Méid an Téacs

Scrúdú TEG Ardleibhéal 1 (C1)

Nollaig 12, 2013

An úsáideann tú an Ghaeilge i do shaol gairmiúil/acadúil/pearsanta?
Ar mhaith leat cáilíocht a bheith agat mar chruthúnas ar do chuid ardscileanna teanga?
Beidh scrúdú TEG Ardleibhéal 1 (C1) ar siúl in Ollscoil na hÉireann Má Nuad ar an 24 & 25 Eanáir 2014.
Is é an spriocdháta d’iarratais ná an 10 Eanáir 2014.
Bain amach páirtchreidiúint (scrúdú cainte amháin) nó lánchreidiúint (labhairt, scríbhneoireacht, léamhthuiscint, cluastuiscint agus úsáid na Gaeilge).
Féach ar pháipéir shamplacha anseo: http://www.teg.ie/gaeilge/paipeir_shamplacha.htm.
Íoslódáil foirm iarratais anseo: http://www.teg.ie/gaeilge/foirm_iarratais.htm.
Le haghaidh tuilleadh eolais, seol ríomhphost chuig teanga@nuim.ie nó glaoigh ar (01) 708 6417/3737.

Le gach dea-ghuí,
Teastas Eorpach na Gaeilge
Ionad na dTeangacha
Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
Má Nuad
Co. Chill Dara

Guthán: (01) 708 6417/3737
Ríomhphost: teanga@nuim.ie

Dátaí Scléip 2014!

Nollaig 12, 2013

Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán Ghaeilge agus Gaeltachta. Thosaigh Scléip sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith.  Is é príomhaidhm an chomórtais ná daltaí na niar-bhunscoileanna a spreagadh le Gaeilge a úsáid i réimsí éagsúla de na healaíona trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i gcomórtas spreagúil agus spéisiúil.

Beidh réamhbhabhtaí Scléip ar siúl ar na dátaí seo a leanas:

5 agus 6 Feabhra 2014 – Firkin Crane, Corcaigh
10 Feabhra 2014 – Axis, Baile Átha Cliath
12 Feabhra 2014 – Riverbank, Cill Dara
14 Feabhra 2014 – Cultúrlann Uí Chanáin, Doire

Bíonn deis ag gach scoil iomaitheoirí a chur chun cinn i ngach rannóg sna réamhbhabhtaí agus roghnóidh na moltóirí iomaitheoirí na craoibhe ag na himeachtaí sin. Beidh an craobh ar siúl in amharclann an Axis, Baile Átha Cliath ar an 1 Márta 2014. Tá gach eolas maidir le hiontráil a dhéanamh ar an gcomórtas ar fáil thíos:

Seo thíos Eoin agus Sorcha ó Ghael-Choláiste Chill Dara, a ghlac páirt i Scléip 2013 agus a chas ceol den scoth d’Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, ag Comhdháil Oideachais Gaelscoileanna Teo. & Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. ar an 22 Samhain 2013. Bhí an tUachtarán an-tógtha leo agus thug sé ardmholadh dóibh!

Eoin agus Sorcha

“Tá teipthe ar an Rialtas seo go hiomlán ó thaobh na Gaeilge”

Nollaig 12, 2013

Astitim ó fhógra éirí as an Choimisinéara Teanga

Ba mhór an plé a chothaigh fógra Sheáin Uí Chuirreáin an tseachtain seo caite nuair a chuir sé in iúl don Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha go mbeidh sé ag éirí as a ról mar Choimisinéir Teanga ar 23 Feabhra 2014.

Is í is cúis le cinneadh an Choimisinéara, dar leis, ná teip an Rialtais i leith chur i bhfeidhm beartais reachtaíocht teanga ag leibhéal an Stáit, lena n-áirítear lagú chóras na scéimeanna teanga, easpa inniúlacht Ghaeilge an státchórais, beartas úr lochtach earcaíochta na Státseirbhíse, folús i dtaobh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus cinneadh an Rialtais oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman.

