Deiseanna do na scoileanna lán Ghaeilge i bhfógra an Aire Oideachais
Aibreán 13, 2018
Cuireann Gaeloideachas fáilte mhór roimh fhógra an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, inniu, go bhfuil 42 scoil úra le hoscailt le linn na tréimhse 2019-2022. “Is fógra an-dearfach é seo a chabhróidh linn a chinntiú go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil mar rogha do bhreis páistí a bhfuil suim ag a dtuismitheoirí sa chóras tumoideachais agus cabhróidh siad go mór i dtaobh freastal ar an éileamh ollmhór atá ann ar oideachas ilchreidmheach trí mheán na Gaeilge freisin”, a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas.
Deiseanna le scoileanna nua a bhunú
Pléifidh Gaeloideachas le pátrúin ionchasacha gur mian leo oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil sna ceantair atá aitheanta ag an Roinn, agus fáiltíonn muid roimh fiosrúcháin agus teagmháil ón bpobal maidir leis na féidearthachtaí a shamhlaíonn siad dá gceantair féin.
Tá ceantair áirithe ar an liosta inar ritheadh feachtais le scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú cheana, ina measc: Marino, Droim Conrach agus BÁC1, 2, 4 agus 6, Dún Laoghaire agus Cill Chainnigh. Beimid ag súil le tógáil ar an mhór-obair a rinne na pobail sin agus toradh dearfach a bhaint amach dóibh anois agus an deis ann. Feictear dúinn go mbeidh éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge i go leor de na ceantair eile leis, agus tuigeann muid ó na staitisticí a chuireann scoileanna ar fáil don eagraíocht chuile bhliain go bhfuil ró éileamh ar formhór na scoileanna lán-Ghaeilge reatha sna ceantair atá ar liosta na Roinne.
Gá le cur chuige iomlánaíoch le cúram a thabhairt do na scoileanna reatha
Táimid feasach chomh maith ar na deiseanna agus dúshláin a chruthaíonn fógra mar seo don phobal scoile reatha, go bhfuil scoileanna ann gur mian leo fás ach nár tugadh an cead dóibh, agus scoileanna atá ag fulaingt le blianta fada de dheasca cóiríocht míchuí a bheith acu. Leanfaimid orainn ag troid cás na scoileanna seo agus ag éileamh go dtabharfaí a gcuid mianta agus riachtanais san áireamh i gcónaí sa phróiseas pleanála. Is cinnte go bhfuil scoileanna ann a bheadh toilteanach agus in ann roinnt den bhrú atá ar an gcóras a mhaolú trí glacadh le daltaí breise ach foirgnimh chuí a bheith acu, agus iarraimid go mbeadh cur chuige iomlánaíoch ag an Roinn agus iad ag pleanáil chun cinn. Seasann seo ach go háirithe ag an iar-bhunleibhéal, áit a mbeadh féidearthachtaí ann an soláthar reatha a fhorbairt agus stádas scoil neamhspleách a bhunú ar aonaid atá ag feidhmiú i roinnt de na ceantair aitheanta. Faoi láthair, tá aonaid iar-bhunleibhéil ag feidhmiú ar fud na tíre gan tacaíocht nó cosaint cuí ón Stáit lena rathúlacht agus inmharthanacht a chinntiú. Thabharfadh an próiseas seo deis don Roinn obair i gcomhairle lena bpátrún agus soláthar lán-Ghaeilge buan a chinntiú do na réigiúin sin.
Cothrom na féinne don oideachas lán-Ghaeilge?
Ní léir go fóill cén próiseas a bheidh ann le pátrúin agus sainmheoin na scoileanna nua atá le bunú a roghnú. Tá sé tugtha le fios ag an Roinn go mbeidh athruithe air, ach go mbeidh an béim ar rogha na dtuistí go fóill. Beidh tionchar mhór ag an bpróiseas roghnúcháin ar an líon scoileanna nua lán-Ghaeilge a bhunófar agus tá Gaeloideachas ag stocaireacht ó 2015 chun go leasófar é ar mhaithe le cothrom na féinne a bheith ann d’iarratais ar scoileanna lán-Ghaeilge. Chuir an próiseas, i bhfeidhm ó 2011, tuismitheoirí gur mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí faoi mhíbhuntáiste ollmhór toisc nach raibh sé d’acmhainn ag a bhfeachtais dul san iomaíocht leis an mórphobal Béarla. Foilseofar eolas maidir leis an bpróiseas athbhreithnithe sna seachtainí amach romhainn, agus beimid ag súil leis go mbeidh sé ag tacú le forbairt na hearnála, de réir gealltanais an Stáit sa Straitéis 20-Bhliain don Ghaeilge.
