Méid an Téacs

Seanscéalta Éireannacha á n-athinsint do ghlúin úr – Leabhair chlóite agus ríomhleabhair arna bhfoilsiú

Deireadh Fómhair 4, 2013

Tá an chéad cheann de shraith nua leabhar do pháistí á sheoladh ag Inis Publications, agus é mar aidhm acu an mhiotaseolaíocht agus na finscéalta Éireannacha a thabhairt ar ais isteach sa seomra ranga…

“Nuair a bhí mo pháistí níos óige agus ag tabhairt leabhair Ghaeilge abhaile ón nGaelscoil, b’ábhar díomá dom go raibh a laghad sin de sheanscéalta na hÉireann iontu. Agus mé féin ag freastal ar an mbunscoil, bhíodh na finscéalta sna leabhair léitheoireachta againn, agus thaitin siad go mór liom, “ arsa Trish Hegarty, an t-údar agus stiúrthóir Inis Publications.

Is é The Brown Bull of Cooley – An Donn Cuailgne an chéad leabhar den sraith nua seo, ina ndéantar finscéalta Éireannacha a athinsint do ghlúin úr. Beidh na scéalta á bhfoilsiú mar leabhair chlóite agus mar ríomhleabhair. Déanann an t-údar Trish Hegarty, iar-iriseoir leis an BBC, na scéalta a athinsint go simplí i mbealach a oireann go maith don scéalaíocht. Tá na leabhair maisithe go galánta ag John Quigley, an t-ealaíontóir Ceilteach, agus aistrithe go Gaeilge ag Daire Ní Laoi, múinteoir naíscoile agus aistritheoir as Binn Éadair i mBaile Átha Cliath.

Sa chéad leabhar, insítear scéal Mhéibhe, Banríon Chonnacht, a théann sa tóir ar an Donn Cuailgne chun a chruthú dá fear céile gurb ise an duine is saibhre in Éirinn. Leabhar an-oiriúnach é seo le léamh do pháistí óga, nó mar leabhar léitheoireachta do phaistí ó 7 – 10 mbliana d’aois.

Tá The Brown Bull of Cooley – An Donn Cuailgne ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge, mar leabhar clóite agus mar ríomhleabhar. Is féidir cóipeanna clóite a ordú ar www.inispublications.com nó ar iarratas ó do sholáthraí áitiúil leabhair scoile. Tá an leagan Béarla agus an leagan Gaeilge den ríomhleabhar le ceannach ar Amazon agus ar Kindle.

 An Donn Cuailgne

Nursery unit ‘good news’ for Irish language

Deireadh Fómhair 4, 2013

LOCAL Sinn Féin MLA Ian Milne has welcomed the announcement by John O’Dowd, Minister for eduction, that he has approved a development proposal for the establishment of a 26 part-time place statutory nursery unit at Gaelscoil an tSeanchaí, Magherafelt.

Speaking Mr Milne said: “I would like to commend the staff, board of governors and all those who have worked to put together this development proposal”.
“The growing enrollment numbers show the demand locally for Irish medium education and the establishment of these statutory nursery places will assist them to meet that demand”.
“This is good news for Gaelscoil an tSeanchaí and good news for Irish medium education”.

www.midulstermail.co.uk

Cúntóir Naíonra – CE

Deireadh Fómhair 3, 2013

Daoine á lorg mar stiúrthóirí do phost CE i naíonra, ar maidin 08:45 go 12:45 agus do Chúram tar éis scoile 1i.n.-5i.n. dé Luan – dé h-Aoine san ionad chéanna.

Daoine le spéis i gCúram Leanaí agus le cumas maith Gaeilge más féidir.

Is gá go mbeadh beagnach/ ar a laghad bliain iomlan d’íocaíocht leasa sóisialta á fáil ag an t-iarrathóir.

Is fíu go mór an post seo do dhuine atá ar íocaíocht íseal ón Roinn.