Ag tógáil ar an aiféala agus an imní atá léirithe ag pobal na Gaeilge i dtaca le cinneadh tromchúiseach an Choimisinéara, tá an freasúra tagtha amach go láidir in éadan an Rialtais ar an ábhar seo agus tá iarrtha ag lucht Fhianna Fáil agus Shinn Féin go seasfaidh an dá Aire, an tAire sinsearach agus an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, siar óna róil.

Agus é ag ceistiú an Aire Stáit Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., sa Dáil ar an gCéadaoin, dúirt Éamon Ó Cuív, T.D. de chuid Fhianna Fáil, gur thuig sé do shuíomh an Aire Stáit ach gur léir nach bhfuil sé ag fáil na tacaíochta ón Rialtas i leith chás na Gaeilge mar is ceart.

“Mar sin, tá mise ag rá go mbé an té ar cheart éirí as oifig anois ná an tAire Deenihan. Dá mba rud é gur éirigh Aire Leanaí as oifig nó dá n-éireodh Rialaitheoir Airgeadais as oifig de bharr go raibh sé nó sí ag ceapadh go raibh an Stát faillíoch, bheadh na meáin Bhéarla ar fad ag rá gur vóta muiníne a bhí ansin san Aire. Is vóta iomlán mímhuiníne sa Rialtas, sa Taoiseach agus go mórmhór in Aire na Gaeltachta go mbraitheann an Coimisinéir Teanga go gcaithfidh sé éirí as a oifig”, a dúirt an Teachta Ó Cuív.

D’iarr an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich ar an Teachta Ó Cuív gan cheist pholaitiúil a dhéanamh as an nGaeilge óir gur scoilteadh an Rialtas ar bhonn páirtí polaitíochta cheana agus gurb í an teanga a bhí thíos leis. “In ainm Dé, seasaimis le chéile ar son na teanga san am amach romhainn agus déan dearmad den pholaitíocht”, a dúirt sé.

“Is ceist pholaitiúil í an Ghaeilge” a mhaígh an Teachta Ó Cuív agus é ag caint ar an ábhar ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Déardaion. Dúirt sé gur fhadhb í easpa Gaeilge an Aire Shinsirigh ach go “mairfimis leis sin dá mbeadh sé ag déanamh a chiondícheall ar son na Gaeilge”, ach, dar leis an Teachta, “Is léir nach bhfuil a gha de spéise aige i gcúrsaí Gaeilge ná Gaeltachta”.

De réir sheasamh Shinn Féin, is é an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich ar chóir éirigh as an ról aige. Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh gur rud suntasach é ardmheas lucht na Gaeilge ar Sheán Ó Cuirreáin agus an obair ar bun aige le deich mbliana anuas agus an t-ardmholadh atá tugtha dó ag eascairt as fógra na seachtaine seo caite.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh go gcruthaíonn tuarascáil an Choimisinéara nach bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag feidhmiú mar ba chóir i gcás chóras na scéimeanna teanga ná cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain din Ghaeilge.

“Is damnú é sin ar chur chuige an Rialtais seo. Is léir domsa dá bhrí sin, go bhfuil ag teip ar an Rialtas agus go háirithe Aire na Gaeltachta a chuid dualgais a chomhlíonadh mar is ceart agus ba chóir dó éirí as agus é a fhágáil ag duine eicínt a dhéanfaidh an jab mar is ceart”, a dúirt sé.

Foilsithe ar Gaelport.com

Géarchéim anois gan Coimisinéir na Gaeilge

Nollaig 12, 2013

Beidh ar chomharba Sheáin Uí Chuirreáin — a d’éirigh as a phost mar Choimisinéir Teanga an tseachtain seo caite — aghaidh a thabhairt ar an ghéarcheim is mó riamh i bpolasaí an stáit i leith na Gaeilge.