Roinnfear gach eolas maidir leis na feachtais le scoileanna nua a bhunú agus le cóiríocht chuí a éileamh do na scoileanna reatha ar www.gaeloideachas.ie agus ar na meáin shóisialta. Deir Anna Ní Chartúir, Uachtarán na heagraíochta, “beimid ag súil leis go gcuirfí le líonmhaireacht agus láidreacht na scoileanna lán-Ghaeilge sna blianta beaga amach romhainn”.
42 scoil nua le hoscailt sna blianta amach romhainn
Aibreán 13, 2018
Fáiltíonn Gaeloideachas roimh fhógra na Roinne Oideachais agus Scileanna go mbeidh scoileanna nua le bunú sna blianta amach romhainn, agus táimid an-dóchasach go mbeidh scoileanna lán-Ghaeilge ina measc. Roinnfear gach eolas anseo sna seachtainí romhainn maidir leis an bpróiseas a bheidh ann le pátrúin agus sainmheoin na scoileanna nua seo a aithint. Tá foireann na heagraíochta ar fáil i gcónaí le fiosrúcháin ónar mbaill, pobal na scoileanna i gcoitinne agus ó thuismitheoirí a fhreagairt, ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn.
Preasráiteas: Tacaíocht an Aire Oideachais do na scoileanna lán-Ghaeilge sa reachtaíocht maidir le polasaithe iontrála
Aibreán 4, 2018
|
Folúntais i nGaelcholáiste Dhoire
Aibreán 4, 2018
Is meánscoil lán-Ghaeilge nuabhunaithe é Gaelcholáiste Dhoire atá ar tí an ceathrú hiontógáil daltaí a ghlacadh isteach i Meán Fómhair 2018. Tá múinteoir sinsearach agus triúr múinteoirí á lorg ag Gaelcholáiste Dhoire le bheith mar chuid d’fhoireann dhíograiseach, dhinimiciúil agus spreagúil.
Gach eolas: Folúntais GCD 2018
PREASRÁITEAS: FÁILTÍONN GAELOIDEACHAS ROIMH NA TACAÍOCHTAÍ A BHEIDH AR FÁIL DO SCOILEANNA GAELTACHTA FAOIN SCÉIM AITHEANTAIS.
Márta 29, 2018
LE FOILSIÚ LÁITHREACH: 29 MÁRTA 2018
Fáiltíonn Gaeloideachas roimh eisiúint an chiorcláin maidir leis an gcéad chéim fheidhmithe eile a bhaineann leis an scéim aitheantais do scoileanna Gaeltachta don tréimhse Aibreán 2018 – deireadh na scoilbhliana 2018/2019. Leagtar amach na tacaíochtaí a bheidh ar fáil do scoileanna, idir deontas d’acmhainní, forbairt ghairmiúil leanúnach bhreise agus uaireanta breise do thacaíocht teanga na Gaeilge.
Fáiltítear freisin roimh an deis atá curtha ar fáil do scoileanna nár chláraigh leis an scéim go fóill léiriú spéise a chur isteach le bheith páirteach sa scéim aitheantais agus a bheith incháilithe chun na hacmhainní agus tacaíochtaí céanna a fháil ar aon dul le scoileanna atá páirteach sa scéim cheana.
Gealltar uaireanta breise páirtaimseartha do thacaíocht theanga na Gaeilge sa chiorclán nua – tacaíocht a bhí lárnach d’éilimh na scoileanna agus iad ag clárú don scéim aitheantais. Cé go bhfáiltítear go mór roimh na n-uaireanta breise, tá an méid is lú tacaíochta (5 uair an chloig sa tseachtain sa bhunscoil) geallta do na scoileanna is lú (faoi bhun 54 dalta sa bhunscoil), rud a dhéanann cur i bhfeidhm an luath-thumoideachais sna scoileanna beaga níos dúshlánaí, mar aon leis an tacaíocht idirdhealaithe idir cainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí. Ag an iar-bhunleibhéal, cuirfear idir 7-10 n-uair an chloig bhreise teanga ar fáil de réir méid na scoile, tacaíocht a fháilteofar go mór roimhe. Tacaíonn Gaeloideachas le héileamh na scoileanna go mbeadh forbairt ghairmiúil leanúnach ar fáil ar bhonn inseirbhís uile scoile ag an iar-bhunleibhéal chun tuiscintí agus saineolas ar an tumoideachas a chur chun cinn thar pobal teagaisc na scoile ar fad.
