Méid an Téacs

An Mhí le Gaeilge

Feabhra 27, 2013

Tháinig grúpa le chéile Déardaoin seo caite ar an Uaimh, i gCo. na Mí chun cur chun cinn na Gaeilge sa chontae a phlé.

Faoi Chathaoirleacht an Teachta Dála de chuid Sinn Féin, Peadar Tóibín TD, leag an cruinniú amach na céimeanna a chonacthas dóibh ar cheart a ghlacadh chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an chontae.
Bhí idir eagrais Ghaeilge, ionadaithe poiblí, lucht comharchumainn, agus ionadaithe ó naíonraí áitiúla i measc an ghrúpa a bhí i láthair. Leagadh an-bhéim ar an oíche ar an infreastruchtúr teanga atá sa cheantar cheana féin, idir clubanna de chuid Chumann na bhFiann, naíonraí, gaelscoileanna, dhá cheantar Gaeltachta, agus craobhacha d’eagrais náisiúnta Gaeilge.
Pléadh comharthaíocht bóthair sa chontae, mar aon leis na deiseanna atá anois ar fáil do cheantair éagsúla chun stádas mar Ghréasán Gaeilge a bhaint amach faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Chuir an cruinniú romhaibh ócáid a eagrú go luath chun na dreamanna éagsúla atá ag plé leis an nGaeilge ar fud an chontae, bíodh sin sa CLG, sa chomhairle contae, san earnáil oideachais, nó trí ghrúpaí pobail a eagraíonn ciorcail chomhrá go rialta a tharraingt le chéile ionas gur féidir na deiseanna comhoibrithe eatarthu a phlé.
Tá tréimhse caite ag an Teachta Dála Tóibín ar Chomhairle Contae na Mí agus is iar-leasMhéara é ar an Uaimh, a bhaile dúchais féin. Deir sé féin go dteastaíonn uaidh go ndéanfai “na hiarrachtaí atá ar siúl i measc an phobail chun an Ghaeilge a chur chun cinn a chomhordú, le bheith cinnte go bhfuil gach dream ag comhoibriú lena chéile, chun cur le héifeacht na hiarrachta ar fud an chontae.”

Foilsithe ar Gaelport.com

Cruinnithe maidir le Cuíchóiriú na hEarnála deonaí Gaeilge

Feabhra 27, 2013

Tá cruinnithe á reáchtáil ag Foras na Gaeilge an tseachtain seo leis na heagrais bhunmhaoinithe Ghaeilge maidir le cuíchóiriú na hearnála deonaí.

Sa litir atá seolta ag an bhForas chuig bainistíocht na n-eagraíochtaí, deirtear gur mian le Foras na Gaeilge go bpléifí na “féidearthachtaí éagsúla a bhaineann leis an phróiseas athbhreithnithe” agus gur mian leo plé a dhéanamh ar shocruithe do thodhchaí na n-eagras tar éis 30 Meitheamh 2013, nuair a thiocfaidh deireadh leis an mbabhta maoinithe reatha.
Reáchtálfar cruinnithe le heagrais éagsúla bunaithe ar na téamaí a leanas: áiseanna don ghaelscolaíocht; feasacht agus cosaint teanga agus ionadaíocht leis na húdaráis stáit; imeachtaí a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le bunú gréasáin úsáide; forbairt phobail; forbairt deiseanna úsáide agus gréasáin úsáide do dhaoine óga; raidió pobail; gaeloideachas/tumoideachas agus réamhscolaíocht lánGhaeilge and oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile.
Deirtear sa litir go bhfuil plécháipéis tiomsaithe ag an bhForas atá bunaithe ar thosaíochta atá luaite i gcáipéisí éagsúla ina measc an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge, Plean Gnó Fhoras na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla, Líofa 2015 agus an dréacht-straitéis don Ghaeilge ó thuaidh i measc cáipéisí eile.
Luaitear go bhfuil treoir faighte ó na Ranna go bhfuil siad tiomanta de bheith ag iarraidh cuíchóiriú a chur i bhfeidhm agus gur mhaith leo cuíchóiriú a chur i bhfeidhm ar an gcur chuige reatha maoinithe.
Pléadh togra nua Fhoras na Gaeilge maidir le struchtúr úr maoinithe do na heagrais ag cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas ar 12 Nollaig 2012.
Bhuail an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Jimmy Deenihan TD agus Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD leis an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Carál Ní Chuilín MLA agus leis an Aire Sóisearach Jonathan Bell MLA ag cruinniú d’Fhoras Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas in Ard Mhacha.
Níor tháinig an CATT ar aon réiteach agus cuireadh an cinneadh ar athló go dtí an chéad chruinniú eile a reáchtálfar san earrach.
Luadh sa litir chuig ceannasaithe na n-eagras go dtuigtear d’Fhoras na Gaeilge go mbeidh ciorrú de 6% ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge do 2013 ón mbuiséad a bhí ar fáil dóibh in 2012. Tá iarrtha ag na ranna ar Fhoras na Gaeilge an ciorrú seo a chur i bhfeidhm san ollbhuiséad a chuirtear ar fáil le haghaidh bunmhaoiniu.
Ba í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a thug an treoir d’Fhoras na Gaeilge athstruchtúrú a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear maoiniú ar fáil don earnáil bhunmhaoinithe Ghaeilge sa bhliain 2009.

