‘Ceart sibhialta is ea é do dhaoine comhfhreagras a éileamh ina dteanga dhúchais ón státchóras Eorpach’ – Geoghegan-quinn
Bealtaine 29, 2013
Ceart sibhialta is ea é do dhaoine comhfhreagras a éileamh ina dteanga dhúchais ón státchóras Eorpach.
Sin a dúirt an Coimisinéir Éireannach san Aontas Eorpach, Máire Geoghegan-Quinn, tar éis di leagan Gaeilge de láithreán gréasáin Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn a sheoladh i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo, a scríobhann Éanna Ó Caollaí.
“Seirbhís é atá daoine i dteideal a fháil. Seirbhís é nach raibh ar fáil go dtí seo againn,” a dúirt sí. “Is ceart sibhialta atá ann do chuile dhuine. Má tá tú i do chónaí sa tSlóvaic nó i do chónaí sa nGearmáin nó i do chónaí sa bhFrainc, tá tú in ann an t-eolas seo a fháil i do theanga féin.
“Cén fáth go mbeadh daoine á rá nár cheart dúinn é a fháil inár dteanga féin? Mo chéad theangasa ná Gaeilge agus ba cheart go mbeinn in ann an t-eolas sin a fháil i mo theanga féin.”
Aithnítear cearta teanga i mBunreacht na hÉireann agus in Acht na dTeangacha Oifigiúla agus tá stádas ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach ó 2007 ar aghaidh.
Iarradh ar an gcoimisinéir cén fáth gur thóg sé an oiread sin ama don aontas an láithreán Gaeilge a chruthú.
D’admhaigh sí go raibh éileamh ann dá leithéid: “Chonaic Barbara Nolan, ceann na hoifige anseo, go raibh gá leis. Bhí siad i gcónaí ag fáil ceisteanna ó phobal na Gaeilge agus ó phobal na Gaeltachta cén áit go bhfaighidís an t-eolas agus thuigeadar go raibh an t-eolas sin ar fáil i mBéarla agus nach raibh sé ar fáil as Gaeilge.”
Dúirt sí nach raibh fáth ar leith ag baint leis an mhoill ach “gur thóg sé duine éigin le rá gur cheart dúinn é seo a dhéanamh agus tá an pobal i dteideal é seo a fháil agus tá deis acu ón dtús ó chuaigh muid isteach san Aontas Eorpach freagraí a fháil ar a gcuid ceisteanna agus a gcuid litreacha i nGaeilge.
“Cén fáth anois, ó tharla go bhfuil an obair ar fad ag tarlú ar an idirlíon, nach mbeadh gréasán ann i nGaeilge?
“Nuair a tógadh an cinneadh sin i mí Lúnasa seo caite – taobh istigh de bhliain tá sé ag obair. Agus tá súil againn anois go n-úsáideoidh daoine é.” Léargas Tá léargas cuimsitheach ar na hinstitiúidí chomh maith leis an nuacht is déanaí ón aontas ar fáil ar an láithreán, mar atá eolas maidir le cearta na saoránach faoi dhlí an aontais.
Tá béim freisin ar ábhar do scoileanna agus do mhic léinn agus eolas ar an dóigh le cur isteach ar phoist sa Bhruiséil.
Agus í ag seoladh an láithreáin, mhol an coimisinéir an t-iriseoir agus léachtóir Nollaig Ó Gadhra go hard: “Ní fhéadfainn an lá inniu a ligean tharam gan duine amháin seachas aon duine eile a lua agus sin é Nollaig Ó Gadhra, go ndéana Dia grásta air.
“Ba é Nollaig an fear a bhíodh ar an nguthán agamsa chuile oíche Dhomhnaigh agus liosta fada aige agus é ag tabhairt amach faoin roinn seo nó an roinn siúd, nó an comhphobal, nó an pharlaimint nach raibh in ann freagra a chur chuige ina theanga féin.
“Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé tábhachtach go smaoineodh muid air agus dá mbeadh sé anseo inniu tá a fhios agam go mbeadh sé chomh bródúil is atá mise.”
Is féidir teacht ar an leagan Gaeilge den láithreán ag euireland.ie.
www.irishtimes.com
Foilsithe ar 29 Bealtaine 2013
Pobalscoil Náisiúnta Dhátheangach do Chnoc na Cathrach
Bealtaine 28, 2013
Tá Coiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe ag iarraidh ar thuismitheoirí ar spéis leo a bpáistí a chuir chuig Pobalscoil Náisiúnta Dhátheangach i gCnoc na Cathrach, an spéis sin a chlárú.