Naíonra Chaitlín Maude, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24

naionra.cm@gmail.com

Bileog nua foilsithe – Tacaíocht do Thuismitheoirí

Deireadh Fómhair 1, 2013

Tá bileog nua ar fáil ó GAELSCOILEANNA TEO. maidir le tacaíochtaí na heagraíochta do thuismitheoirí, is féidir cóipeanna a ordú saor in aisce trí ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie agus seolfar amach sa phost chugat iad. Tá tuilleadh eolais agus freagraí ar na ceisteanna is coitianta a chuireann tuismitheoirí maidir leis an oideachas lán-Ghaeilge ar fáil anseo, agus is féidir na bileoga a íoslódáil mar PDF thíos.

BBnaG i nGaillimh agus Liatroim

Deireadh Fómhair 1, 2013

Seimineár, ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’, do scoláirí ag teacht chuig Gaillimh agus Liatroim.

Cuirfear tús i gceann coicíse le sraith an fhómhair de sheimineáir fhostaíochta do dhaltaí sa cheathrú, cúigiú agus séú bliain in iar-bhunscoileanna ar fud na tíre arna eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Go dtí seo, ghlac os cionn dhá chéad iar-bhunscoil agus 7,000 dalta scoile páirt sa tsraith de sheimineáir seo in ionaid éagsúla timpeall na tíre. Le linn an tseimineáir pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha. Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus rachaidh taithí na gcainteoirí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, le go gcuimhneoidh siad ar an nGaeilge agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo. Ar Dé Céadaoin, 16 Deireadh Fómhair beidh an seimineár ar siúl i gCora Droma Rúisc i gCo. Liatroma agus ar Déardaoin, 17 Deireadh Fómhair cuirfear an seimineár ar fáil i mBóthar na Trá i gCo. na Gaillimhe.

I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid spreagúil in óstán An Landmark i gCora Droma Rúisc beidh Ciarán Mac an Bhaird, Léachtóir le Gnó agus le Bainistíocht in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Labhróidh an craoltóir cumasach Barbara Nic Dhonnacha freisin, agus í ag cur síos ar a post mar láithreoir ar chlár dátheangach le iRadio. Cuirfidh Barra Mac Thiarnáin, a tógadh i gCill Tiobraid, Co. Liatroma cur síos ar na buntáistí a thug an teanga dó agus ar a chuid oibre leis an óige le Cumann na bhFiann. I measc na gcainteoirí eile beidh Seán Ó Súilleabháin as Achadh na Cloiche, Co. Longfort atá an-ghníomhach leis an nGaeilge go háitiúil i gCo. Liatroma le fada anois. Tabharfaidh Seán léargas iontach don lucht éisteachta ar an tríocha bliain a chaith sé ag obair mar leabharlannaí i mBéal an Átha Móir i gCo. Liatroma. Ar Déardaoin, 17 Deireadh Fómhair, tabharfar aghaidh siar ar Bhóthar na Trá, i gCo. na Gaillimhe áit a mbeidh lá iontach geallta do dhaltaí iar-bhunscoile na Gaillimhe. Déanfaidh iar-iománaí de chuid na Gaillimhe, Joe Connolly cur síos ar an tábhacht atá ag baint lenár dteanga dúchais mar aon leis na deiseanna a thug an teanga dó féin go pearsanta. Beidh cuimhne go deo ag daoine ar an óráid stairiúil a thug Joe i bPáirc an Chrócaigh agus é ag glacadh le Corn Liam Mhic Chárthaigh le linn cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann i 1980.

Déanfaidh an t-aisteoir aitheanta Lochlann Ó Mearáin ag a bhfuil páirt Dara aige sa sobalchlár Ros na Rún ar TG4 ar na deiseanna a fuair sé ina ghairm beatha mar aisteoir de bharr go raibh Gaeilge aige. Tabharfaidh an Láithreoir Nuachta le RTÉ, Siún Nic Gearailt agus Láithreoir ar an gclár Jig Gig ar TG4, Róisín Ní Thomáin, léargas ar a gcuid oibre agus iad ag déanamh cur síos ar dheiseanna don Ghaeilge sna meáin chumarsáide. Cuirfear seimineáir ar fáil i mí na Samhna in Óstán an Silversprings i gCorcaigh áit a mbeidh iar-iománaí de chuid Chorcaí, Seán Óg Ó hAilpín chun comhairle a chur ar dhaoine óga i dtaobh na Gaeilge mar aon le scoth na gcainteoirí eile. Leanfar leis na seimineáir i gCill Airne ar an 14 Samhain áit a mbeidh an craoltóir aitheanta, Mícheál Ó Muircheartaigh, mar aon le painéil d’aoichainteoirí den scoth ag roinnt a gcuid saineolais agus a dtaithí féin le scoláirí Chiarraí.

