Méid an Téacs

Folúntas: Múinteoir Ranga i Scoil Iognáid, Gaillimh

Meitheamh 24, 2015

Is scoil lán-ghaelach, Íosánach, comhoideachasúil í Scoil Iognáid. Conradh ar théarma seasta a bheas i gceist leis na bhfolúntais seo (briseadh gairme, post roinnt agus acmhainn). D’fhéadfaí painéal a chruthú chun folúntais eile a líonadh taobh istigh de thréimhse cheithre mhí ón dáta a cheapfar iarratasóirí na bpost thuasluaite. Ní mór d’iarratasóirí a fhaigheann cuireadh chun agallaimh cóipeanna de na torthaí, tagairtí agus teastais chuí a sheoladh chun na scoile roimh an agallamh.

Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/21253/ 

Folúntas i Naíonra Phádraig na gCloch Liath, Cill Mhantáin

Meitheamh 24, 2015

Caithfidh Gaeilge líofa agus cáilíocht Montessori a bheith ag an té a cheapfar.

Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/adverts/pre_school/employee/544/

Dráma Puipéad – Dé Sathairn Beag Seo

Meitheamh 23, 2015

Dráma Puipéad – Saor in Aisce!

Free Puppet Show This Saturday!

Dé Sathairn Beag Seo, 27.6.15, Ionad Pobal Ongar, BÁC 15 1.30-2.30i.n. Oiriúnach do leanaí aois 3 go 5. As Gaeilge

This Saturday, 27.6.15, Ongar Community Centre, D15, 1.30-2.30PM. Suitable for children aged 3 to 5. In Irish.

pobalgaeilge15@gmail.com

www.facebook.com/pobal.gaeilge.15

www.twitter.com/pobalgaeilge15

0861771119

Tús á chur le cruinnithe faoin oideachas Gaeltachta anocht

Meitheamh 23, 2015

Cuirfear tús anocht le sraith cruinnithe faoi na moltaí oideachais don Ghaeltacht i Seanscoil Sailearna in Indreabhán ag 8in. Is í an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta, a thugann tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht atá ag reáchtáil na gcruinnithe i gceantar Chonamara.

Tabharfar tuilleadh eolais faoi na moltaí atá á ndéanamh sa dréachtpholasaí don oideachas sa Ghaeltacht a sheol an tAire Oideachais Jan O’ Sullivan  ag tús mhí Bhealtaine. Déanfar cur i láthair gairid ina míneofar moltaí na Roinne agus beidh seisiún plé ann ina dhiaidh sin faoi na bealaí a bhféadfadh tuismitheoirí páirt a ghlacadh sa bpróiseas comhairliúcháin atá ar bun i láthair na huaire.

Tugann na moltaí aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh mhúineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Moltar sa dréachtpholasaí go ndéanfaí sainmhíniú ar scoil Ghaeltachta mar scoil a fheidhmíonn “go hiomlán trí mheán na Gaeilge” agus nach ndéanfaí an Béarla a theagasc in aon chor i rith na sraithe naíonán i mbunscoileanna Gaeltachta.

De réir na moltaí, tabharfar cúnamh ar leith do scoileanna Gaeltachta aistriú go múineadh trí Ghaeilge más é an chaoi go bhfuil an teagasc á thabhairt trí Bhéarla iontu i láthair na huaire.

Tá moladh conspóideach i measc mholtaí na Roinne freisin go mo bha cheart breathnú “ar scoileanna le Béarla mar mheán a sholáthar chomh maith le scoileanna le Gaeilge mar mheán, má bhíonn an t-éileamh sách mór.”

