Méid an Téacs

Comhghairdeas leis na scoileanna lán-Ghaeilge a luadh i Sraith na Scoileanna de chuid an Irish Times

Samhain 27, 2013

Ba mhór le Gaelscoileanna Teo. comhghairdeas a dhéanamh leis na scoileanna lán-Ghaeilge a ainmníodh i Sraith na Scoileanna de chuid an Irish Times. Tá oideachas den scoth á sholáthar ag na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbun agus iarbhunleibhéil ar fud na tíre, agus cáil agus éileamh orthu dá bharr. Tá tuilleadh eolais maidir le Sraith na Scoileanna le léamh anseo.

Uachtarán na hÉireann, an tUasal Micheál D. Ó hUiginn ag tréaslú le scoileanna lán-Ghaeilge ag Ceiliúradh 40 bliain Gaelscoileanna Teo.

Samhain 22, 2013

Ábhar riméid do Gaelscoileanna Teo., Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. agus pobal na scoileanna lán-Ghaeilge fud fad an oileáin an moladh agus an t-ardú meanma a thug Uachtarán na hÉireann, an tUasal Mícheál D. Ó hUiginn dóibh ag an gComhdháil Oideachais 2013 ar an 22 Samhain 2013.

Ba i gcomhthéacs mórsprioc Gaelscoileanna Teo. “an teanga Ghaeilge a chothú trí oideachas den ardscoth a sholáthar sna scoileanna lán-Ghaeilge” a labhair an tUachtarán faoin gceiliúradh atá á dhéanamh ag an earnáil “ar ár gcultúr, ar an mbealach ar leith a chuirimid muid féin in iúl, in ár dteanga dhúchais”.

Leag an tUachtarán comhthéas an cheiliúrtha amach leis na bhfocail croíúla do Gaelscoileanna Teo., “molaim sibh as an tacaíocht phraiticiúil a thugann sibh do scoilanna lán-Ghaeilge ar fud na tíre chun earnáil an oideachais lán-Ghaeilge a threisiú”.

Óráid thuisceanach, spreagúil agus fianaise-bhunaithe a bhí in óráid an Uachtaráin a thagair d’fhréamhacha, stair agus bunús earnáil na scoileanna lán-Ghaeilge, ach go háirithe ó 1973 nuair a bunaíodh Gaelscoileanna Teo., agus gan ach 12 bhunscoil agus 5 iarbhunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht sa deisceart. “Cúis bhróid agus dóchais tábhachtach é fás agus borradh as cuimse na nGaelscoileanna ar fud na tíre” leis an 144 bhunscoil agus 36 iarbhunscoil atá ann anois.

Aithníodh tábhacht an ghuth daonlathaigh i mbunú scoileanna le daichead bliain anuas agus go bhfuil an fhorbairt suntasach san earnáil “mar thoradh ar an éileamh ó thuismitheoirí agus ó phobal áitiúla” le gné riachtanach den bhfás sin ag aithint na tábhachta a bhaineann le meon dearfach na hóige agus a dtuismitheoirí ag labhairt na Gaeilge go laethúil.

D’fháiltigh rannpháirtithe go mór roimh aithint na mbuntáistí cognaíocha, sóisialta agus cultúrtha a bhaineann leis an gcóras tumoideachais do pháistí. Ábhar bróid a bhí ann do scoileanna aitheantas an Uachtaráin a fháil go bhfuil “gnóthú thar na bearta bainte amach ag an tumoideachas go hidirnáisiúnta agus i nGaelscoileanna na hÉireann, ní hamháin sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, ach sa Mhaitamaitic agus san Eolaíocht chomh maith”.

Deimhníodh san óráid nach féidir an dul chun cinn seo a dhéanamh i bhfolús, agus go bhfuil pobal láidir scoileanna agus pobal láidir Gaeltachta ina bhunchloch riachtanach den fhorbairt seo .

Ábhar dóchais agus spreagtha a bhí i mbeannacht dheiridh an Uachtaráin, “Mar Uachtarán na hÉireann, tá mé an-sásta tacú leis an obair go léir atá idir láimhe ag Gaelscoileanna Teoranta agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta chun an fhianaise a spreagadh go barr feabhais – is linne an teanga agus braitheann todhchaí na teanga orainn uile”.

Gabhann Gaelscoileanna Teo. agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. buíochas ó chroí leis an Uachtarán as teacht i láthair na Comhdhála Oideachais. Deir Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo., Bláthnaid ní Ghréacháin, “is mór againn an t-aitheantas a thug an tUachtarán don dá eagraíocht agus do na scoileanna trí teacht inár láthair agus trí ábhar spreagúil, dearfach agus mórtasach a thabhairt dúinn uile. Chuir cuairt an Uachtaráin go mór le rath na comhdhála oideachais agus le stádas an cheiliúrtha 40 bliain do Gaelscoileanna Teo.”