Le linn gach seimineár, cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na haoichainteoirí labhairt.

Más múinteoir scoile tú agus más spéis le do scoil páirt a ghlacadh i seimineár i do cheantar, déan teagmháil le Brígíd Ní Ghríofa, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge chun do scoil a chlárú go luath.
[T: 01 679 4780 | Rphost: brighid@comhdháil.ie]

Tá míle fáilte roimh an bpobal freastal ar na seimineáir seo ach clárú roimh ré.

Tá neart eolais maidir leis an tionscadal Buntáiste Breise na Gaeilge ar fáil ar: www.gaelport.com/bbnag

Foilsithe ar Gaelport.com

Tá cuidiú ar fáil

Deireadh Fómhair 1, 2013

Sa sean-am, bhí sé iontach doiligh Gaeilge a fhoghlaim. Bhí sean-leabhar leadránach agat agus b’fhéidir go raibh sean-mhúinteoir leadránach agat fosta, i seomra ranga gruama.

Ach d’imigh sin agus tháinig seo. Tá réimse leathan téacsleabhar ann anois – tá siad tarraingteach agus tá cuma nua-aimseartha orthu. Ach níor tháinig an téacsleabhar foirfe amach go fóill – ní raibh an t-am agam. Ach chomh maith le téacsleabhair, tá áiseanna tacaíochta ann- áiseanna Idirlín go háirithe. Bíonn feabhas ag teacht ar an ábhar Idirlín an t-am ar fad, agus mar sin de ní dhéanann sé dochar cuid de na suímh a lua arís. Níl an leagan clóite de Foinse ar fáil níos mó , ach tá Foinse ag dul ar aghaidh lena sheirbhís nuachta laethúil ar an Ghréasán. Tá an tseirbhís dírithe ar dhaoine atá ag foghlaim Gaeilge agus tugtar achoimre de gach scéal i mBéarla. Áis iontach atá ann. (foinse.ie) Foilsíonn Nuacht1.com píosaí as na nuachtáin i nGaeilge. Tá fuinneoga ar an suíomh agus is féidir teacht ar suímh eile tríothu – Beo, Foinse, Gaelport, Meon eile, Nós, Nuacht24, agus Treibh ina measc.Téigh go bun an leathanach baile agus gheobhaidh tú níos mó ná céad amhrán de gach sórt – amhráin thraidisiúnta, amhráin do pháistí, sean- nós, popcheol.

Gúgáil RTÉ Gaeilge le sonraí a fháil de chláracha Raidió na Gaeltachta, RTÉ agus TG4. Gúgáil BBC Irish, agus gheobhaidh tú eolas ar ábhar d’achan duine ó fhoghlaimeoir glas go cainteoir líofa. Tá ceachtanna simplí ann le múinteoir áitiúíl, Fearghal Mag Uiginn. Agus tá na cluichí ríomhaire ar fheabhas! Is páiste mór mé tar éis an tsaoil. Tá seirbhís nuachta agus eolais Gaelport an-tábhachtach ag an am seo go speisialta, nuair atá an nuachtán Foinse ar shiúl. Agus mura mbaintear úsáid as na suímh Idirlín caillfidh muid cuid mhaith acu fosta. Mar fhocal scoir, bheadh leabhrán le liosta d’áiseanna idirlín an-úsáideach. Tionscnamh beag don Fhoras?

Ranganna: Beidh ranganna ar siúil i Halla Mhuire, Magh, gach Máirt, ó 5.30 go 7.00. Tá fáilte roimh achan duine. Gach eolas ón Áisionad, (00353)74 93 84572.

www.derryjournal.com

ESG le scor

Deireadh Fómhair 1, 2013

Ag cruinniú urghnách an Satharn seo caite, chinn Bord Stiúrtha Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta (ESG) go ndéanfaí an eagraíocht a scor.

Bunaíodh ESG, atá lonnaithe i mBaile Bhuirne i gContae Chorcaí, sa bhliain 2006 mar scátheagraíocht do bhunscoileanna agus meánscoileanna Gaeltachta. Tá diúltaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aon mhaoiniú a chur ar fáil don eagraíocht ó thús na bliana seo chugainn ar aghaidh. Ó 2007 tá €780,000 ceadaithe ag an Roinn chun cur ar chumas ESG Príomhfheidhmeannach agus Oifigeach Riaracháin a fhostú agus oifig a riarú.

Creideann Bord ESG go bhfuil ról tábhachtach agus lárnach ag ESG i bhfeidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus ag déanamh ionadaíochta agus stocaireachta thar ceann na hearnála oideachais Ghaeltachta go náisiúnta.

Le breis agus dhá bhliain anuas, bhí ESG agus Gaelscoileanna Teo. i gcomhchainteanna maidir le cónascadh a shocrú idir an dá eagraíocht, ach cuireadh bac ar na cainteanna seo toisc nár éirigh leis an dá mhaoinitheoir a bhí i gceist – Foras na Gaeilge agus An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta – teacht ar aon réiteach maidir le cúrsaí maoinithe. Tá curtha in iúl inniu ag an Roinn nach bhféadfadh sí páirt a ghlacadh i gcomhráití idir dhá eagraíocht dheonach maidir le cónascadh na n-eagraíochtaí sin fad is a bhí an próiseas sin ag dul ar aghaidh.

Ag deireadh mhí na Bealtaine, agus é ag caint ag Comhdháil na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i mBaile Átha Cliath d’fhógair Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais, Seán Ó Foghlú, go bhfuil athbhreithniú iomlán le déanamh ar sholáthar oideachais trí Ghaeilge sna scoileanna Gaeltachta go luath.

Chuir an tArd-Rúnaí in iúl gurb é cuspóir an athbhreithnithe seo ná “roghanna éagsúla a aithint maidir le hoideachas trí Ghaeilge a sholáthar a bheidh ag teacht le riachtanais na bpobal Gaeltachta agus le riachtanais phleanála na gceantar Gaeltachta de réir Acht na Gaeltachta 2012”. Tá cinneadh na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun deireadh a chur le maoiniú ESG ag teacht roimh thorthaí an athbhreithnithe sin.

Deir Mairéad Ní Chualáin, Cathaoirleach Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta gur “am cinniúnach é seo don oideachas Gaeltachta i bhfianaise an athbhreithnithe atá fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus na hathruithe atá le teacht i bhfeidhm sna curaclaim i gceann bliana. Fágfar anois na scoileanna gan aon ghuth aontaithe don oideachas Gaeltachta chun ionchur a dhéanamh sna próiseas seo”.

Foilsithe ar Gaelport.com

Nuachtán nua Gaeilge do scoláirí

Deireadh Fómhair 1, 2013

An tseachtain seo caite, cuireadh tús le nuachtán nua Gaeilge, ‘Seachtain’, san Irish Independent a thagann mar chomharba ar an nuachtán ‘Foinse’.
Beidh Dáithí Ó Sé agus Micheál Ó Muircheartaigh ag soláthar ábhair go rialta don nuachtán seachtainiúil seo, agus bhí ailt leis na hiriseoirí Tomaí Ó Conghaile agus Ciarán Dunbar le feiceáil sa chéad eagrán. Chomh maith leis an nuachtán 8 leathanach a bheidh ar fáil saor in aisce leis an Irish Independent, beidh nuachtán eile, ‘Ar Fheabhas’, á chur ar fáil ag Independent Media do scoileanna ar fud na tíre.