Foilsithe ar Gaelport.com

Moltaí an Phobail ó Thóstal na Gaeilge 2013

Feabhra 27, 2013

Tugadh an deis don phobal a dtuairimí maidir le cur i bhfeidhm an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus beartas an rialtais don Ghaeilge a phlé ag Tóstal na Gaeilge, 16 Feabhra 2013.

‘Beart de réir Biathair’ a bhí mar théama an Tóstail i mbliana agus bhí saincheisteanna reatha na Gaeilge idir chamáin ag polaiteoirí, ag saineolaithe sa phleanáil teanga, ag ionadaithe an státchórais, agus ag pobal na Gaeilge le linn trí sheisiún plé a reáchtáladh le linn an Tóstail.

“Ag an Tóstal, d’iarr an pobal ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a gcás a chur faoi bhráid na nÚdarás agus dá bhrí sin lorgóidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge cruinniú práinneach leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan TD, le hAire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD agus le hOifigigh sinsearacha sa Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta”, a dúirt Stiúrthóir na Comhdhála Kevin De Barra.

Ag eascairt as an bplé maidir leis na heasnaimh atá ann i bpolasaí oideachais Gaeltachta na Roinne Oideachais agus Scileanna, lorgófar cruinniú práinneach leis an Aire Oideachais Ruairí Quinn TD go luath.

“Tá an deis anois ag an Rialtas freagra a thabhairt ar an mbuairt atá léirithe ag pobal na Gaeltachta agus ag pobal na Gaeilge agus ceannasaíocht a léiriú le forfheidhmiú an phróisis pleanála ar bhealach oscailte, cuimsitheach agus daonlathach”, dar le Kevin De Barra.

Is iad seo a leanas na moltaí a tháinig chun cinn ag Tóstal na Gaeilge 2013.

Oideachas Gaeltachta

  • Moltar go bhfeidhmeodh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) mar shatailít ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, ar fáil chun comhairle a chur ar fáil, ach ag feidhmiú go neamhspleách, agus go hiomlán trí Ghaeilge.
  • Moltar go mbeidh buiséad COGG imfhálaithe, agus nach mbeidh aon smacht ag an CNCM ar an mbuiséad sin.
  • Moltar go gcuirfeadh an Roinn Oideachais agus Scileanna polasaí oideachais sainiúil ar fáil do scoileanna Gaeltachta.
  • Moltar tacaíochtaí a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta chun córas an tumoideachais a chur i bhfeidhm iontu.

Tacaíocht do thuismitheoirí

  • Moltar go gcuirfí deiseanna sóisialta trí Ghaeilge ar fáil do pháistí agus do thuismitheoirí, agus go gcuirfí maoiniú ar fáil chuige seo.
  • Moltar go dtógfaí ar thacaíochtaí reatha ar nós an scéim “Tús Maith” i gCorca Dhuibhne.
  • Moltar go gcuirfí breis eolais ar fáil don phobal maidir leis an gClár Tacaíochta Teaghlaigh agus ról an phobail sa chlár seo.
  • Moltar go ndéanfar athbhreithniú ar an mbileog eolais agus ar an bpacáiste eolais atá ar fáil faoi láthair, agus go ndéanfaí cinnte go bhfuil eolas ábhartha ar fáil do thuismitheoirí, agus go bhfuil an t-eolas seo ar fáil go héasca.
  • Moltar go soiléireofaí na spriocanna a bhaineann leis an gClár Tacaíochta Teaghlaigh.

