Comórtas d’iar-bhunscoileanna
Samhain 16, 2011
Seolaigí isteach bhur dtionscadail taighde agus bígí istigh ar dhuais!
Fáilteoidh foireann logainm.ie roimh thionscadail taighde ar théama na logainmneacha. Roghnófar iarrachtaí áirithe le cur ar ár suíomh agus tá trí dhuais le baint. Tá treoracha don tionscadal taighde ar fáil ag http://www.logainm.ie/scoil/pdf/fiontar-scoil2-11-tionscadal-taighde.pdf. Is féidir formáidí difriúla nó meascán díobh á úsáid chun do thaighde a chur i láthair: téacs, cairt bhalla, meabhairmhapa, grianghraif, léaráidí/íomhánna, póstaer, leabhrán, físeán gearr, cur i láthair Powerpoint nó agallamh taifeadta.
Cuirfear duaiseanna de luach €300, €200 agus €100 ar fáil do na tionscadail a bhuafaidh an comórtas. Beidh na duaiseanna le dáileadh ag an múinteoir. Taispeánfar roinnt de na tionscadail taighde ar www.logainm.ie. Ba cheart an fhoirm iarratais thíos a líonadh agus í a sheoladh mar aon le bhur dtionscadail taighde chuig ‘Comórtas d’iar-bhunscoileanna’, Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 9 nó chuig an seoladh ríomhphoist logainm@dcu.ie. Spriocdháta: 29 Feabhra 2012.
Glacfar le tionscadail a bheidh go hiomlán i nGaeilge nó tionscadail dhátheangacha a mbeidh 50 faoin gcéad ar a laghad den ábhar iontu i nGaeilge. Tabharfar marcanna bunaithe ar mhodhanna taighde, caighdeán an ábhair agus ar shlacht agus nuálaíocht an chur i láthair. Fiosruithe chuig logainm@dcu.ie.
Acmhainní Oideachais nua d’Iarbhunscoileanna
Samhain 16, 2011
Is féidir le cuairteoirí ar www.logainm.ie acmhainní oideachais don iar-bhunscoil a íoslódáil agus a phriontáil. Tá na hacmhainní oideachais seo dírithe ar dhaltaí san idirbhliain ach is féidir leas a bhaint astu ag leibhéil eile. Tá acmhainní oideachais don bhunscoil agus don tríú leibhéal ar fáil cheana ar an suíomh.
Reáchtálfar comórtas do dhaltaí iar-bhunscoile bunaithe ar na hacmhainní nua seo. Cuirfear eolas faoin gcomórtas ar fáil sa bhosca nuachta ar www.logainm.ie.
Tá na hacmhainní seo a leanas ar fáil:
- 10 n-aonad teagaisc
- Tráth na gceist
- Treoir do thionscadal taighde
- Gluais idirghníomhach
- Comhaid fuaime
Tá freagraí na gceachtanna ar fáil do mhúinteoirí ach iarratas a chur chuig logainm@dcu.ie
Fiontar (DCU), i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta) a chruthaigh na hacmhainní oideachais seo.
www.logainm.ie
Is suíomh Gréasáin é www.logainm.ie a chuireann an t-ainm oifigiúil Gaeilge atá ar 100,000 éigin bailte, sráideanna agus oifigí poist ar fud na tíre ar fáil don phobal. Mheall an suíomh Gréasáin logainmneacha 4.6 milliún amas ó seoladh é go hoifigiúil ar 1 Deireadh Fómhair 2008.
Feis Ceoil i Sligeach
Samhain 16, 2011
RANNÓG NA GAEILGE 2012
i gcomhpháirt le Foras Na Gaeilge
Dáta deiridh d’iarratais 24 Eanáir – Comórtas ar an 4 Feabhra; Scoláireachtaí ar fáil do Choláiste na nOileán agus Colaiste Chiarain, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Gach eolas ar fáil ar www.sligofeisceoil.ie
Foirmeacha Iarratais:
450 Múinteoir i láthair don Tionól Teagaisc
Samhain 16, 2011
Ollscoil Mhá Nuad a bhí mar cheann scríbe ag breis agus 450 múinteoir Gaeilge an deireadh seachtaine seo caite, áit ar bhailigh siad le chéile don Tionól Teagaisc.
Eagraithe ag an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge, seimineár náisiúnta a bhí sa tionól do mhúinteoirí Gaeilge ag an dara leibhéal le rogha de 30 ceardlann.
Cuireadh tús le himeachtaí an Tionóil le heocharchaint le Dónall Mac Diarmada, Príomhchigire le Coimisiún na Scrúduithe Stáit, a rinne cur síos cuimsitheach ar na hathruithe atá tagtha ar scrúdú Gaeilge na hardteistiméireachta.
Spreag an eocharchaint seo neart ceisteanna ón lucht féachana, agus ghlac Mac Diarmada an deis chun ceisteanna na múinteoirí a fhreagairt.
Le linn an tseisiúin phlé seo, léiríodh míshástacht leis an múnla reatha gur scrúdú comónta atá sa Bhéaltriail, agus moladh go mba cheart go mbeadh an scrúdú dírithe ar chumas na ndaltaí, is é sin go mbeadh scrúdú ann ag an ardleibhéal agus ag an ngnáthleibhéal.
Lean an Tionól thar dhá lá, le breis agus 30 ceardlann ar siúl ar an Satharn, ag clúdach réimse leathan topaicí, le béim ar leith á leagan ar theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide.
Labhair Cathal Ó Mórdha faoi na bealaí ar féidir úsáid a bhaint as an nuatheicneolaíocht, ar nós an iPad, chun ullmhú don bhéalscrúdú Gaeilge.
Labhair Seán Ó Gáibhín faoin gclár bán idirghníomhach, agus labhair Dr Marcus Ó Conaire faoi thionscnamh reatha atá curtha ar bun aige le tacaíocht na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, áit a bhfuil cartlann d’áiseanna teagaisc ar fáil beo ar iTunes. Is féidir teacht ar an ábhar seo ach dul isteach ar iTunes, gliogáil ar an gcatagóir K-12 agus cuardach a dhéanamh ar “COGG”.
Le linn an Tionóil rinne Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge seoladh den DVD Cuireadh Chun Cainte.
Treoir phraiticiúil é Cuireadh Chun Cainte dóibh siúd atá ag tabhairt faoi bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta. Tugadh cóip den DVD in aisce do gach múinteoir a bhí i láthair.
Gaelport
Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna ag druidim linn
Samhain 15, 2011
Beidh Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna ar siúl in Óstán an Tullamore Court ar An Tulach Mhór i gceann coicíse.
Cuirfear tús le himeachtaí maidin Aoine, 25 Samhain nuair a ndéanfaidh Uachtarán Ghaelscoileanna Mícheál Ó Broin agus an tAire Stáit Oiliúna agus Scileanna, Ciarán Cannon T.D comhdháil na bliana seo a oscailt go hoifigiúil.
Beidh an chomhdháil seo dírithe ar gach duine atá bainteach leis an scolaíocht lán-Ghaeilge, múinteoirí agus príomhoidí na scoileanna ag an mbunleibhéal agus iar-bhunleibhéal go háirithe.
Leanfar le Léacht na Comhdhála nuair a thabharfaidh An Dr Gerry Shiel, taighdeoir san Fhoras Taighde ar Oideachas, léargas ar thorthaí na Measúnachtaí Náisiúnta ar Léitheoireacht sa Bhéarla agus ar Mhatamaitic i mBunscoileanna a bhíonn ag teagasc trí nheán na Gaeilge.
Díreoidh an Chomhdháil ar chúrsaí litearthachta agus uimhearthachta sna scoileanna lán-Ghaeilge ach go háirithe.
Mar is gnách le linn na Comhdhála beidh léachtaí éagsúla á dtabhairt agus grúpaí sainspéise agus seisiúin chainte ag plé ceisteanna oideachais. Beidh ábhair éagsúla maidir le cúrsaí scoile agus ceisteanna reatha oideachais á bplé le linn an lae ar an Aoine agus arís ar an Satharn.
Beidh ceardlanna ar úsáid na teicneolaíochta agus áiseanna eile sna scoileanna lán-Ghaeilge ar siúl freisin agus beidh ionadaithe ó eagraíochtaí oideachais agus ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastáin eolais, chun eolas a roinnt le múinteoirí agus leis an bpobal a bheidh i láthair.
©Foilsithe ar Gaelport.com
Spraoi fichille
Samhain 14, 2011
Tugadh an deis do bhreis agus céad páiste ó scoileanna na príomhchathrach cluichí fichille a imirt i gcoinne máistrí iomráiteacha ó shaol na fichille inniu.
‘Spraoi Fichille ‘ a tugadh don ócáid inniu, áit a raibh cluichí fichille agus ceachtanna ar siúl trí mheán na Gaeilge le cabhair ó mhaistrí de chuid Aontas Fichille na hÉireann.
Chuir máistir náisiúnta san fhicheall, Éamon Keogh comhairle ar pháistí agus iad ag iompar agus ag spraoi le píosaí móra ar chlár fichille ollmhór sa Seomra Darach i dTeach an Ardmhéara inniu. Ní fhéadfá suíomh níos oiriúnaí a shamhlú don taispeántas fichille a bhí ar siúl ann.
Chomh maith leis sin bhí ficheall chomhuaineach ar bun ag an máistir náisiúnta, Mark Quinn agus bhí an t-ábhar mháistir David Fitzsimons ag imirt púicín fichille leis na bpáistí.
Ba í Úna O’Boyle a d’eagraigh an ócáid. Is imreoir agus múinteoir fichille í Úna agus ba é a hathar, Enda a chuir oiliúint uirthi agus ar pháistí eile ó Dhamhliag, Co. na Mí.
Ainmníodh leabhar óna peann, ‘Ficheall’ ar ghearrliosta do Ghradam Réics Carlo leabhar na bliana do pháistí i mí Dheireadh Fómhair agus tá ardmholadh faighte ag an leabhar Gaeilge a thugann treoir faoin gcluiche.
Mínítear sa leabhar ainmneacha agus cumhachtaí na bpíosaí go léir agus cuirtear comhairle ar an léitheoir maidir le modhanna agus straitéisí éagsúla, ina measc straitéis a d’fhorbair an ficheallaí iomráiteach, Bobby Fischer.
D’fhill Úna ar ais ar an bhficheall tar éis di dul ar seachrán ar feadh tamall fada agus ba é an tArdmháistir Alexander Baburin a d’fhiafraigh di an mbeadh suim aici ranganna fichille a mhúineadh trí mheán na Gaeilge.
“ Bhí orm an-chuid taighde a dhéanamh agus ní raibh mórán eolais ar fáil trí mheán na Gaeilge mar gheall ar an gcluiche ag an am” , a deir sí. “Bhí a lán taighde le déanamh agam agus is dócha gurb as sin a tháinig síol an leabhair.”
Thóg sé cúig bliana uirthi an saothar a chur i gcríoch, mar gheall a deir sí “nach raibh an foclóir ann, ní raibh sé cumtha!” Chuir an Coiste Téarmaíochta comhairle uirthi ach ba iad na himreoirí óga a chuir tús leis an bplé maidir le téarmaí áirithe go minic.
Bhí deacrachtaí le téamaí áirithe, ‘passed pawn’ ina measc. “Thuig na páistí cad a bhí i gceist leis agus thuig siad an Ghaeilge chomh maith. Mhol páiste amháin go dtabharfaí ceithearnach imithe ar ‘passed pawn’. Rith sé liom go raibh cur amach iontach ag an bpáiste seo ar an nGaeilge agus ar an bhficheall! Faoi dheireadh tar éis dom dul i gcomhairle leis an gCoiste Téarmaíochta shocraíomar ar ‘Ceithearnach slán’ agus tá sé sa leabhar anois!”
Agus don té nach bhfuil cur amach aige nó aici ar an bhficheall, cad is brí le ‘ceithearnach slán? “ Bhuel”, a deir sí, “tá turas saor aige, dul ag an deireadh chun athrú ina bhanríon. Mar sin tá sé an-láidir!”
Ba í Úna a chuir ‘Ficheall’ i gcló le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus rinne Noel Long na maisiúcháin sa leabhar.
Fógrófar na buaiteoirí do Ghradam Uí Shúilleabháin agus do Ghradam Réics Carló i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, Dé Máirt 15 Samhain.
Tá grianghraif ón ócáid le feiceáil ar www.gaelport.com.
©Foilsithe ar Gaelport.com
Feachtas Teanga seolta in Ollscoil Luimnigh
Samhain 14, 2011
‘Rogha’ is teideal don fheachtas úr a bhfuil sé mar sprioc aige tairiscint ghníomhach a dhéanamh de sheirbhísí trí Ghaeilge san Ollscoil.
Tá i gceist ag an bhfeachtas mic léinn na hollscoile a chur ar an eolas faoi líon na seirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Tá an feachtas á stiúradh ag Aonad na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh agus tá neart ócáidí sóisialta beartaithe ag an Aonad do na seachtainí atá amach romhainn mar gheall go bhfuil an tAonad deich mbliana ar an bhfód i mbliana.
Ar 9 Samhain, bailíodh daoine idir bhaill foirne agus mhic léinn agus daltaí ó ghaelscoileanna sa chathair ar Phlaza na hOllscoile, áit a raibh an slua ag litriú amach na focail Rogha.
Táthar ag súil leis an íomhá a úsáid amach anseo mar íomhá ar phóstaer feachtais chun pobal na hInstitiúide agus an pobal i gcoitinne a mhealladh chun rogha na Gaeilge a dhéanamh ina gcuid gnó leis an Ollscoil.
Mar chuid de ghealltanais scéimeanna teanga Ollscoil Luimnigh, ainmníodh baill foirne mar theagmhálacha le Gaeilge i spriocréimsí éagsúla de riarachán na hOllscoile.
Gearrscannáin na Gaeilge
Samhain 10, 2011
Beidh gearrscannán atá déanta ag daltaí idirbhliana Scoil Chuimsitheach Chiaráin, an Cheathrú Rua, i measc na scannáin a bheidh le feiceáil ag taispeántas de chuid an Junior Film Fleadh in Amharclann na Cathrach Dé Céadaoin seo chugainn, 16 Samhain, ag tosú ag 2.15i.n.
Tá sé mar aidhm ag an taispeántas seo rogha de ghearrscannáin comhaimseartha a léiriú, ina bhfuil an Ghaeilge á húsáid mar theanga bheo, bríomhar, atá an-oiriúnach chun téamaí agus mórcheisteanna a bhaineann le daoine óga a phlé. Ar an scalán chomh maith beidh an scannán Asal, leis an stiúrthóir Tom Sullivan, scannán a bhuaigh Gradam Tiernan McBride don Ghearrscannán is Fearr ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana. Le feiceáil freisin beidh Abinitio, agus An Buille, gearrscannáin leis an stiúrthóir Marion Ní Loingsigh, agus An Rinceoir, stiúrthóir Elaine Gallagher, ina léirítear an grá atá ag cailín óg do rincí Gaelacha. Taispeánfar freisin an gearrscannáin An Ghaeilge – Give It a Go le C Sayers agus Coláiste Pobail na Gaillimhe, clár faisnéise gairid a dhíríonn ar dhaoine a raibh tionchar acu ar úsáid na Gaeilge, ag léiriú go bhfuil an Ghaeilge beo agus í á húsáid i gcónaí.
Galway Advertiser
Cruinniú Poiblí i mBaile Brigín
Samhain 10, 2011
Club nua Gaeilge i scoil i dTrá Lí
Samhain 9, 2011
Tá iarrachtaí ar bun ag roinnt óg-eagraíochtaí Gaeilge cur le líon na gclubanna óige atá atá ar fáil don aos óg.
D’fhógair Ógras gur éirigh leo club óige úr a bhunú i Meánscoil na Trócaire, i dTrá Lí agus táthar ag súil go mbainfidh an 55 dalta atá cláraithe leo taitneamh as imeachtaí an chlub a bhíonn á reáchtáil trí mheán na Gaeilge dhá lá sa tseachtain.
Foinse