Thagair an tUasal Ó Cuirreáin do chuid den faillí ba mhó, dar leis, do Thithe an Oireachtais agus é ag éirí as a phost. Thuairiscigh an Coimisinéir go raibh “trí cheathrú de na scéimeanna teanga — pleananna reachtúla teanga — a bhí comhaontaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le heagraíochtaí éagsúla stáit ligthe in éag gan athnuachan a bheith déanta orthu faoi dheireadh 2012 agus an ceathrú cuid acu as dáta le breis agus trí bliana. “I 10 gcinn de chásanna eile, bhí breis agus sé bliana imithe ó d’iarr an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar eagrais stáit dréachtscéimeanna teanga a ullmhú ach bhí siad fós le haontú.” “Bhí na scéimeanna teanga sin le bheith mar chrann taca i gcroílár na reachtaíochta agus mar bhunús le líon agus le caighdeán na seirbhísí stáit trí Ghaeilge a mhéadú,” arsa an tUasal Ó Cuirreáin ( thuas).

Dúirt sé go raibh 15 scéim teanga daingnithe — agus 20 imithe in éag — ach gur mó de chúis imní aige é an caighdeán atá i gcuid de na scéimeanna sin. Beidh ar an choimisinéir úr aghaidh a thabhairt ar an an easpa foirne atá in ann oibriú in dhá theanga oifigiúla an stáit. Leis an chóras nua teanga sa Roinn Oideachais, glhacfadh sé 28 bliain le líon na foirne riaracháin le Gaeilge a mhéadú ón 1.5 atá ann faoi láthair go dtí 3%. “Dóibh siúd atá gafa go gairmiúil nó go deonach le cosaint nó cur chun cinn na teanga, is tréimhse í seo atá lán le héiginnteacht,” arsa an tUasal Ó Cuirreáin.

www.independent.ie

Troid ar son chearta teanga

Nollaig 12, 2013

Tá sé fógartha ag Conradh na Gaeilge go mbeidh cruinniú poiblí á eagrú acu i mBaile Átha Cliath ar Dé Sathairn 11 Eanáir chun deis a thabhairt don phobal a mhíshásamh a chur in iúl don rialtas faoina faillí atá á imirt acu ar an nGaeilge.

Dar le Conradh na Gaeilge go léiríonn cinneadh an Coimisinéir teanga Seán Ó Cuirreáin éirí as oifig, de bharr easpa tacaíochta ón Rialtas agus ón gcóras stáit, an ghéarchéim atá ann don Ghaeilge faoi láthair. Ag an gcruinniú poiblí i mí Eanáir beidh cúig éileamh á chur chun cinn ag Conradh na Gaeilge: Cosaint phost an Coimisinéir teanga mar chuid d’Acht Teanga láidrithe; Atheagar iomlán a chur ar pholasaí earcaíochta an stáit le go mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge ag 30% de státseirbhísigh nua; Deireadh a chur le maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach; Struchtúr a bhunú mar chuid de Phlean 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge chun guth a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta; Dáta a fhógairt do spriocdháta faoina mbeidh seirbhís á chur ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta.

Tá méadú i gcónaí ar fhearg phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le Fine Gael agus Páirtí an Lucht oibre mar thoradh ar chinneadh an Coimisinéir Teanga éirí as oifig. Tá dearcadh forleathan ann anois go bhfuil sé mar aidhm ag an dá pháirtí, agus an córas stáit trí chéile, ionsaí a dhéanamh ar na cearta ar fad a baineadh amach don Ghaeilge sa tréimhse sular tháinig an Comhrialtas seo i gcumhacht.

www.advertiser.ie

Bainisteoirí á lorg

Nollaig 12, 2013

An bhfuil suim agat sa spóirt? An bhfuil suim agat sa Ghaeilge?! An bhfuil scileanna bainistíochta agat?!

Má tá, tá tú ag teastáil uainn!

Tá Gael-Champa ag leathnú timpeall na tíre agus táimid ag lorg bainisteoirí chun campaí samhraidh a eagrú agus a rith dúinn .

Má cheapann tú gur tusa an duine oiriúnach don phost seo, cuir glaoch ar ár mbainisteoir réigiúnda Helena @ 086 3737047.