Cuireadh iontas ar an bpobal roinnt seachtainí ó shin, nuair nár fhill ‘Foinse’ mar fhorlíonadh san Irish Independent ag tús na scoilbhliana nua. Bunaíodh ‘Foinse’ i 1996, agus cuireadh nuachtáin náisiúnta Gaeilge ar fáil go seachtainiúil go dtí samhradh 2009 le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Nuair a theip ar an maoiniú seo, rinneadh athsheoladh ar ‘Foinse’ i bhfómhar na bliana 2009, le leagan amach úr agus modh seachadta nua agus é ar fáil mar fhorlíonadh san Irish Independent.

Ag tús na bliana seo, d’fhógair Foras na Gaeilge go raibh cinneadh glactha acu chun deireadh a chur le conradh an nuachtáin seachtainiúil ‘Gaelscéal’ roimh dheireadh oifigiúil thréimhse an chonartha. Is í an chúis a thug Foras na Gaeilge leis an ngearradh seo ag an am ná nach raibh ag éirí leis nuachtán ó thaobh díolacháin de. Tugadh figiúr de 1,300/1,400 cóip in aghaidh na seachtaine mar líon iomlán an díolacháin sna siopaí.

I ráiteas a d’eisigh Foras na Gaeilge i mí Feabhra na bliana seo, cuireadh in iúl go “léiríonn cinneadh bhord Fhoras na Gaeilge, agus na cúiseanna a bhain leis, nach é an fhormáid chlóite an bealach is oiriúnaí le seirbhís nuachta a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge”. Cé go bhfuil Foras na Gaeilge i mbun taighde ar an ábhar seo ó earrach na bliana seo, agus gur reáchtáladh fócasghrúpaí agus cruinnithe poiblí maidir le seirbhísí nuachta Gaeilge timpeall na tíre, is cosúil nach bhfuil mórán dul chun cinn déanta go fóill maidir leis an scéim úr chun foilseachán nua a chur ar fáil in áit ‘Gaelscéal’.

D’iarr Gaelport.com ráiteas ó Fhoras na Gaeilge ar an gceist seo agus cuireadh in iúl go bhfuil “ceist na seirbhísí nuachta Gaeilge le hathphlé ag Bord Fhoras na Gaeilge ag an gcéad chruinniú eile a bheidh ar siúl ar an 1 Samhain 2013”.

Bíodh is go bhfuil nuachtán nua Gaeilge seolta anois ag Independent Media le haghaidh scoláirí na tíre, níl nuachtán Gaeilge ar fáil chun spéis Ghaeilgeoirí sa scríbhneoireacht Ghaeilge a chothú. Ní fios cé chomh fada is a bheidh sé go dtí go mbeidh foilseachán rialta clóite ar fáil trí mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge do léitheoirí na Gaeilge. Beidh súil ag pobal na Gaeilge go dtuigeann lucht déanta na gcinntí go bhfaigheann na ba bás, fhad is a bhíonn an féar ag fás.

Foilsithe ar Gaelport.com

Oifigeach Forbartha Náisiúnta

Meán Fómhair 30, 2013

Post Lán-Aimseartha

Dualgais: Óg-Chlubanna Gaeilge a bhunú agus a fhorbairt timpeall na tíre. Cúrsaí agus imeachtaí a eagrú Tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil do na scairshealbhóirí Obair Riaracháin.

Cailíocht 3ú leibhéal nó a choibhéasach

Ard-Chaighdeán Gaeilge idir labhartha agus scríofa Taithí ar obair óige Ard-scileanna cumarsáide & idirphearsanta Ábalta obair as a stuaim féin Scileanna maithe ríomhaireachta Ceadúnas glan tiomána agus teacht ar charr Taithí ar chúrsaí poiblíochta & margaíochta

Seol litir iarratais chomh maith le C.V. chuig: maedhbh@ogras.ie
Riarthóir, Ógras, 6 Sráid Fhearchair , B.Á.C. 2
Teil: 01 4751487

Roimh an Aoine 4 Deireadh Fómhair, 2013.

Nuachtlitir TEG Fómhar 2013

Meán Fómhair 30, 2013

Le heolas faoi Scrúduithe 2014, Teastais TEG bronnta ar na Gardaí Síochána agus Stiúrthóirí Naíonraí, Acmhainní Teagaisc nua agus Eile!

Nuachtlitir TEG Fómhar 2013

« Previous PageNext Page »