Agus í ag caint faoi na scoileanna beaga i gcomhthéacs na scéime, deir Anna Ní Chartúir, Uachtarán Gaeloideachas, “Cé go bhfáiltím go mór roimh na tacaíochtaí breise seo do na scoileanna uile, ní mór dúinn a bheith feasach faoi shuíomh leochaileach na scoileanna beaga agus a thógáil san áireamh gur scoileanna beaga idir 2-3 oidí formhór na scoileanna Gaeltachta, agus iad suite sna ceantair is láidre Gaeltachta go hiondúil. Bíonn brú ach go háirithe ar na scoileanna seo, atá i mbun ilranganna a theagasc ó thaobh na naíonáin a scarúint ó Rang 1 agus 2 do theagasc an Bhéarla agus beidh dúshláin leanúnacha ann le sárú”.
Molann Gaeloideachas go mbeadh cead ag na scoileanna na huaireanta a chnuasú le huaireanta tacaíochta foghlama agus acmhainne chun poist a chruthú ina aon scoil amháin chun go mbeidh leanúnachas ann do na páistí agus don mhúinteoir, ach an dúshlán a shárú múinteoirí leordhóthanacha a bheith ar fáil le hinniúlacht chuí sa teanga le teagasc i scoil Ghaeltachta.
Déanann Gaeloideachas comhghairdeas mór leis na dá institiúid a bronnadh conarthaí orthu le tabhairt faoi sholáthar cláir nua oideachais mhúinteoirí trí mheán na Gaeilge. Fáiltíonn an eagraíocht go mór roimh an dea-scéal go mbeidh Institiúid Oideachais Marino ag cur tús le clár oiliúna ceithre bliana do bhunmhúinteoirí Meán Fómhair 2019 agus go mbeidh máistreacht san oideachas lán-Ghaeilge á sholáthar ag Coláiste Mhúire Gan Smál.
Tréaslaíonn an eagraíocht leis an dá institiúid agus iad ag léiriú ceannasaíochta i bhforbairt chlár ceannródaíocha a dhíreoidh go huile is go hiomlán ar shainriachtanais na hearnála lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
CRÍOCH.
Teagmháil
Anna Ní Chartúir, Uachtarán, Gaeloideachas
085-1651097
Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach, Gaeloideachas
01-8535190 | 086 8050335 | blathnaid@gaelscoileanna.ie
Seán Ó hArgáin, OCP, Gaeloideachas
087-4192322
Facebook @Gaeloideachas |Twitter @Gaeloid
www.gaeloideachas.ie
Gaeloideachas
Áirítear i measc róil agus feidhmeanna na heagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, mar aon le seirbhís tacaíochta do naíonraí agus scoileanna.
Dioplóma Gairmiúil i gCeannaireacht Scoile (DGCS)
Márta 13, 2018
Tá baint lárnach ag caighdeán na ceannaireachta scoile le héifeachtúlacht scoile agus le torthaí dea-fhoghlama a bhaint amach. Tá fianaise láidir ó go leor tíortha go dteastaíonn forbairt ghairmiúil agus tacaíocht ar leith ó cheannairí scoile chun teacht i dtír ar an ról agus na freagrachtaí atá le comhlíonadh acu i gcóras éifeachtach scoile. Ag an am céanna tá sé aitheanta go bhfuil ceannaireacht scoile éirithe níos casta, níos dúshlánaí agus níos éagsúla. Sa chomhthéacs seo is mian leis an Roinn Oideachais agus Scileanna grúpa daoine ardoilte sa cheannaireacht a aithint, a chothú agus a fhorbairt chun freastal ar riachtanais cheannaireachta reatha agus amach anseo dár scoileanna.
- Dioplóma iarchéime i gceannaireacht scoile atá forbartha ag Ollscoil Luimnigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath.
- Is é an DGCS an tSraith Ghaeilge den ‘Professional Diploma in School Leadership.’ Tá sé faoi scáth OÉ Gaillimh agus tá sé dírithe ar earnáil an Ghaeloideachais.
- Tá sé dírithe ar mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile.
- Tugann an dioplóma iarchéime seo an cháilíocht, an t-eolas, na scileanna agus an mhuinín do mhúinteoirí uaillmhianacha le go mbeidh siad ullamh le tabhairt faoi ról ceannaireachta i scoileanna.