Tuilleadh eolais www.gaelchampa.ie

Foilsithe ar Gaelport.com

Cúntóirí Taighde

Nollaig 12, 2013

Tá Foclóir na Nua-Ghaeilge, tionscnamh taighde de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann, ag lorg iarratas do phoist mar Chúntóirí Taighde (3 phost), ar thionscadal maoinithe ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn agus Rialtas na hÉireann, faoin scéim deontas ar thionscadal taighde 2013.
An Tionscnamh

“Focail Fholaithe ón bhFichiú Aois – Bailiúcháin Neamhfhoilsithe den Ghaeilge Labhartha”
Tiomsófar na bailiúcháin chanúna neamhfhoilsithe seo i bhfoirm dhigiteach, ionas go mbeifear in ann corpas inchuardaithe a chruthú astu.

Cuideoidh an Cúntóir Taighde:

  • Taighde a dhéanamh ar chanúintí na hÉireann
  • Lámhscríbhinní a dhigitiú agus a phróiseáil
  • Corpas ar líne a chruthú

Sonraíocht faoin bpearsa

Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag an té a cheapfar:

  • Céim onóracha sa Nua-Ghaeilge
  • Eolas ar cheann de mhórchanúintí na Gaeilge
  • Spéis sa Ghaeilge agus sna daonnachtaí digiteacha
  • Súil ghéar don chruinneas
  • Ardscileanna ríomhaireachta
  • Cumas oibre mar chuid d’fhoireann agus as a stuaim féin

Tuilleadh Eolais: Beidh conradh sé mhí i gceist le gach post. Tá tuarastal €19,665 in aghaidh na bliana leis an bpost seo, (Scála d’iontrálaithe nua). Tá sonraí faoin bpost agus faoin bpróiseas iarratais ar fáil ar www.ria.ie.

Spriocdháta: Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh Dé Luain 23 Nollaig 2013 ag 11am.

Is fostóir comhionannas deiseanna é Acadamh Ríoga na hÉireann

Foilsithe ar Gaelport.com

Múinteoir á lorg

Nollaig 12, 2013

Tá folúntas mar a leanas:

Colásite Naomh Eoin, Inis Meáin, Oileáin Árann (Gnó, Matamaitic, LCVP) saoire mháithreachais le tosú láithreach.

Is féidir teagmháil a dhéanamh mar a leanas:

Catherine Coyle, An Roinn Pearsanra, catherine.coyle@gretb.ie 091-874525

Foilsithe ar Gaelport.com

Éirí as Post an Choimisinéara Teanga

Nollaig 11, 2013

Tubaiste ollmhór é Seán Ó Cuirreáin a chailliúint mar Choimisinéir Teanga d’fhorbairt seirbhísí Gaeilge sa líne tosaigh” a deir Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge (COFG) ón earnáil phoiblí. Fágann seo go mbeidh easpa foirne le hinniúlacht in dhá theanga oifigiúla an Stáit fós ag cur laincisí ar eagraíochtaí stáit a gcuid seirbhísí a sholáthar don phobal i nGaeilge san am amach romhainn. Éilímid ar an Taoiseach Enda Ó Cionnaith agus ar an Rialtas gníomhú láithreach chun muinín a chothú athuair i dtacaíocht an Stáit don Ghaeilge, teanga náisiúnta agus céad teanga oifigiúil na tíre seo.

“Cúis díomá dúinn, in éineacht leis an gCoimisinéir, an mhoill ata curtha ar an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2013, go háirithe i bhfianaise an éilimh ó mhórán eagraíochtaí pobail agus stáit go gcuirfí córas earcaíochta úr in áit a dheimhneoidh go mbeidh daoine le Gaeilge á earcú isteach san earnáil phoiblí chun freastal ar phobal na Gaeilge , sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di” arsa Oifigeach Caidrimh Phoiblí COFG Aoileann Nic Dhonncha.

