Méid an Téacs

Post múinteoireachta – Eolaíocht

Eanáir 29, 2014

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó mhúinteoirí cáilithe don phost seo a leanas (a d’fhéadfadh teacht chun cinn sa scoilbhliain 2013-2014).

Eolaíocht trí mheán na Gaeilge

Ní mór d’iarratasóirí na pointí seo a leanas a thabhairt faoi deara:

1. Is féidir foirm iarratais a íoslódáil ó www.etbjobs.ie

Ba cheart foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh chuig:
An Rannóg Pearsanra
Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí
Sráid an tSéipéil
Dún Dealgan
Co. Lú

2. Is é an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais ná 16.00, Dé hAoine, 05 Feabhra, 2014.

3. Feidhmeoidh ceadú, coinníollacha seirbhíse agus ceapacháin, cáilíochtaí agus scála tuarastail, de réir rialacháin na Roinne Oideachais agus Scileanna.

4. Is ar choinníoll go bhfuil an múinteoir cláraithe de réir alt 31 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 a bheidh tairiscint fostaíochta ar bith.
5. Tabhair faoi deara: Cé go bhfógraítear an post thuas, féadfar cinneadh ar na h-uaireanta a athrú nó gan é a líonadh

Féadfar gearrliostú a chur i bhfeidhm
Dí-cháileofar iarrthóir a dhéanann canbhasáil
Is fostóir comhionannas deiseanna é Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí
Ní ghlacfar le h-iarratais a fhaightear i ndiaidh an spriocdháta.

 

Lá Mór na Gaeilge – an scéal is déanaí

Eanáir 29, 2014

Is léir go bhfuil an-obair ag dul ar aghaidh do LÁ MÓR NA GAEILGE. Tá busanna á chur in áirithe i mBoirche Íochtar, Ard Mhacha, Gaoth Dobhair, Corcaigh, Tiobraid Árainn, agus dhá cheann i nGaillimh cheana féin. Chomh maith leis sin beidh cruinnithe poiblí ar siúl go luath sna háiteanna seo a leanas le díriú ar an LÁ MÓR agus le gníomhaíochtaí eile gur féidir a dhéanamh go háitiúil a aontú:

30/01/2014 20.00 Acadamh, Gaoth Dobhair
03/02/2014 20.00 Seanscoil Sailearna, Conamara
03/02/2014 19.30 Óstán Clarion, Corcaigh – Gael-Taca
04/02/2014 19.30 Cultúrlann, Béal Feirste
06/02/2014 20.00 Baile Bhúirne, Corcaigh
07/02/2014 20.00 Halla an Phobail, Cill Mhichíl, An Clár

Tá sé i gceist físeán spreagúil a chur le chéile mar bholscaireacht don lá agus ba bhreá le Conradh na Gaeilge taifid a fháil de dhaoine ar fud na tíre ag rá na bhfocal ‘Tá Mé’ nó ‘Tá Muid’ nó ‘Tá Siad’ i slí an-spreagtha. Is leor taifead ó ghuthán póca nó eile agus é a chur ar an ríomhphost nó trí nasc youtube chugainn ag lagaeilge@cnag.ie faoi Dé Sathairn, 1 Feabhra más féidir in aon chor. Ba bhreá leo canúintí agus suíomhanna éagsúla a fháil don fhíseán.

Na mílte ag siúl ar son na Gaeilge

Eanáir 29, 2014

Beidh glórtha Gaelacha ag baint macalla as sráideanna Bhaile Átha Cliath an 15 Feabhra nuair a ghluaisfidh mórshiúl ar son cearta teanga trí lár na príomhchathrach.

Seo an chéad uair le deich mbliana a eagraíodh léirsiú náisiúnta ar son na Gaeilge agus táthar ag súil go dtiocfaidh na mílte duine amach chun cothrom na féinne don teanga a iarraidh ar an rialtas. Tá liosta suntasach gearán ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i bhfianaise éirí as an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ag tús mhí na Nollag mar gheall ar easpa tacaíochta ón rialtas do chearta teanga, seirbhísí stáit as Gaeilge ach go háirithe. Ní ba luaithe an mhí seo léirigh tuairisc ó Chomhairle na hEorpa go bhfuil cosc á chur ar chur chun cinn na Gaeilge sa Tuaisceart mar thoradh ar dhearcadh naimhdeach i leith na teanga i Stormont, agus easpa tacaíochta don teanga sa chóras oideachais agus dlí.