Eagraíocht chomhordaithe agus tacaíochta na scoileanna lán-Ghaeilge is ea Gaelscoileanna Teo.

Tuilleadh Eolais:
Oifig Gaelscoileanna Teo: 01 8535190 nó Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo., Bláthnaid ní Ghréacháin ag 086 8050335.

Ó Fhianaise go Barr Feabhais – Clár na Comhdhála Oideachais 22-23 Samhain

Samhain 21, 2013

Clár na Comhdhála Oideachais

Uachtarán na hÉireann, an tUasal Mícheál D. Ó hUigínn le dhá scór bliain na heagraíochta, Gaelscoileanna Teo. a cheiliúradh ag Comhdháil Bhliantúil agus Oideachais 2013

Samhain 19, 2013

Tiocfaidh Uachtarán na hÉireann i láthair d’oscailt na comhdhála dhá lá Ó Fhianaise go Barr Feabhais a bheidh ar siúl san óstán Johnstown House, ar an mBóthar Buí, Co. na Mí ar an Aoine 22 Samhain 2013.

Míníonn Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo. gur roghnaíodh an mana Ó Fhianaise go Barr Feabhais mar mhodh “chun aitheantas a thabhairt do na scoileanna lán-Ghaeilge, idir sean-bhunaithe agus nua, ar an éacht atá bainte amach acu ó bhunú, go fás, go forbairt agus is mór an t-ábhar bróid é do Gaelscoileanna Teo. go raibh ról lárnach againn ag éascú na forbartha seo thar dhá scór bhliain”

I gcomhthéacs na todhchaí, deir sí, “Táimid ag súil go mór leis na deiseanna a bheidh romhainn leanúint leis an ról tacaíochta agus comhordaithe thar ceann earnáil na scoileanna lán-Ghaeilge chun a chinntiú go leanfar le soláthar gaelscolaíochta fud fad na tíre agus ag tacú leo mar institiúid oideachais a éascaíonn agus a sholáthraíonn oideachas den scoth agus a chumasaíonn leibhéil ard cumais sa Ghaeilge”.

I gcomhthéacs láithreacht an Uachtaráin, deir sí, “Tá ríméad orainn gur ghlac Uachtarán na hÉireann lenár gcuireadh a bheith linn don cheiliúradh dhá scór bliain den eagraíocht. Fáiltímid go mór roimh an aitheantais seo ar thábhacht na hearnála agus luach na scoileanna lán-Ghaeilge dár tsochaí, agus a ról i bhfeidhmiú na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge”.

Féadfar clárú don Chomhdháil ach teagmháil a dhéanamh leis an oifig ag 01 8535195. Tá gach eolas faoin gComhdháil ar www.gaelscoileanna.ie. Gabhann Gaelscoileanna Teo. buíochas mór freisin le Foras na Gaeilge as an maoiniú do reáchtáil na Comhdhála seo.

 

Snaschúrsa Gaeilge do Mhúinteoirí

Samhain 14, 2013

Ar mhaith leat snas a chur ar do chuid Gaeilge? An bhfuil aon cheisteanna gramadaí agat? Ar mhaith leat do chuid tuairimí agus taithí a roinnt le múinteoirí eile?

Beidh snaschúrsa Gaeilge do mhúinteoirí Gaeilge in Óstán Vienna Woods, Gleann Maghair ar an Satharn 16 Samhain 2013.

Cúrsa lae a bheas i gceist ó 10.00 – 16.00.

Cuirfear béim ar leith ar labhairt na Gaeilge sna comhráite ranga ach beidh béim chomh maith ar chúrsaí gramadaí agus ar shaibhriú foclóra. Chomh maith leis sin, beidh plé sa rang ar chúrsaí reatha agus ar chúrsaí oideachais. Tá an cúrsa seo á thairiscint againn do mhúinteoirí Gaeilge a bhfuil líofacht acu cheana ach a bhfuil ceisteanna acu fós ó thaobh cruinnis de ar mhaith leo díriú isteach orthu. Is í Máire Ní Iarlaithe a bheas mar mhúinteoir /éascaitheoir ar an gcúrsa lae seo.

Beidh táille €25 ar an gcúrsa seo do bhaill chláraithe Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus tá lón san áirithe sa phraghas sin. Tá líon na n-áiteanna atá ar fáil teoranta áfach, mar sin ní mór teagmháil a dhéanamh le Lároifig CNMG le clárú.

