Aonaid lán-Ghaeilge – Polasaí GAELSCOILEANNA TEO.
Bealtaine 3, 2013
Is é misean na heagraíochta GAELSCOILEANNA TEO. ná an gaeloideachas a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt do phobail a dteastaíonn uatha córas gaelscolaíochta a fhorbairt ina gceantar féin.
Tá sé cruthaithe go hidirnáisiúnta gurb é an modh is éifeachtaí chun sealbhú teanga a thabhairt do dhaltaí scoile sa dara theanga ná iad a thumadh sa teanga sin i rith an lae scoile (an córas tumoideachais). Leis an sprioc seo a bhaint amach ní mór do na daltaí bheith saor ó thionchar na mór-theanga agus an tumadh seo ar siúl. Is é an córas is fearr chun sin a dhéanamh ná gaelscoil nó gaelcholáiste a chur ar fáil ina bhféadfaí gach ní a bhaineann le saol scoile a chur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge.
Is é polasaí GAELSCOILEANNA TEO. iarbhunscoil neamhspleách a bhunú le leanúnachas san oideachas lán-Ghaeilge a thabhairt do dhaltaí gaelscoileanna agus le deis a thabhairt do dhaltaí ó scoileanna eile teacht ar an tumoideachas ag leibhéal na hiarbhunscoile. Is í taithí ghairmiúil GAELSCOILEANNA TEO. ná go bhfuil sé i bhfad níos casta iarbhunscoil lán-Ghaeilge a bhunú i gcomparáid le bunscoile lán-Ghaeilge. Mar sin, ar uairibh bunaítear Aonaid lán-Ghaeilge i scoileanna lán-Bhéarla mar chomhréiteach. Déantar é seo de bharr cúinsí logánta a bhaineann de gnáth le tíreolaíocht agus daonra an cheantair nach bhfuil leordhóthanach chun scoil neamhspleách a bhunú ag an tús.
Tá deacrachtaí agus dúshláin ag baint leis an tumoideachas in Aonad thar mar a bhaineann le gaelcholáiste neamhspleách. Chun teacht thairis na dúshláin sin bíonn bun-thacaíocht de dhíth ar Aonaid chun gaeloideachas éifeachtach a chur ar fáil dóibh siúd a chuireann a muinín sa chóras sin. Sa cháipéis thíos leagtar amach polasaí GAELSCOILEANNA TEO. maidir leis an struchtúr cuí atá de dhíth d’fhorbairt na n-Aonad lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal. Eascraíonn an polasaí seo as plé leis na hAonaid lán-Ghaeilge atá bunaithe agus as plé le Bord Stiúrtha na heagraíochta. Tá breis eolais maidir le hAonaid lán-Ghaeilge ar fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an oifig;oifig@gaelscoileanna.ie nó 01 8535195.
Polasaí Aonaid Gaelscoileanna Teo.
School managers tell Quinn to drop new pupil enrolment laws
Bealtaine 3, 2013
SECONDARY school managers say there is no need for a law to back up proposed changes in enrolment policies.
They are unhappy with some of the proposed changes and insist that they do not need to be supported by legislation.
The Joint Managerial Body (JMB), representing management in over half of secondlevel schools, is responding to moves by Education Minister
Ruairi Quinn, who will bring draft legislation on the issue to Cabinet within weeks.
Mr Quinn will set out a range of practices that schools will not be able to engage in when enrolling pupils.
One proposal to which the JMB is opposed is Mr Quinn’s intention to curb the practice in many schools of giving preference to the children of past pupils.
Advantage
While the new rules are expected to allow schools give priority to brothers or sisters of an existing pupil, siblings of past pupils will not enjoy the same advantage.
A ban on booking deposits, curtailment of compulsory open days and interviews of children and parents and an end to the use of first-come, first-served as a basis for admissions, are also envisaged.
Mr Quinn, who says the overhaul is designed to introduce more fairness and transparency, says he needs the backing of legislation so the changes can be enforced.
The legislation would allow the minister to impose sanctions in the event of a breach.
About 80pc of schools can accommodate all applications, but the changes are designed for the 20pc of schools that are oversubscribed.
Addressing Mr Quinn at his association’s annual conference yesterday, JMB president Fr Paul Connell said those 20pc attempted to enrol pupils in as fair, equitable and inclusive a manner as possible.