Chuirfeadh an Phobalscoil Náisiúnta Dhátheangach bunoideachas trí mheán na Gaeilge nó an Bhéarla ar fáil do pháistí ag tosú amach ar an mbunscoil in 2014.
Pobalscoil chomhoideachais a bheadh i gceist a chuirfeadh fáilte roimh pháistí as an gceantar áitiúil chun tabhairt faoi oideachas trí Ghaeilge nó trí Bhéarla, ar bhealach leanbhlárnach agus ilchreidmheach.
Tá sé mar aidhm ag Coiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe múnla oideachais a chur ar fáil sa phobalscoil dhátheangach a chinnteodh go mbeidh scoláirí in ann dul ar aghaidh chuig Coláiste na Coiribe, Coláiste lán-Ghaeilge i gCnoc na Cathrach, más mian leo.
Tá sé aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil gá le bunscoil nua i gceantar Chnoc na Cathrach, agus tá súil ag an gCoiste Gairmoideachais iarratas a dhéanamh ar phatrúnacht ar bhunscoil dhátheangach chun freastal ar éileamh an cheantair sin.
Tá fáilte roimh thuismitheoirí agus roimh chaomhnóirí a suim a léiriú ar www.cgvec.ie/cns, agus beidh oíche eolais ar siúl anocht, Dé Máirt, 28 Bealtaine 2013 ag 8.30i.n. in Óstán an Chlaí Bháin, Cnoc na Cathrach, Gaillimh. Tá go dtí Dé Luain, 10 Meitheamh 2013 ag tuismitheoirí chun a spéis a léiriú.
Foilsithe ar Gaelport.com
Corn Peile Ghlór na nGael 2013
Bealtaine 28, 2013
Reachtáilfear Corn Peile Ghlór na nGael 2013 ar an 4ú agus 5ú Meitheamh.
’Séard atá i gceist leis an gcomórtas áirithe seo ná bliotzanna peile do pháistí bunscoile idir bhuachaillí agus cailíní. Coiste Ghlór Cheatharlach a eagraíonn an comórtas le tacaíocht ó na múinteoirí a chuireann peil Ghaelach chun cinn ina scoileanna féin.
Rud suimiúil faoi Chorn Peile Ghlór na nGael ná go bhfuil an comórtas teoranta do pheileadóirí atá i rang a cúig nó níos óige. Ní cheadaítear daltaí sinsearacha ar an bpainéal. Tá na comórtais ag dul ó neart go neart le níos mó agus níos mó scoileanna ag glacadh páirte bliain i ndiaidh bliana. Imrítear na cluichí ag deireadh na scoilbhliana agus tugtar cuireadh do bhunscoileanna uile an cheantair a bheith páirteach. Le roinnt foirne láidir go leor agus roinnt eile le himreoirí ar an bpáirc imeartha don chéad uair riamh baineann an-éagsúlacht leis na cluichí. Cuireann Corn Ghlór na nGael béim ar rannpháirtíocht, taitneamh agus spraoi seachas ar iomaíocht agus torthaí. Agus cuirtear fáilte roimh labhairt na Gaeilge chomh fada agus is féidir.
Chun cothrom na féinne a chinntiú eagrófar dhá chomórtas do na buachaillí i mbliana leis na scoileanna is láidre i Roinn 1 agus na scoileanna eile i Roinn 2. Déanann na páistí go léir a seacht ndícheall agus baineann siad taitneamh agus spraoi as na cluichí. Imreofar na cluichí uile tar éis scoile ar pháirceanna peile Éire Óg.
Tugann Glór Cheatharlach cuireadh do scoileanna a bheith páirteach aris i mbliana. Tá gach eolas agus foirmeacha iontrála ar fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an oifig ar 059 9158105, 085 1340047 nó ríomhphost a sheoladh chuig emma@glorcheatharlach.ie
www.carlow-nationalist.ie
Aimsigh agus labhair le Gaeilgeoirí ar fud na cruinne ar do ghuthán cliste
Bealtaine 28, 2013
‘Tá an réabhlóid anseo’ is ea an mana atá in úsáid san fheachtas don aip d’fhóin cliste ‘Anseo’ a chuireann ar chumas chainteoirí Gaeilge teagmháil a dhéanamh lena chéile ar bhealach cuimsitheach, láithreach.
Is í an aidhm atá ag an aip seo atá forbartha ag Diaga Teo ná pobal na Gaeilge a mhéadú agus nasc a chruthú idir Ghaeilgeoirí i ceantair éagsúla. Táthar ag súil go n-athrófar an chaoi ina n-úsáidtear an teanga ar bhonn sóisialta.