Is é Conradh na Gaeilge atá ag glaoch an léirsithe, le comhoibriú ó ghrúpaí eile teanga, agus tá tuairim choitianta ann nach mór do mhórphobal na teanga an deis a thapú anois chun teacht le chéile ar bhonn náisiúnta agus an fód a sheasamh ar son thodhchaí na teanga. “Tá luas ag teacht leis an eagrú don Lá Mór,” arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge. “Beidh cruinnithe poiblí ag tarlú ar fud na tíre idir seo agus an Lá Mór féin chun an cur chuige áitiúil a aontú agus tá a fhios againn go bhfuil busanna eagraithe cheana féin ó gach cúige, mar sin tá muid ag súil go mbeidh slua suntasach i láthair.” Tosóidh an Lá Mór ag an Ghairdín Cuimhneacháin ag Cearnóg Parnell ar 2in agus, mar aon le haoichainteoirí, beidh ceol beo ann ó Kíla, Seo Linn agus Na Fíréin.

www.independent.com

Cormac cois cuain – craoltóir RnaG le bheith i mBéal Feirste

Eanáir 29, 2014

Tá mórán cainte ar siúl ag lucht na Gaeilge faoi na hathruithe atá déanta ag Foras na Gaeilge ar an earnáil dheonach.

Sé cheanneagraíocht, in áit 19 eagras, a bheidh freagrach feasta as cur chun cinn na teanga agus níl ceanneagraíocht ar bith sa Tuaisceart. Leis sin a phlé, craolfar eagrán speisialta de Cormac@5 le Cormac Ó hEadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta beo as Béal Feirste Dé Máirt, 4ú Feabhra. Beidh deis ag na heagraíochtaí uilig teacht chun plé a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt faoin leagan amach nua a bheidh ar earnáil na Gaeilge. Craolfar an clár idir 5pm agus 6pm as Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Bóthar na bhFál, agus tá fáilte roimh an phobal freastal air.

www.irishtimes.com

Comórtas Clár Raidió Gael Linn

Eanáir 29, 2014

Tá Gael Linn ag glacadh le hiarratais do Chomórtas Clár Raidió Gael Linn, comórtas bliantúil a thugann aitheantas do thallann raidió úr i measc daltaí iar-bhunscoile.

Is é an dáta deireannach iontrála ná 7 Feabhra 2014, ach ní gá na cláir féin a bheith istigh go dtí 14 Márta 2014. Bronnfar duaiseanna ar mhic léinn a dhéanann cláir raidió Ghaeilge ar ardchaighdeán a léiriú agus a láithriú. Glacfar le cláir cainte, irischláir, gnéchláir srl Tá an comórtas dírithe ar mhic léinn idirbhliana go príomha agus creidtear go bhfuil sé an-oiriúnach mar ábhar le haghaidh tionscnamh do na mic léinn seo. Tá cead, áfach, ag daltaí i mbliain ar bith sa scoil páirt a ghlacadh ann agus níl aon teorainn leis an líon scoláirí ar féidir leo a bheith ag plé leis an gclár.

Cuireann na daltaí, le cabhair óna gcuid múinteoirí, clár raidió ar a rogha téama le chéile, a mhaireann idir 15 agus 20 nóiméad. Is féidir rogha cur chuige nó comhdhéanamh a úsáid – m.sh. agallaimh, comhrá, ceol beo, nuacht agus eile. Glactar le drámaí raidió chomh maith. Tá dhá roinn sa chomórtas, roinn amháin d’iarbhunscoileanna ina ndéantar teagasc trí Ghaeilge agus an roinn eile do na scoileanna nach ndéantar teagasc trí Ghaeilge iontu. Bronnfar trí dhuais náisiúnta, urraithe ag Raidió na Gaeltachta, ar na trí chlár is fearr, is cuma cén roinn ina mbeidh an scoil ag iomaíocht. Ina dhiaidh sin bronnfar trí dhuais, urraithe ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann, ar na trí chlár is fearr i ngach roinn.

Tá gach eolas faoin gComórtas gClár Raidió 2014 ar shuíomh Gael Linn ag www.gael-linn.ie agus is féidir éisteacht ansin chomh maith leis na cláir a bhuaigh duaiseanna sa chomórtas anuraidh. Nó is féidir glaoch ar riarthóir an chomórtais, Niamh de Búrca, ag 01 6753303.

www.carlow-nationalist.ie

Ciorcail Ghaeilge na seachtaine seo i gCeatharlach

Eanáir 29, 2014

Leanfar leis an teacht le chéile seachtainiúil dar teideal “Is Leor Beirt” sa Leabharlann, Sráid na Tulaí, Ceatharlach ar an gCéadaoin seo ag 10.30r.n.

