Os cionn 2,000 leabhar Gaeilge á roinnt ar 750 gasúr Gaeltachta
Nollaig 5, 2016
Roinnfear os cionn 2,000 leabhar ar beagnach 750 gasúr mar chuid de Scéim Léitheoireachta Thuismitheoirí na Gaeltachta, ar cuireadh tús léi an tseachtain seo. Beidh na leabhair á roinnt ar na gasúir féin agus ar a gcuid scoileanna.
Beidh na gasúir ag freastail ar sheisiúin scéalaíochta a bheidh á reáchtáil ag dhá ionad Gaeltachta, SPLANC!, Ionad Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua agus Áras na hOllscoile i gCarna, as seo go deireadh na seachtaine seo chugainn.’
Beidh idir scéalaíocht agus aisteoireacht ar siúl ag na seisiúin seo agus tá súil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta go spreagfaidh an múnla athraitheach nua na gasúir agus go meallfaidh sé chun na léitheoireachta iad. Chuige sin, beidh cúigear aisteoirí Gaeltachta ag glacadh páirt sna seisiúin — Linda Bhreathnach, Sorcha Ní Chéide, Colm Joe Mac Donncha, John Keane agus James Ó Ríordáin.
Tá an scéim á reáchtáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta trí scoileanna na Gaeltachta — ó cheantar Chois Fharraige siar chomh fada le Carna sa taobh thiar de Ghaeltacht na Gaillimhe. Tabharfar beart leabhar nuafhoilsithe i nGaeilge do gach scoil atá ag glacadh páirt sa scéim le cur lena leabharlann scoile agus tabharfar dhá leabhar nuafhoilsithe do gach dalta freisin.
I measc na leabhar a bheidh á dtabhairt amach, tá an tsraith nua-aistrithe Dónall Dána, leagan Gaeilge den tsraith iomráiteach Bhéarla Horrid Henry, An Madra Mistéireach, Macán, An Pota Folamh agus Hata Zú Mhamó, buaiteoir Ghradam Réics Carlo 2016.
Is í an phríomhaidhm atá ag Tuismitheoirí na Gaeltachta leis an scéim ná spéis sa léitheoireacht Ghaeilge a spreagadh in aos óg na Gaeltachta taobh amuigh de léitheoireacht na scoile.
D’fhreastail beagán le cois 460 gasúr ar na seisiúin a reáchtáil Tuismitheoirí na Gaeltachta anuraidh agus roinneadh 1,300 leabhar Gaeilge nuafhoilsithe orthu agus ar a gcuid scoileanna. Tá méadú mór tagtha ar líon na ngasúr atá cláraithe don scéim i mbliana agus os cionn 700 leabhar breise le tabhairt amach ag an eagraíocht.
(English) Gaelscoil’s 24-hour Irish charity challenge
Nollaig 5, 2016
(English) Campbell welcomes road safety materials ‘as Gaeilge’ for Irish schools
Nollaig 5, 2016
Scléip Gael Linn 2017 – Ceol is cibeal i Clasach!
Nollaig 1, 2016
An grúpa ‘Smugairle Róin’ ó Choláiste Pobail Ráth Chairn, a ghlac páirt sa chomórtas do ghrúpaí amhránaíochta (sinsear) ag réamhbhabhta Scléip Gael Linn 2017 in amharclann Clasach, Cluain Tarbh, le déanaí agus a cháiligh don chraobhchomórtas i mí Feabhra
‘Beocht’ ó Choláiste Cois Life, Leamhcán, buaiteoirí an chomórtais ‘Rince Cruthaitheach (Grúpaí) Sóisear’ ag réamhbhabhta an oirthir de Scléip Gael Linn 2017
Míreanna mealltacha i Mainistir Fhear Muí ag Scléip Gael Linn 2017!
Samhain 24, 2016
Buaiteoirí an chomórtais ‘Rince Cruthaitheach do ghrúpaí – Sóisear’, Ciara, Áine agus Áine Rose, ó Choláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh
An grúpa ‘Na Fianna’ ó Ghaelcholáiste Mhuire AG, An Mhainistir Thuaidh, Corcaigh, ar stáitse ag Scléip Gael Linn i Mainistir Fhear Muí – ríméad orthu a bheith roghnaithe le dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann den chomórtas i mBaile Átha Cliath ar an Déardaoin, 2 Feabhra 2017!
Sárscoil Fíbín don Idirbhliain ag tosú i mí Feabhra 2017!
Samhain 23, 2016
An bhfuil aon suim ag do ghrúpa Idirbhliana teacht go Conamara ar ghearrchúrsa i mí Feabhra? Beidh an chéad Sárscoil Fíbín don Idirbhliain á rith i gConamara ón 13-15 Feabhra agus ón 15-17 Feabhra 2017 agus tá muid sa tóir ar scoileanna a mbeadh spéis acu tabhairt faoin scéim píolótach seo.
Fuair muid iarratais ó chomhordaitheoirí Idirbhliana le cúpla bliain anuas a leithéid de chúrsa a rith mar sin tá muid chun géilleadh an bhliain seo chugainn. Costas €100 in aghaidh an scoláire atá i gceist a chlúdaíonn lóistín, bia, na ceardlanna srl. Gearrchúrsa 2 lá go leith atá i gceist Luan-Céadaoin nó Céadaoin-Aoine i nGaeltacht Chonamara.