Tuilleadh eolais ón Lároifig: (01) 639 8448 nó saffron@cnmg.ie

Foilsithe ar Gaelport.com

Seastáin ag Comhdháil Oideachais 2013

Samhain 13, 2013

Beidh an chomhdháil ar siúl ar an 22 agus 23 Samhain 2013 in Óstán an Johnstown House ar an mBóthar Buí, Co. na Mí, agus seo thíos liosta de na heagraíochtaí agus comhlachtaí a mbeidh seastáin acu ann – bígí cinnte agus cuairt a thabhairt orthu! Beidh deis mhór cheiliúrtha againn i mbliana ag an gComhdháil Bhliantúil os rud é go mbeidh Gaelscoileanna Teo. 40 bliain d’aois. Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Uachtarán na hÉireann, Michael D Higgins, inár dteannta. Táimid ag súil le slua mór i láthair. Is féidir clárú le freastal ar an gcomhdháil anseo. Ag súil go mór le sibh a fheiceáil ann!

Clár na Comhdhála Oideachais 2013

Seastáin ag an gComhdháil Oideachais 2013:

  • 4Schools.ie
  • Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
  • Aladdin Schools
  • An Gúm
  • An tÁisaonad
  • Ceol Ireland
  • Cló Iar Chonnacht
  • Coiscéim
  • Coláiste Íde
  • Coláiste na bhFiann
  • Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
  • Conradh na Gaeilge
  • Databiz Solutions
  • EMS Copiers (Services) Ltd
  • Fiontar
  • Foras na Gaeilge
  • Forbairt Naíonraí Teo.
  • Futa Fata
  • Gaelchultúr
  • Gathanna Gréine teo.
  • GDK Systems Ltd.
  • Gill & Macmillan
  • Glanmore Foods
  • Graffiti Theatre Company
  • Kildare Puzzles
  • Leabhar Breac
  • Nexus TEC Ltd
  • ScoilFM
  • Smarty Cat Games
  • Sona Sásta
  • Spraoi!
  • TG4
  • Virtual Classroom LTD

 

Gearrliosta roghnaithe don Mhúnla Nua Maoinithe

Samhain 12, 2013

Scríobh Foras na Gaeilge aréir chucu siúd a léirigh spéis feidhmiú mar cheanneagraíocht faoin múnla nua maoinithe chun iad a chur ar an eolas ar éirigh leo an gearrliosta a bhaint amach don chéad chuid eile den phróiseas.

Cé gur iarradh ar Fhoras na Gaeilge ráiteas a chur ar fáil maidir leis an bpróiseas a bhaineann leis an múnla nua maoinithe, agus an scéal seo á fhoilsiú ní raibh aon ráiteas faighte ó Fhoras na Gaeilge. Tá an próiseas chun stádas ceanneagraíochta a bhaint amach roinnte ina dhá chuid.

Bhain céim a haon le foirm a líonadh chun cur in iúl go raibh spéis ag d’eagraíocht feidhmiú mar cheanneagraíocht i gceann amháin de na réimsí luaite, agus go raibh d’eagraíocht sásta chun tabhairt faoi sin ar bhonn uile-oileáin. Dóibh siúd a fuair cuireadh aréir chun páirt a ghlacadh i gcéim a den phróiseas, beidh orthu aighneacht shubstainteach a ullmhú le cur faoi bhráid Fhoras na Gaeilge agus beidh ar Cheannasaí agus Cathaoirleach na heagraíochta tabhairt faoi agallamh.

Tionólfaidh Foras na Gaeilge cruinniú do Cheannasaithe agus do Chathaoirligh na n-eagraíochtaí ar éirigh leo sa chéim Léirithe, ar an Aoine bheag seo, 15 Samhain. Déanfar plé ar chéim na hAighneachta ag an gcruinniú seo agus tabharfar soiléiriú ar aon cheist ábhartha a bheas ag eagraíochtaí.

Naoi n-eagraíocht déag (19) atá á mbunmhaoiniú ag Foras na Gaeilge faoi láthair, samhlaítear go mbeidh trí cinn acu sin, Raidió na Life, Raidió Fáilte agus An tÁisaonad le maoiniú ó chistí/scéimeanna éagsúla de chuid an Fhorais, agus tá an sé eagraíocht déag (16) eile le laghdú síos go dtí sé cheanneagraíocht.

Tá an múnla nua seo cáinte roimhe seo agus é ráite go gcuirfidh an múnla nua seo deireadh le roinnt mhaith den infreastruchtúr reatha teanga idir seo agus Meitheamh na bliana seo chugainn. San idirlinn, beidh iomaíocht ghéar á cothú idir na heagrais reatha chun an stádas mar cheanneagraíocht a bhaint amach chun todhchaí na heagraíochta a chinntiú.

Táthar ag tuar gur ag tús mhí Eanáir 2014 a fhógrófar na sé cheanneagraíocht nua, agus a chuirfear in iúl cé hiad na heagraíochtaí eile nach mbeidh á maoiniú ó mhí Iúil 2014.