He said that included a commitment to the “family unit”, a reference to the practice of giving priority to applicants with family links to the school.
Fr Connell said legislation was unnecessary, and where there was perceived inequity or difficulty it was open to the Department of Education to approach a school directly.
www.independent.ie
Over 4,600 students to get new classrooms under next phase of public private partnership school building plan
Bealtaine 3, 2013
The Minister for Education and Skills, Ruairí Quinn T.D., today announced details of the schools that are to be delivered in Bundle 5 of the Public Private Partnership (PPP) school building programme.
An existing primary school, St Philomena’s National School in Bray, Co. Wicklow and three post- primary schools, Eureka Secondary School in Kells, Co. Meath, Coláiste Raithín in Bray, Co. Wicklow, and Loreto College in Wexford, will get new school buildings under this new bundle.
A VEC college in Carlow town currently providing Post-Leaving Certificate courses and mainstream second-level education will be replaced with two new institutions. The joint campus will comprise a post-primary school and a further education college, each catering for 1,000 students.
The projects, due to be completed by the end of 2016, will see some 4,650 students benefit from state of the art classrooms and facilities. Local communities will also benefit, as many schools make their grounds and buildings available for a range of community activities.
It is expected that approximately 750 jobs in construction will be created.
Minister Quinn said, “These school building projects which will give an important boost to employment in the construction industry and have knock-on benefits to the local communities.
“The PPP model, through which the private sector bears the initial cost of building projects, strengthens our capacity to deliver much needed school places at a time of financial difficulty.
“I am confident that these developments will serve students and communities for many years to come.”
Part of the Government’s Economic Stimulus Package announced by the Minister for Public Expenditure and Reform, Brendan Howlin T.D., in July 2012, Bundle 5 has a total indicative value of €50-€60 million.
www.education.ie
Speisialtóir Tionscadail
Bealtaine 3, 2013
Cuireann Comhairle na Gaelscolaíochta fáilte roimh iarratais ó iarrathóirí a bhfuil taithí acu chun tuarascáil mhionsonraithe a ullmhú ina ndéanfar measúnú straitéiseach ar riachtanais Earnáil na Gaelscolaíochta ar bhonn réigiúnach, ar an leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile araon.
Tuarastal: £52k pro rata agus costais atá bainteach leis
Treimhse Fostaíochta: 25 lá
Critéir Riachtanach:
- Cáilíocht tríú leibhéal i réimse an oideachais, na pleanála nó na bainistíochta;
- Taithí 3 bliana i gcáil bhainistithe tionscadail;
- Taithí chúlra 2 bhliain sa phleanáil lóistíochta;
Critéir Inmhianaithe: Fios ar earnáil na Gaelscolaíochta; Tuiscint mhaith ar earnáil na Gaelscolaíochta.
Is é an dáta druidim d’iarratais agus moltaí tionscadal ná 12:30 an Aoine 10ú lá Bealtaine 2013
Le haghaidh foirm iarratais nó tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le P Ó Mordha ar (028) 90 321 475 nó ag pomordha@comhairle.org
Seoladh: 4 Sráid na Banríona Béal Feirste BT1 6ED
Post mar Speisialtóir Tionscadail
Bealtaine 2, 2013
Cuireann Comhairle na Gaelscolaíochta fáilte roimh iarratais ó iarrathóirí a bhfuil taithí acu chun tuarascáil mhionsonraithe a ullmhú ina ndéanfar measúnú straitéiseach ar riachtanais Earnáil na Gaelscolaíochta ar bhonn réigiúnach, ar an leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile araon.
Tuarastal: £52k pro rata agus costais atá bainteach leis
Treimhse Fostaíochta: 25 lá
Critéir Riachtanach: Cáilíocht tríú leibhéal i réimse an oideachais, na pleanála nó na bainistíochta; Taithí 3 bliana i gcáil bhainistithe tionscadail; Taithí chúlra 2 bhliain sa phleanáil lóistíochta;
Critéir Inmhianaithe: Fios ar earnáil na Gaelscolaíochta; Tuiscint mhaith ar earnáil na Gaelscolaíochta.