Agus cuirfear míle fáilte roimh chách chomh maith chuig SULT, an imeacht míosúil trí Ghaeilge, ar an Déardaoin, 30 Eanair sa Teach Bar taobh le Teach Dolmain, Ceatharlach. Is ansin a thagann daoine le chéile ar an Déardaoin deireannach de gach mí ag 9.00i.n. chun taitneamh a bhaint as caint, comhrá agus comhluadar trí Ghaeilge agus cuirtear fíorchaoin fáilte roimh dhaoine nua i gcónaí. Leanfaidh an oíche leis an seisiún traidisiúnta.

Is deiseanna iontacha iad na ciorcail seo chun an Ghaeilge a labhairt go sóisialta agus aithne a chur ar chainteoirí Gaeilge eile sa cheantar. Beidh fáilte faoi leith roimh fhoghlaimeoirí agus tabharfar gach seans dóibh an teanga a chleachtadh i suímh nádúrtha. Bí ann agus fáilte!

www.carlow-nationalist.ie

Seachtain eile d’amhráin don Chomórtas Pan Cheilteach

Eanáir 29, 2014

Tá áthas ar Glór Cheatharlach a fhógairt go bhfuil seachtain eile curtha leis an spriocdháta d’iarratais don Chomórtas Náisiúnta Amhrán Pan Cheilteach.

Glacfar le hiarratais ar dhlúthdhioscaí suas go dtí 2.00i.n. ar an Aoine, 7ú Feabhra. Ní foláir na focail agus an ceol a bheith nuachumtha agus caithfidh na focail a bheith as Gaeilge. Tá duais €1,000 le buachaint agus rachaidh an t-amhrán buachach ar aghaidh le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann sa Chomórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach a bheith ar siúl i gCathair Dhoire um Cháisc.

Tá rannóg faoi leith sa chomórtas i mbliana le haghaidh iarratais ó dhaoine faoi sheacht mbliana déag d’aois agus ‘sé €200 an phríomhdhuais sa rannóg áirithe seo. Tá na rialacha agus an fhoirm iontrála ar an suíomh idirlín www.panceltic.ie. Gach eolas ó Glór Cheatharlach ar 085 1340047, 087 2857048 nó emma@glorcheatharlach.ie. Iarratais chuig Oifig Ghlór Cheatharlach, Sraid an Choláiste, Ceatharlach.

www.carlow-nationalist.ie

Lá Mór na Gaeilge – litir do thuismitheoirí ó Chonradh na Gaeilge

Eanáir 28, 2014

Lá Mór na Gaeilge – Litir

Cruinniú Poiblí ar son cothrom na féinne do phobal na Gaeilge & Gaeltachta

Eanáir 28, 2014

Tabharfar deis do phobal Chorcaí díospóireacht a dhéanamh ar na hionsaithe leanúnach atá a dhéanamh ag an Stát ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, ag Cruinniú Poiblí a bheidh ar siúl De Luain 3ú Feabhra in óstán Clarion, Lapps Quay. Cuirfear tús leis an gcruinniú ag 7.30pm.

Tá an cruinniú á eagrú mar chuid d’fheachtas cearta atá bunaithe mar thoradh ar an ngéarchéim a cruthaíodh nuair a d’fhógair An Coimisinéir Teanga (ar nós Ombudsman na Gaeilge), Seán Ó Cuirreáin, go mbeadh sé ag éirí as oifig de bharrna heaspa éisteachta atá faighte aige ón Rialtas ó dheas.

Tá an cruinniú seo á chomhordú ag Gael-Taca bunaithe ar na héilimh a tháinig chun cinn ag an gcruinniú poiblí a eagraíodh i Halla na Saoirse, Baile Átha Cliath ar an 11 Eanáir. D’fhreastail breis agus 200 duine ar an gcruinniú sin agus aontaíodh feachtas uile-oileánda a eagrú chun ceart na teanga a sheasamh.

Is é Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge a bheidh mar aoichainteoir ag an gCruinniú Poiblí agus is í Gael-Taca a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

Tá an cruinniú oscailte don phobal uilig agus beidh deis ann díriú ar na céimeanna ar gá a thógáil anois chun troid a dhéanamh ar son chothrom na féinne do lucht labhartha na Gaeilge.

Helena Ní Dheá
Oifigeach Forbartha
Gael-Taca,
22 Port Uí Shúilleabháin,
Corcaigh.

www.gael-taca.com
(021)4310841

An Straitéis a thabhairt slán

Eanáir 28, 2014

An dtabharfaí aird do mholtaí an Fhreasúra ag eascairt as an gcruinniú den Fhochoiste Oireachtais?

