Rogha scéimeanna, comórtais agus áiseanna ag Gael Linn do 2017/2018 !
Meán Fómhair 11, 2017
Rogha scéimeanna, comórtais agus áiseanna ag Gael Linn do 2017/2018 !
Agus an scoilbhliain nua faoi lánseol, beidh Gael Linn ag cur scéimeanna, comórtais agus áiseanna ar fáil arís chun tacú leis an obair iontach atá á dhéanamh ag múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre ! Beidh deis ag lucht bunscoile agus iar-bhunscoile páirt a ghlacadh sna scéimeanna éagsúla do dhaoine óga idir cheol, díospóireachtaí agus caint phoiblí, seónna scoile agus tallainne, a bhformhór atá urraithe ag Foras na Gaeilge. Is féidir clárú d’imeachtaí agus tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh idirlín Gael Linn
( www.gael-linn .ie ) nó ó 01/6751200.
Seo a leanas na príomhimeachtaí agus na háiseanna éagsúla a bheidh ar fáil do scoláirí Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí le linn 2017/2018:
Coirm: Féilte siamsaíochta stáitse ar fud na tíre dírithe ar Ghaelscoileanna agus ar bhunscoileanna Gaeltachta. Glacfar le seónna ( 20 nóiméad ar fhaid ) i bhfoirm scoraíochta, cabaret, ceoldráma, dráma nó sceitse. Ní comórtas atá i gceist le COIRM ach tabharfar aitheantas (i bhfoirm ghradaim) do sheónna nó do mhíreanna as seónna a léiríonn ardchaighdeán ag na Féilte.
www.gael-linn.ie/Coirm
Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain: Comórtas díospóireachta do iar-bhunscoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc iontu. Triúr a bhíonn ar fhoireann agus beidh dhá dhíospóireacht ar a laghad ag gach foireann. NB! DÁTA DEIRIDH IONTRÁLA- 18 MEÁN FÓMHAIR 2017 www.gael-linn.ie/UiChadhain
Scléip: Comórtas tallainne dírithe ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge -an bhéim ar chomhaimsearthacht. Réamhbhabhtaí i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Mainistir Fhear Maí agus Muineachán i mí na Samhna. Dáta deiridh iontrála – Dé Luain, 23 Deireadh Fómhair.
www.gael-linn.ie/Scleip
Siansa: Comórtas agus ceardlanna ceoil do ghrúpaí traidisiúnta le ceoltóirí óga idir 12 agus 19. Craobhchomórtas sa Cheoláras Náisiúnta, le duaischiste €4,500. Dáta deiridh iontrála – Dé Céadaoin, 1 Samhain 2017.
www.gael-linn.ie/Siansa
Foilseacháin Gael Linn – Foilsíonn Gael Linn sraith de théacsleabhair a mbíonn an-tóir orthu ag ranganna a bhíonn ag gabháil don Ardteistiméireacht agus don Teastas Sóisearach. Foilsítear Dréimire agus Staighre i sé chaibidil i rith na scoilbhliana. Foilsítear Splanc, atá dírithe ar an Idirbhliain, i 3 chaibidil, ceann in aghaidh an téarma agus bíonn an t-ábhar i gcónaí suas chun dáta.
www.gael-linn.ie/foilseachain
An Fáinne –Tá Gael Linn i mbun dáileadh ar An Fáinne. Is do dhaoine le cumas bunúsach sa Ghaeilge atá an Fáinne Airgid. Léiríonn an Fáinne Óir go bhfuil líofacht sa Ghaeilge ag duine. Tá an suaitheantas Cúpla Focal ar fáil dóibh siúd ar bheagán Gaeilge ach atá bródúil as an gcúpla focal sin. Tá An Fáinne an-oiriúnach mar aitheantas ag deireadh na bliana do dhaltaí a rinne iarracht mhaith Gaeilge a labhairt le linn na bliana.
