh tús leis an togra tábhachtach seo sa bhliain 2010 nuair a ceapadh Siobhán Parkinson mar Laureate.

Cuirfidh Siobhán críoch lena téarma samhlaíoch rathúil mar Laureate i mí Bhealtaine 2012. Táimid ag tabhairt cuireadh duit mar sin údar nó maisitheoir Éireannach a ainmiú mar an dara laureate. Is togra de chuid na Comhairle Ealaíon é Laureate na nÓg le tacaíocht ó Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Leabhair Pháistí Éireann agus Poetry Ireland.

Is iad seo a leanas na haidhmeanna atá leis an tionscadal tábhachtach seo:

1.    Litríocht d’ardhchaighdeán do pháistí a chur in aithne do dhaoine fásta, do pháistí agus do dhaoine óga
2.    Próifíl litríocht do pháistí in Éirinn a ardú
3.    Aird na meán ar litríocht do pháistí a mhéadú go hidirnáisiúnta in Éirinn
4.    Litríocht do pháistí a thabhairt isteach i mórshruthanna an chomhrá faoi leabhair agus litríocht in Éirinn
5.    Comhpháirtíocht agus comhoibriú a bhunú ina measc siúd atá páirteach i earnáil na litríochta do pháistí

Thar ceann an Choiste Stiúrtha, tugann CBI cuireadh duit ainmniúchán a dhéanamh don Laureate. Is ceart duit an t-ainmniúchán a bhunú ar an critéir seo a leanas:

  • Is ceart go measfar go bhfuil corpas saothair scríbhneoireachta nó maisiúcháin d’ardchaighdeán do leanaí atá aitheanta go hidirnáisiúnta ag an laureate.
  • Is ceart go measfar go bhfuil cion ar leith déanta ag an laureate ar son litríocht do leanaí in Éirinn agus tionchar dearfa a bheith acu ar léitheoirí agus ar scríbhneoirí agus ar mhaisitheoirí eile.
  • Is ceart go léireodh an laureate fonn agus scil agus iad a plé le leanaí, le daoine óga, le daoine fásta agus leis na meáin agus leis an earnáil i gcoitinne
  • Is ceart go léireodh an laureate díograis i leith litríocht do leanaí a chur chun cinn
  • Ní mór don laureate a bheith Éireannach.

Is féidir leat suas le beirt údar agus beirt mhaisitheoir a ainmniú. Cuirfidh an coiste stiúrtha gearrliosta le chéile as na daoine a ainmnítear, agus roghnóidh an coiste roghnaithe duine díobh le bheith ina Laureate na nÓg 2012-2014. Beidh ionadaithe ón gComhairle Ealaíon, Leabhair Pháistí Éireann, Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige agus Poetry Ireland chomh maith le saineolaithe ó réimse limistéirí ábhartha. Déanfar an roghnú de réir an gcritéar sa liosta thuas. Ní mór ainmniúcháin a fháil roimh 5pm ar an 24 Feabhra 2012. Ní ghlacfar le hainmniúchán ar bith tar éis an spriocdáta sin. Fógrófar Laureate nua na nÓg i mí Bhealtaine 2012.

Tá na sonraí iomlána faoi Laureate na nÓg ar fáil ag:
http://www.childrenslaureate.ie/

Ciarraí na heolaíochta abú!

Feabhra 16, 2012

Ócáid a chuireann gliondar ar SAOL i gcónaí é Taispeántas Eolaí Óg BT na bliana san RDS i dtús gach bliana. Níos mó fós i mbliana mar bhí an chuma ar an scéal i mbliana go raibh líon na n-iontrálacha i nGaeilge dulta i méid.

Lucy Nic Sandair agus Mairéad Ní Mhurchú, beirt daltaí i gColáiste Íde, An Daingean, Co. Chiarraí, a chroch leo Duais Speisialta Fhoras na Gaeilge mar aon le hArdmholadh sa Taispeántas dá n-iontráil. Rinneadar scagadh ar ‘An gcuireann súile agus lámha ceannasacha isteach ar spóirt?’ Thug na cailíní an cur síos seo ar an méid a rinneadar.

‘Táimid ag cruthú go gcuireann lámha agus súile ceannasacha isteach ar spóirt trí thriail bheag a dhéanamh lenár gcomhscoláirí. Chun an tionscnamh seo a dhéanamh, bhí orainn a lán scoláirí ó scoileanna éagsúla a fháil chun 10 saorchaitheamh a dhéanamh ar an chúirt chispheile agus an teist Miles a dhéanamh. Is é atá i gceist leis an triail seo ná go raibh ar na scoláirí a lámha a shíneadh amach ar leathanach a raibh spota air agus bhí orthu triantán beag a dhéanamh lena lámha. Bhí ar na scoláirí féachaint tríd an triantán lena dhá súile oscailte, ansan bhí orthu a lámha a tharraingt suas chuig a n-aghaidh. Níor thugadar faoi ndeara é ach tharraingíodar a lámha suas chuig súil amháin.

Rinneamar ár dtrialacha le 88 scoláire agus fuaramar amach go raibh 39.08% díobh crosaithe, 54.02% neamhchrosaithe agus ní raibh aon súil cheannasach ag 6.89% díobh. Bhí ar na scoláirí 10 saorchaitheamh a dhéanamh, fuair na daoine a bhí neamhchrosaithe 25% de na ciseáin isteach agus fuair na daoine nach raibh aon súil cheannasach acu 41% de na ciseáin isteach.’ Iad beirt san RDS i dteannta a bpríomhoide, Áine Ní Chearbhaill.

SAOL

Cúrsa 2 Lá i Leitir Mealláin, Conamara á reáchtáil ag Spleodar

Feabhra 16, 2012

Tá Spleodar ag eagrú cúrsaí 2 lá i Leitir Mealláin, Gaeltacht Chonamara do lucht bunscoile agus meánscoile (Rang 4 – 6ú bhliain).

Beidh scoláirí ag fanacht i dtithe le mná tí agus beidh ard-chinnirí leo an t-am ar fad.

Thart ar €130 an duine a bheidh ar an gcúrsa (ag brath ar an méid atá ag dul d’fhéadfadh an praghas sin ísliú).  Áirithe ar sin, tá lóistín dhá oíche, dhá bhricfeasta, dhá dhinnéar, dhá lón agus kayakadóireacht mara.

Beidh dhá riail ann don chúrsa dhá lá seo.  Is gá Gaeilge a labhairt an t-am ar fad agus is gá fanacht i ngrúpa leis an ard-chinnire an t-am ar fad.

Más suim leat do rang a thógáil rachaidh duine ó Spleodar chuig do scoil chun bualadh leis na múinteoirí a bheidh ag dul leis na scoláirí agus chun labhairt leis na scoláirí.  Má tá am faoi leith don bhliain uaibh is féidir linn oibriú timpeall ar sin freisin.

Eagraítear na cúrsaí seo i rith na seachtaine don chuid is mó agus beidh deis ag na múinteoirí a thagann lena rang ranganna a dhéanamh leo ar maidin.

Ionas gur féidir linn freastal ar na scoileanna ar fad atá ag iarraidh teacht chugainn iarrtar oraibh teacht i dteagmháil linn go luath más mian leat do rang a thógáil ann.

Teagmháil:

Carmel Nic Eochaidh
Bainisteoir Iar-Aire
087 9964512

Tuilleadh Eolais:

www.spleodar.com

« Previous PageNext Page »