Is é an dáta druidim d’iarratais agus moltaí tionscadal ná 12.30 i.n., an Aoine 10ú lá Bealtaine 2013
Le haghaidh foirm iarratais nó tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le
P Ó Mordha ar (028) 90 321 475 nó ag pomordha@comhairle.org<mailto:pomordha@comhairle.org>
Seoladh: 4 Sráid na Banríona Béal Feirste BT1 6ED
Nuachtlitir Futa Fata
Bealtaine 2, 2013
Stair na Gaelscoile Phortlaoise – De réir a Chéile a Thógtar Caisleán
Bealtaine 2, 2013
Bunaíodh Gaelscoil Phortlaoise sa bhliain 1998 le 12 paiste agus múinteoir amháin. Is Gaelscoil sinn le hétos Caitliceach.
Thosaíomar i gClub na nOifigeach Priosúnaigh (Prison Officers Club). Chaitheamar cúpla bliain san Ionad CLG Phortlaoise agus 3 bliana i nGort na bhFraoch, Bóthar Átha Cliath sna seomraí réamhdhéanta. An bhliain seo chugainn beimid ag tosnú in ár suíomh nua i gCnoc an tSamhraidh, áit a mbeidh 16 seomra ranga, dha oifig riaracháin, 6 seomra oideachais speisialta, leabharlann agus halla breá mhór. Ní aithneoimíd sinn féin! Beidh 253 páiste cláraithe ag Gaelscoil Phortlaoise sa scoilbhliain 2013/2014.
Beidh 12 múinteoir, 4 cúntóir, rúnaí, glantóir agus príomhoide againn.
Ce mbeidh se deacair orainn bogadh eile, is fiú é!
Féile Scríbhneoireachta Átha Cliath 2013
Bealtaine 2, 2013
Beidh Féile Scríbhneoireachta Átha Cliath ar siúl i mBaile Átha Cliath ón 20-26 Bealtaine 2013. Beidh imeachtaí go leor ar siúl in ionaid éagsúla ar fud na cathrach.
Tá an fhéile idirnáisiúnta seo ar an fhód le breis is deich mbliana tá sé ar ceann de na príomh fhéilte litríochta sa tíre agus é ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas.
An aidhm is mó atá an fhéile na aitheanta a thabhairt do scríbhneoirí na tíre seo agus treoir a thabhairt do scríbhneoirí óga agus ag eirí aníos.
Beidh neart ceardlainne scríbhneoireachta ar siúl agus beidh siad siúd a dteagasc ag scoth na scríbhneoirí is fearr sa tire.
Mar chuid de imeachtaí na féile beidh seoladh leabhair, léachtaí taispeántas ealaíona, scéalaíocht do pháistí i siopaí leabhair, taispeántas scannáin sa , sárthaispeántas, comórtais scéalaíocht chomh maith le léamh filíocht in ionaid éagsúla timpeall na cathrach.
Mar chuid de Féile Scribhneoirí Áth Cliath na bliana seo tugadh cuireadh don scríbhneoir Patricia Forde agus Tadhg Mac Dhonnagáin Lísín, an foghlaí mara a chur in aithne do pháistí na cathrach. Scéalaíocht agus amhranaíocht bunaithe ar leabhar nua ó Forde, Lísín Scoil na bPáistí Deasa a bheas i gceist, chomh maith le lán báid d’amhráin faoin bhfarraige agus eile, beidh sé seo ar siúl ar 20ú Bealtaine san Ark, Barra Teampall, BÁC ag 10:30am.
Ar 21 Bealtaine beidh maidin den scoth leis leis an t-aisteoir, scri´bhneoir agus sce´alai´ no´ta´ilte Diarmuid de Faoite san Ark, Barra Teampall, BÁC. Beidh Diarmuid ag léamh scéalta do ranganna 1– 3 (aois 7 – 9) tá an ócáid seo á reáchtáil i gcomhar leis an fhéile litríochta IMRAM.
Tá liosta iomlán de na himeachtaí ar fáil ar: www.dublinwritersfestival.com
Foilsithe ar Gaelport.com
Ag imirt Ultimate
Bealtaine 1, 2013
Bhí deireadh seachtaine gnóthach i gCill Chainnigh agus Craobhchomórtas na Scoileanna Laistigh Uile-Éireann d’Ultimate Frisbee ar siúl ar an Domhnach seo caite.
Ghlac 13 foireann ó chúig scoil páirt ann, dhá Ghaelcholáiste ina measc, ach déarfainn nach raibh mórán cliú ag an chuid is mó de dhaoine sa chathair go raibh sé ar siúl.