“Chomh maith le freastal ar phobal na Gaeltachta, tá Gaelscoileanna ag oscailt trasna na tíre agus tá seirbhísí Gaeilge ag teastáil chun freastal ar na hiarscoláirí seo. Caithfear níos mó béime a chur ar an nGaeilge agus earcaíocht ar siúl sna comhlachtaí poiblí ionas gur féidir linne san earnáil phoiblí ár ndualgais teanga a chur i bhfeidhm, gan chostas breise, ag an líne tosaigh mar is ceart” a deir Aoileann Nic Dhonncha.

Gabhann Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge buíochas leis an gCoimisinéir Seán Ó Cuirreáin as an gcabhair agus tacaíocht a thug sé dúinne atá i mbun oibre ag an líne tosaigh chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm san earnáil phoiblí. Is cailliúint ollmhór é Seán, mar Choimisinéir do lucht labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus é ina cheannródaí fíor-ghairmiúil a thug ardseirbhís don gCustaiméir agus don Stát araon.

Tá leibhéal na seirbhísí trí Ghaeilge atá á chur ar fáil ag comhlachtaí poiblí sa nGaeltacht, agus lasmuigh di, ag brath go hiomlán ar dhóthain foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge a bheith ar fáil chuige sin. Ní féidir a bheith cinnte go mbeidh foireann le hinniúlacht sa Ghaeilge ar fáil faoin gcóras mar atá, nó faoin gcóras nua atá molta ag an Rialtas le déanaí, agus dá bharr sin, tá soláthar seirbhísí trí Ghaeilge míshásúil. Cothaíonn seo easpa muiníne in ábaltacht an Stáit seirbhísí Gaeilge d’ardchaighdeán a chur ar fáil, rud a bhaineann an bonn ó éileamh Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar Sheirbhísí Gaeilge ón Stáit, ainneoin a cuid cearta faoin mbunreacht.

Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge

Oifigeach Caidrimh Poiblí: Aoileann Nic Dhonncha, Co Átha Cliath Theas (086) 8228916.

Cathaoirleach: Roibeard Ó hEartáin, Co. Chiarraí (087) 7989727.
Rúnaí: Máire Seó Breathnach, Co. Phort Láirge.
Suíomh Idirlín: Seán Ó Daimhín, Co. Dhún na nGall.
Meáin Shóisialta: Oonagh Ní Chéilleachair, Co. Mhaigh Eo.
Teagmháil: cumannofg@hotmail.com

Coimisinéir an choinsiasa

Nollaig 11, 2013

B’fhearr leis an choimisinéir an t-uaigneas ná droch-choinsias.

Is minic nuair a bhíonn duine sa saol poiblí i mbun iomrascála lena choinsias, gurb é an coinsias a bhíonn thíos leis. Níorbh amhlaidh i gcás an Choimisinéara Teanga Seán Ó Cuirreáin a d’fhógair an tseachtain seo caite go raibh sé meáite ar éirí as oifig de bharr neamhshuim an Rialtais sna cearta teanga ar ceapadh Ó Cuirreáin len iad a chosaint. An rud is annamh is iontach. I mbeagán focal, bhí an lámh in uachtar ag a choinsias ar an gcoimisinéir. Ba léir ón stangadh a bhain a fhógra gan choinne as pobal na teanga gur mó de “gile mear na Gaeilge” acu Ó Cuirreáin ná ombudsman.

Murab ionann agus go leor athmháistrí teanga, is léir go mbraitheann pobal na teanga gur ar a son a labhrann an coimisinéir, gurb é ceann feadhna na gluaiseachta agus guth na ndaoine é, gur thug sé guth dóibh sin a bhí gan ghuth. Tá ardmheas ar an gCoimisinéir Teanga leis in áiteanna níos faide ó bhaile mar ba léir ón ráiteas a d’eisigh Coimisinéir na Breatnaise, Meri Hews, inar dhúirt sí gur ó Shéan Ó Cuirreáin a fuair sí féin agus coimisinéirí teanga eile a “mbunoiliúint”.

