Méid an Téacs

Folúntas: Príomhoide Bhunscoil Bheanna Boirche, Caisleán Uidhlín

Meán Fómhair 23, 2015

Tugadh cuireadh d’iarratais fa choinne post
PRÍOMHOIDE BHUNSCOIL
BHEANNA BOIRCHE
Caisleán Uidhlín.

CAITHFIDH NA HIARRATASOIRÍ A BHEITH:
• I do mhúinteoir cáilithe, aitheanta ag an Roinn
Oideachais
• Líofa i nGaeilge, labhartha agus scríofa
• Ar a laghad 5 bliana de thaithí ag teagasc i mbunscoil, agus cathfidh go bhfuil trí chinn acu, ar a laghad, san cúig bliana seo caite
• Liúntas Teagaisc a bheith agat anois nó roimhe, nó post mar leas-phríomhoide nó príomhoide, fa choinne bliain amháin ar a
laghad

Chun foirm iarratais agus tuilleadh eolais a fháil gabh i dteagmháil le do thoil le,
Seán Ó Muireagáin
Comhairle na Gaelscolaíochta, Teach an Gheata Thiar
4, Sraid na Banríona, Béal Feirste
Tel: 028 9032 1475
somuireagain@comhairle.org

Dáta druidte:

Dé hAoine, 9ú Deireadh Fómhair, 2015

Is fostóir comhionannais é Bunscoil Bheanna Boirche

BUNSCOIL-BHEANNA-BOIRCHE-2-12X2

Folúntas: Gaelscoil Bhríde, Tiobraid Árann

Meán Fómhair 23, 2015

Tá folúntas poist i nGaelscoil Bhríde. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23503/

Folúntas: Gaelscoil Uí Chéadaigh, Cill Mhantáin

Meán Fómhair 23, 2015

Tá Gaelscoil Uí Chéadaigh ag lorg ionadaí do shaoire mháthrachais. Tá tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23528/

Folúntas: Scoil an tSeachtar Laoch, Baile Átha Cliath

Meán Fómhair 23, 2015

Tá múinteoir buan de thíth i Scoil an tSeachtar Laoch, Baile Átha Cliath. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23529/

Bilingualism and Special Needs

Meán Fómhair 22, 2015

The third in our series on bilingualism by Millie Slavidou deals with bilingualism and special needs. If you missed the first two parts, you can find them here – 7 Reasons to Bring up Your Kids Bilingual and Supporting Bilingualism in Tweens and Teens.

Parents of children with special needs frequently find they need to grow a thick skin to deal with all the ignorance and comments directed at them, and this is especially true in a bilingual family. As a mother of a child with special needs myself, bringing him up in a bilingual family has been a challenge. I have been accused of deliberately trying to sabotage his development through speaking my own language to him!

Even health care professionals can be incredibly negative about bilingualism, and it is very common for speech and language therapists to advise parents to use only one language at home. On one memorable occasion, my son’s case worker at the Centre for Mental Health told me that she would refuse to refer my son for speech therapy if I insisted on speaking a second language to him. “Speech and language therapy,” she declared, “can only be done in one language.” Of course, I requested a new case worker. Child psychologists are also frequently known to be against the idea of speaking more than one language at home.

So why do I persist in doing so? Well, there is no reason not to speak two languages to a person who happens to have special needs.

International studies have shown only benefits and not drawbacks to the use of two languages, and children with various conditions, such as Down’s syndrome, autism, and developmental and cognitive delays have been shown to be able to cope with more than one language. Not only do they cope, but research suggests that the stimulation offered by a second language can help children with special needs to function better. They are not learning them as foreign languages, which is a very different matter, but being brought up speaking both from birth.

If this is the case, you might wonder, then why the negativity from professionals towards bilingualism? Such matters are rarely simple. Firstly, research does not always reach the people on the ground for a long time after it has been carried out, and some professionals may have studied and been trained at a time when it was standard practice to discourage bilingualism. Secondly, those people may have little experience of bilingualism themselves, and unfortunately, they may extrapolate from their monolingual difficulties in learning a foreign language as an adult and apply that to the very different situation of bilingualism from birth – two native tongues.

Many researchers have suggested that bilingualism may even boost the cognitive abilities of children with learning disabilities and cognitive delays. So why would I limit and restrict my child by depriving him of one of his languages?