Ar dtús is gá próifíl a shocrú, a chuireann eolas ar fáil maidir leis an suíomh ina bhfuil tú. Ansin, lorgóidh an aip an Gaeilgeoir is cóngaraí a bhfuil próifíl socraithe aige chomh maith. Is féidir breathnú ar phróifíl an duine nó teachtaireacht a sheoladh chuige le coinne a dhéanamh le casadh le chéile ar bhealach fíor-áisiúil.
Cuidíonn an aip le húsáideoirí á ngnóthaí laethúla a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus sa tslí gur féidir teacht ar ghnólachtaí a chuireann seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge chomh maith. Tá gné shóisialta eile ag baint leis an aip sa chaoi ar féidir teacht ar imeachtaí Gaeilge ar nós ranganna Gaeilge, ceolchoirmeacha, clubanna cultúrtha agus neart eile ar an léarscáil idirghníomhach.
Is í seo an uirlis theagmhála is mó forbartha dá bhfuil ann faoi láthair le pobal na Gaeilge a nascadh le chéile agus is cinnte go méadófar ciorcail shóisialta ar fud an domhain amach anseo le cuidiú na haipe.
Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil agus le próifíl a shocrú, téigh chuig http://anseoapp.com/ie.
Foilsithe ar Gaelport.com
Ard-taitneamh bainte ag daltaí Ghaelscoil na nDéise as cuairt go Gaeltacht na Rinne
Bealtaine 27, 2013
Chuaigh daltaí Rang 6 ó Ghaelscoil na nDéise ar cuairt 3 lá go Gaeltacht na Rinne idir an 15ú Bealtaine 2013 agus an 17ú Bealtaine 2013. Bhuaileamar le daltaí Rang 6 ó Scoil na Leanaí ann ‘s ghlacadar páirt sna himeachtaí éagsúla linn. Bhí deis iontach againne ár gceantar Gaeltachta áitiúil a fheiscint ‘s canúint na háite a chloisint ‘s a fhoghlaim. Ghlacamar páirt i gcluichí, caithimh aimsire, rince gaelach, turasanna ‘s go leor imeachtaí eile ‘s bhí deis iontach ag na páistí bualadh le daltaí ó Ghaelscoil eile ‘s cumarsáid a dhéanamh leo trí mheán na Gaeilge i modh taitneamhach. D’fhan na páistí i gColáiste na Rinne (ionad Gaeilge sa Rinn) ‘s bhí a gcuid béilte acu ann chomh maith. Chuamar ar turasanna timpeall an cheantair agus bhí na páistí an-thógtha lena nGaeltacht áitiúil!! Bhí an-spórt ‘s spraoi againn le daltaí Scoil na Leanaí chomh le muintir an Choláiste ‘s táimid ag súil go mór leis an turas ann an bhliain seo chugainn cheana féin!!
Dianchúrsa do dhaoine fásta
Bealtaine 24, 2013
Dianchúrsa seachtaine sa Ghaeilge do dhaoine fásta le béim faoi leith ar labhairt is ar chruinneas na teanga i Ráth Chairn ón 24ú-28ú Meitheamh 2013 ag 9.30rn-3.30in.
Tuilleadh eolais 046-9432381/9432068
rathcairn@eircom.net
Gallagher: Only right and proper that EU recognises Irish language
Bealtaine 24, 2013
A Fianna Fáil MEP is welcoming efforts to support the establishment of an Irish-language version of the official European Parliament website.
Pat ‘The Cope’ Gallagher has said the President of the European Parliament’s position will reverse what he said was “a matter of discrimination” against the Irish language.
The Parliament’s website is currently produced in 22 out of the 23 official EU languages.
Up until now, it has not been translated into the Irish language even though Irish has been an official EU language since 2007.
Mr Gallagher said this is welcome news: “We have our own languange, we have our own culture, and since 1973 all the treaties in the European Union have been made available in Irish.
“Prior to this we could correspond with the institutions in Irish and receive replies in Irish so I think it is only right and proper that our independence, our language, our culture, our heritage is recognised in the European parliament.”
www.irishexaminer.com
Foilsithe ar 22 Bealtaine 2013 / Foilsithe ar Gaelport.com 24 Bealtaine 2013
Yeats College now enrolling for Irish summer college
Bealtaine 24, 2013
Yeats College Galway has this week announced the return of its much sought after Irish language college.
In its fourth year, Colaiste Yeats offers a two-week day course for Junior Certificate, Leaving Certificate, and primary school students.
The first course for Junior and Leaving Certificate students commences on June 17 with a second course commencing on July 1. The course designed for fifth and sixth class primary school students also starts on July 1.
