Méid an Téacs

Rogha scéimeanna, comórtais agus áiseanna ag Gael Linn do 2017/2018 !

Meán Fómhair 11, 2017

Rogha scéimeanna, comórtais agus áiseanna  ag Gael Linn do 2017/2018 !

Agus an scoilbhliain nua faoi lánseol, beidh Gael Linn ag cur scéimeanna, comórtais agus áiseanna ar fáil arís chun tacú leis an obair iontach atá á dhéanamh ag múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre ! Beidh deis ag lucht bunscoile agus iar-bhunscoile páirt a ghlacadh sna scéimeanna éagsúla do dhaoine óga  idir cheol, díospóireachtaí agus caint phoiblí, seónna scoile agus tallainne, a bhformhór atá urraithe ag Foras na Gaeilge. Is féidir clárú d’imeachtaí agus tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh idirlín Gael Linn
( www.gael-linn .ie ) nó ó 01/6751200.

Seo a leanas na príomhimeachtaí agus na háiseanna éagsúla a bheidh ar fáil do scoláirí Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí  le linn 2017/2018:

Coirm: Féilte siamsaíochta stáitse ar fud na tíre dírithe ar Ghaelscoileanna agus ar bhunscoileanna Gaeltachta. Glacfar le seónna ( 20 nóiméad ar fhaid ) i bhfoirm scoraíochta, cabaret, ceoldráma, dráma nó sceitse. Ní comórtas atá i gceist le COIRM ach tabharfar aitheantas (i bhfoirm ghradaim) do sheónna nó do mhíreanna as seónna a léiríonn ardchaighdeán ag na Féilte.
www.gael-linn.ie/Coirm

COIRM.1

Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain: Comórtas díospóireachta do iar-bhunscoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc iontu. Triúr a bhíonn ar fhoireann agus beidh dhá dhíospóireacht ar a laghad ag gach foireann.  NB! DÁTA DEIRIDH IONTRÁLA- 18 MEÁN FÓMHAIR 2017   www.gael-linn.ie/UiChadhain

UICHADHAIN.1

Scléip: Comórtas tallainne dírithe ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge -an bhéim ar chomhaimsearthacht. Réamhbhabhtaí i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Mainistir Fhear Maí agus Muineachán i mí na Samhna. Dáta deiridh iontrála – Dé Luain, 23 Deireadh Fómhair.
www.gael-linn.ie/Scleip

Scléip.1

Siansa: Comórtas agus ceardlanna ceoil do ghrúpaí traidisiúnta le ceoltóirí óga idir 12 agus 19. Craobhchomórtas sa Cheoláras Náisiúnta, le duaischiste €4,500. Dáta deiridh iontrála – Dé Céadaoin, 1 Samhain 2017.
www.gael-linn.ie/Siansa

SIANSA.1

Foilseacháin Gael Linn – Foilsíonn Gael Linn sraith de théacsleabhair a mbíonn an-tóir orthu ag ranganna a bhíonn ag gabháil don Ardteistiméireacht agus don Teastas Sóisearach. Foilsítear Dréimire agus Staighre i sé chaibidil i rith na scoilbhliana. Foilsítear Splanc, atá dírithe ar an Idirbhliain, i 3 chaibidil, ceann in aghaidh an téarma agus bíonn an t-ábhar i gcónaí suas chun dáta.
www.gael-linn.ie/foilseachain

An Fáinne –Tá Gael Linn i mbun dáileadh ar An Fáinne. Is do dhaoine le cumas bunúsach sa Ghaeilge atá an Fáinne Airgid. Léiríonn an Fáinne Óir go bhfuil líofacht sa Ghaeilge ag duine. Tá an suaitheantas Cúpla Focal ar fáil dóibh siúd ar bheagán Gaeilge ach atá bródúil as an gcúpla focal sin. Tá An Fáinne an-oiriúnach mar aitheantas ag deireadh na bliana do dhaltaí a rinne iarracht mhaith Gaeilge a labhairt le linn na bliana.

www.gael-linn.ie/siopa

Folúntas: Ardoifigeach Feidhmiúcháin leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)

Meán Fómhair 7, 2017

Bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) in 2002 faoi théarmaí Alt 31 den Acht Oideachais (1998). Is iad na feidhmeanna reachtúla atá ar COGG:

  • Comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta agus ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta maidir le hoideachas trí mheán na Gaeilge  agus faoi theagasc na Gaeilge
  • Comhordú a dhéanamh ar an soláthar téacsleabhar agus áiseanna eile teagaisc don oideachas trí mheán na Gaeilge  agus do theagasc na Gaeilge
  • Seirbhísí taca a chur ar fáil do scoileanna
  • Taighde a sheoladh ar ábhar a bhaineann leis an oideachas  trí mheán na Gaeilge agus do theagasc na Gaeilge.

Tá dháréag ar bhord COGG agus tá seacht bpost ceadaithe i láthair na h-uaire: Príomhfheidhmeannach, Ardoifigeach Feidhmiúcháin, Cuntóir Taighde, agus ceathrar Oifigeach Oideachais. Is ar Phlás Windsor i mBaile Átha Cliath 2 atá príomhoifig COGG agus is ann a bheidh an tArdoifigeach Feidhmiúcháin lonnaithe.

