Ar siúl an tseachtain seo
Meán Fómhair 21, 2012
Seo thíos trí imeacht suimiúla atá ar siúl sna 7 lá atá romhainn.
Oíche Chultúir – 21/9/12
5.00 – 11.00in
Gach 30 nóim
Stair an Cheannárais
Turas treoraithe dátheangach ar Uimhir 6
Conradh na Gaeilge
5.00 – 7.00in
Ceardlann Spraoi
Ealaín agus cluichí do pháistí (5+ bliana d’aois)
Ógras
6.00 – 7.00in
Rang Gaeilge do Dhaoine Fásta
Blas de chúrsa bunleibhéil d’fhoghlaimeoirí fásta
Conradh na Gaeilge
7.00 – 8.00in
Dátheangach Ó Thús / Bilingual Beginnings
Ceardlann dhátheangach do thuismitheoirí ag iarraidh a gclann a thógáil trí Ghaeilge
Comhluadar
8.00 – 9.00in
Ceardlann Trip-Nós
Ceardlann rince ar an sean-nós le ceol dioscó arna reáchtáil ag Sibéal Davitt
Seachtain na Gaeilge
8.30 – 9.30in
Seisiún sa Siopa
Ceol beo le seisiún ins An Siopa Leabhar
An Siopa Leabhar
9.00in
Ceol Beo
Club Chonradh na Gaeilge
Is gá spásanna a chur in áirithe do na himeachtaí seo thuas.
Tá tuilleadh imeachtaí ar siúl timpeall na tíre, ní gá ach cuairt a thabhairt ar www.culturenight.ie le fáil amach cad atá ar siúl i do cheantar.
Comhdháil faoin léitheoireacht – 21 & 22/9/12
Tá comhdháil faoi léitheoireacht leabhar á heagrú ag Foras na Gaeilge in Ionad Comhdhála Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 ar an 21-22 Meán Fómhair 2012. Is é is cuspóir don chomhdháil ná teacht ar bhealaí le cur leis an líon daoine a léann leabhair Ghaeilge. I measc na n-ábhar a phléifear ag an gcomhdháil beidh staid reatha na litríochta, cleachtais idirnáisiúnta leis an léitheoireacht a chothú i measc an phobail, an léirmheastóireacht, agus dáileachán agus margaíocht na leabhar.
Tá cead isteach saor in aisce ach is gá spás a chur in áirithe roimh ré ag www.gaeilge.ie/register/irish.asp.
#Gtuít – 27/9/12
Tá gaelport.com ag eagrú an chéad tweetup as Gaeilge, an Gtuít, Déardaoin 27 Meán Fómhair. Baileoidh lucht na Gaeilge le chéile sa Culture Box, 12 Sráid Essex Thoir, Barra an Teampaill, BÁC 2 idir 18.00-19.15 le forbairtí ar an idirlíon agus sna meáin dhigiteacha a phlé go neamhfhoirmiúil.
Fáilte roimh chách!
eolas ó Forbairt Naíonraí Teoranta www.naionrai.ie
Cúntóir Naíonra
Meán Fómhair 21, 2012
Ta cúntóir naíonra a lorg ag Naíonra Phádraig na gCloch Liath
Is ga líofacht sa Ghaeilge don phost seo.
Iarratais:
Glacfar le hiarratais ar ríomhphost chuig ciara_f@yahoo.com nó is féidir glaoigh ar 0879261318.
Bíodh Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil) agus CV (Neamhcheangailte/Unbound) iniata le gach iarratas.
Spriocdháta: 31 Deireadh Fómhair 2012
Túsdáta: 3 Nollaig 2012
Ceardlann Drámaíochta agus Gaeilge ADEI
Meán Fómhair 20, 2012
Cuir le do scileanna agus stráitéisí teagaisc leis an gCeardlann Drámaíochta seo ar theagasc teangacha le Sinéad Ní Ghuidhir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Ag díriú ar an gcuraclam Gaeilge go príomha, beidh na scileanna seo inaistrithe trasna an churaclaim, bunscoil agus iarbhunscoil trí chéile!
Tairbhe, taithí agus taitneamh an manna atá ag Sinéad. Cinnte beidh neart spraoi ann, agus beidh smaointe agus modhanna úra le tabhairt abhaile agat le cur i bhfeidhm i do rang féin.
Dé Sathairn, 22 Meán Fómhair
Am. 10.30-4.00
The CUBE, Áras na Mac Léinn, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Costas. €30/€15 lascaine
Cuir ephost chuig booking@adei.ie
Féile Peile Ráth Chairn
Meán Fómhair 20, 2012
Bígí linn i Rath Chairn Dé Sathairn seo chugainn, 22 Meán Fómhair ag 13.00 le haghaidh Fhéile Peile Ráth Chairn. Beidh neart imeachtaí deasa ann ar an lá do óg is aosta. I measc na n-imeachtaí agus na rudaí éagsúla a bheidh ar siúl ann beidh comórtas peile do dhaoine os cionn 30 bliain d’aois, comórtais ‘cic fada’, ‘poc fada’ agus ‘ciceanna eirice’ do ghasúir, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta chomh maith le caisleán spraoi (bouncing castle) agus péinteáil aghaidheanna do ghasúir. Is é seo a leanas an leagan amach a bheidh ar an bpríomhchuid den lá:
Dé Sathairn
Imeachtaí Iarnóna
12.00 Caislean Spraoi (bouncy castle) agus péinteáil aghaidheanna
12.30 Clárú le haghaidh chomhórtais na ngasúr
13.00 Comórtais ‘cic fada’, ‘poc fada’ agus ‘ciceanna éirice’ do dhaoine faoi 12, faoi 15 agus faoi 18
14.00 Cluiche Ceannais na Féile Peile
15.00 Comórtas Cic Fada do dhaoine fásta agus do dhaoine os cionn 40
16.00 Bronnadh na nDuaiseanna sa gClub
Imeachtaí Tráthnóna
22.00 Ceol ón bPíobaire áitiúil Éanna Ó Cróinín agus cairde (bígí ag súil le cúpla aoi speisialta ar an oíche!!)
23.00 Bronnadh an Chupáin
Dé Domhanigh
1.00 Cluichí ceannais na hÉireann sa gClub
Tá urraíocht á déanamh ag Údarás na Gaeltachta ar an bhféile peile seo. Tá Coiste na nImeachtaí fíorbhuíoch den Údarás as ucht a gcúnaimh.
Fáilte roimh chách!
rathcairn@eircom.net
Rogha Gaelscolaíochta le tairiscint do thuismitheoirí
Meán Fómhair 20, 2012
Tabharfar deis do thuismitheoirí in 44 ceantar ar leith oideachas bunleibhéil lánGhaeilge a roghnú dá bpáistí sna míonna amach romhainn.
Tá suirbhéanna beartaithe ag an Roinn Oideachais sna ceantair sin agus cuirfear tús leis an bpróiseas an mhí seo chugainn.
Beidh roinnt ceisteanna ar na suirbhéanna, ina measc, an bhfuil gaelscolaíocht ó na tuismitheoirí dá bpáistí. Cuirfear ceist eile faoin sainmheoin chreidimh atá uathu agus ceann eile faoin rogha eagraíocht pátrúnachta is fearr leo.
Bhain formhór na díospóireachta poiblí faoina bpróiseas leis an bhféidearthacht go bhféadfaí díshealbhú a dhéanamh ar scoileanna Caitliceacha, seachas ar an gceist teanga.
Déanfar suirbhéanna i gcúig cheantar an mhí seo chugainn, an tInbhear Mór i gCill Mhantáin, Baile Átha Troim i gContae na Mí, an Trá Mhór i bPort Láirge agus dhá cheantar i Maigh Eo agus Baile Átha Cliath nach bhfuil ainmnithe go fóill. Déanfar suirbhéanna sna ceantair eile i mí na Samhna. Cuirfear torthaí na suirbhéanna chuig an Eaglais Chaitliceach ansin.
Ina dhiaidh sin, déanfaidh an Roinn agus na pátrúin plé an bhfuil gá an teanga teagaisc nó sainmheoin chreideamh na scoileanna sna ceantair a athrú. Beidh Educate Together ag lorg pátrúnachta in 39 ceantar, óir tá scoileanna acu sna cúig cheantar eile cheana féin. In ainneoin go bhfuil bunscoileanna lánGhaeilge in 33 ceantar faoi láthair, beidh an Foras Pátrúnachta ag iarraidh a bheith ina bpátrún ar scoileanna san 44 ceantar ar fad. Deir an eagraíocht go mbeidh dhá rogha ann sa chás go léirítear éileamh ollmhór don ghaelscolaíocht san 33 ceantar – d’fhéadfaí síneadh a chur leis na gaelscoileanna atá ann cheana féin nó d’fhéadfaí gaelscoil nua a oscailt. Dúirt Educate Together go bhfuil siad lánsásta a bheith ina bpátrún ar Ghaelscoil ilchreidmheach sa chás go léirítear tacaíocht don rogha sin i measc an phobail.
Idir an dá linn, ta imní léirithe ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus ag Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire, faoin scrúdú béil Gaeilge don Teastas Sóisearach. Tá méadú mór tagtha ar líon na ndaltaí atá ag déanamh na scrúdaithe, ó 512 in 2008 go dtí 4,276 in 2011 agus 7,388 i mbliana. Murab ionann agus an scrúdú béil don Ardteist, ní chuireann an Roinn Oideachais marcóirí ar fáil don scrúdú sin – fágtar an cúram sin faoi na múinteoirí iad féin.
De réir COGG agus an CMÉ, níl an córas reatha ‘caighdeánaithe’ mar atá an scrúdú béil éigeantach don Ardteist toisc go ndéanann múinteoirí an mharcáil.
www.gaelsceal.ie
Cúrsa Ullmhúcháin Gaeilge don ArdTeist
Meán Fómhair 19, 2012
Tá spás fágtha ag Conradh na Gaeilge dá gCúrsa Ullmhúcháin Gaeilge don ArdTeist.
Tá 40% den scrúdú ArdTeiste ag dul don Scrúdú Béal.
Ag Conradh na Gaeilge tabharfaimid na scileanna duit muinín a fháil leis an Ghaeilge.
Clúdóidh ár gcúrsa gach ghné den Scrúdú Béal. Déanfaimid dianiarracht grá na teangan a thabhairt duit fad is atá topaicí praicticiúil á chlúdú againn. Lig dúinn cabhrú leat d’aidhmeanna ArdTeiste a bhaint amach in 2013.
Beidh ranganna ar siúil gach Satharn ar feadh 10 seachtaine ag tosú ar an Satharn 22 Meán Fómhar agus tá costas €195 ar an gcúrsa. Marfaidh gach rang ar feadh 1.5 uair an chloig, le ranganna ar leith do mic léinn Gnáthleibhéal (10:00r.n) & Ardleibhéal (12:00i.n).
Tuilleadh eolas ag 091 567824, conradh@bradan.iol.ie nó ar an suíomh www.arasnangael.ie
Ionad
Conradh na Gaeilge
45 Sráid Doiminic
Gaillimh
T: 091 567824
www.arasnangael.ie
Maoiniú de €750,000 do Chúntóirí Teanga
Meán Fómhair 19, 2012
D’fhógair Aire Stáit na Roinne Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. an tseachtain seo caite breis agus €750,000 mar mhaoiniú do chúntóirí teanga sa Ghaeltacht.
Is mar chuid den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh a cuireadh an maoiniú seo ar fáil do Mhuintearas i gConamara agus d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gCiarraí chun Scéim na gCúntóirí Teanga a reáchtáil sa Ghaeltacht sa scoilbhliain 2012/13.
Agus é ag fógairt an deontais dúirt an tAire Stáit “Is cinnte go n-eascróidh tairbhe as an deontas méadaithe atá curtha ar fáil do pháistí na Gaeltachta agus dá dtuismitheoirí atá tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge ina dteaghlaigh”.
Ranganna beo Gaeilge ar líne
Cuirfidh Gaelchultúr tús le ranganna Gaeilge an mhí seo, ach ní sa seomra ranga a bheidh an teagascóir ach ar scáileán agus na ranganna ar fáil ar fud an domhain.
Dar le Gaelchultúr go bhfuil méadú mór ag teacht ar líon na ndaoine atá ag foghlaim na teanga, le breis agus 4,000 duine ag déanamh staidéir uirthi sa tríú leibhéal i gCeanada agus i Meiriceá.
Cuirfear tús leis na ranganna ar líne ar 24 Meán Fómhair 2012, agus tá gach eolas ar fáil ag www.gaelchultur.com.
Dátaí áisiúla do mhúinteoirí
Ar an gCéadaoin 17 Deireadh Fómhair agus ar an Déardaoin 18 Deireadh Fómhair beidh seimineáir Buntáiste Breise na Gaeilge, á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i nDúrlas Éile agus i mBaile Loch Garman agus i lár mhí na Samhna beidh seimineár i Nás na Ríogh.
Le linn na seimineár pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha. Is ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha a bheidh na hócáidí seo ag freastal.
Tá dátaí uile na camhchuairte le fáil ar www.gaelport.com/bbnag
Gaeilgeoirí ag súil le #Gtuít
An tseachtain seo chugainn, baileoidh twitterati na Gaeilge lena chéile don chéad tweetup as Gaeilge, an #Gtuít sa Culture Box, 12 Sráid Essex Thoir i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath, Déardaoin 27 Meán Fómhair ón 6.00-7.15.
I measc na n-ábhar a bheidh faoi chaibidil ag an ócáid neamhfhoirmiúil seo beidh na treochtaí agus na forbairtí is úire ar an idirlíon agus sna meáin dhigiteacha.
Is faoi stiúir phríomhshuíomh eolais na Gaeilge, Gaelport.com atá an ócáid. Deir Niamh Ní Shúilleabháin, Eagarthóir Gaelport.com, go bhfuil i gceist “deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí agus do dhaoine a bhfuil suim acu i gcúrsaí teicneolaíochta, gréasánú a dhéanamh lena chéile agus aithne phearsanta a chur ar na daoine a bhíonn ag tuíteáil as Gaeilge agus a bhíonn ag glacadh páirte sna líonraí sóisialta eile trí mheán na Gaeilge”.
Fáilte roimh chách!
www.foinse.ie
Bí ag léamh
Meán Fómhair 19, 2012
CRUINNEOIDH foilsitheoirí, feidhmeannaigh, léachtóirí agus scríbhneoirí le chéile Dé hAoine agus Dé Sathairn in Ionad Comhdhála Marino, Baile Átha Cliath, le ceist na léitheoireachta a phlé.
Labhróidh na rannpháirtithe ar an dóigh le daoine óga a spreagadh le leabhair a léamh agus an léitheoireacht a chothú i measc an phobail trí imeachtaí éagsúla
Eolas: comhdhail2012@gmail.com
‘You could have…’
LEANANN na hiarrachtaí ar aghaidh na páistí a thógáil le Gaeilge. An duine is óige agam, 7, sa chistin agus í ar lorg briosca: “How many am I allowed, daddy?” “Ceann amháin.” “What does that mean? One?” “Sin é.” “You could have just said a haon.”
PÓL Ó MUIRÍ, Eagarthóir Gaeilge, Irish Times
Buntáiste Breise na Gaeilge le plé san oirdheisceart
Meán Fómhair 18, 2012
Ar an gCéadaoin 17 Deireadh Fómhair agus ar an Déardaoin 18 Deireadh Fómhair beidh seimineáir Buntáiste Breise na Gaeilge, á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i nDúrlas Éile agus i mBaile Loch Garman agus i lár mí na Samhna beidh seimineár in Killashee House i Nás na Ríogh.
Le linn an tseimineáir pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha. Is ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha a bheidh an ócáid seo ag freastal.
I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid i dTúrlas Éile ar an 17 Deireadh Fómhair beidh Ciarán Mac an Bhaird atá ina Léachtóir le Gnó agus Bainistíocht in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Labhróidh Lisa Ní Choisdealbha arbh as Ros Cré ó dhúchas í ar a taithí féin ina post mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin le Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann (IBI).
I measc na gcainteoirí eile beidh Billy Clancy, Comhairleoir Contae i dTiobraid Árann Thuaidh agus Ciara Considine atá ina hOifigeach Margaíochta agus Riarthóir Feidhmiúcháin in Ollscoil Luimnigh.
Ar an Déardaoin beidh seimineár ar siúil in Óstán Whites i gceartlár bhaile Loch Garman áit a ndéanfaidh an t-iar-iománaí le Loch Garman Diarmuid Lyng cur síos ar a phost mar Múinteoir Gaeilge agus an deis a thug an Ghaeilge dó oibriú mar anailísí spóirt le TG4.
Tabharfaidh an Dr Séamus Ó Diollúin léargas ar a chuid oibre mar léachtóir in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus déanfaidh an Teachta Dála Antóin Ó Díomasaigh cur síos ar an tábhacht atá ag baint leis an teanga. Chaith Antóin seal mar bhainisteoir ar fhoireann peile agus iománaíochta Loch Garman agus tabharfaidh sé léargas ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge sa Chumann Lúthchleas Gael.
D’eagraigh Comhdháil Náisiúnta naoi gcinn déag de na seimineáir seo timpeall na tíre le breis is trí bliana anuas agus go dtí seo éiríonn thar barr leo, le suas le cúig mhíle dalta scoile as 168 iar-bhunscoil i láthair ag na seimineáir seo go dtí seo.
Táthar ag súil go mbeidh an cur i láthair seo spreagúil, spleodrach, agus go rachaidh an taithí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo. Ar ndóigh, cuirfear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na hAoichainteoirí labhairt.
