Méid an Téacs

Scéim teanga an HSE ag teacht gan ‘rómhoill’ – naoi mbliana i ndiaidh an spriocama

Aibreán 8, 2016

Cuirfear dréacht de scéim teanga náisiúnta an HSE i láthair Aire Stáit na Gaeltachta gan “rómhoill” – naoi mbliana ón spriocam a tugadh don fheidhmeannacht.

Ba é Aire Stáit na Gaeltachta féin a thug le fios go raibh súil aige le dréachtscéim an HSE ‘gan rómhoill’.

Bhí an tAire ag freagairt ceiste ón Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív.

Ba i mí na Nollag 2006 a iarradh dréachtscéim teanga den chéad uair ar an HSE, ach dúirt an tAire nár daingníodh an dréachtscéim “go príomha mar gheall ar phleananna athstruchtúraithe a bhí á mbeartú ag an FFS”.

Dúirt an tAire go raibh “plé gníomhach” ar bun idir oifigigh a Roinne agus an HSE le tamall anuas faoin scéal agus go raibh próiseas comhairliúcháin curtha i gcrích ag an bhfeidhmeannacht sláinte agus “na torthaí á mbreithniú faoi láthair”.

Ní fios fós cén uair a fhoilseofar an scéim teanga nó cathain a chuirfear i bhfeidhm í.

Idir an dá linn, thug an tAire McHugh le fios nach raibh aon scéim teanga nua aontaithe fós ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta.

Ta scéim teanga na Roinne Gaeltachta imithe in éag le 11 mí.

Is ar Roinn na Gaeltachta atá an cúram scéimeanna a aontú le ranna eile rialtais agus le heagraíochtaí stáit sula gcuirtear faoi bhráid Oifig an Choimisinéara Teanga iad.

Thug urlabhraí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie ag tús mhí Feabhra go raibh ‘dréachtscéim teanga nuashonraithe na Roinne’ á breithniú ag foireann na Roinne  agus go raibh súil lena foilsiú laistigh de choicís.

Is faoi chóras na scéimeanna teanga a leagtar dualgais teanga ar leith ar chomhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Tá sé ráite go minic ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go bhfuil córas na scéimeanna teanga lochtach agus gur chóir córas nua a thabhairt isteach ina áit.

www.tuairisc.ie

Bileog Eolais do Thuismitheoirí: An Curaclam Teanga Bunscoile nua don Bhéarla agus don Ghaeilge

Aibreán 7, 2016

Is gearr go mbeidh scoileanna ag úsáid Curaclam Teanga nua don Bhéarla agus don Ghaeilge.
Úsáidfear an curaclam sin i leith na leanaí ar fad i ngach uile bhunscoil.

Tá bileoga eolas maidir leis an gcuraclam scoile nua ar fáil do thuismitheorií thíos:

Curaclam-Teanga-na-Bunscoile_Tuismitheoiri_leathanach-amhain

Curaclam-Teanga-na-Bunscoile_Tuismitheoiri_dha-leathanach

Siansa Gael Linn 2016 – buaicphointe na bliana sa Cheoláras Náisiúnta !

Aibreán 7, 2016

Tá ocht ngrúpa ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta ag cleachtadh go dian faoi láthair, agus craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2016 ag teannadh linn !  Is sa  Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 17 Aibreán ag 7.30p.m. a bheidh buaicphointe na bliana den chomórtas seo, a chothaíonn dlúthcheangal idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige. Tá Siansa á reáchtáil ag Gael Linn le tacaíocht ó RTÉ  Raidió na Gaeltachta agus  Irish Music Magazine.

Ciréib, Col Eoin&Íosagáin

An grúpa ‘Círéib’, ó Choláistí Eoin agus Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath, a bheidh san iomaíocht ag Craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2016 sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 17 Aibreán seo chugainn.

Is iad na grúpaí  a tháinig trí chóras réamhbhabhtaí le bheith ar ardán ag an mórócáid seo ná ‘‘Fuaimeanna Shliabh Luachra’, Cill Áirne, Co. Chiarraí, ‘Fiúntas’, Mainistir Laoise, Co. Laois, ‘Ciréib’, Coláistí Eoin agus Íosagáin, Baile an Bhóthair, Contae Átha Cliath,‘Réidh’, Ceoltóirí Chaisleán an Danair, Co. Loch Garman, ‘Leoithne’, Coláiste/Gaelcholáiste Choilm, Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí, Spionnadh’, Laurel Hill Coláiste, Luimneach,‘Comhar’,  Muineachán agus ‘Gluaiseacht’, An Sciobairín, Iarthar Chorcaí. Seinnfidh gach grúpa a rogha féin de cheol traidisiúnta, a mhairfidh idir 10 agus 12 nóiméad agus atá cóirithe go speisialta ag na baill, agus beidh amhráin Ghaeilge le cloisteáil uathu chomh maith.

Ag cur comhairle ar na grúpaí abharacha ar a mbealach chun na craoibhe i mbliana, bhí na ceoltóirí Dónal O’Connor agus Niamh Ní Charra. Beidh Declan Masterson ag moltóireacht in éineacht leo sa Cheoláras, agus roghnóidh an triúr iomráiteach seo na duaiseoirí. Le duaischiste de €4,500,  is féidir a bheith ag súil le géariomaíocht agus ardchaighdeán ceoil ar an oíche.  Bronnfar príomhdhuais €2,500 agus trófaí Gael Linn ar na buaiteoirí, €1,250 don dara háit agus €750 don tríú háit.  Anuas air sin, bronnfar duais chuimhneacháin ar na ceoltóirí uile a bheidh páirteach sa Chraobh.

Beidh an ceolchoirm á chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 7.30p.m. ar an oíche , agus is í Áine Hensey a bheidh mar láithreoir.  Craolfar clár speisialta faoi Siansa Gael Linn 2016 ar TG4 ar an Luan, 2 Bealtaine ag 5.25p.m.

Chun ticéad a chur in áirithe don ócáid, ní gá ach dul i dteagmháil leis an gCeoláras Náisiúnta ag 01:417 00 00 nó www.nch.ie.

Lean Siansa ar Facebook  Gael Linn nó ar Twitter #Siansa !

 

Comórtas Dearadh Póstaer don dráma Ardteiste ‘An Triail’

Aibreán 7, 2016

Tá Comórtas Dearadh Póstaer don dráma Ardteiste ‘An Triail’ seolta ag an gcompántas drámaíochta Fíbín i gConamara, a théann ar camhchuairt mórthimpeall na tíre gach bliain leis an dráma céanna. Beidh dearadh an bhuaiteora le feiceáil ar bhallaí in amharclanna ar fud na tíre agus in ábhar poiblíochta ar ár suíomh gréasáin agus sna meáin shóisialta!

Tá duaiseanna luach €800 le buachan, ina measc Táibléad Android duit féin, póstaer sínithe le fráma do do scoil chomh maith le 30 ticéad chuig ‘An Triail’ do do rang!! Ní hamháin sin ach gheobhaidh do rang seisiún príobháideach Ceisteanna & Freagraí leis na haisteoirí tar éis an seó!!

Capture

 

Níl ort ach íomhá a dhearadh, í a scanadh agus a sheoladh chugainn ar ríomhphost ar margaiochtfibin@gmail.com

20 Bealtaine an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha agus  féach treoirlínte an chomórtais thíos;

  • Déan do dhearadh ar pháipéar A3
  • Úsáid péinteáil/líníocht/grianghraf nó do rogha íomhá
  • Is féidir íomhá aisti féin a úsáid nó focail agus íomhá
  • Caithfidh an íomhá a úsáideann tú a bheith bainteach leis an dráma
  • Is féidir líne/línte ón dráma a úsáid
  • Is féidir leat obair asat féin nó mar chuid d’fhoireann

 

(English) Post sealadach ag Comhairle na Gaelscolaíochta

Aibreán 7, 2016

Tá muid ar lorg duine le taithí agus scileanna mar oifigeach cléireachais riaracháin in oifigí Chomhairle na Gaelscolaíochta ag riar ar na riachtanais cléireachais agus tacaíocht riaracháin. Ní mór don duine bheith líofa i nGaeilge agus ardchumais Ghaeilge aige/aici. Beidh na réimsí seo freagrachta a leanas faoi chúraim an Oifigigh Chléireachais Riaracháin: párolla, cuntais, gutháin, ríomhairí, trealamh oifige, miontuairiscí, freastal ar chruinnithe, rúnaíocht agus eile.

Má tá suim agat sa phost seo seol do CV agus litir chuig: Pól Ó Mórdha – Oifigeach Sinsearach Riaracháin, Airgeadais & Pearsanra.

pomordha@comhairle.org nó Comhairle na Gaelscolaíochta, Teach an Gheata Thiar, Sráid na Banríona, Béal Feirste BTT1 6ED roimh Aoine 22 Aibreán. Cuir glaoch ar 90321475 le haghaidh tuilleadh eolais.

Post: Oifigeach Cléireachais Riaracháin (Sealadach)

Tuarastal: £16,275 – £19,048 (NJC 15-20)

Uaireanta: 36.25 uair sa tseachtain ó 9.00 go dtí 5.00.

Lonnaithe: Oifigí na Comhairle.

Pinsean: NILGOSC.

Aibreán 6, 2016

Ar an 24ú Aibreán 2016, beidh mórshiúl ag dul ón Ardoifig an Phoist go dtí roinn Naomh Phóil i Reilig Ghlas Naíon agus ansin nochtófar an leacht cuimhneacháin 1916 atá athchóirithe ag an gCumann Uaigheann na Laochra Gael (National Graves Association).

Capture

Thógadh an céad leacht ag an áit naofa seo i 1926, ansin thógadh ceann nua i 1966 ach bhí easpa airgead agus de bharr sin ní raibh sé críochnaithe i gceart. Le cúig bhliain anuas tá an N.G.A. tar éis céad míle is caoga euro a chaitheamh ar an athchóiriú. Tá ochtar is déag laochra curtha san uaigh sin. Bhí siad go léir in a mbaill den Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann. Fuair siad bás ag troid ar son na saoirse i Seachtain na Cásca 1916.

Tá an comoradh seo ag dul faoin dteideal “Comóradh na Saoránaigh/Citizen’s Commemoration”. Is comóradh neamhpholaitiúl a bheidh i gceist. Ní bheidh cead ag aon grúpaí pholaitiúla a mbratacha nó a gcomharthaí a hiompar. Beidh comharthaí agus méirgí le feiceáil ó ghrúpaí cultúrtha éagsúla comhsúil linn féin, Cumainn Lúthchleas Gael, Scoil Uí Chonaill, srl…

De bharr an baint a bhí idir na hÓglaigh agus Gluaiseacht na Teanga, ba bhreá linn dá raibh sibh linn ar an 24ú faoi bhúr mbratach féin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag:

https://www.facebook.com/NationalGravesAssociation/

https://www.facebook.com/events/363098643885739/

www.nga.ie

Ar an 24ú Aibreán beidh ceoil lasmuigh den GPO ó 10.30rn go dtí 12.30in. Rachaidh an paráid ón GPO go dtí Reilig Glas Naíon i gcomhluadar le breis is deichniúir bannaí ceol. Ag an reilig beidh ceol, filíocht, srl… agus tabharfaidh Tommy McKearney (Poblachtánach Neamhspléach, Gníomhaire Céardchumann agus Scríobhneoir) an príomh óráid.

Léigh agus Pléigh 1916

Aibreán 6, 2016

Seoladh Léigh agus Pléigh 1916Cuid de na daoine a bhí i láthair ag Seoladh Léigh agus Pléigh i Lárleabharlann Leitir Ceanainn ag deireadh mhí Mhárta, ina measc ionadaithe ó Leabharlanna TÉ, Oifigigh Forbartha Gaeilge, Baill Foirne Leabharlainne, agus ionadaithe pobail agus Gaelscolaíochta.

Tá Seirbhísí Leabharlainne Chontae Dhún na nGall, i gcomhar le Leabharlanna TÉ i nDoire agus i dTír Eoghain, i ndiaidh togra léitheoireachta pobail a sheoladh dar teideal ‘Léigh agus Pléigh 1916’, agus táthar ag iarraidh ar dhaoine aonaracha, clubanna leabhar, agus ar ghrúpaí Gaeilge páirt a ghlacadh sa togra a bheas ag toiseacht i mí Aibreáin leis an chéad leabhar ‘Seachtar na Cásca’, a scríobh an t-údar Aindrias Ó Cathasaigh. Tá tacaíocht á tabhairt don scéim ag Oifigigh Forbartha Gaeilge i dTír Eoghain, i nDoire agus i nDún na nGall. Is féidir sonraí maidir le clárú don togra a fháil ag bun an phreas-ráitis seo.

Agus í ag caint ag an chomh-sheoladh i Lárleabharlann Leitir Ceanainn an tseachtain seo caite, dúirt Maura Craig ó Leabharlanna TÉ go bhfuil lúcháir uirthi tacú leis an togra comhoibritheach seo idir na seirbhísí leabharlainne agus i measc an phobail sna trí chontae san iarthuaisceart.

“De bharr an fás atá tagtha ar an ghaelscolaíocht agus ar phobail Ghaeilge i dTír Eoghain agus i nDoire, agus ós rud é go bhfuil dáimh nádúrtha ag na pobail seo le Gaeltacht Thír Chonaill, mar a labhraítear an teanga mar theanga dhúchais an phobail go fóill, tá lúcháir ar Leabharlanna TÉ nascanna a chothú idir na pobail seo tríd an togra léitheoireachta seo’ arsa Maura.

Cé go bhfuil an togra dírithe ar dhaoine atá os cionn 16 bliana d’aois, d’fháiltigh Maura roimh bheirt dhaltaí óga ó Ghaelscoil Uí Dhochartaigh ar an tSrath Bán, Co. Thír Eoghain, chuig an ócáid. Léigh an bheirt acu sleachta as an chéad leabhar ‘Seachtar na Cásca’, leabhar ina dtugtar cuntas gairid ar shaol agus ar shaothar an tseachtair a shínigh Forógra na Poblachta in 1916. An t-ábhar ar fad a léifear mar chuid den togra seo beidh baint aige le stair agus scéal na hÉireann agus na ndaoine sa bhliain 1916. Bainfidh cuid de leis an Éirí Amach in 1916 agus na príomh-rannpháirtithe a bhí ann. Bainfidh cuid de leis an Chéad Chogadh Domhanda a bhí ag leanstan ag an am. Bainfidh cuid de le saol na ngnáthdhaoine ag an am sin chomh maith.

 

Lógó Libraries NI

Is comhthogra leabharlainne é seo idir Seirbhísí Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Leabharlanna TÉ, agus roinnt Oifigigh Forbartha Gaeilge i nDoire, i nDún na nGall agus i dTír Eoghain.

 

Ós rud é gur scríbhinní stairiúla, úrscéalta agus sleachta suntasacha a bheas san ábhar léitheoireachta, tá an scéim dírithe orthu siúd a bhfuil Gaeilge réasúnta líofa acu, nó a bhfuil a gcuid Gaeilge go measartha maith. Má bhí Gaeilge measartha maith agat ar scoil, agus dá mba mhaith leat pilleadh ar an teanga arís, tá fáilte romhat clárú leis an togra léitheoireachta.

 

Labhair Seán Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall, faoin tábhacht a bhaineann leis an léitheoireacht sa Ghaeilge. ‘Beatha teanga í a labhairt, agus tá cuid mhór saoránach, idir óg agus aosta, ag caint Gaeilge go laethúil anois. Ach buanú agus doimhniú teanga í a léamh, bíonn tuiscint níos fearr agat ar an teanga, faigheann tú léargas úr ar chúrsaí an tsaoil, agus déantar do shaol a shaibhriú. Mar dhuine mé féin a d’fhoghlaim an Ghaeilge níos moille i mo shaol, tuigim go han-mhaith an dóigh ar chuidigh leabhair Ghaeilge go mór leis an phróiseas foghlamtha. Tá lúcháir orm go bhfuil na seirbhísí leabharlainne ag spreagadh cainteoirí Gaeilge ar fud na dtrí chontae anseo san iarthuaisceart, agus b’fhéidir níos faide anonn, le páirt a ghlacadh sa scéim seo’.

Go bunúsach, is é atá i gceist go dtugtar cuireadh do dhaoine aonaracha, nó do chlubanna leabhar, leabhar amháin a léamh i nGaeilge gach mí. Ag deireadh na míosa beidh ócáid ar siúl i leabharlann amháin i gceann amháin de na trí chontae atá páirteach, agus bí aoichainteoir, díospóireacht tábla agus ócáid shóisialta ina dhiaidh, ina mbeidh comhrá, ceol, amhránaíocht agus comhluadar idir chainteoirí Gaeilge ón réigiún.

Mura bhfuil an leabhar agat cheana féin, is féidir leat é a fháil ar chúpla dóigh.

  1. Ar dtús, tá cuid acu, an chéad leabhar ina measc, ar fáil le ceannach ar líne ar an idirlíon, ar shuíomhanna ar nós www.udar.ie,  www.litriocht.com,  www.cic.ie, agus www.cnagsiopa.com.
  2. Chomh maith leis sin, is féidir go bhfuil cuid de na leabhar ar fáil i leabharlanna áitiúla, agus ba chóir duit seiceáil ansin.
  3. Nó, sa bhreis air sin, tá líon áirithe leabhar ar fáil ó Oifig Forbartha Gaeilge Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus is féidir dul i dteagmháil leis an oifig sin ag na sonraí teagmhála ar an fhoirm chláraithe.

Aon duine nó aon ghrúpa atá ag iarraidh a bheith páirteach sa togra léitheoireachta seo, ba chóir an Fhoirm Chláraithe ag an nasc thíos a líonadh isteach, agus í a sheoladh ar ais chuig an seoladh poist nó chuig sdaimhin@donegalcoco.ie.

Foirm Chláraithe do Léigh agus Pléigh 1916

Stór Focal mar chuidiú le leabhar mhí Aibreáin: ‘Seachtar na Cásca’. (Beidh sé seo ar fáil go luath)‌

Teagmháil:

Seán Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear. (074) 9172496

– See more at: http://www.donegalcoco.ie/ie/cultur/anghaeilge/imeachta%C3%AD%20gaeilge/l%C3%A9igh%20agus%20pl%C3%A9igh%202016/#sthash.b6wIfUqf.dpuf

Irish schools ‘preferential treatment’ claim rejected

Aibreán 6, 2016

IRISH language education campaigners have rejected DUP claims that the sector enjoys preferential treatment.

In its assembly election manifesto, the DUP promised to deliver equality for all sectors.

This would involve “tackling the preferential treatment of Irish medium in school build”.

It would also include the abolition of the Catholic teacher training certificate as well as “a fairer and better funding formula for schools”.

Sinn Féin has been in charge of education since 2007 but it has been suggested a unionist party may select it next time.

The singling out of Irish-medium schools in the DUP’s manifesto, however, has prompted some to now say Sinn Féin might opt to hold education again.

Campaigners dismissed the claims of preferential treatment as “nonsense”.