Ba léir fearg agus frustrachas bhaill an Fhochoiste Oireachtais um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara ag cruinniú a tionóladh an tseachtain seo caite. Agus an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ag tuairisciú don Fhochoiste don uair dheireanach sula n-éiríonn sé as a ról ar 23 Feabhra 2014, léirigh baill an Choiste a bhí i láthair an chruinnithe déistin do staid reatha na Gaeilge ag leibhéal an Stáit.

Cé go bhfuil ionadaithe de chuid an Chomhrialtais mar bhaill – Michael McCarthy T.D. (Páirtí an Lucht Oibre agus Cathaoirleach an Fhochoiste); Kevin Humphries T.D. (Páirtí an Lucht Oibre) agus an Seanadóir Hildegarde Naughton (Fine Gael), níor raibh i láthair ag an gcruinniú ach baill Choiste de chuid an Fhreasúra. Mhaígh an Teachta Peadar Tóibín gur léirigh easpa ionadaíochta an Rialtais “drochmheas” d’údarás an Choimisinéara Teanga agus do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Ag eascairt as an gcaint cháinteach a thug an Coimisinéir le linn an chruinnithe, ba léir tacaíocht agus ardmheas na mball a bhí i láthair do Sheán Ó Cuirreáin agus cuireadh neart moltaí chun cinn le dul i ngleic leis an gcur i gcéill a chuir an Coimisinéir síos air. Ar mholadh ón Seanadóir Trevor ó Clochartaigh, d’aontaigh gach ball gur chóir don Fhochoiste seasamh i bhfad níos láidre a ghlacadh sa phróiseas agus go bhfuil géarghá le gníomhaíocht láithreach.

Chuir an Teachta Éamon Ó Cuív trí mhórghníomh os comhair bhaill an Choiste agus mhol sé go láidir go gcuirfí gach ceann acu i bhfeidhm ar bhonn práinneach.

Mhol an Teachta Ó Cuív:

#1. Go dtiomsófaí tuarascáil traspháirtithe ar chúrsaí pearsanra sa státseirbhís agus go nglacfaí le múnla an Choiste um Chuntais Phoiblí ina leith. Is é sin go dtabharfaí gach grúpa a ainmnítear i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga os comhair an Chomhchoiste lena n-áirítear:

• An Garda Síochána

• An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

• An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil

• Suirbhéireacht Ordanáis Éireann

• Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte

• Banc Ceannais na hÉireann

• An tÚdarás Náisiúnta Iompair

• Ollscoil Luimnigh

• Comhairle Baile Inse

• Comhairle Contae Dhún na nGall

• Comhairle Contae Chill Dara

#2. Go ndéanfaí iniúchadh ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Sheol an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta tuarascáil ar fheidhmiú na Straitéise i mí Iúil 2013 ina raibh cur síos ar dhul chun cinn céimiúil, leanúnach na mbeartas. Ach dar le heagraíochtaí agus pobail Ghaeilge léirigh an tuarascáil easnaimh mhóra maidir le heaspa acmhainní, uaillmhian na spriocanna agus cur chuige an Rialtais. Aontaítear go léiríonn tuairisciú tromchúiseach an Choimisinéara Teanga drochstaid reatha na Straitéise agus d’aontaigh baill uile an Choiste gurbh ghá athbhreithniú agus iniúchadh ar dhéanamh ar ábhar na Straitéise.

#3. Go gcuirfí Cinn an Bhille i dtaca le hAcht na dTeangacha Oifigiúla faoi bhráid an Fhochoiste agus go n-ullmhófaí tuairisc ina leith. Luaigh Seán Ó Cuirreáin folús i dtaobh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a fógraíodh i mí na Samhna 2011 mar chúis eile lena chinneadh éirí as. Cé go bhfuil fógartha le déanaí go bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag súil leis an mBille nua a fhoilsiú roimh bhriseadh na tsamhraidh, ta curtha in iúl go bhfuil Cinn an Bhille fós le haontú óir nár cuireadh aon leasú faoi bhráid an Rialtais go dtí seo agus go bhfoilseofar torthaí an phróiseas chomhairliúcháin ar fhoilsiú Chinn an Bhille.

Cé gur tugadh cluas éisteachta don Teachta Ó Cuív chuir leas-Chathaoirleach an Fhochoiste, an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, in iúl nach ball den Fhochoiste é, ach ghabh sé buíochas leis as a chuid moltaí.

D’fhógair an leas-Chathaoirleach go mbeidh an tAire Stáit Donnachadh Mac Fhionnlaoich ag teacht os comhair an Fhochoiste go luath agus iarradh ar gach ball eile a gcuid moltaí a chur i scríbhinn chuig Rúnaí an Fhochoiste.

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »