Tallainn sa Taibhdhearc ag Scléip 2019 !
Samhain 21, 2018
Cuireadh tús le Scléip 2019 i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an Mháirt 20 Samhain, agus bhí tallainn iontach i measc scoláirí an iarthair a chuaigh ar stáitse i rith an lae! Ba é seo an chéad réambhabhta réigiúnach de chomórtas na bliana seo, ina bhfuil an líon is airde fós de chuid iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta na tíre rannpháirteach! Tá an comórtas á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge.
Dírithe ar na healaíona comhaimseartha, tá sé ( 6 ) rannóg ar fad i gceist i gcomórtas Scléip- Amhranaíocht Aonair le féintionlacan, Grúpaí Amhránaíochta le féintionlacan, Slua-Amhránaíocht, Ceol Aonair, Rince Cruthaitheach agus comórtas nua i mbliana, Amhránaíocht Aonair le Fuaimrian Tacaíochta.
Bhí daltaí ó na scoileanna Gaeltachta – Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Scoil Phobail Mhic Dara, Carna, Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna, Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh agus Coláiste Naomh Éinne, Inis Mór, mar aon le scoláirí ó Choláiste na Coiribe, Gaillimh, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí agus Gaelcholáiste Luimnigh, san iomaíocht sa Taibhdhearc, buíochas leis na múinteoirí maithe ar fad a spreag iad !
Bhí atmaisféar iontach san amharclann, agus ba léir gur bhain an lucht féachana an-sult as a chuir na rinceoirí, amhránaithe agus ceoltóirí óga ós a gcomhair i rith an lae. Thug na moltóirí, Mícheál Ó Ciaraidh, ceoltóir agus láithreoir leTG4 agus Méabh Ní Thuathaláin, ceoltóir agus iriseoir leTuairisc, ard-mholadh do na rannpháirtithe uilig as a gcuid léirithe, agus bhronnadar teastais molta orthu uilig! Roghnaíodh na míreanna a leanas le dul ar aghaidh go dtí craobhchomórtas Scléip ar an gCéadaoin, 30 Eanáir 2019 in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath – comhghairdeas leo uilig !
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Aonair ) – Sóisear
Colm Seoighe, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Aonair ) – Sinsear
Ríoghna Ní Choncarraige, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Amhránaíocht Comhaimseartha, le fuaimrian tacaíochta ( Aonair ) – Sóisear
Rebecca Ní Ghríofa, Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Amhránaíocht Comhaimseartha, le fuaimrian tacaíochta ( Aonair ) – Sinsear
Aimee Ní Bhruacháin, Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan (Grúpaí) – Sóisear
‘Saol an Deiscirt’, Gaelcholáiste Luimnigh AGUS
‘Arco’, Scoil Phobail Mhic Dara, Carna
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan (Grúpaí) – Sinsear
‘Fraoch’, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí AGUS
‘Dris-Óg’, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal
Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) – Sinsear
Aodhán Breathnach, Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Slua-amhránaíocht
Binneas’, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) – Sóisear
Holly Robertson agus Rachel Cox, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal
Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) – Sinsear
‘Spéirling’, Coláiste N. Feichín, Corr na Móna AGUS
‘Sioncóipiú’ Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua AGUS
‘Cuisle’, Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Beidh réamhbhabhtaí réigiúnacha eile á n-eagrú sna laethanta amach romhainn , san Ionad Óige, Mainistir Fhear Muí, Co. Chorcaí ar an gCéadaoin, 21 Samhain, in Amharclann an Alley, An Srath Bán, Dé Máirt, 27 Samhain, 2018 agus in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath ar Déardaoin 29 Samhain 2018.
Críoch
Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie
GAILEARAÍ: 45 bliain ag fás – a lá breithe á cheiliúradh ag Gaeloideachas in Óstán an Clayton
Samhain 21, 2018
Gailearaí Grianghraf ar Tuairisc.ie anseo
Folúntas: TEICNEOLAÍ OIDEACHAIS / BAINISTEOIR TIONSCADAL DO CHLÁR AN M. OID. SAN OIDEACHAS LÁN-GHAEILGE AGUS GAELTACHTA
Samhain 21, 2018
Ceapachán cúig bliana (lán-aimseartha, sainchuspóra) le hinniúlacht feidhmiúcháin éifeachtach sa Ghaeilge SONRAÍOCHT GHINEARÁLTA AN PHOIST, Dualgais agus Téarmaí & Coinníollacha Fostaíochta ar fáil anseo
Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)
Samhain 21, 2018
Is céim nua é an B. Oid. Trí Mheán na Gaeilge (Cód CAO: CM003/CM004). Beidh sé ag tosú in Institiúid Oideachais Marino i Meán Fómhair, 2019. Beidh an chéim seo oiriúnach do scoláirí a bhfuil spéis acu múineadh trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta nó i scoileanna Lán-Ghaeilge.