Education minister John O’Dowd has made three major capital announcements totalling more than £500 million. Two of the 18 schools first selected to benefit were in the Irish-medium sector.

P1 enrolments in Irish-medium schools have grown from less than 400 to about 650 over the last six years and the overall population of the sector has also increased.

This growth has bucked the trend of declining numbers within the English-medium sector generally, and means that the needs within Irish-medium are now significantly greater in terms of new buildings.

While there is proportionately higher expenditure on Irish-medium schools, the state of many buildings in the sector compare unfavourably to those elsewhere.

There was unionist anger this year when Mr O’Dowd announced that a small bunscoil in Co Fermanagh was to move onto the site of a former secondary school that was shut down due to low pupil numbers.

Lisnaskea High School also had a debt that was spiralling out of control when it closed.

UUP MP Tom Elliott and DUP assembly member Peter Weir were among those who raised concerns that part of the former school would be used to accommodate bunscoil pupils.

Mr Elliott criticised minister John O’Dowd and said Lisnaskea High had more than three times the number of pupils as the Irish-medium school moving into the building.

When Bunscoil an Traonaigh moves onto the site later this year, it will be in mobile accommodation rather than inside the building itself.

Pilib Ó Ruanaí, chief executive of Iontaobhas na Gaelscolaíochta, the trust for the Irish-medium sector, said many schools were housed in temporary accommodation.

“There has to be some improvement. In terms of there being preferential treatment, it simply is not true. There is a robust process,” he said.

“In Lisnaskea, the school is moving onto a site that was declared surplus to requirements three to four years prior.

“All of a sudden it becomes an issue. The protocol is the same for every school – it looks at issues of sustainability, existing accommodation, area planning – it is the same for all sectors.”

Ealaín sa Rang le Áine Uí Ghrádaigh

Aibreán 6, 2016

Déanann an leabhar idirghníomhach seo cur síos ar mhodheolaíochtaí ealaíne ar féidir iad a úsáid sa seomra ranga ag an mbunléibhéal.  Tá sé breac le físeáin taispeána.

 

cover225x225

Tá an iBook nua seo ‘Ealaín sa Rang’ anois beo ar an iBookstore. Is féidir an iBook a íoslódáil (saor in aisce) ar iPad.

Laghdú le déanamh ag an Roinn Oideachais ar an riachtanas Gaeilge do choláistí oiliúna

Aibreán 6, 2016

Beifear in ann áit a fháil sna coláistí oiliúna gan an páipéar scrúdaithe scríofa Gaeilge a dhéanamh ar chor ar bith de réir na n-íosriachtanas nua iontrála a thiocfaidh i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair 2017.

Dheimhnigh an Roinn Oideachais do Tuairisc.ie gurb é an bunriachtanas iontrála do na coláistí oiliúna a bheidh ann don Ghaeilge faoin gcóras nua ná ‘H5’, nó 50-59%.

Faoi láthair, teastaíonn ar a laghad 55%, nó C3, i scrúdú Gaeilge na hArdteiste ó dhaltaí ar mhaith leo céim sa bhunmhúinteoireacht a dhéanamh.

Féadtar suas le 40% de mharcanna iomlán an scrúdaithe a fháil ar an scrúdú cainte agus suas le 10% a fháil ar an gcluastuiscint, rud a fhágann go bhféadfadh dalta a dhóthain marcanna a ghnóthú le háit a fháil sna coláistí oiliúna gan an scrúdú scríofa a dhéanamh ar chor ar bith.

Dúirt Pádraig Ó Duibhir, cláraitheoir Choláiste Phádraig i nDroim Conrach, le Tuairisc.ie gur “ábhar buartha” é nár thapaigh an Roinn Oideachais an deis an t-íosriachtanas a ardú go 60%.

“Cuireann sé ionadh orm gur glacadh leis an gcinneadh sin, tá go leor ráite i gcaitheamh na mblianta faoi chaighdeán Gaeilge na n-ábhar oidí. Ní haon rún é go raibh an grád C3 íseal mar a bhí agus bheinn buartha go bhfuil sé íslithe anois go 50%.

