Méid an Téacs

Cúrsa Cruinnis Ar-Líne Nua ag tosú Feabhra 2016 do scoileanna an Fhorais Phátrúnachta

Nollaig 18, 2015

Dírithe ar Bhaill de na Boird Bhainistíochta, ar Chúntóir Riachtanais Speisialta agus ar Rúnaithe/Fostaithe Scoile de chuid an Fhorais Phátrúnachta.

Sheol an Foras Pátrúnachta a chéad chúrsa ar-líne (An cúrsa cruinnis do mheánmhúinteoirí) i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo. Ag leibhéal TEG B2 is atá an cúrsa sin agus bhí an-éileamh ann dó le breis is 30 múinteoir ó cheann ceann na tíre ag tabhairt faoi agus ag baint an-tairbhe as.

Chun cur leis an raon oiliúna agus tacaíochta a chuirtear ar fáil dá scoileanna, is mian leis an bhForas Pátrúnachta cúrsa nua ar-líne a sheoladh i mí Feabhra 2015. Beidh an cúrsa seo dírithe ar fhoireann na scoileanna nach múinteoirí iad (CRS, rúnaithe, feighlithe srl.) agus measaimid gur iontach an deis é do bhaill na mbord bainistíochta nua cur le caighdeán a gcuid Gaeilge, rud a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú ar bhonn níos éifeachtúla ar na Boird.

Leagan amach an chúrsa:

  • Cúrsa é a réiteoidh rannpháirtithe do scrúdú TEG Meánleibhéal 1 (B1)  in 2017
  • Cúrsa bliana (40 Seachtain) atá i gceist.
  • Beidh rang idirghníomhach ar-líne uair a chloig ar siúl uair sa tseachtain a tharlóidh le linn théarmaí na scoilbhliana.
  • Chomh maith leis na ranganna ar-líne beidh ceithre sheimineár lae le linn an chúrsa ina mbeidh deis ag rannpháirtithe díriú ar mhionphointí gramadaí agus úsáid fheidhmeach na gaeilge.

Beidh breis eolais le fáil ar foras.ie go luath san athbhliain ach idir an dá linn is féidir teagmháil a dhéanamh le comhordaitheoir an chúrsa Tomás Ó Póil ag 087 2642446 nó ag tomas@foras.ie

Gaelscoil Thulach na nÓg réidh le bogadh isteach sa scoil nua

Nollaig 18, 2015

Tá tógáil ag dul ar aghaidh ar feadh roinnt míonna anuas i nGaelscoil Thulach na nÓg, Co. na Mí. Beidh foirgneamh nua den chéad scoth réidh le hoscailt san athbhliain. Tá idir fhoireann agus dhaltaí na scoile ag tnúth leis an lá mór!

Sam Maguire ar cuairt go Gaelscoil an Chuilinn

Nollaig 18, 2015

Tháinig cuid d’fhoireann peile Bhaile Átha Cliath ar cuairt go Gaelscoil an Chuilinn ar an 30 Samhain. Is cosúil gur bhain idir dhaltaí agus fhoireann na scoile tairbhe agus taitneamh as an gcuairt.

Caithigí níos lú airgid le cabhair ón Aonad um Sholáthar do Scoileanna

Nollaig 18, 2015

Tá gach scoil ag iarraidh a chinntiú go bhfuil siad cúramach ó thaobh caiteachas de. Bíonn dúshlán go minic do scoileanna agus iad ag ceannach ábhair nó seirbhíse agus iad ag iarraidh a bheith cinnte de go bhfuil an margadh is fearr faighte acu.

Tógann sé am agus obair ar scoileanna praghasanna agus tairiscintí a fháil. Faoin gcóras atá ag an Oifig Um Sholáthar Rialtais tá an obair seo déanta do scoileanna. Mar shampla tá conradh acu le Office Depot a chinntíonn go bhfaigheann scoileannna lascainí ollmhóra ar réimse leathan ábhair. Tá conradh nua leictreachais aontaithe acu atá ag tosú i mí Eanáir 2016 ina bhfuil sábháil mhór do scoileanna.

Chun tacú le scoileanna leas a bhaint as an gcóras seo socraíodh suas An tAonad um Sholáthar do Scoileanna. Is féidir leo cabhrú le scoileanna clárú don chóras agus iarratas a dhéanamh ar ábhar nó seirbhísí a cheannach. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ag procurementsupport@jmb.ie nó glaoch ar 01-2035899. Tá seirbhís as Gaeilge acu freisin.