Íoslódáil an Fhoirm Iarratais Anseo

IS TRÍ MHEÁN NA GAEILGE A DHÉANTAR OBAIR COGG

Tá gach eolas ar fáil ó www.cogg.ie

s

Folúntas: Teicneoir Cuntasaíochta

Meán Fómhair 4, 2017

Bunaíodh an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais (FSSU) sa bhliain 2005 faoin Roinn Oideachais agus Scileanna (DES) Ciorclán M36/05. Is meicníocht um thacaíocht do scoileanna atá san Aonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais a chabhraíonn le scoileanna forálacha an Achta Oideachais 1998 a chomhlíonadh maidir le cuntasacht, trédhearcadh agus freagracht airgeadais as maoiniú Stáit. Faoi scáth Chomhchoiste na mBainisteoirí, feidhmíonn an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais mar nasc idir scoileanna agus an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Spriocdháta:
18.09.2017

Bí ar an eolas go bhfuil an fógra seo á thaispeáint ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar publicjobs.ie. Níl aon bhaint ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí nó níl an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí freagrach as an phróiseas earcaíochta agus roghnaithe nó as na tearmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an phost.

Rannóg / Údarás Fostaithe

  • JMB

Ionad

Corcaigh

Suíomh Gréasáin na Rannóige/an Údaráis Fostaithe

Eolas sa Bhreis

fhoirm iarratais

Eolas poist

D’fhéadfadh sé go ndéanfaí gearrliosta de na hiarrthóirí.
Is fostóir comhionannas deiseanna é JMB

Dáta Fógartha

04/09/2017

Dáta Deiridh na nIarratas

18/09/2017

Aitheantas Tagartha

17165509

Gach eolas anseo

‘AN TRIAIL’ – TICÉID AR DÍOL ANOIS!

Meán Fómhair 4, 2017

Capture

Léiríonn Fíbín, an comhlacht drámaíochta Gaeilge a bhfuil cáil air, ‘An Triail’ le Máiréad Ní Ghráda, an dráma clasaiceach Nua-Ghaeilge. Seo leagan ar leith de ‘An Triail’ i stíl Fíbín! Téann Fíbín i ngleic le ceisteanna a ardaíonn múinteoirí agus scoláirí araon, trí phlota a bhreathnaíonn as dáta a thabhairt isteach i gcomhthéacs sochaí nua-aimseartha ag baint úsáid as puipéid, maisc, radhairc tharraingteacha agus léirithe daonna chun lucht féachana óg, ach go háirithe a mhealladh ar bhealach a thagann le saol na linne seo agus gur féidir teacht ar seó go héasca. Téann an léiriú seo i bhfad lasmuigh den nádúr dubh agus bán atá sa chaint agus cuidíonn an seó na constaicí san fhoghlaim a shárú le seó fuinniúil, mealltach agus greannmhar.

Tosóidh cliar ‘An Triail’ a gcamchuairt náisiúnta sa Hawk’s Well Theatre i Sligeach ar 25 Meán Fómhair tar éis cleachtaí agus léireofar an dráma i 6 ionad eile le linn na camchuairte, an Everyman i gCorcaigh, an Belltable i Luimneach, an Visual i gCeatharlach, Taibhdhearc na Gaillimhe, an Dean Crowe i mBaile Átha Luain agus críochnóidh an chamchuairt suas an Axis i mBaile Munna tar éis 5 lá de sheónna ar an Aoine 20 Deireadh Fómhair.

Tá ticéid ar fáil anois ó gach amharclann!

COSTAS: €12.50 (D’fhéadfadh táille áirithinte a bheith i gceist) agus téann múinteoirí in aisce!

AM: 10.30r.n. & 12.30i.n. (10r.n. & 12i.n. i gCorcaigh)

FAD: 1 uair

 

DÁTAÍ 2017

25 M. Fómhair: Hawk’s Well Theatre, SLIGEACH Guth: 071-916 1518

28 M. Fómhair: The Everyman, CORCAIGH Guth: 021-450 1673

2 & 3 D. Fómhair: The Belltable, LUIMNEACH Guth: 061-953 400

5 & 6 D. Fómhair: Visual Carlow, CEATHARLACH Guth: 059-917 2400

9-11 D. Fómhair: An Taibhdhearc, GAILLIMH Guth: 091-563 600

13 D. Fómhair: Dean Crowe Theatre, BAILE ÁTHA LUAIN Guth: 090-649 2129

16-20 D. Fómhair: AXIS Baile Munna, BAILE ÁTHA CLIATH Guth: 01-883 2100

Cuir bhur dticéid in áirithe inniu agus ná caill amach ar an léiriú físiúil agus fisiciúil seo!!

Téigh anonn chuig leathanach ‘An Triail’ le haghaidh gach eolas eile!

 

Tá Fíbín agus an chliar uile ag súil go mór leis an 11ú camchuairt i mbliana agus fáilte a chur romhaibh ar fad chuig ár seónna!!

Teicneoir Cuntasaíochta

Meán Fómhair 4, 2017

Bunaíodh an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais (FSSU) sa bhliain 2005 faoin Roinn Oideachais agus Scileanna (DES) Ciorclán M36/05. Is meicníocht um thacaíocht do scoileanna atá san Aonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais a chabhraíonn le scoileanna forálacha an Achta Oideachais 1998 a chomhlíonadh maidir le cuntasacht, trédhearcadh agus freagracht airgeadais as maoiniú Stáit. Faoi scáth Chomhchoiste na mBainisteoirí, feidhmíonn an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais mar nasc idir scoileanna agus an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Spriocdháta:
18.09.2017

Bí ar an eolas go bhfuil an fógra seo á thaispeáint ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar publicjobs.ie. Níl aon bhaint ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí nó níl an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí freagrach as an phróiseas earcaíochta agus roghnaithe nó as na tearmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an phost.

Rannóg / Údarás Fostaithe

  • JMB

Ionad

Corcaigh

Suíomh Gréasáin na Rannóige/an Údaráis Fostaithe

Eolas sa Bhreis

fhoirm iarratais

Eolas poist

D’fhéadfadh sé go ndéanfaí gearrliosta de na hiarrthóirí.
Is fostóir comhionannas deiseanna é JMB

« Previous Page