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

  • Moltar go ngabhfaí i ngleic leis an malairt tuairime atá ann idir an pobal agus an Stát maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.
  • Moltar go ndéanfaí céimeanna forfheidhmithe na Straitéise a shoiléiriú agus go bhfógrófaí na mionsonraí maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo.
  • Moltar go gcuirfí eolas rialta ar fáil don phobal maidir le cinntí na nGrúpaí Ardleibhéil.
  • Moltar go dtabharfaí ról níos láidre don phobal agus d’earnáil dheonach na Gaeilge i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain.
  • An Próiseas Pleanála Teanga
  • Moladh go gcuideodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus earnáil dheonach na Gaeilge trí chéile le hÚdarás na Gaeltachta agus le heagrais phobail maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain.
  • Moladh go soiléireofaí ról Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge sa Phróiseas Pleanála Teanga.
  • Moladh go gcuirfí an maoiniú agus an tacaíocht chuí ar fáil d’eagrais phobail le go mbeidh sé ar a gcumas tabhairt faoin bPróiseas Pleanála Teanga mar is ceart.

Cearta Teanga

  • Moladh go ndéanfaí torthaí an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a fhógairt láithreach.
  • Moladh tacaíocht a chur ar fáil do ról Oifig an Choimisinéara Teanga.
  • Moladh go gcaomhnófaí na cearta teanga a sonraíocht faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus faoi Bhunreacht na hÉireann mar aon leis na cearta a sonraíodh sa Chúirt Uachtarach i gCás Uí Bheoláin.

Earnáil Dheonach na Gaeilge

  • Moltar go nglacfaí seilbh ar cheisteanna maoinithe na hearnála deonaí agus go dtabharfaí gach tacaíocht don infreastruchtúr teanga reatha.
  • Moladh go mbeadh plé oscailte idir na geallsealbhóirí uile, Rialtais, Státchórais, Eagrais, agus pobal na Gaeilge chun teacht ar an modh is éifeachtaí chun earnáil na Gaeilge a neartú, ní a scrios.

Foilsithe ar Gaelport.com

Mí na Gaeilge i gCorcaigh

Feabhra 27, 2013

Beidh roinnt imeachtaí ar súil in Ionad Ghael-Taca agus timpeall na Cathrach le linn mhí Mhárta 2013 chun mí na Gaeilge a cheiliúradh agus Bliain na Gaeilge linn i mbliana beidh neart imeachtaí éagsúla ar siúl.

Seo hiad na himeachtaí atá socruithe do mhí na Gaeilge i gCorcaigh agus tá réimse leathan d’ imeachtaí i gceist atá feiliúnach do shean agus óg.
Dé hAoine 1 Márta: Seoladh Mí na Gaeilge @ 5.30 i.n.
Seoladh Oifigiúil –taobh amuigh d’ionad Ghael-Taca ar Phort Uí Shuilleabháin.
Dé Céadaoin 6 Márta: Iontas Gaeilge @ 1.30 i.n.
Bígí ag faire amach d’Iontas Gaeilge i gCathair Chorcaí, má tá sibh timpeall Shráid Phádraig ag an am sin!

Déardaoin 7 Márta: Cath na mBannaí @ 8.00 i.n.
Beidh “Cath na mBannaí” ar siúl san Oliver Plunkett Bar, comórtas ceoil ina mbeidh daltaí meánscoile agus daltaí ollscoile ag glacadh páirt. Beidh ceol agus craic againn! Má tá sibh faoi 18 bliain d’aois, caithfidh duine fásta a bheith leat.
Dé hAoine 8 Márta: Scannánaíocht Ghaeilge @ 7.30 i.n.
Bígí linn do thaispeántas scannán as Gaeilge in Ionad Ghael-Taca le Tadhg Ó Cruadhlaoich. Tá ceithre ghearrscannán le feiceáil agus beidh sóláistí ar fáil ar an oíche.

Dé Luain 11 Márta: Léacht le Cian Ó Sé @ 7.30. i.n.
Léacht ar Stair Chuan Chorcaí ar siúl in Ionad Ghael-Taca. Beidh sóláistí ar fáil ar an oíche.

Dé Máirt 12 Márta: Seisiún Tradcheoil @ 12.00 i.n.
Tá fáilte roimh gach saghas ceoltóra chun teacht chuig an seisiún seo in Ionad Ghael-Taca. Táimid ag súil le craic agus ceol agus beidh sóláistí ar fáil freisin.

Dé Máirt 12 Márta: Fáilte Isteach @ 7.00 i.n.
Scéalaíocht agus ceol i Leabharlann na Cathrach.

Dé Domhnaigh 17 Márta: Mórshiúl Lá Fhéile Pádraig @ 12.00 i.n.
Beidh Gael-Taca ag glacadh páirte mar ghuth na Gaeilge– bígí ag faire amach!!

Dé Céadaoin 20 Márta: Tráth na gCeist Boird @ 6.30 i.n.
Tráth na gCeist Boird do dhaltaí meánscoile i gCorcaigh. Beidh sé ar siúl in Óstán an Ambassador i gCathair Chorcaí.

Déardaoin 21 Márta: Speed-Dating as Gaeilge @ 8.00 i.n.
Oíche Rómánsúil in Ionad Ghael-Taca le “Champagne Reception” , caint ‘s comhrá, seans chun bualadh le daoine nua.

Dé hAoine 22 Márta: Teacht le chéile Ciorcail Chomhrá na Cathrach @ 7.00 i.n.
Beimid ag ceiliúradh teanga na Gaeilge le chéile in Ionad Ghael-Taca le cáis, fíon, ceol ‘s craic!

Dé Sathairn 23 Márta: Lá na bPáistí @ 2.00 i.n. – 4.00 i.n.
Ionad: Gael-Taca. Beidh péinteáil aghaidhe, scéalta Gaeilge, cartúin Ghaeilge agus tuilleadh. Tráthnóna lán le spraoi do leanaí.

Dé Céadaoin 27 Márta: Seoladh Plean Gníomhach 5 Bliain le “Saol ó Dheas” ar RnaG @ 12.00 i.n Beidh Raidió na Gaeltachta ag dul amach beo anseo ó Ionad Ghael-Taca agus sinn ag seoladh ár bPlean Gníomhach 5 Bliain. Bígí linn nó bígí ag éisteacht le “Saol ó dheas” ar a 12.00 i.n. ar an lá seo ar Raidió na Gaeltachta.

Dé Sathairn 6 Aibreán: Lá bailiúcháin Ghael-Taca Beidh Gael-Taca ag bailiú airgead ar an lá sin timpeall na cathrach.
Le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Chorcaí.

Bíonn neart ranganna agus imeachtaí Gaeilge á reáchtáil ag Gael Taca i gCorcaigh i rith na bliana.

Tuilleadh eolais:
Gael-Taca,
22 Port Uí Shuilleabháin,
Corcaigh
T: 021 431 0841

Seachtain na Gaeilge i gCathair an Chultúir

Feabhra 27, 2013

Tá Seachtain na Gaeilge ag druidim linn agus tá Doire – Cathair Chultúir 2013 – réidh le gach rud atá Gaelach a cheiliúradh le clár imeachtaí agus gníomhaíochtaí Gaeilge a bheas ar siúl ón 1 go dtí 17 Márta 2013.

Ceiliúrtar Seachtain na Gaeilge ag pobail ar fud fad oileán na hÉireann agus tá féile 2013 speisialta mar gur Bliain na Gaeilge í 2013, bliain ina mbeidh imeachtaí Gaeilge á gcur ar fáil i rith na bliana ar fud an oileáin.
Tosaíonn Seachtain na Gaeilge i nDoire le hÉigse Cholm Cille, imeacht bliantúil de chuid Ollscoil UIadh (Campas Mhig Aoidh) a chíorann stair litríocht na Gaeilge. Beidh Éigse 2013 ar siúl ar an Aoine 1ú agus an Satharn 2ú Márta agus i mbliana, déanfaidh na cainteoirí an téama ‘An Ghaeilge san Oileán Úr’ a thaiscéaladh.
I measc na léachtaí a bheas ar chlár na hÉigse, tá ‘Iriseoireacht na Gaeilge san Oileán úr’ agus ‘Stair na Gaeilge mar ábhar ollscoile sna Stáit Aontaithe’.