Díomá

Cé go raibh díomá ar dhaoine go raibh Ó Cuirréain ag imeacht, mar sin, ba é tuairim na coitiantachta ná gur chuir sé comaoin mhór orainn tríd an fhírinne a insint agus éirí as seachas treabhadh leis nó go mbeadh sé, mar a dúirt sé féin, “mar chuid den chur i gcéill”. Tá an cur i gcéill sin anois curtha os comhair cách ag an gCoimisinéir Teanga agus tá dúshlán an Stáit agus an Rialtais tugtha aige. Teachtaireacht shimplí neamhbhalbh a bhí sa deireadh aige: tá tráth na cainte thart más fúinn gan “ár bhflaitheas teanga” a chailliúint.

Gan amhras, ní hé sin an léamh atá ag an Rialtas ná Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, ar an an scéal agus iad ag iarraidh neamhní a dhéanamh do cháineadh Uí Chuirreáin. Ghlaoigh an tAire Stáit ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ RnaG an tseachtain seo caite le gearán a dhéanamh faoi easpa “cothromaíochta” agus faoi ionsaí, dar leis, a bhí déanta air féin agus ar an Rialtas. Ba dheacair, is dócha, tuiscint conas nach mbeadh Aire Stáit ón nGaeltacht ag braistint goilliúnach nuair a bhí polaiteoirí ón bhfreasúra ag fógairt air mar gheall ar an dochar atá á dhéanamh ag a Rialtas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Ba dheacair a shamhlú, áfach, gur chreid an tAire Stáit McGinley ina chroí istigh go raibh dul chun cinn á dhéanamh maidir le ceist seo na Gaeilge sa státchóras.

Ba dheacair a shamhlú, chomh maith, gur chreid sé dáiríre gur leor go mbeadh 20 scéim teanga daingnithe le comhlachtaí poiblí roimh dheireadh na bliana seo, nuair atá 20 scéim eile dulta in éag cheana féin i 2013. Ba dhóigh leat gur cheart faoin dtráth seo gur ar an dTaoiseach a bheadh an tAire Stáit ag glaoch chun cúrsaí “cothromaíochta” a phlé leis, seachas ar chláracha raidió.

Bréan

Ba chóir dó a rá le Enda Kenny go raibh sé breán bailithe de bheith ag cosaint pholasaithe díobhálacha teanga an Rialtais agus gan dá bharr aige ach cáineadh agus drochmheas a phobail féin. Buille don teanga ab ea é nuair nár tugadh aireacht shinsearach do McGinley le go mbeadh guth dúchasach ag an nGaeilge ag bord an Rialtais, ach tá cumhacht anois ag an Aire Stáit nach raibh aige sular fhógair an Coimisinéir Teanga go raibh sé chun éirí as. Tá fianaise anois ag an Aire Stáit ó fhoinse iontaofa neamhspleách go raibh ag teip ar an státchóras agus ar an Rialtas a ndualgaisí i leith na teanga a chomhlíonadh agus go dteipfidh leis ar an gcóras nua a tugadh isteach le déanaí chun cur le líon na bhfostaithe le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí.

A bhuíochas leis an gCoimisinéir Teanga, tá figiúirí chomh maith ag an Aire Stáit le taispeáint don dTaoiseach, figiúirí a chruthaíonn go dtógfadh sé 28 bliain ar an gcóras nua le céatadán na foirne riaracháin sa Roinn Oideachais le líofacht sa Ghaeilge a ardú ó 1.5 faoin gcéad go 3 faoin gcéad. Coinsias Munar leor é sin ar fad mar léiriú don dTaoiseach gur cás tromchúiseach é seo, d’fhéadfadh an tAire Stáit an t-eagarfhocal a foilsíodh ar an nuachtán seo Dé Luain a chur ar a shúile dó mar chruthúnas nach síorchancráin na Gaeilge amháin atá ag tacú le seasamh misniúil an choimisinéara. Má thugann Enda Kenny an chluas bhodhar dó tar éis an méid sin ba chóir go ndéanfadh an tAire Stáit scrúdú ar a choinsias féin.

www.irishtimes.com

 

« Previous PageNext Page »