Sraith Eolaíochta TG4
Meán Fómhair 15, 2015
Tá Meangadh Fíbín ag taifeadadh sraith eolaíochta do dhaoine óga do TG4 i mí Meán Fómhair 2015. Tá muid ag cuardach daoine óga le spéis faoi leith san eolaíocht a bhainfeadh sult as páirt a ghlacadh sa léiriúchán teilifíse spraíúil seo.
Ba chóir go mbeadh na heolaithe óga seo:
- Ina gcainteoirí líofa Gaeilge
- Idir 10-12 bliain d’aois
- Gealgháireach agus cairdiúil
- Ar fáil fá choinne 1-2 lá taifeadadh i nGaillimh ón 28ú Meán Fómhair -9ú Deireadh Fómhair 2015 (i gcuideachta tuismitheora/caomhnóra; cuirfear lóistín ar fáil)
Treoirlínte maidir leis an bhFíseán a Chur Isteach
Tá muid ag iarraidh ar ár n-eolaithe óga uile mír fhíseáin ghearr díobh féin a chur isteach!
Maidir le d’fhíseán, ba chóir:
- Nach mbeadh sé níos faide ná 2 nóiméad
- Go mbeifeá féin le feiceáil ann agus tú ag labhairt Gaeilge
- Go n-inseodh sé beagán dúinn fút féin
- Go léireodh sé dúinn go bhfuil spéis faoi leith agat san eolaíocht.
Seol do fhíseán chugainn ar ríomhphost chuig: meangadh@gmail.com roimh 21ú Meán Fómhair 2015.
I do ríomhphost, scríobh an méid seo a leanas ann le do thoil: d’ainm, d’aois, do sheoladh, do shonraí teagmhála agus deimhniú go mbeidh tú ar fáil le haghaidh 1-2 lá taifeadadh i nGaillimh idir 28 Meán Fómhair- 9 Deireadh Fómhair 2015.
Ba chóir go ndéanfadh duine fásta maoirseacht ar gach iarratas ríomhphoist. Coinneofar go príobháideach na físeáin a chuirtear isteach agus scriosfar iad chomh luath agus a bheidh próiseas roghnú na n-aisteoirí críochnaithe.
Folúntas: Ríomhchláraitheoir Sonraí Cúnta le in Fiontar, DCU
Meán Fómhair 15, 2015
Folúntas le Fiontar, DCU: Ríomhchláraitheoir Sonraí Cúnta (Páirtaimseartha)
Spriocdháta: 2 Deireadh Fómhair
Tá an fógra ar fáil ag www.gaois.ie/download/15.09.14-riomhchlaraitheoir-sonrai-cunta.pdf
Folúntas: Teicneolaíocht Ábhar (Miotal) Innealtóireachta i gColáiste Chineál Eoghain, Dún na nGall
Meán Fómhair 14, 2015
Tugann Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall cuireadh do dhaoine atá cáilithe cur isteach ar an phost seo a leanas, a d’fhéadfadh a bheith ar fáil i gColáiste Chineál Eoghain don scoilbhliain 2015/2016:-
Coláiste Chineál Eoghain, Bun Cranncha
Tag: Post:
GL 6: Teicneolaíocht Ábhar (Miotal) Innealtóireachta (17 uair sa tseachtain)
Tabharfar túsáite d’iarrthóirí a bhfuil cáilíocht i nGrafaic Dheartha agus Chumarsáide acu. Is scoil lán-Ghaeilge í Choláiste Chineál Eoghain agus tá an ábhar seo a theagasc trí mheán na Gaeilge
Is é 12:00 meán lae ar An Aoine, 18ú Meán Fómhair 2015 an dáta deiridh ar a nglacfar le foirmeacha iarratais comhlánaithe.
Tabhair faoi deara:
- Beidh ceapachán ar bith maidir le post/postanna fógraithe anseo ag brath ar clárúcháin suas-chun-dáta leis an gComhairle Mhúinteoireachta de réir Ailt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001.
- Ní glacfar le foirmeacha iarratais comhlánta a chuirtear le ríomhphost.
- D’fhéadfaí gearrliostáil a dhéanamh ar iarrthóirí.
- Ní chuirfear san áireamh iarratais a thagann isteach mall.
- D’fhéadfaí painéal/painéil a dhéanamh chun folúntais eile a líonadh sa scoilbhliain 2015/2016
Sonraí Teagmhála:
Linda Harley
Rannóg na hAcmhainní Daonna
Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall
Oifigí Riaracháin, Ard Uí Dhomhnaill, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 DP98.
T: (074) 9161510 R: linda@donegaletb.ie
Ceannairí Óige á lorg ag Feachtas
Meán Fómhair 14, 2015
Tá gairm ar cheannairí chun club óige nua do dhéagóirí a reáchtáil i mBaile Brigín!
Is eagraíocht óige Feachtas a fhéachann le spásanna sóisialta a chur ar fáil do dhaoine óga le Gaeilge agus tá muid ag obair le muintir Bhaile Brigín le club óige a oscailt sa cheantar. Tá daoine fásta ag teastáil tráthnóna amháin sa tseachtain chun cuidiú leis an chlub a reáchtáil.
Mar cheannaire ógra, beidh tú ag cur áit shábháilte shóisialta ar fáil do na daoine óga inar féidir leo scíth a ligean agus spraoi a dhéanamh. Is deis iontach é bualadh le daoine nua agus scileanna nua a fhoghlaim, agus beidh tú ag cur le féinmhuinín agus le forbairt phearsanta daoine óga i do cheantar.
Tugann Feachtas tacaíocht láidir do gach club. Faigheann gach ceannaire traenáil leanúnach saor in aisce, socraítear ionad an chlub agus tugann muid acmhainní agus maoiniú do gach club chun páirt a ghlacadh in imeachtaí iontacha.
Má tá suim agat bheith páirteach i gClub Óige Feachtas, Baile Brigín, féach www.feachtas.ie nó déan teagmháil linn le Loretta ag 087 904 6036 nó loretta@feachtas.ie
Tabhair súil ar an mileog eolais anseo
Folúntas: Gaelscoil Átha Í, Cill Dara
Meán Fómhair 14, 2015
Tá múinteoir acmhainne páirt-aimseartha de dhíth i nGaelscoil Átha Í. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23406/
Folúntas: Gaelscoil Átha Í, Cill Dara
Meán Fómhair 14, 2015
Tá múinteoir ranga buan ag lorg ag Gaelscoil Átha Í. Tá tuilleadh eolais ag an nasc thíos?
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23405/
Folúntas: Gaelscoil Átha í, Cill Dara
Meán Fómhair 14, 2015
Tá Gaelscoil Átha Í ag lorg príomhoide teagaisc. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23404/
Folúntas: Scoil an tSeachtar Laoch, Baile Átha Cliath
Meán Fómhair 14, 2015
Tá Scoil an tSeachtar Laoch i mBaile Átha Cliath ag lorg múinteoir. Tá tuilleadh eolais ar fail ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23401/
Folúntas: Gaelscoil Mológa, Baile Átha Cliath
Meán Fómhair 14, 2015
Tá Gaelscoil Mológa ag lorg múinteoir sa scoil i mBaile Átha Cliath. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23392/
Milliún duine tar éis clárú chun Gaeilge a fhoghlaim le DuoLingo
Meán Fómhair 14, 2015