Is é buaicimeacht Sheachtain na Gaeilge do pháistí é Féile Bheag na Leabhar atá arna eagrú ag Comhairle Cathrach Dhoire i gcomhar le féile Humdinger! le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Is é seo an chéad fhéile leabhar agus scéalaíochta na Gaeilge do pháistí a tharla sa chathair agus ritheann an fhéile ón Déardaoin 7 go dtí an Satharn an 9 Márta le réimse imeachtaí léitheoireachta agus scéalaíochta do pháistí de gach aois.

Ar an chlár beidh imeacht le Lá Domhanda na Leabhar a cheiliúradh le scéalaí iomráiteach Chonallach Gearóidín Bhreathnach; seisiún finscéalta agus fabhalscéalta athshamhlaithe do chluasa óga leis an scríbhneoir Séamas Mac Annaidh, agus seoladh an leabhair bhig ghleoite ‘Déanann Rosie Réidh’ a scríobhadh agus a maisíodh ag ealaíontóir áitiúil Trisha Deery. Beidh Aonach Leabhar Gaeilge ar fáil i rith na féile.

Ón 11-13 Márta beidh Scéim an Fháinne á tairiscint ag Cultúrlann Uí Chanáin le deis a thabhairt dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge sa chathair agus sa dúiche fáinne airgid nó fáinne óir a bhaint amach trí scrúdú béil a dhéanamh. Beidh Bronnadh na bhFáinní ar siúl ag imeacht speisialta ar an Déardaoin 16 Márta ag a mbeidh Méara na Cathrach, an Comhairleoir Caoimhín Mac Cathmhaoil ag bronnadh teastas agus fáinní dóibh siúd ar éirigh leo cúrsaí Gaeilge a bhaint amach agus ar éirigh leo sna scrúduithe béil.
Tugtar fáilte do phobal na Gaeilge ar fad bheith linn sa chathair ar an Satharn 16ú Márta le Lá na Gaeilge a cheiliúradh, imeacht de chuid Thionscnamh an Mhéara, ag a mbeidh Cearnóg Halla na Cathrach beo leis an Ghaeilge agus an Chultúr Gaelach! Beidh ceol agus amhránaíocht ón ardán, léirithe ónár nGaelscoileanna, seastáin eolais faoin Ghaeilge, ceardlanna ealaíne agus ceirde, Céilí Mór faoin spéir agus Margadh na Cathrach Múrtha ag díol gach cineál bia agus dí ar an lá.
Fáilte roimh chách!
Críochnaíonn Seachtain na Gaeilge ar an Domhnach an 17ú Márta le Carnabhal bliantúil Lá Fhéile Pádraig agus tá breis eolais faoi gach imeacht atá ag tarlú mar chuid dár bhFéile Earraigh ar fáil trí chuairt a thabhairt ar www.derrycity.gov.uk/stpatricksday
Bí ar an eolas is déanaí faoi gach imeacht atá ag tarlú mar chuid de Sheachtain na Gaeilge trí shúil a chaitheamh ar leathanach Gaeilge de chuid Chomhairle Cathrach Dhoire www.derrycity.gov.uk/gaeilge nó caith súil ar ár leathanach Gaeilge ar Facebook www.facebook.com/foramphobalnagaeilge.
Nó más maith leat eolas faoi Sheachtain na Gaeilge a fháil i gcló déan teagmháil le hOifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire, Pól Ó Frighil ar (028) 71365151, seol ríomhphost chuig gaeilge@derrycity.gov.uk nó cuir scairt ar Líne na Gaeilge de chuid na Comhairle Cathrach (028) 71376579.

Foilsithe ar Gaelport.com

Ócáid do theaghlaigh – Seachtain na nInnealtoirí

Feabhra 27, 2013

Fíorú Aislingí mana seachtain na nInnealtóirí i mbliana – toisc gurbh é sin a dhéanann innealtóirí – samhlaíocht a mheascadh le eolaíocht agus iarracht a dhéanamh domhan níos fearr a thógáil.