- Go hiomlán trí mheán na Gaeilge
- Ag tosú Meán Fómhair 2019
- Clár oideachais nua do mhúinteoirí bunscoile
- Oiriúnach do scoláirí le spéis agus le hardchumas sa Ghaeilge
- Oiriúnach do scoláirí a bhfuil spéis acu múineadh i scoil Lán-Ghaeilge nó i scoil Ghaeltachta
- Árasáin ar an gCampas, Bloc Gaeilge, Sparánachtaí ar fáil
- Socrúchán Scoile sa Ghaeltacht
- An Cultúr Gaelach (Cluichí, Ceol, Damhsa, Amhránaíocht, Litríocht)
- Deiseanna Fostaíochta i scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge
- Gnáthriachtanais iontrála ach H3 sa Ghaeilge
- Cáilíocht TEG Leibhéal B1 (Pas 50%) nó níos airde riachtanach. Scrúdú TEG ar an Satharn, 23 Feabhra, 2019. Íocfaidh Institiúid Oideachais Marino na táillí TEG do scoláirí a chláraíonn ar an mBaitsiléir san Oideachas Trí Mhéan na Gaeilge – www.teg.ie/oid
KÍLA IN COLLABORATION WITH CARTOON SALOON & FÓCAS FILMS RELEASE CÚL AN TÍ ON DVD
Samhain 14, 2018
Title: Cúl an Tí
Format: DVD
Label: Kíla Records/Fócas Films/Cartoon Saloon
Catalogue Number: KRDVD004
Description: Cúl An Tí, is a collaboration between Kíla, Cartoon Saloon, Fócas Films and some of Ireland’s top singers (Mundy, Imelda May, Liam Ó Maonlaí, Mary Coughlan, Lisa Hannigan, Danny O’Reilly of The Coronas, John Spillane & more) to produce one of the finest pieces of Irish music and art in a decade.
Fócas Films producer, Éamon Ó Cualáin, brought these artists together to reinvigorate some old Irish songs by recording new versions and having animations made of them. He feared that our traditional songs were being made redundant by the digital age and that Irish children were only learning songs they listened to online. The DVD also contains 4 new songs brought to life through animation; 2 poems and 2 original tracks.
Cúl An Tí was originally broadcast as a 6-episode series on TG4 where presenter Pól Ó Ceannabháin travelled to schools around Ireland and school children were introduced to the songs and the visual ideas sought by the animators. A second series is now in the pre production stages.
The DVD is an invaluable tool for teachers and parents alike, containing a printable lyric sheet, translation sheet and the option of viewing the lyrics as karaoke style subtitles. If the songs alone weren’t enough the beauty of the animations, the music and singing performances will dfinatley inspire children to learn these songs.
The 12 performances on Cúl An Tí are a jewel for lovers of music and animation.
Order now from the Kila online shop.
Cur Síos: Séard is Cúl an Tí ann ná comhoibriú ealaíonta idir Kíla, Cartoon Saloon, Fócas Films agus amhránaithe móra le rá ar nós Mundy, Imelda May, Liam Ó Maonlaí, Mary Coughlan, Lisa Hannigan, Danny O’Reilly of The Coronas, John Spillane, chun cheann de na saothair ealaín agus ceoil is fearr a cruthaíodh in Éireann le deich mblian anuas.
Thug Éamon Ó Cualáin, léiritheoir Fócas Films, na healaíontóirí seo le chéile chun sean-amhráin Gaeilge a athbhunú trí leaganacha nua a thaifeadadh agus beochaintí a dhéanamh díobh. Bhí faitíos air go raibh na hamhráin traidisiúnta á chailliúint le ré an aois dhigiteach agus nach raibh ach amhráin a bhfuil ar fáil ar líne á fhoghlaim ag leanaí na hÉireann. Ar an DDF/DVD freisin tá 4 amhráin eile a bhfuil beochainti deanta astu, 2 dhán agus 2 amhrán nua.
Craoladh Cúl an Tí ar dtús mar shraith ar TG4 ina ndeachaigh an craoltóir Pól Ó Ceannabháin chuig scoileanna timpeall na hÉireann agus inar lorgaíodh smaointe ceol agus ealaíona na ndaltaí. Tá obair tosaithe ar an dara sraith.
Is uirlis luachmhar é an DDF/DVD do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí araon, ina bhfuil bileog lyric inchlóite, bileog aistriúcháin agus an rogha féachaint ar na liricí mar fhotheidil i stíl karaoke ar na beochaintí. Mura raibh na h-amhráin iontu féin mealltach a dhóthain is cinnte go spreagfaidh áilleacht na beochana, an cheoil agus na h-amhránaithe ar an DDF/DVD féin go leor chun leanaí chun na h-amhráin a fhoghlaim.