Interestingly, although in our own case my son has a limited active vocabulary, the words that he does use are words for the same thing in either language, which means that both his languages are progressing at the same rate. The same is true of his passive vocabulary, the things that he understands and responds to but does not actively use himself are the same things in both languages.

http://jumpparents.co.uk/bilingualism-special-needs/?utm_content=buffercbf56&utm_medium=social&utm_source=twitter.com&utm_campaign=buffer

Folúntas leis an CNCM: Oifigeach Oideachais do Theanga sa Bhunscoil: Gaeilge

Meán Fómhair 22, 2015

Tá an CNCM ag lorg iarratas ar dhá phost mar Oifigeach Oideachais:

Oifigeach Oideachais don Bhéarla san (Iarbhunscoil)  agus
Oifigeach Oideachais do Theanga sa Bhunscoil: Gaeilge

Le do thoil, lean na nasc thíos le:

Ní mór an Clárú Earcaíochta a bheith comhlánaithe agus an fhoirm iarratais a bheith faighte ag recruitment@ncca.ie roimh 12 a chlog tráthnóna Dé hAoine, 25 Meán Fomhair 2015.

Má theastaíonn uait aon cheann de na poist a phlé, seol ríomhphost chuig recruitment@ncca.ie chun coinne a eagrú le ball foirne cuí.

– See more at: http://www.ncca.ie/ga/Foluntais/#sthash.uZJOafw2.dpuf

Oíche eolais maidir le bunscoil lán-Ghaeilge nua a bhunú i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath

Meán Fómhair 22, 2015

An bhfuil suim agat san fheachtas bunscoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach nua a bhunú i Marino/Droim Conrach/Baile Átha Cliath 1? Tá bunscoil nua le hoscailt sa cheantar sin i Meán Fómhair 2016 agus tá Gaelscoileanna Teo. ag tacú le hiarratas An Foras Pátrúnachta go mbeidh an scoil nua ina scoil lán-Ghaeilge. Tuilleadh eolais le fáil anseo http://www.gaelscoileanna.ie/northdub 

Más maith leat tuilleadh eolais a fháil faoin bhfeachtas seo, ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit freastal ar chruinniú poiblí i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, ar an 30ú Meán Fómhair ag 20.00. Tabharfar eolas breise maidir leis an oideachas lán-Ghaeilge agus a chuid buntáistí ar an oíche agus beidh deis ag daoine ceisteanna a chur ar an bpainéal cainteoirí. Is iad na haoi-chainteoirí a bheidh linn ar an oíche ná:

  • Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, Príomhoide Ghaelscoil Bhaile Brigín
  • Beirt Tuismitheoirí ag labhairt faoin taithí atá acu siúd ar an oideachas lán-Ghaeilge
  • Ionadaí ón bhForas Pátrúnachta
  • Ionadaí ó Gaelscoileanna Teo.

Bunscoil lán-Ghaeilge nua do Mharino, Droim COnrach agus Baile Átha Cliath 1

Achieving Leadership Excellence In Your School

Meán Fómhair 22, 2015

An in-depth workshop covering Leadership for Learning and Management Skills for School Leaders and Managers

Tuilleadh eolais anseo

Deireadh seachtaine eachtraíochtaí do theaghlaigh

Meán Fómhair 22, 2015

Tá deireadh seachtaine eachtraíochtaí á eagrú ag Glór na nGael do theaghlaigh Ghaeilge ag Ionad Eachtraíochta Chairlinn, Contae Lú, Dé hAoine agus Dé Sathairn 23 agus 24 Deireadh Fómhair.

Beidh scéalaíocht ann agus siúlóid sa choill ann Aoine. I measc na himeachtaí ar an Sathairn beidh sreang zip, ropaí arda, rianadóireacht agus comhrac léasair. Beidh imeachtaí eile do pháistí atá ró-óg le páirt a ghlacadh sna himeachtaí eachtraíochta thuas luaite.

Cosnóidh an t-imeacht aon oíche amháin agus lá €45 an duine, idir óg agus aosta. Clúdóidh an costas sin lóistín oíche Aoine, bricfeasta, lón agus imeachtaí an lae.

Beidh Glór na nGael ag eagrú sraith imeachtaí eile scéalaíochta trasna na tíre ag an Samhain do theaghlaigh Ghaeilge. Beidh mionsonraí na n-imeachtaí eile á gcur ar fáil ar ball.

Tá Glór na nGael ag iarraidh ar theaghlaigh ar suim leo páirt a ghlacadh san imeacht seo scéal a chur chucu roimh deireadh Mhí Mheán an Fhómhair. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Ghlór na nGael ag marcas@glornangael.ie nó ar ghuthán ag +353 86 171 9755.

Ionadaí ag teastáil chun Gaeilge a mhúineadh

Meán Fómhair 22, 2015

Ceathrú, cúigiú agus séú bliain ag gnáthleibhéal

Ar feadh 3-4 seachtaine, ag tosnú 23/9/15

(8.n-uair)

Meánscoil Cailíní

Cill Iníon Léine

BAC

Cuir CV chuig :

cluny@eircom.net

Eolas ó: 012855027 nó www.clunykilliney.ie

« Previous PageNext Page »