Sprioc Seachtain na nInnealtóirí deis a thabhairt do dhaoine óga an méid a dhéanann innealtóirí a chlos agus a fheiceáil ó na hinnealtóirí féin.
Ar Satharn 2 Márta, 2013 beidh Lá Teaghlaigh i gColáiste na Tríonóide mar chuid de imeachtaí sheachtain na nInnealtóirí na bliana seo. Beidh léachtaí, cainteanna agus ceardlainne ar siúl i rith an lae.

Tabharfaidh an ócáid seo deis duit gléas leictreach a thógáil tú féin san Makeshop; foghlaim conas is féidir guth a thabhairt do ríomhaire is dtreo is go mbeidh Gaeilge aige, agus triail a bhaint as é a chuir ag caint; fáil amach conas a thomhaiseann innealtóirí an talamh chun bóthar nó foirgneamh a leagan amach; conas fómhair fuinnimh a bhaint ón ngaoth – agus na heachtraí sa Mhata a thug na huirlis dúinn chun na haislingí seo a chuir i gcrích.

Eagraithe ag Comhluadar i bpáirt le Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, agus An Roth, Cumann na nInnealtóirí.

Tá an imeacht seo dírithe ar an aoisghrúpa 8 – 15.

Chun áit a chuir in áirithint gabh i dteagmháil le:
Nicole Ní Cheallaigh Comhluadar
imeacht@comhluadar.ie / (01) 4789191

Ag Ceiliúradh Seachtain na Gaeilge i Maigh Eo

Feabhra 27, 2013

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge na bliana a bheidh ar siúl ón 4-17 Márta 2013 beidh na céadta imeachtaí éagsúla ar siúl ar fud na tíre agus thar lear chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga dhúchais.

Mar chuid den cheiliúradh beidh imeachtaí a reáchtáil gCo. Mhaigh Eo, seo roinnte imeachtaí a bheidh ar siúl sa cheantar.

6 Márta – Seoladh/ceolchoirm le John Spillane san Ostán Talbhóid, Béal a’ Mhuirthead 8pm. Beidh an chluiche nua-chumtha ag Margaret Tallott á sheoladh chomh maith.

9 Márta – Seisiúin Cheoil le Craobh Chlann Lir, Trá Bhuí i nDú Thuama, 9pm.

14 Márta – Caife Maidin Is Leor Beirt, Áras Inis Gluaire 11am-12pm. Ceol, caife agus droch chaint!

14 Márta – Bodach an Chóta Lachna i gComhpháirt le Fíbín Teo. agus Coláiste Chomáin, Ros Dumhach, Áras Inis Gluaire, Béal a’ Mhuirthead 8pm

15 Márta – Bronnadh na nDuaiseanna Comórtas Ealaíne na Bunscoileanna, Áras Inis Gluaire, Béal a’ Mhuirthead 11am

16 Márta – Tóraíocht Taisce, Damhsa ar an Sean Nós agus Seisúin Cheoil ón 2pm ar aghaidh san Ionad Deirbhile agus Teach John Joe, Eachléim

18ú Márta – Tromluí Pinnochio/Pinnochio A Nightmare, Áras Inis Gluaire, Béal a’ Mhuirthead 8pm. Dráma dhá theangach bunaithe ar an sean scéal cáiliúil. Oiriúnach do pháistí 11 bliana d’aois ar aghaidh.

Tuilleadh eolais: l.padden@arasinisgluaire.ie
Foilsithe ar Gaelport.com

Seachtain na Gaeilge i Oirthear na Gaillimhe

Feabhra 27, 2013

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge na bliana a bheidh ar siúl ón 4-17 Márta 2013 beidh na céadta imeachtaí éagsúla ar siúl ar fud na tíre agus thar lear chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga dhúchais.

Mar chuid den cheiliúradh beidh imeachtaí a reáchtáil ag Gaeilge Locha Riach in oirthear na Gaillimhe.