(Foinse: Nuachtlitir An Fhorais Phátrúnachta)

Comórtas Ealaíne an Fhorais Phátrúnachta 2016

Nollaig 18, 2015

Tugtar cuireadh do dhaltaí i mbunscoileanna agus i meánscoileanna an Fhorais Phátrúnachta páirt a glacadh sa chomórtas atá ar siúl. An téama atá ann don scoilbhliain seo ná ‘Comóradh Éirí Amach 1916’. Tá cúig rannóg éagsúil ann agus tá duaiseanna den chéad scoth le buachaint!

Is é an 12 Feabhra 2016 an spriocdáta d’iarratais.

www.foras.ie

Comhdháil & Cruinniú Cinn Bhliana CAER 2016

Nollaig 18, 2015

Is cúis mhór onóir dúinn i mbliana go bhfuil Comhdháil agus Cruinniú Cinn Bhliana CAER á n-eagrú in Éirinn i dteannta le Comhdháil An Fhorais Phátrúnachta. Is Cumann é CAER de ghrúpaí san Eoraip a bhíonn ag múineadh agus ag obair trí mhionteangacha. Is cúis mhór áthais dúinn aoi-chainteoirí as Éirinn agus ó thar lear a bheith ag teacht chun labhairt ar an dátheangachas na buntáistí a bhaineann leis agus na modhanna is fearr chun é a bhaint amach. Beidh a lán le foghlaim ag aon duine nó grúpa atá bainteach le cur chun na Gaeilge agus an tumoideachas lán-Ghaeilge ón gComhdháil seo.

Beidh clár agus sonraí na Comhdhála ar fáil go luath san athbhliain. Gach eolas le fáil ó oifig An Fhorais ag 01-629411 agus ó Gaelscoileanna Teo ag 01-8535195.

Comhdháil & Cruinniú Cinn Bhliana An Fhorais Phátrúnachta

Nollaig 18, 2015

Comhdháil & Cruinniú Cinn Bhliana An Fhorais Phátrúnachta
Ionad: Óstán Knightsbrook, Baile Átha Troim, Co. na Mí
Dáta: 4 – 5 Márta 2016
Beidh Comhdháil agus Cruinniú Cinn Bhliana An Fhorais Phátrúnachta ar siúl i mbliana ar an agus 5ú Márta 2016 san óstán Knightsbrook, Baile Átha Troim, Co. na Mí. Pléifear neart ábhar a bhfuil tóir mór orthu sna scoileanna; earcaíocht, éiteas scoile agus airgeadas scoile san áireamh. Beidh aoichainteoirí, saineolaithe oideachais, seastáin eolais agus go leor eile nach iad ar an lá.

Tá sé tábhachtach go mbeadh Príomhoidí, Cathaoirligh agus an méid ionadaithe ó na Boird Bhainistíochta agus is féidir a bheith ag an ócáid seo. Beidh níos mó sonraí go luath san athbhliain.

Folúntas: Gaelscoil Átha Í, Cill Dara

Nollaig 18, 2015

Tá Gaelscoil Átha Í ag lorg múinteoir acmhainní páirt aimseartha. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24598/

Folúntas: Gaelscoil Shliabh Rua, Baile Átha Cliath

Nollaig 18, 2015

Tá cúntóir riachtanais speisialta buan de dhíth i nGaelscoil Shliabh Rua. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24596/

Gael Linn: Coirm 2016

Nollaig 17, 2015

Ba mhaith le Gael Linn a chur i gcuimhne do ghaelscoileanna ar fud na tíre go bhfuil an dáta deiridh iontrála do Coirm 2016 imithe tharainn! Beidh siad sásta, áfach, glacadh le hiontrálacha suas go dtí tús laethanta saoire na Nollag.

Tá na dátaí do na féilte thíos agus is féidir cóip A4 den fhoirm iontrála a íoslódáil ag http://www.gael-linn.ie/default.aspx?treeid=268&id=1

FÉILTE COIRM GAEL LINN –  DÁTAÍ 2016

Dé Máirt 9 Feabhra 2016 – Amharclann Phlás an Mhargaidh, Ard Mhacha

Dé Céadaoin 10 Feabhra 2016 – Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Maí

Déardaoin 11 Feabhra 2016 – Amharclann Naomh Mícheál, Ros Mhic Thriúin

Dé Céadaoin 24 Feabhra 2016 – Amharclann Clasach, Fionnradharc, BÁC

Déardaoin 25 Feabhra 2016 – An Grianán, Leitir Ceanainn

Dé Máirt 1 Márta 2016 – Amharclann an Hawkswell, Sligeach

Dé Céadaoin 2 Márta 2016 – An tÁras Ealaíne, An Muileann gCearr

Dé Máirt 8 Márta 2016  – Siamsa Tíre, Trá Lí

Dé Luain /Dé Máirt 14/15 Márta 2016  – Amharclann na Cathrach, Gaillimh

Next Page »