Beidh seastáin eolais agus ionadaithe ó roinnt institiúidí tríú leibhéal i láthair chomh maith, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.
Más múinteoir scoile tú agus más spéis le do scoil páirt a ghlacadh i seimineár i do cheantar, déan teagmháil le Brígíd Ní Ghríofa, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 01 679 4780 nó r-phost a chur chuig brighid@comhdháil.ie
Tá míle fáilte roimh an bpobal freastal ar na seimineáir seo ach clárú roimh ré.
Foilsithe ar Gaelport.com
€75,000 ceadaithe ag an Aire mar thacú don Chlár Tacaíochta Teaghlaigh
Meán Fómhair 18, 2012
Tá deontas €75,000 ceadaithe ag an Aire Stáit Dinny McGinley i leith costas reáchtála ranganna aclaíochta i mbunscoileanna Ghaeltacht Chonamara.
Ceadaíodh an deontas do Mhuintearas Teo. don scoilbhliain 2012/2013 mar thacú d’fhorbairt an Chláir Thacaíochta Teaghlaigh sa cheantar, ag treisiú chur i bhfeidhm leanúnach an chláir trí thionscadail phobail.
Ag fógairt an deontais dúirt an tAire, “Is céim phraiticiúil eile í seo i gcur i bhfeidhm an chuid sin den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh atá dírithe ar thacú le teaghlaigh na Gaeltachta a bhfuil páistí bunscoile acu atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil trí Ghaeilge”.
Seo an dara deontas de chuid na Roinne a bronnadh ar Mhuintearas Teo., togra pobail agus oideachais Ghaeltachta, le seachtain anuas. D’fhógair an tAire Stáit McGinley deontas €762,378 ar an gCéadaoin seo caite, a bheidh á roinnt idir Muintearas Teo. agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne, le cur le seirbhísí teanga sna scoileanna Gaeltachta, rud atá mar “chuid dhílis de chur i bhfeidhm córasach an Chláir Tacaíochta Teaghlaigh”.
I mí Aibreáin na bliana seo fógraíodh forbairt ar Scéim na gCúntóirí Teanga mar ghné shuntasach den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh. Díríonn an Scéim ar shaibhreas Gaeilge pháistí Gaeltachta a threisiú trí sheirbhís cúntóra teanga a chur i bhfeidhm i scoileanna Gaeltachta.
Fógraíodh ag tús an tsamhraidh go dtiocfaidh an Clár Tacaíochta Teaghlaigh, cúnamh tacúil do thuismitheoirí ar mian leo a gcuid páistí a thógáil trí Ghaeilge, in áit Scéim Labhairt na Gaeilge, an cúnamh Rialtais a bhíodh i bhfeidhm sna blianta atá imithe thart. Faoin gclár nua atá á chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, ní íocfar aon deontas le rannpháirtithe, rud a bhíodh á dhéanamh sa seanchóras, agus cuirfear seirbhís phraiticiúil agus éascaithe i bhfeidhm ina áit.
Cuireadh síos ar an gclár nua mar ghréasán náisiúnta tacaíochta do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge. Cúnamh praiticiúil atá sa Chlár Tacaíochta Teaghlaigh a dhíríonn ar theaghlaigh Ghaeltachta go príomha ag a bhfuil sé mar sprioc acu an Ghaeilge a bheith mar phríomhtheanga, agus déanfar teaghlaigh áirithe lasmuigh den Ghaeltacht a chlárú freisin.
Déanann an clár freastal ar gach cineál grúpa idir theaghlaigh atá ag súil le páiste agus theaghlaigh Ghaeltachta ina bhfuil páistí réamhscolaíochta nó déagóirí. Cuirtear cúnamh ar fáil do theaghlaigh ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga cheana féin agus teaghlaigh ar mian leo í a bheith mar phríomhtheanga. Cuireann an clár pacáistí eolais ar fáil dá rannpháirtithe a chuireann síos ar na seirbhísí tacaíochta oideachais agus sláinte atá ar fáil do theaghlaigh arb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga. Anuas air sin, scaipfear eolas breise maidir le buntáistí agus na modhanna is fearr le páistí a thógáil trí Ghaeilge.
Tá gach eolas maidir leis an gClár Tacaíochta Teaghlaigh ar fáil ag http://www.ahg.gov.ie/ie/AnGhaeltacht/ClairTheangalarnaithe/AnClarTacaiochtaTeaghlaigh.
Foilsithe ar Gaelport.com