Tháinig Ultimate Frisbee go hÉirinn i 1995 nuair a bhí mic léinn ar cuairt i gColáiste na Tríonóide. Thóg sé tamall chun an spórt a fhás – i 1998 bhí sé deacair teacht ar fiú 10 imreoir le cluiche cúigear an taobh a imirt.
Ach anois bíonn comórtais náisiúnta agus réigiúnacha ar siúl gach bliain, tá thart ar 13 club Ultimate Frisbee sa tír agus imríonn gach ollscoil, an-chuid Institiúidí Teicneolaíochta agus neart coláistí.
Tá thart ar 400 duine in Éirinn anois a ghlaonn imreoir Ultimate orthu féin agus thart ar 150 duine eile a d’imir comórtas nó dhó.
Ach céard é Ultimate Frisbee, seachas cúpla duine ag caitheamh Frisbee eatarthu?
Is spórt é a imrítear taobh istigh le cúigear ar gach foireann agus taobh amuigh le seachtar ar gach foireann.
Imríonn dhá fhoireann in aghaidh a chéile agus bíonn Frisbee nó diosca amháin ann.
Níl cead agat rith nuair atá an diosca agat agus ní féidir leis an bhfoireann eile corptaicleáil (physical tackle) a dhéanamh ort. Nuair atá an diosca agat bíonn 10 soicind agat lena chaitheamh.
Bíonn an bua ag an bhfoireann le níos mó pointe. Tá endzone ag gach foireann – cosúil le peil Mheireánach – agus chun pointe a fháil caithfidh duine ón bhfoireann greim a fháil ar an diosca taobh istigh den endzone.
Thosaigh mé ag imirt Ultimate nuair a bhí mé san ollscoil. Ceann de na rudaí is mó a thaitin liom faoin spórt ná nach bhfuil réiteoir ann. Déanann na himreoirí a moltóireacht féin.
Bíonn na rialacha ar eolas acu ar fad agus má tá tú ag imirt agus síleann tú go bhfuil duine éigin ag déanamh rud éigin in aghaidh na rialacha, deir tú é.
Bíonn plé ann agus má ghlacann an duine eile leis an méid a deir a tú faigheann tú an diosca ach múna nglacann, téann sé ar ais go dtí an áit ina raibh sé sular tharla an feall líomhraithe.
Ciallaíonn an easpa réiteora agus an easpa airgid a bhaineann leis an spórt go n-imríonn gach duine ar mhaithe leis an spórt féin.
Glaotar ‘spiorad an spóirt’ air seo agus is rud chomh mór é go mbíonn duais ag neart comórtas don fhoireann, agus uaireanta don duine, a léirigh go raibh spiorad an spóirt acu.
‘Pick up’ agus ‘hat tournaments’ is iad rudaí eile ar bhain mé an sult astu. Is cluiche é ‘pick up’ ina dtéann aon duine atá saor go dtí páirc éigin agus imrítear cluiche Ultimate.
Is cuma cén fhoireann ina bhfuil tú nó cé chomh maith is atá tú is féidir le gach duine imirt ar mhaithe leis an gcraic.
I gcomhair ‘hat tournaments’, cuireann gach duine a ainm síos, gan aon fhoireann agus cruthaíonn na heagarthóirí foirne as na daoine sin.
Cuireann siad daoine nua le daoine atá ag imirt ar feadh tamaill ionas go dtiocfaidh feabhas ar na daoine nua.
Bíonn na imreoirí i gcónaí ag cabhrú a chéile.
Nuair a thosaigh mé ag imirt Ultimate i 2007, bhí neart daoine ag iarraidh an spórt a fhorbairt. Ag an am sin, ní raibh mórán deiseanna ag daltaí meánscoile Ultimate a imirt agus bhíodar ag iarraidh é sin a athrú.
Tá sé soiléir ón gcomórtas a bhí ar siúl i gCill Chainnigh ar an Domhnach gur éirigh go hiontach leo. Ghlac cúig scoil páirt ann agus tá thart 20 scoil eile atá ag imirt Ultimate nó a léirigh suim sa spórt.
Ghlac dhá Ghaelcholáiste páirt sa chomórtas; Coláiste Cholim i gCorcaigh agus Coláiste Pobail Osraí i gCill Chainnigh. Faoi láthair táthar ag caint agus ag obair ar Chomórtas Gaelscoileanna.