Yeats Irish Language College promises to provide a more appropriate course for the current generation of students, covering the Irish course curriculum while also allowing students to have fun through the optional activity modules. The courses have been extensively researched by the college and are modern and relevant, helping students to develop a better understanding of the language through classroom-based learning in the morning and adventure filled activities through Irish in the afternoon.
Principal of Yeats College, Terry Fahy, promises that the course will celebrate and cultivate a love of the Irish language while also thoroughly preparing students for their Leaving and Junior Certificate examinations.
“This course has been carefully researched to ensure that students take away lasting memories and an improved command of the language. The curriculum based classes will give students an excellent head-start for the upcoming school year, and the revision notes will be invaluable come exam time,” he said.
“Both courses are delivered by our qualified Irish language teachers who possess a second-to-none knowledge of the course curriculum. The classroom-based component of the college will cover the key areas of poetry, prose, essay writing, reading, grammar, and listening comprehension. A major emphasis will also be placed on oral exam preparation,” Mr Fahy added.
Students are divided into three groups: pre-Junior Certificate, pre-Leaving Certificate, and primary level for fifth and sixth class primary school students. The primary level course for fifth and sixth class primary students will cover vocabulary, grammar, conversation skills, aural comprehension, and creative writing.
The afternoon activities, through Irish, offer a combination of adrenaline-filled water sports activities coupled with team sports, ceilis, quizzes, and tours. These optional activities will help students to put their language skills to the test in a relaxed and fun environment.
All courses are two weeks in duration, Monday to Friday. The primary school students’ course runs from 9am to 3pm with the other courses running from 9am to 4pm. Yeats College is conveniently located on College Road in Galway city.
For more information on the Irish language college or any of the courses provided at Yeats College go to www.yeatscollege.ie or call 091 533500.
www.advertiser.ie/galway
Foilsithe ar 23 Bealtaine 2013 / Foilsithe ar Gaelport.com 24 Bealtaine 2013
Siansa Gael Linn 2013 – athchraoladh ar TG4
Bealtaine 23, 2013
Má cháill tú an clár iontach faoi Siansa Gael Linn 2013 ar TG4 le déanaí, ná bí buartha!
Beidh sé á athchraoladh ag an stáisiún ar an Domhnach, 26 Bealtaine ag 8i.n. – scoth an cheoil agus na hamhránaíochta traidisiúnta ó ocht ngrúpa – scaip an scéal ar chairde agus gaolta…agus bain sult as!
https://www.youtube.com/watch?feature=player_embedded&v=EqaaMZcN1DI
Gradaim Chumarsáide an Oireachtais
Bealtaine 23, 2013
Ba é fear na Ceathrún Rua, Cormac Ó hEadhra, buaiteoir mór na hoíche ag ócáid bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais Dé hAoine seo caite nuair a bronnadh an duais do láithreoir na bliana air agus freisin an gradam do chlár raidió na bliana ar a chlár Cormac ag a Cúig.
Is clár irise é Cormac ag a Cúig, le béim ar chúrsaí reatha, tuairisciú, plé, díospóireacht agus anailís ar scéalta nuachta an lae, a bhíonn le cloisteáil ag 5.00in ó Luan go hAoine.
Dúirt ceannaire Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin: “Comhghairdeas le Cormac, agus le foireann an chláir,ar na gradaim seo.
Tá Cormac ag a Cúig I ndiaidh dul i bhfeidhm go mór ar an lucht éisteachta ó tháinig sé ar an aer i mí Mheán Fómhair seo caite. Is craoltóir nádúrtha é Cormac agus tá sé ar dhuine de shárchraoltóirí na tíre seo,i mBéarla nó i nGaeilge.”
Seo leanas liosta iomlán na mbuaiteoirí:
Teilifís: Scannán/Clár
Teilifíse na bliana:Lón sa Spéir, Sónta Teo.
Teilifís:Scannán/Sraith Theilifíse na bliana:
Imeall,Redshoe Productions.
Teilifís: Scannán/ Craoltóir Teilifíse na bliana:
Dara Ó Cinnéide, Seo Spóirt.
Aisteoir na Bliana.
Tara Breathnach,Tina O’Dowd, Ros na Rún.
Raidió: Clár/Sraith Raidió na Bliana.
Cormac ag a Cúig,Raidió na Gaeltachta.
Raidió: Clár/Craoltóir
Raidió na Bliana.Cormac Ó hEadhra, Raidió na Gaeltachta.
Iriseoir/Colúnaí na Bliana.
Seán Tadhg Ó Gairbhí,Comhar, The Irish Times.
Suíomh idirlín na Bliana.
www.raidionalife.ie
Buaicghradam chumarsáide: Pat Butler. Gradam speisialta: Raidió na Life – 20 bliain ar an aer.
Foilsithe ar 23 Bealtaine 2013