“An rud a thuig mé faoin athrú atá le teacht i mí Mheán Fómhair ná nach mbeadh an mhapáil idir an dá chóras díreach, agus ghlac mé leis go n-ardófaí an bunriachtanas go 60% mar a bhí á mholadh ag an gComhairle Múinteoireachta. Cuireann sé ionadh orm nár tapaíodh an deis sin,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Duibhir go mbeidh sé ag áitiú ar an Roinn Oideachais an bunriachtanas iontrála a ardú nuair a dhéanfar an córas nua grádaithe a athbhreithniú sa bhliain 2018.

“Bhí tráth ann nuair a bhíodh daoine in ann an Ghaeilge a scríobh ach gan a bheith in ann í a labhairt. Bheinn buartha go leagtar an iomarca béime ar na scileanna labhartha anois agus nach dtuigtear an tábhacht a bhaineann leis an léamh agus an scríobh.

“Tá na scileanna uilig tábhachtach le bheith i do mhúinteoir bunscoile. Teastaíonn cumas cumarsáide agus muinín. Níl an t-am againn anseo a bheith ag tabhairt mac léinn a bheadh an-lag ó thaobh na Gaeilge de go dtí an leibhéal a theastaíonn leis an teanga a mhúineadh ó na naíonáin bheaga go dtí rang a sé,” a dúirt sé.

Cé go “dtugann sé an teachtaireacht mhícheart” faoin mbunmhúinteoireacht go bhfuil an bunriachtanas laghdaithe go 50%, dúirt Ó Duibhir go mbíonn grád B (70%) nó níos airde ag formhór mór na ndaltaí Ardteiste a chláraíonn leis an gcúrsa oiliúna.
Dúirt Séamie Ó Néill, Stiúrthóir Oideachais Froebel in Ollscoil Mhá Nuad go bhfuil sé níos tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge de go mbeadh an córas sna coláistí oiliúna féin níos fearr ná mar atá.

“Bheadh sé níos fearr ar ndóigh dá mbeadh an bunriachtanas ag 70% ach tá ceithre bliana acu chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge sna coláistí oiliúna.

“Tá an-dul chun cinn déanta le ceithre bliana anuas, bronnfar céimeanna ar na mic léinn a rinne cúrsa ceithre bliana den chéad uair i mbliana, agus ceapaim go bhfuil an caighdeán ag feabhsú.

“Ní dóigh liom go bhfuil an Ardteist sách maith le measúnú a dhéanamh ar an nGaeilge. Caithfidh muid a theacht suas le córas nua measúnaithe. Tá daoine ag teacht isteach cheana féin gan cumas sa Ghaeilge agus B1 acu san Ardteist,” a dúirt Ó Néill.
Dúirt sé, áfach, gur ábhar dóchais líon na ndaltaí ó Ghaelscoileanna atá ag cur isteach ar na cúrsaí oiliúna le blianta beaga anuas.

“D’fhreastail 25% de lucht na chéad bhliana i mbliana ar Ghaelscoil. Tá sé sin ag cabhrú leis an gcaighdeán. Tá sé le feiceáil iontu go bhfuil siad níos báúla don Ghaeilge, sa choláiste féin agus in Aontas na Mac Léinn. Bhí go leor Gaeilge á labhairt ag Ard-Fheis Aontas na Mac Léinn in Éirinn an tseachtain seo caite. Tá na rudaí seo ag tarlú mar gheall ar an mborradh a tháinig faoin nGaelscolaíocht thart ar 15 bliain ó shin.

“An ndéanfaidh titim 5% difríocht? N’fheadar, ach sílim go bhfuil sé níos tábhachtaí an ceithre bliana atá againn a úsáid i gceart agus lán tairbhe a bhaint astu,” a dúirt sé.

www.tuairisc.ie

« Previous PageNext Page »