- Tagann na mic léinn ar thuiscint dhomhain ar na heochairchoincheapa agus saincheisteanna i litríocht na ceannaireachta agus bíonn ar a gcumas iad a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an oideachais trí Ghaeilge.
- Is foghlaim chumaisc atá ann leis na léachtaí/ábhar léitheoireachta á gcur ar fáil ar líne, ranganna teagaisc á reáchtáil ar líne agus roinnt bheag laethanta ar an láthair.
- Reáchtáiltear an DGCS trí Ghaeilge: ranganna teagaisc, cumarsáid, plé, measúnaithe, srl.
- Tá taithí ceannaireachta in earnáil an Ghaeloideachais acu siúd atá i mbun an DGCS. Tagann na mic léinn ar thuiscint níos saibhre ar an gceannaireacht sa chomhthéacs lán-Ghaeilge tríd an bplé a bhíonn acu lena gcomhghleacaithe agus le foireann an chúrsa.
- Cúrsa páirtaimseartha 18 mí.
- Riachtanais Iontrála: NFQ 8, cáilíocht in oideachas múinteoirí, a bheith cláraithe leis an gComhairle Múinteoireachta agus taithí 5 bliana múinteoireachta.
- Tá an DGSC arna pháirtchistiú ag an Roinn Oideachas agus Scileanna. €2,000 le híoc ag rannpháirtithe.
- Tuilleadh Eolais: https://www.ul.ie/cpe/pdsl/node/1
Na Modúil:
1) Foghlaim agus Teagasc a threorú i gcomhthéacs na hÉireann
2) Fás agus Forbairt Ghairmiúil: Dearcadh ar an gCeannaireacht
3) Bainistíocht Eagraíochta: Ag Breathnú ar ár Scoileanna
4) Meántóireacht agus Oiliúint
5) Forbairt Scoileanna a Threorú: Athrú Leanúnachais agus Acmhainn a Fhorbairt
6) Neartú Cumas Cultúir agus Foirne
Rúnaí scoile á lorg ag Coláiste Muire, Tuar Mhic Éadaigh
Márta 13, 2018
Fáiltíonn Bord Bainistíochta Choláiste Muire, Tuar Mhic Éadaigh, scoil Gaeltachta roimh iarratais ó iarrthóirí oiriúnacha don phost seo a leanas:
Rúnaí Scoile
Is gá go mbeidh na riachtanais seo a leanas ag iarraitheoirí:
- Gaeilge líofa
- Ard scileanna ríomhaireachta
- Taithí ar leabharchoiméad agus cuntasaíocht riachtanach
- Taithí ar chóras cuntasaíocht ar nós SAGE 50 agus pacáiste párolla
- Ard scileanna idirphearsanta agus ard scileanna cumarsáide (scríofa & cainte)
- Ard scileanna eagrúcháin
- Toilteanas tabhairt faoi réimse leathan dualgais mar is gá
Ní mór duit CV, ainmneacha beirt mholtóir agus litir chlúdaigh a sheoladh ar ríomhphost chuig po@colaistemuire.eu nó chuig an seoladh thíos:
An Rúnaí,
Bord Bainistíochta,
Coláiste Muire,
Tuar Mhic Éadaigh,
Co. Mhaigh Eo
Ní ghlacfar le hiarratais níos déanaí ná 12.00in ar an 23/03/2018
- D’fhéadfadh gearrliostú a bheith i gceist.
- Beidh ar an té a cheapfar tabhairt faoi ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána
- Is fostóir comhionannais deiseanna í Bord Bainistíochta Choláiste Muire.
Rúnaí Scoile á lorg ag Scoil Lorcáin
Márta 6, 2018
Tá Rúnaí Scoile á lorg ag Scoil Lorcáin, An Charraig Dhubh, Baile Átha Cliath le dul i mbun oibre 1/9/18. Ceapachán buan is ea é seo.
Uaireanta Oibre: 8.30 r.n. – 2.30 i.n. Luan go hAoine i rith na scoilbhliana, chomh maith le roinnt laethanta oibre i rith na laethanta saoire.