Foilsithe ar Gaelport.com

 

Ceardlanna Cruinnis sa Ghaeilge le FNT

Samhain 11, 2013

Ceardlann

Foirm Iarratais Scoilbhliain 2013-14

Aighneacht maidir leis an Dréacht-Bhille Rollúcháin Scoile do Bhunscoileanna agus Iarbhunscoileanna

Samhain 1, 2013

Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. roimh fhoilsiú an dréacht-bhille rollúcháin scoile do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna. Ar an 2 Meán Fómhair 2013 d’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD, dréachtscéim Ghinearálta do Bhille Oideachais (Ligean Isteach ar Scoil), 2013 mar aon le dréachtrialacháin chun a bpléite sula n-achtófar an reachtaíocht.

Is mian le GAELSCOILEANNA TEO. buíochas mór a ghabháil le gach scoil agus le gach duine a chabhraigh lena bhfeachtas sainmheon teanga na scoileanna lán-Ghaeilge a chosaint. Léiríonn an dréacht-bhille dea-thoradh an fheachtais sin sa mhéid is nach mbeidh bac ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do theaghlaigh lán-Ghaeilge, ná go mbeidh bac ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do ghaelscoileanna mar scoileanna friothálacha.

Faoin rialachán nua:

  • Ní ligfí do scoileanna iarratais ar ligean isteach a ghlacadh roimh 1ú Deireadh Fómhair na bliana roimh bhliain an rolluithe ach go gceadófaí tréimhse níos faide ná sin i gcás scoileanna cónaithe.
  • Bheadh sé ar chumas an Aire a rialú nach ceadaithe táillí iontrála ar bith a iarraidh nó a ghearradh mar choinníoll le hiarratas a dhéanamh ar ligean isteach ar scoil.
  • Ní bheadh scoileanna in ann agallaimh a chur ar thuismitheoirí agus páistí roimh an rollú.
  • Áit gur féidir le scoileanna a chruthú go bhfuil liostaí feithimh ar bun acu, is féidir, de mhaolú air sin, ligint dóibh na liostaí sin a ghlanadh thar thréimhse roinnt blianta.
  • Ligfear do scoileanna tús áite a thabhairt d’iarratasóir gur siblín é/í le mac léinn nó iarmhac léinn de chuid na scoile.
  • Déileálfar le hachomhairc ag leibhéal na scoile.

Aithníonn GAELSCOILEANNA TEO. go bhfuil tuiscint léirithe sa dréacht bhille seo ar riachtanais na scoileanna lán-Ghaeilge leis an mbunchosaint atá ann don sainmheon teanga sa phróiseas iontrála. Is ábhar imní é áfach i gcás scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu go mbeidh bac orthu agallamh a chur ar thuismitheoirí, modh oibre atá ag roinnt scoileanna chun cumas agus nósmhaireacht teanga clainne a thomhais. Dúshlán an-mhór eile atá sonraithe sa dréachtbhille ná go mbeidh bac ar thosaíocht a thabhairt don fhreastal ar réamhscoil / naíonra. Aithnítear sa teoiric agus sa chleachtas go bhfuil fíor-thábhacht leis an luath-thumadh sa Ghaeilge sa naíonra mar ullmhúchán don bhunscoil lán-Ghaeilge, agus leagann an-chuid bunscoileanna lán-Ghaeilge an-bhéim ar an eispéireas foghlama seo sa pholasaí rollúcháin.

Tá aighneacht ullmhaithe ag GAELSCOILEANNA TEO. agus curtha faoi bhráid Chomhchoiste Oireachtais um Oideachas agus Coimirce Shóisialach maidir le Dréacht-Scéim Ghinearálta Bhille Oideachais (rollachán scoile). Is féidir an aighneacht a léamh anseo: Aighneacht Gaelscoileanna Teo. Rollú Scoile

Seo thíos cáipéisí an dréacht bhille:

Do you want a Gaelscoil for the Ballinamore area?

Deireadh Fómhair 30, 2013

Moves are afoot to try to establish a Gaelscoil to serve the South East Leitrim/West Cavan area that would be based in Ballinamore.

A Gaelscoil in Ballinamore would, potentially, serve the Ballinamore, Aughnasheelin, Aughawillan, Corlough, Templeport, Drumreilly, Carrigallen, Aughavas, Cloone, Mohill, Fenagh and Kiltubrid areas.

At present there are two very successful Gaelscoileanna , in Carrick on Shannon and in Manorhamilton.

A public meeting will be held in the Ballinamore Seán O’Heslin’s GAA club on Thursday 7 November at 8pm to discuss the proposal. Parents of children from the above-mentioned areas who would be due to go to school in the next one to three years are especially asked to attend this meeting.

Anyone with an interest in the subject is welcome. The benefits of having a Gaelscoil will be outlined.

« Previous PageNext Page »