Seod iad an 12 mhír ar Cúl An Tí dóibh siúd a bhfuil cionn acu ar cheol agus ar bheochaintí.
Ceannaigh anois é ó Shiopa Kíla.
For further information, interview requests, images, etc. please contact
Caoimhe Ní Riagáin/Caoimhe@Gardinermusic.net/086 809 1838
Deis deiridh clárú do Thionól Forbartha 2018 – dornán spásanna fágtha!
Samhain 6, 2018
Níl Tionól Forbartha 2018 i bhfad uainn anois! An mbeidh ionadaithe ó do scoil i measc an 300+ toscaire a bheas i láthair in Óstán an Clayton, Gaillimh, ar an 16ú Samhain?
An bhfuil tusa nó comhghleacaithe leat ag iarraidh breis a fhoghlaim faoin gcódú agus cúrsaí teicneolaíochta, conas dráma simplí a léiriú, bealaí praiticiúla le teanga na matamaitice a fhorbairt, an Ghaeilge lasmuigh agus laistigh den seomra ranga, acmhainní nualácha don 21 hAois, nó conas plé le scoláirí le riachtanais speisialta oideachais sa suíomh lán-Ghaeilge? Beidh ceardlanna ar na hábhair seo agus neart eile ar chlár na bliana seo.
Tá scoth na gcainteoirí le bheith linn lena gcuid saineolais, taighde agus smaointe nuálacha a roinnt. Ina measc, beidh Gearóid Ó Tuathaigh, Deirdre Ní Dhorchaí, Seán Ó Grádaigh, Lydia Uí Ruairc, Frank Ó Tormaigh, Fil Uí Dhubhghaill, Monica Ní Choitir, Muireann Ní Bheaglaoich, Pádraig Ó Duibhir, T.J. Ó Ceallaigh, agus go leor cainteoirí eile den scoth.
Beidh deiseanna iontacha forbartha gairmiúla ar fáil ó 09.30 ar aghaidh go 17.15, agus deiseanna sóisialaithe agus líonraithe le hiliomad múinteoirí agus príomhoidí eile le toscairí ag teacht ó scoileanna DEIS, scoileanna uirbeacha, scoileanna beaga, scoileanna Gaeltachta agus eile.
Ná déan dearmad go bhfuil an fáiltiú agus mórdhinnéar ceiliúrtha san áireamh sa bpraghas le clár iontach siamsaíochta an oíche sin – lúibíní, ceol le Kíla, agus duaischarta le go leor duaiseanna den scoth a bhuachan.
Tapaigh an deis agus cláraigh inniu. Is é an dáta deiridh don chlárúchán ná 12 Samhain 2018. Níl ach 40 spás fágtha againn anois!
Camchuairt 2019 fógartha ag Foras na Gaeilge
Samhain 1, 2018
Tá áthas ar Fhoras na Gaeilge sraith d’oícheanta eolais a fhógairt le scéimeanna maoinithe a bheidh ar fáil ón gcomhlacht thuaidh/theas don Ghaeilge in 2019 a chur chun cinn. Beidh an chéad cheann acu ar siúl ag Aonach an Oireachtais ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ar an 2 Samhain. Le linn na n-oícheanta roinnfidh Foras na Gaeilge eolas faoi obair na heagraíochta, a scéimeanna maoinithe agus na tacaíochtaí atá ar fáil. Beidh deis ag an bpobal aiseolas a thabhairt maidir le cur chun cinn na Gaeilge ina gceantar féin agus ceisteanna a chur.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá ceantair áirithe thuaidh agus theas aitheanta againn óna bhfuil líon na n-iarratas ar ár scéimeanna maoinithe éagsúla measartha íseal le blianta beaga anuas. Le dul i ngleic leis seo, eagraíodh camchuairteanna i míonna Feabhra agus na Samhna 2017 le labhairt le pobail sna ceantair seo agus é mar aidhm againn feasacht a ardú faoi na deiseanna maoinithe agus tacaíochtaí atá ar fáil dóibh. Ba mhór an tairbhe a bhain leis na seisiúin sin toisc gur roinn rannpháirtithe aiseolas luachmhar linn atá anois curtha san áireamh againn. Táimid ag súil go mór le dul i mbéal an phobail arís leis an dara camchuairt seo le scéimeanna maoinithe 2019 a chur faoina mbráid.”
I measc na scéimeanna a bheidh á bplé beidh Scéim na nImeachtaí Óige, Scéim na gCampaí Samhraidh agus scéimeanna scríbhneoireachta. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil freisin i réimsí an ghnó, na n-ealaíon, na meán agus na foilsitheoireachta. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge, www.forasnagaeilge.ie/sceimeanna, le haghaidh liosta iomlán de na scéimeanna atá ar fáil.