Táthar ag iarraidh go mbeadh go leor Gaelcholáistí ag imirt Ultimate ionas go mbeadh siad in ann comórtas lán-Ghaeilge a chur ar siúl.
Má tá éinne fiú fiosrach faoin spórt, molfainn go hard é. Má tá suim ag duine ar bith breis eolais a fháil faoi, téigh i dteagmháil le Dominick Smyth ag dominick@dublinyouthultimate.com.
Craic iontach maith atá ann agus cuirtear fáilte mhór roimh thosaitheoirí i gcónaí. Tá sonraí breise ar fáil ar www.irishultimate.com chomh maith.
Katie McGreal, www.meoneile.ie
M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge
Bealtaine 1, 2013
Sa chlár nuálach seo, M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge, díreofar ar oideolaíocht agus teoiric an tumoideachais agus an dátheangachais ag tagairt go sonrach do riachtanais um fhorbairt ghairmiúil agus d’inniúlachtaí teangeolaíochta na múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.
Don chéad uair i bPoblacht na hÉireann, beidh clár ilchodach le sraith modúl atá comhtháite, comhleanúnach agus idirghaolmhar curtha ar fáil le freastal go sonrach ar oideoirí tumoideachais agus ar ghairmithe eile a bhíonn ag obair i réimse an oideachais lán-Ghaeilge.
Aidhmeanna an Chláir
- Barr feabhais i gcáilíocht an teagaisc agus na foghlama san oideachas lán-Ghaeilge agus san oideachas Gaeltachta a chur chun cinn.
- Eolas, scileanna gairmiúla agus taighde sa réimse a fhorbairt agus a chraobhscaoileadh.
- Idirchaidreamh agus líonraí nuálaíochta, imeasctha agus feabhsúcháin sa tumoideachas a chothú, a shaibhriú agus a bhuanú.
Torthaí Foghlama an Chláir
- Feasacht, eolas agus tuiscint a léiriú ar fhealsúnacht, ar bhunús, ar threoirphrionsabail agus ar oideolaíocht an tumoideachais agus an dátheangachais.
- Páirt ghníomhach a ghlacadh i gcruthú an eolais le haghaidh na hoideolaíochta agus an chleachtais tumoideachais maraon le ceannaireacht teagaisc a sholáthar ina suíomhanna gairmiúla féin, agus don réimse i gcoitinne.
- Máistreacht a léiriú ar an bhfeasacht teanga i scríobh agus i labhairt na Gaeilge chomh maith le machnamh criticiúil a dhéanamh ar ról an chultúir agus na h’oidhreachta i bpróiseas an oideachais lán-Ghaeilge.
- Coincheapa nua agus teoiricí foghlama teanga a úsáid chun cur chuige fónta agus modhanna éifeachtacha teagaisc a chur i bhfeidhm agus ábhair eile á múineadh trí Ghaeilge.
- Machnamh breithiúnach a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le forbairt na délitearthachta agus ar thaighde ábhartha.
- Taighde agus fianaise a úsáid ar mhaithe le léargas a dhéanamh ar an gceangal idir cleachtas, taighde agus foghlaim i gcomhthéacs an tumoideachais lán-Ghaeilge.
Struchtúr an Chláir
Cuirfear tús leis an gclár i Meán Fómhair 2013. Cuirfear an clár cumaisc foghlama seo ar fáil ar bhonn páirtaimseartha thar thréimhse dhá bhliain acadúla, agus an chéad chohórt ag baint amach a gcéime i bhfómhar na bliana 2015.
Beidh an fhoghlaim chumaisc mar ghné lárnach den chlár, i. cuid den chlár curtha ar fáil ar líne agus an chuid eile curtha ar fáil ar láthair ag an deireadh seachtaine – 6.30i.n. – 9.30i.n. ar an Aoine agus 9.30r.n. – 12.30i.n. ar an Satharn. Cuirfear soláthar for-rochtana san áireamh ag brath ar riachtanais na mac léinn. Is é a bheidh i gceist le gné foghlama ar an láthair de mhodúil áirithe ná seimineár ar feadh deireadh seachtaine a reáchtálfar sa Ghaeltacht.