Folúntas: Ardoifigeach Feidhmiúcháin leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)
Meán Fómhair 7, 2017
Bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) in 2002 faoi théarmaí Alt 31 den Acht Oideachais (1998). Is iad na feidhmeanna reachtúla atá ar COGG:
- Comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta agus ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta maidir le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus faoi theagasc na Gaeilge
- Comhordú a dhéanamh ar an soláthar téacsleabhar agus áiseanna eile teagaisc don oideachas trí mheán na Gaeilge agus do theagasc na Gaeilge
- Seirbhísí taca a chur ar fáil do scoileanna
- Taighde a sheoladh ar ábhar a bhaineann leis an oideachas trí mheán na Gaeilge agus do theagasc na Gaeilge.
Tá dháréag ar bhord COGG agus tá seacht bpost ceadaithe i láthair na h-uaire: Príomhfheidhmeannach, Ardoifigeach Feidhmiúcháin, Cuntóir Taighde, agus ceathrar Oifigeach Oideachais. Is ar Phlás Windsor i mBaile Átha Cliath 2 atá príomhoifig COGG agus is ann a bheidh an tArdoifigeach Feidhmiúcháin lonnaithe.
Íoslódáil an Fhoirm Iarratais Anseo
IS TRÍ MHEÁN NA GAEILGE A DHÉANTAR OBAIR COGG
Tá gach eolas ar fáil ó www.cogg.ie
Folúntas: Teicneoir Cuntasaíochta
Meán Fómhair 4, 2017
Bunaíodh an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais (FSSU) sa bhliain 2005 faoin Roinn Oideachais agus Scileanna (DES) Ciorclán M36/05. Is meicníocht um thacaíocht do scoileanna atá san Aonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais a chabhraíonn le scoileanna forálacha an Achta Oideachais 1998 a chomhlíonadh maidir le cuntasacht, trédhearcadh agus freagracht airgeadais as maoiniú Stáit. Faoi scáth Chomhchoiste na mBainisteoirí, feidhmíonn an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais mar nasc idir scoileanna agus an Roinn Oideachais agus Scileanna.
Spriocdháta:
18.09.2017
Bí ar an eolas go bhfuil an fógra seo á thaispeáint ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar publicjobs.ie. Níl aon bhaint ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí nó níl an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí freagrach as an phróiseas earcaíochta agus roghnaithe nó as na tearmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an phost.
Rannóg / Údarás Fostaithe
- JMB
Ionad
Corcaigh
Suíomh Gréasáin na Rannóige/an Údaráis Fostaithe
Eolas sa Bhreis
D’fhéadfadh sé go ndéanfaí gearrliosta de na hiarrthóirí.
Is fostóir comhionannas deiseanna é JMB
Dáta Fógartha
04/09/2017
Dáta Deiridh na nIarratas
18/09/2017
Aitheantas Tagartha
17165509
Gach eolas anseo
‘AN TRIAIL’ – TICÉID AR DÍOL ANOIS!
Meán Fómhair 4, 2017
Léiríonn Fíbín, an comhlacht drámaíochta Gaeilge a bhfuil cáil air, ‘An Triail’ le Máiréad Ní Ghráda, an dráma clasaiceach Nua-Ghaeilge. Seo leagan ar leith de ‘An Triail’ i stíl Fíbín! Téann Fíbín i ngleic le ceisteanna a ardaíonn múinteoirí agus scoláirí araon, trí phlota a bhreathnaíonn as dáta a thabhairt isteach i gcomhthéacs sochaí nua-aimseartha ag baint úsáid as puipéid, maisc, radhairc tharraingteacha agus léirithe daonna chun lucht féachana óg, ach go háirithe a mhealladh ar bhealach a thagann le saol na linne seo agus gur féidir teacht ar seó go héasca. Téann an léiriú seo i bhfad lasmuigh den nádúr dubh agus bán atá sa chaint agus cuidíonn an seó na constaicí san fhoghlaim a shárú le seó fuinniúil, mealltach agus greannmhar.