Scála Pá: bunaithe ar scála an Choiste Ghairmoideachais do Rúnaithe Scoile
Breis eolais: www.scoillorcain.ie
Fiosrúcháin agus Iarratais roimh 23/3/18 chuig: agallaimhscoillorcain@gmail.com
Riachtanais na Scoileanna Oileáin á nAithint
Feabhra 28, 2018
Fáiltíonn Gaeloideachas roimh an aitheantas atá á thabhairt do na dúshláin atá ag scoileanna ar oileán le seoladh tuarascála de chuid an Chomhchoiste um Oideachas agus Scileanna inniu. Tuarascáil thábhachtach í seo, a léiríonn tacaíocht traspháirtí d’fhorbairt córais agus scéimeanna tacaíochta níos iomchuí don oideachas oileáin, agus a chuirfeadh bonn níos láidre faoin oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Impítear go nglacfaidh an tAire Oideachais agus Scileanna leis na moltaí réasúnta atá leagtha amach, gur moltaí iad a d’eascair as comhairliúchán le pobail na scoileanna agus a gcuid eagraíochtaí tacaíochta, agus go ndéanfaí an infheistíocht bheag riachtanach san earnáil seo atá ag fulaingt le fada de bharr easpa aitheantais agus tacaíochtaí.
Ocht moladh san iomlán atá sa tuarascáil, anuas ar an mbunmholadh go bhforbrófaí polasaí don oideachas oileáin. “Tá sé tábhachtach comhtháthú a dhéanamh ar fhorbairt pholasaí oideachais oileáin leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta agus ar fhorbairt polasaí náisiúnta stáit don oideachas lán-Ghaeilge amach anseo – polasaí ar mhaith linn go gcuirfí tús leis an díospóireacht agus an plé ina leith faoi”, a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas.
Ag labhairt faoin seoladh inniu, dúirt ní Ghréacháin gur “ábhar mór misnigh a bhí sa tuarascáil, ní hamháin ó thaobh ábhar na moltaí ciallmhara atá ann, ach ó thaobh an cur chuige uileghabhálach comhairliúcháin a tugadh faoi, agus an dúthracht agus dílseacht do chothrom na féinne do scoileanna oileáin a léirigh an Comhchoiste”. Thréaslaigh sí leis an gCathaoirleach, an T.D. Fíona Ní Lochlainn agus a stiúir éifeachtach agus leis an Seanadóir Trevor Ó Chlochartaigh as a chuid tiomantais agus saintuisceana ar chúrsaí oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta”.
Glacann Gaeloideachas buíochas le gach scoil a bhí páirteach sa chomhairliúchán agus a roinn a gcuid tuairimí agus moltaí linn agus an eagraíocht i mbun comhairliúcháin thar a gceann.
Curaclam Teanga na Bunscoile Céim 3 agus 4: Léirigh do thuairimí
Feabhra 28, 2018
Tá dréachtsonraíocht Curaclam Teanga na Bunscoile/Primary Language Curriculum Céim 3 agus 4 ar fáil anois le haghaidh Comhairliúcháin. Reáchtálfar an comhairliúcháin go dtí 20ú Mí Aibreáin 2018.
Táimid ag bailiú aiseolas ó mhúinteoirí ‘sna bhealaí seo a leanas:
Ceistneoir ar líne: Tá suirbhé ar líne ar fáil ag ncca.ie
Scoileanna Pilóta: Mar bhaill de líonra scoile tá roinnt múinteoirí agus príomhoidí ag baint triail as gnéithe ar leith den dréachtsonraíocht agus ag tabhairt aiseolas ar ais dúinn.
Seimineáir Chomhairliúcháin:
12ú Márta, Midlands Hotel, Portlaoise
13ú Márta, Silver Springs Hotel, Corcaigh
20ú Márta, Harbour Hotel, Gaillimh
Aighneachtaí Scríofa: Cuir aighneachtaí scríofa chuig consultations@ncca.ie.
Tá do chuid aiseolais an-thábhachtach dúinn.
Chun cur lenár gceistneoir ar líne – Téigh chuig ár láithreán gréasáin www.ncca.ie. Is féidir leat teacht ar an gceistneoir ar an leathanach baile trí chliceáil ‘Léirigh do thuairimí’.
Chun iarratas a dhéanamh chun freastal ar na seimineáir chomhairliúcháin – clárú le do thoil trí do chuid sonraí a chur ar r-phost (Ainm, ról agus scoil) chuig languageconsultation@ncca.ie faoi 3pm ar 8 Márta 2018. Tá áiteanna oscailte do mhúinteoirí bunscoile agus do phríomhoidí. Beidh na seimineáir ar siúl ó 10:30 am-2.30pm agus soláthrófar clúdach ionadaíochta do lucht freastail.