Foirgneamh nua Ghaelscoil Shliabh Rua ar an mbealach!
Feabhra 24, 2015
Breathnaigh ar an dul chun cinn anseo: www.facebook.com
Turas Gaeltachta Ghaelscoil Uí Éigeartaigh
Meitheamh 25, 2014
Chuaigh Rang 6 ó Ghaelscoil Uí Éigeartaigh, An Cóbh go Gaeltacht Chorca Dhuibhne arís i mbliana ar feadh 3 lá. Bhí an-turas go deo againn! Chuamar ag surfáíl ar Thráigh na hInse, ag dreapadóireacht in Ionad Dreapadóireachta sa Daingin, ag breathnú ar dhúile beo na mara &rl i nDomhan Fothoinn an Daingin. Chomh maith le […]
Art Ó Súilleabháin i nGaelscoil na Mí
Meitheamh 24, 2014
Tháinig an scríbhneoir Art Ó Súilleabháin ar cuairt chuig na páistí i nGaelscoil na Mí i gCill Dhéagláin agus Gaelscoil an Bhradáin Feasa i nDroichead Átha i rith Sheachtain na Gaeilge. Is scríbhneoir é Art Ó Súilleabháin as Corr na Móna i nGaillimh a bhfuil roinnt scéalta agus dánta Gaeilge do pháistí scríofa aige. Bhí […]
Bliots iománaíochta iontach eagraithe (agus buaite!) ag Gaelscoil Ghleann Darach
Meitheamh 5, 2014
Ar an 16ú de mhí Aibreáin, bhí bliots iománaíochta againn ar Pháirc Aldergrove i gCromlinn i gContae Aontroma. Bhí 4 Ghaelscoil páirteach sa bhliots. Bliots 12-an-taobh a bhí ann do dhaltaí, idir chailíní agus buachaillí i ranganna 4-7. D’imir gach scoil a chéile ar a laghad uair amháin. Bhain na páistí an-sult as an lá […]
Gaelscoil Bhaile Munna sa Ghaeltacht!
Meitheamh 3, 2014
Blitz Tras-Tíre na nGaelscoileanna 2014
Márta 10, 2014
Agus an ghrian ag lonradh Déardaoin seo chaite – Feabhra 27ú 2014, bhailigh na foirne le chéile i nDroichead na hInse ar son Gaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Cholmchille, Scoil Mológa, Gaelscoil Lios na n-Óg, Gaelscoil Naomh Pádraig agus Gaelscoil na Camóige. Bhí ceithre rás againn le cailíní shóisireacha (400m), cailíní shinsireacha (600m), buachaillí Shóisireacha (500m) […]
Beofast i mBéal Feirste
Feabhra 4, 2014
Dé hAoine seo caite, 17 Eanáir 2014, tháinig 7 scoil le chéile i mBéal Feirste ag an ‘Oh Yeah’ centre fá choinne ‘Beo-Fast’. As an seachtar scoil sin, bhí cúigear acu as Dún na nGall agus bhí dhá scoil eile as Béal Feirste. Séard a bhí I ‘Beo-Fast’ go bunúsach nó ceolchoirm de chuid Beo. […]
Corn an Earagail
Samhain 5, 2013
Ar an 11 Deireadh Fómhair d’eagraigh Scoil Fhionáin, An Fál Carrach lá mór spóirt do na scoileanna sa cheantar. Bhí ceithre scoil i láthair: Scoil Fhionáin An Fálcarrach, Scoil Dhoire Beaga, Scoil An Luinnigh agus Scoil an Chlochan Liath – bhí seacht fhoireann san iomlán trí fhoireann cailíní agus ceithre fhoireann buachaillí. Bhí sé ar […]
Gairmscoil Chú Uladh – Bliots Cispheile idirscoile
Samhain 5, 2013
Ag tús mí Dheireadh Fomhair socraíodh bliots Cispheile idirscoile don chéad bhliain (Girseachaí + Gasúraí) a eagrú. Ghlac trí Scoil ghaelach ar fad páirt sa chomórtas cispheile seo, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Colaiste Chineal Eoghain agus muid féin, Gairmscoil Chú Uladh. B’ iad na príomh spriocanna den chomótas seo ná deis a thabhairt do na daltaí […]
Corn an Earagail
Deireadh Fómhair 18, 2013
Shocraimid an comórtas peile ar an Aoine seo caite 11ú D. Fómhair. Bhí ceithre scoil i láthair : Scoil Fhionáin An Fálcarrach, Acoil Dhoire Beaga, Scoil An Luinnigh agus Scoil an Chlochan Liath – bhí seacht fhoireann san iomlán trí fhoireann cailíní agus ceithre fhoireann buachaillí. Bhí sé ar siúl i bpáirc GAA Chloich Cheann […]