Seo blaiseadh beag de cuid de na himeachtaí
• Ióga i nGaeilge do dhaoine fásta
• Léacht ar Raifteirí le Gearóid Ó Tuathaigh
• Ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta na Leabhar
• Spraoicheist Gael Linn do bhunscoileanna
• Scléip ar an Eachréidh … Seó talainne na ngaelscoileanna
• Spraoi sna bunscoileanna le SPLEODAR

Comórtais
1. Comórtas na bhFuinneog do Ghnóanna Bhaile Locha Riach
2. Comórtas Scrabble i nGaeilge
3. Comórtais filíochta & ealaíona do bhunscoileanna is meánscoileanna is clubanna óige

Téama: Seanfhocail is nathanna cainte
Is binn béal ina thost
Dúirt bean liom go ndúirt bean léi
Is ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán
Spriocdháta: 15 Márta

Tuilleadh eolais: 091-870718

Foilsithe ar Gaelport.com

Seachtain na Gaeilge i mBiorra

Feabhra 27, 2013

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge na bliana seo beidh na céadta imeachtaí éagsúla ar siúl ar fud na tíre agus thar lear chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga dhúchais.

Mar chuid den cheiliúradh beidh imeachtaí a reáchtáil ag Biorra le Gaeilge i gCo. Uíbh Fhailí ón 4-18 Marta 2013.

Ar 9 Márta beidh maidin caife á reáchtáil acu i Emma’s Café agus beidh deis iontach ag daoine bualadh le chéile chun Gaeilge a chleachtadh. Óna 11-1i.n beidh la mór ‘Gaeilge agus Ceol’ scéalaíocht agus taispeántas leabhar Gaeilge sa leabharlann i mBiorra.

Mar chuid de na himeachtaí beidh ceardaíocht sa Crúiscín Stáin, Sráid Bhreandáin i mBiorra.

Ar Mairt 12 Márta beidh ceardlann dhátheangach fíodóireachta agus déantús ciseáin ar siúl agus ta costas €60 ar seo le ábhar san áireamh agus ní leor spás a chur in aitithr roimh ré le glaoch ar Rosalind 087 6681783

Ar an gCéadaoin, 13 Márta 7ag .30 in. beidh oíche Scannáin Ghaeilge agus beidh Ciorcail Comhrá I dteach Tabhairne Craughwell’s.

Tá gach eolas ar fail ó Tin Jug Studio (Tel: 05791 21818/087 668 1783/ Leabharlann Bhiorra 05791 24950.

Foilsithe ar Gaelport.com

Buaiteoirí Scléip 2013 – Amharclann an Riverbank, Cill Dara, 26 Feabhra 2013

Feabhra 27, 2013

Scoileanna rannpháirteacha:

  • Gaelcholáiste Phort Láirge
  • Coláiste an Eachréidh
  • Coláiste Pobail Osraí
  • Gaelcholáiste Cheatharlach
  • Gael-Choláiste Chill Dara
  • Meánscoil Gharman

Ceol nua-aimseartha (aonair):

  • Sorcha Ní Chionnaith, Gaelcholáiste Chill Dara (sóisear)
  • Eoin Snyder, Coláiste Pobail Osraí (sinsear)

Ceol nua-aimseartha (grúpaí):

  • Muireann agus Sinéad, Coláiste an Eachréidh (sóisear)
  • NGP, Gaelcholáiste Cheatharlach (sinsear)

Rince cruthaitheach (aonair):

  • Dearbhla, Meánscoil Gharman (sinsear) agus
  • Tara, Gaelcholáiste Cheatharlach (sinsear)

Rince cruthaitheach (grúpaí):

  • Andi agus Izzie, Coláiste Pobail Osraí (sóisear)
  • Saol, Gaelcholáiste Cheatharlach (sinsear)
Drámaíocht/Mím (aonair agus grúpaí):
  • Na Gnáth Amhrastaigh, Gaelcholáiste Chill Dara (sóisear)
  • Na Seacht bPeaca Mharfacha, Gaelcholáiste Chill Dara (sinsear)
Rogha na Moltóirí:
  • Na Buachaillí Tanaí Bána, Coláiste Pobail Osraí (sóisear)

Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, tá súil againn gur bhain sibh ard-taitneamh as an lá (is cinnte gur bhain an fhoireann agus na moltóirí!) agus go bhfeicfimid san Axis sibh ar an 9 Márta don chraobh ceannais.

« Previous PageNext Page »