Cuirfidh Foras na Gaeilge na seisiúin seo a leanas i láthair le linn na seachtainí seo romhainn:
02/11/2018 15:00 Cill Airne, Co. Chiarraí
Aonach an Oireachtais, Oireachtas na Samhna, Gleneagle Hotel, V93 V6WF
07/11/2018 19:30 Cathair Chill Chainnigh
Springhill Court Hotel, R95 NX32
07/11/2018 19:00 An Chorr Chríochach, Co. Thír Eoghain
Burnavon Theatre, BT80 8DN
08/11/2018 19:30 Port Laoise, Co. Laoise
Maldron Hotel, R32 HKN3
14/11/2018 19:30 Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
An Grianán Theatre, F92 RV1F
15/11/2018 19:30 Cathair Shligigh
Sligo Southern Hotel, F91 EW24
16/11/2018 16:15 Cathair na Gaillimhe
Tionól Forbartha Gaeloideachas, Clayton Hotel, H91 D526
Criú d’Oireachtas na Samhna – an bhfuil tú ar fáil?
Deireadh Fómhair 23, 2018
Oireachtas na Samhna, Cill Airne, Co. Chiarraí
31 Deireadh Fómhair – 4 Samhain 2018
Is iad Criú an Oireachtais croílár na féile – daoine a thugann a gcuid ama go fial flaithiúil dúinn ar mhaithe le cultúr agus oidhreacht na nGael a chur chun cinn. Gach uile bhliain, tugann ár bhfoireann deonach tacaíocht den scoth dúinn le linn aimsear na féile – tacaíocht a chuidíonn go mór le rathúlacht na hocáide.
Dá mbeadh suim agat tréimhse beag de do chuid ama a chaitheamh ag an bhféile mar oibrí deonach, déan teagmháil linn. Bainfidh tú an-sásamh as, beidh píosa craic agat agus déanfaidh tú cairde nua agus tú ag déileáil le pobal an Oireachtais.
Seo a leanas sampla de na dualgais a bheidh ag Criú an Oireachtais:
- Freastal ar an Deasc Eolais & Ticéid;
- Maoirseoireacht ag Comórtais;
- Cabhrú le leagan amach agus le reáchtáil ócáidí;
- Ag obair in Oifig an Chriú; agus
- Ag cabhrú le cúrsaí meán cumarsáide.
Má tá tú ar fáil le cuidiú linn ba mhór agam dá gcuirfeá scéal chugam a luaithe a bheidh deis agat chuig louise@antoireachtas.ie nó glaoigh orm ag 087-1005439.
Ag súil le cloisteáil uait.
Le meas
Louise Ní Dháibhéid
Oifigeach Imeachtaí & Foilseachán
+353 (0)1 475 3857 | +353 (0) 87 100 5439 | www.antoireachtas.ie
Seisiún Eolais maidir leis an Teastas Iarchéime san Oideachas (Gaelscolaíocht)
Deireadh Fómhair 10, 2018
Seisiún Eolais maidir leis an Teastas Iarchéime san Oideachas (Gaelscolaíocht)
Céadaoin 17 Deireadh Fómhair 2018 2.00 p.m. – 3.30 p.m.
Tá an Teastas Iarchéime san Oideachas (TICO) dírithe ar chéimithe a bhfuil ard líofacht sa Ghaeilge acu agus ar mian leo bheith cáilithe ina múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge. Gheobhaidh tú eolas ar na gnéithe seo a leanas ag an tseisiún dhátheangach seo:
- Coláiste Ollscoile Naomh Muire- cé muid féin agus saol an Choláiste;
- Gnáthaimh iarratais agus iontrála;
- Clár TICO sa Bhunscolaíocht agus san Iar-bhunscolaíocht
Beidh deis ann ceisteanna a chur má tá níos mó eolais de dhíth. Más maith leat freastal ar an tseisiún eolais, iarrtar ort dul i dteagmháil leis an Chlárlann Acadúil faoi 12.00 Aoine 12 Deireadh Fómhair 2018. Beidh fearadh na fáilte romhat go Coláiste Ollscoile Naomh Muire. Muna bhfuil tú ábalta freastal ar an tseisiún ach gur mhaith leat pacáiste iarratais a fháil, gabh i dteagmháil leis an Chlárlann Acadúil trí ríomhphost agus luaigh do sheoladh baile sa teachtaireacht. Rphost: admissions@smucb.ac.uk nó guthán 028 90268320.
Folúntas: Post ar fáil i naíonra i Leamhchán
Deireadh Fómhair 9, 2018
Tá duine le Gaeilge agus ar an íosmhéid léibhéal 5 á lorg chun cabhair a thabhairt sa rang faoin scéim AIM. 5 mhaidin tá i gceist. Tosnú chomh luath agus is féidir. Iarratais agus breis eolais chuig naionra.lucan@gmail.com