Tosóidh cliar ‘An Triail’ a gcamchuairt náisiúnta sa Hawk’s Well Theatre i Sligeach ar 25 Meán Fómhair tar éis cleachtaí agus léireofar an dráma i 6 ionad eile le linn na camchuairte, an Everyman i gCorcaigh, an Belltable i Luimneach, an Visual i gCeatharlach, Taibhdhearc na Gaillimhe, an Dean Crowe i mBaile Átha Luain agus críochnóidh an chamchuairt suas an Axis i mBaile Munna tar éis 5 lá de sheónna ar an Aoine 20 Deireadh Fómhair.
Tá ticéid ar fáil anois ó gach amharclann!
COSTAS: €12.50 (D’fhéadfadh táille áirithinte a bheith i gceist) agus téann múinteoirí in aisce!
AM: 10.30r.n. & 12.30i.n. (10r.n. & 12i.n. i gCorcaigh)
FAD: 1 uair
DÁTAÍ 2017
25 M. Fómhair: Hawk’s Well Theatre, SLIGEACH Guth: 071-916 1518
28 M. Fómhair: The Everyman, CORCAIGH Guth: 021-450 1673
2 & 3 D. Fómhair: The Belltable, LUIMNEACH Guth: 061-953 400
5 & 6 D. Fómhair: Visual Carlow, CEATHARLACH Guth: 059-917 2400
9-11 D. Fómhair: An Taibhdhearc, GAILLIMH Guth: 091-563 600
13 D. Fómhair: Dean Crowe Theatre, BAILE ÁTHA LUAIN Guth: 090-649 2129
16-20 D. Fómhair: AXIS Baile Munna, BAILE ÁTHA CLIATH Guth: 01-883 2100
Cuir bhur dticéid in áirithe inniu agus ná caill amach ar an léiriú físiúil agus fisiciúil seo!!
Téigh anonn chuig leathanach ‘An Triail’ le haghaidh gach eolas eile!
Tá Fíbín agus an chliar uile ag súil go mór leis an 11ú camchuairt i mbliana agus fáilte a chur romhaibh ar fad chuig ár seónna!!
Teicneoir Cuntasaíochta
Meán Fómhair 4, 2017
Bunaíodh an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais (FSSU) sa bhliain 2005 faoin Roinn Oideachais agus Scileanna (DES) Ciorclán M36/05. Is meicníocht um thacaíocht do scoileanna atá san Aonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais a chabhraíonn le scoileanna forálacha an Achta Oideachais 1998 a chomhlíonadh maidir le cuntasacht, trédhearcadh agus freagracht airgeadais as maoiniú Stáit. Faoi scáth Chomhchoiste na mBainisteoirí, feidhmíonn an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais mar nasc idir scoileanna agus an Roinn Oideachais agus Scileanna.
Spriocdháta:
18.09.2017
Bí ar an eolas go bhfuil an fógra seo á thaispeáint ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar publicjobs.ie. Níl aon bhaint ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí nó níl an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí freagrach as an phróiseas earcaíochta agus roghnaithe nó as na tearmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an phost.
Rannóg / Údarás Fostaithe
- JMB
Ionad
Corcaigh
Suíomh Gréasáin na Rannóige/an Údaráis Fostaithe
Eolas sa Bhreis
D’fhéadfadh sé go ndéanfaí gearrliosta de na hiarrthóirí.
Is fostóir comhionannas deiseanna é JMB
Comhordaitheoir Dara Leibhéal
Lúnasa 29, 2017
Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge mar eagras deonach atá tiomnaithe do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na cruinne. Bunaithe ag Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus eile é in 1893, tá an eagraíocht ar thús cadhnaíochta in athbheochan úsáid na teanga agus ag múscailt spéise sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ó shin i leith. Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge Comhordaitheoir Dara Leibhéal a fhostú le cabhrú linn ár gclár oibre dara leibhéal a chur i gcrích. Cuirfear béim ar leith ar dhaltaí dara leibhéal a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ina saol féin, agus ar na buntáistí atá ann dóibh cumas sa Ghaeilge a bheith acu a chur os a gcomhair, .i. deiseanna fostaíochta, rogha níos leithne de chúrsaí tríú leibhéal, buntáistí cognaíocha, srl.