Beidh an clár curtha ar fáil ar bhonn uaireanta foghlaim-threoraithe, seimineár ar líne agus ar láthair, taithí phraiticiúil agus scoil samhraidh. Mar thoradh ar an gcur chuige cumaisc agus ar dhearadh an chláir, beidh taighdeoirí tábhachtacha idirnáisiúnta i láthair agus pléifidh siad torthaí agus saincheisteanna nua i réimse an tumoideachais, an oideachais dhátheangaigh agus an dara teanga ar líne leis na mic léinn le linn an chláir.
Modúil Mhúinte an Chláir BLIAIN 1
Seimeastar an Fhómhair (Meán Fómhair – An Nollaig)
Sealbhú agus Foghlaim an Dara Teanga: Teoiric agus Cleachtas
Teagasc na Gaeilge mar Sprioctheanga: Teoiric agus Cleachtas
An Múinteoir mar Thaighdeoir Seimeastar an Earraigh (Eanáir – Aibreán)
Bunús agus Treoirphrionsabail an Oideachais Lán-Ghaeilge
An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha: Teoiric agus Cleachtas
Taighde agus Cleachtas: Tionscadal Taighde Feidhmeach.
Scoil Samhraidh (Iúil)
An Délitearthacht: Leanúntas na Tacaíochta
Seimeastar an Fhómhair (Meán Fómhair – An Nollaig)
Modhanna Taighde
Tráchtas 1
Seimeastar an Earraigh (Eanáir – Aibreán)
Tráchtas 2
Cáilíochtaí
Cláróidh iarratasóirí don M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge. Bronnfar Máistreacht san Oideachas san Oideachas Lán-Ghaeilge ar mhic léinn má éiríonn leo i ngach gné den chlár, i. na modúil mhúinte agus an tráchtas.
Riachtanais Iontrála
- Múinteoirí cáilithe bunscoile nó iar-bhunscoile a bhfuil bunchéim ábhartha/dioplóma iarchéimesan oideachas acu ag leibhéal 2.2 Onóracha nó níos airde, agus atá aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta (Leibhéal 8 – An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí)
- Cleachtóirí Cúram agus Oideachas na Luathóige a bhfuil bunchéim ábhartha in oideachas na luathóige acu ag leibhéal 2.2 onóracha nó níos airde
- Beidh iarratasóirí nach gcomhlíonann na critéir thuas, curtha san áireamh de réir an Pholasaí ar Aitheantas Réamhfhoghlama atá ag Ollscoil Luimnigh.
- Tá gá le grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána don chlár seo.
Líon áiteanna atá ar fáil
Glacfar suas le fiche duine ar an gclár sa bhliain acadúil 2013/2014. Glacfar le h-iarrataisí ón lá inniu suas go dtí 31 Bealtaine 2013.
Sparántachtaí Taighde
Tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) chun fiche sparántacht dár luach €2,000 in aghaidh na bliana gach bliain thar thréimhse dhá bhliain acadúla a bhronnadh ar mhic léinn a chláróidh ar an gclár seo sa bhliain 2013/2014.
Measúnú an Chláir
Cuirfear béim ar mheasúnú leanúnach agus beidh gnéithe éagsúlameasúnachta i bhfeidhmar fud an chláir. Beidh tionscadal taighde feidhmeach le seoladh i seimeastar an earraigh, bliain 1 agus beidh tráchtas ar leibhéal máistreachta le déanamh ar réimse ábhar de rogha an mhic léinn i mbliain 2 an chláir. Beidh gá an tráchtas a aighniú roimh dheireadh mhí Lúnasa 2015. Tá gach modúl sa chlár éigeantach.
Cuirfear béim ar mheasúnú leanúnach agus beidh gnéithe éagsúlameasúnachta i bhfeidhmar fud an chláir. Beidh tionscadal taighde feidhmeach le seoladh i seimeastar an earraigh, bliain 1 agus beidh tráchtas ar leibhéal máistreachta le déanamh ar réimse ábhar de rogha an mhic léinn i mbliain 2 an chláir. Beidh gá an tráchtas a aighniú roimh dheireadh mhí Lúnasa 2015. Tá gach modúl sa chlár éigeantach.
Iarratas
Cuirfear fáilte mhór roimh phlé neamhfhoirmeálta roimh iarratas a chur isteach. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le T.J. Ó Ceallaigh, Comhordaitheoir an Chláir nó le lár-oifig iontrála an choláiste ag na sonraí thíos:
T: +353 61 204325
R: tj.oceallaigh@mic.ul.ie
Foisithe ar Gaelport.com