Tá sé mar aidhm ag an dréachtpholasaí tabhairt faoi na dúshláin atá roimh phobal agus scoileanna na Gaeltachta, ina measc stádas mionlaithe na bpáistí a thógtar le Gaeilge i roinnt scoileanna Gaeilge, an méadú ar úsáid an Bhéarla i bpobail Ghaeltachta agus líon na scoileanna Gaeltachta nach ndéanann teagasc do gach ábhar trí Ghaeilge.

http://tuairisc.ie/tus-a-chur-le-cruinnithe-faoin-oideachas-gaeltachta-anocht/

Taighde ar úsáid acmhainní digiteacha i nGaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile

Meitheamh 22, 2015

A Mhúinteoirí Gaeilge,

Tá mac léinn iarchéime ar an gclár MSc le Fiontar ag déanamh tráchtais ar an gcleachtas atá ag múinteoirí iarbhunscoile maidir leis an úsáid a bhaintear as acmhainní digiteacha san ábhar Gaeilge.

Má tá 10 nóiméad le spáráil agat chun an ceistneoir seo a líonadh, chabhródh sé go mór leis an taighde seo a chur i gcrích. Tá sé riachtanach go bhfuil an t-ábhar Gaeilge á mhúineadh agat i do phost reatha in iarbhunscoil.

Míle buíochas as ucht do chabhrach.

Dealbh nochta don phobal ag an Uachtarán i nGaelscoil Mhichíl Uí Choileáín

Meitheamh 22, 2015

Scéal iomlán ar: www.southernstar.ie

Folúntas: Gaelscoil Choláiste Mhuire, Baile Átha Cliath

Meitheamh 19, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/21221/

Gaelscoil Bhun Cranncha, Dún na nGall

Meitheamh 19, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/21223/

Folúntas: Bainisteoir Margaíochta Ravelóid

Meitheamh 19, 2015

Bainisteoir Margaíochta Ravelóid

Tá sé mar aidhm féile náisiúnta siamsaíochta dheireadh seachtaine a eagrú i mí an Mheithimh 2016 darbh ainm Ravelóid mar chuid d’Éire 2016. Beidh idir ceol, damhsa, caint, ceardlanna agus eile eagraithe thar an deireadh seachtaine. Beidh dhá oíche i gceist le campáil san áireamh dóibh siúd gur mian leo fanacht ann.

Cur síos ar an bpost

Beidh de dhualgas ar Bhainisteoir Margaíochta Ravelóid:

 Bainistiú a dhéanamh ar mhargaíocht agus poiblíocht ar an bhféile Ravelóid

 Córas a chur ar bun le ticéid a dhíol don fhéile agus dul i mbun díolacháin go rialta

 A bheith mar phointe teagmhála idir Bhord Stiúradh Ravelóid Teoranta agus soláthróirí na seirbhísí éagsúla a bhainfidh leis an bhféile a eagrú, go háirithe an chomhlachta bainistiú imeachta

 Cinntiú go bhfuil seirbhísí agus soláthróirí as Gaeilge ar fáil ag an bhféile

 Beidh sé nó sí freagrach as eolas ar an idirlíon agus ar na meáin shóisialta a fhorbairt agus aon deis eile
a bhaint as forbairtí eile i dteicneolaíocht an eolais nuair is féidir

 Dualgais eile de réir mar is gá

Cur síos ar an té a cheapfar

 Cainteoir líofa Gaeilge

 Cáilíocht tríú leibhéil atá in oiriúint don phost nó a chomhionann de thaithí

 Ardscileanna cumarsáide, idir scríofa agus labhartha, i nGaeilge agus i mBéarla

 Tá éirithe go maith leis nó léi go dtí seo i réimsí cosúil le díolacháin / bainistíocht / margaíocht

 Ar a c(h)umas oibriú as láimh a chéile le baill foirne agus le hoibrithe deonacha

Scála Tuarastail:
Ag braith ar taithí agus saineolas.

Spriocdháta:
Is gá CV agus litir chumhdaigh a chur chuig raveloid2016@gmail.com faoi Dé Luain, 29 Meitheamh 2015 ag 11.00r.n.

Eolas breise:
Beidh tréimhse ó 1 Lúnasa 2015 go 31 Iúil i gceist leis an bpost seo.

Tá an fhéile á eagrú ag Ravelóid Teo. le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge, Ghlór na nGael, Nós.ie agus Oireachtas na Gaeilge.

Folúntas: Gaelscoil Thaobh na Coille, Baile Átha Cliath

Meitheamh 18, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/21204/

« Previous PageNext Page »