Cur síos ar an bpost
Faoi cheannas an Stiúrthóra Forbartha agus Buanchoiste an Chonartha, beidh de dhualgas ar an gComhordaitheoir Dara Leibhéal na dualgais a leanas a chomhlíonadh:
- Ceardlanna feasachta agus gnímh a eagrú agus a chomhordú sa dara leibhéal i rith na bliana acadúil agus sna coláistí Gaeilge sa samhradh
- Deiseanna fostaíochta le Gaeilge agus deiseanna oideachais sa tríú leibhéal a chur chun cinn i measc daltaí dara leibhéal
- Cabhrú le mórimeachtaí an Chonartha a chur chun cinn sa dara leibhéal Tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí dara leibhéal leis an nGaeilge a spreagadh
- Tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail dara leibhéal atá an Conradh gníomhach iontu
- Dualgais eile de réir mar is gá.
Cur síos ar an té a cheapfar
- Duine fuinniúil atá tiomanta don Ghaeilge a spreagadh i measc daoine óga
- Cáilíocht 3ú leibhéal nó a chomhionann de thaithí
- Caighdeán maith Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
- Ardscileanna cur i láthair / caint poiblí
- Scileanna maithe eagrúcháin agus ríomhaireachta
- Ceadúnas tiomána iomlán agus teacht ar charr
Spriocdháta: Is gá CV agus litir chumhdaigh a chur chuig post@cnag.ie faoi Dé Máirt, 05 Meán Fómhair 2017 ag 11.00r.n.
Folúntais i nGaelscoil Phádraig
Lúnasa 22, 2017
Tá Cúntóir Riachtanais Speisialta don scoil bhliain 2017-2018 de dhíth ar Ghaelscoil Phádraig, Ascaill Shíleann, Baile Breac, Co. Átha Cliath.
Rolla 20056P. Seol CV agus litir chumhdaigh chuig an Cathaoirleach ag gaelscoilphadraig15@gmail.com roimh an 31ú lá de Lúnasa.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.educationposts.ie ID 91635
Tá folúntas ar fáil chomh maith ar feadh tréimhse saoire máithreachais, ag tosú ar an 28ú lá de Lúnasa is ag críochnú ag am Nollaig. Múinteoir Tacaíochta (Tacaíocht foghlamtha/achmhainne) leis na Naíonáin atá i gceist. Má tá spéis agat glaoigh ar an bPríomhoide Gníomhach ag 085 8400544.
Múinteoir Tacaíochta á earcú ag Gaelscoil Eois
Lúnasa 21, 2017
Tá múinteoir tacaíochta á earcú ag Gaelscoil Eois. Conradh páirtaimseartha atá i gceist.
Caithfear foirm iarratais a sheoladh ar ríomhphost chuig michelenicb@gmail.com roimh an gcéad lá de mhí Mheán Fómhair.
Tosóidh an scoilbhliain ar an gceathrú lá den mhí céanna.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/91782.
Múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil an Mhuilinn
Lúnasa 21, 2017
Tá múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil an Mhuilinn. Conradh sealadach atá i gceist.
Caithfear litir iarratais a sheoladh sa phost nó ar ríomhphost, maraon le foirm iarratais do mhúinteoirí, cv, reifrenn (ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta chuig muinteoircaroline1994@gmail.com nó chuig
Gaelscoil an Mhuilinn
Bóthar an Ághasaigh
An Muileann Cearr
Co.na hIarmhí.
Caithfear iarratais a sheoladh faoin gcéad lá de Mhean Fómhair agus tosóidh an scoilbhliain ar an gceathrú lá den mhí céanna.
Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/91832.
Múinteoirí Ranga á earcú ag Gaelscoil Éadan Doire
Lúnasa 21, 2017
Tá múinteoirí ranga á earcú ag Gaelscoil Éadan Doire. Conarthaí buan atá i gceist.
Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, maraon le foirm iarratais do mhúinteoirí, reifrenn (ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta chuig iarrataisgsed2017@gmail.com faoin 28ú lá de mhí Lúnasa. Tosóidh an scoilbhliain ar an séú lá de mhí Mheán Fómhair.
Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/91254.