Beidh ceardlann faoi thaifeadadh ar fhón póca, Ceol & Amhráin Nuachumtha, Charades/Drámaíocht bunaithe ar an tSraith Pictiúir don Ardteist, Siúlóid Dúlra & Oidhreachta, Aisteoireacht ar radhairc ón scrúdú béil…..agus go leor craic agus spraoi ar an ngearrchúrsa seo i g Conamara.
Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig www.sarscoilfibin.ie nó seol ríomhphost chuig sarscoilfibin@gmail.com
Seirbhísí Riaracháin trí Ghaeilge ón Roinn Oideachais & Scileanna – Suirbhé
Samhain 23, 2016
Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla.
D’fhonn ár seirbhísí do chustaiméirí trí Ghaeilge a fhorbairt, go háirithe maidir leis na gealltanais inár Scéim Teanga 2016-2019 a chur chun feidhme, táimid ag iarraidh ort anois suirbhé a chomhlánú ionas go mbeimid in ann ár seirbhísí riaracháin trí Ghaeilge a fheabhsú chun freastal níos fearr ar do riachtanais.
Sa suirbhé seo iarrtar ar fhreagraithe sprioc-rannóga sa Roinn a ainmniú i dtaca le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge. Chuige sin, is féidir go mbainfidh tú leas as breathnú ar ár gCairt Eagraíochta agus rannóga á n-ainmniú agat.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go dtugann an Roinn freagra i nGaeilge do chumarsáid scríofa a fhaighimid i nGaeilge faoi láthair, de réir alt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 Nasc chuig an Acht. Chomh maith leis sin, déanann an Roinn socruithe le go n-aistrítear roinnt mhaith doiciméad agus foilseachán na Roinne go Gaeilge de réir fhorálacha an Achta, ár Scéime Teanga agus reachtaíocht eile. Tá fáil ar sheirbhís theoranta teileafóin trí Ghaeilge freisin.
Comhlánaigh an suirbhé faoi 5pm Dé Máirt an 20 Nollaig 2016. Má bhíonn aon cheist agat, seol ríomhphost chuig Gaeilge@education.gov.ie
Tabhair faoi deara go mbeidh na freagraí a thugtar ar an suirbhé faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 Nasc chuig an Acht um Shaoráil Faisnéise agus go bhféadfadh go bhfoilseofaí iad, i dteannta d’ainmse, ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Ba mhór againn do thuairimí luachmhara a fháil, rud a chabhródh linn seirbhís riaracháin níos fearr a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí.
Le meas,
An Rannóg Seirbhísí Corparáideacha
Cliceáil ar an nasc seo : Suirbhé do Chustaiméirí
FÍSEÁN: An Ghaeltacht Abú! Dúshlán imreoirí Chonnacht tugtha le ‘haka’ Gaeltachta!
Samhain 23, 2016
Tugadh blaiseadh dúinn ar Nuacht TG4 aréir de ‘Haka’ Gaeltachta imreoirí rugbaí óga a sheas an fód lena ‘Haka’ féin nuair a thug foireann rugbaí Chonnachta cuairt ar an gCeathrú Rua i gConamara inné: Féach www.tuairisc.ie
Scléip Gael Linn 2017 faoi lánseol!
Samhain 23, 2016
Buaiteoirí an chomórtais Rince Cruthaitheach ( Grúpaí) Sinsear, scoláirí na hIdirbhliana ó Choláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Cuireadh tús spleodrach le Scléip 2017 i nGaillimh le déanaí, le scoth an cheoil, na hamhránaíochta, na haisteoireachta agus an rince ! Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Eagraithe ag Gael Linn, is ardán don óige é a chuireann béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe. Bíonn deis ag daltaí ceol, amhráin, cóireagrafaíocht agus sceitsí nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóir proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.
Reáchtáladh réamhbhabhta réigiúnach an iarthair den chomórtas i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an Mháirt, 22 Samhain. Chuaigh scoláirí ó Choláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Coláiste Naomh Éinne, Inis Mór, Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin agus Gaelcholáiste Luimnigh ar ardán san amharclann stairiúil seo. Agus ba é an chéad uair é ag scoláirí ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán agus Coláiste Muire, Tuar Mhic Éadaigh, a bheith rannpháirteach san ócáid bhliantúil seo! Thréaslaigh na moltóirí, Mícheál Ó Ciaraidh agus Méabh Ní Thuathaláin, leis na ceoltóirí, amhránaithe, aisteoirí agus rinceoirí uilig a chur taispeántais ilchineálacha os comhair an tslua mhóir a bhí i láthair. Rachaidh na buaiteoirí seo a leanas ar aghaidh go dtí an craobhchomórtas ar an 2 Feabhra 2017, in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath – comhghairdeas leo uilig !
Rince Cruthaitheach – Aonair ( Sóisear ):
Raphi Nic an Ghearr, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Rince Cruthaitheach – Grúpaí ( Sinsear ):
Idirbhliain an Eachréidh, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Sceitse Nuachumtha ( Sóisear ):
‘Luaithrín’, Grúpa ‘Balor’, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Sceitse Nuachumtha ( Sinsear ):
‘Coróin na Foraoise’, Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Oileáin Árainn
Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sóisear ):
Bláithín Ní Ghallachóir, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sinsear ):
Ruairc Ó Murchú, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Slua-amhránaíocht ( Sóisear ):
‘Binneas’, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Slua-amhránaíocht ( Sinsear ):
‘Pléasc’, Coláiste Naomh Éinne, Cill Rónáin, Inis Mór, Oileáin Árainn
Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le féintionlacan (Sóisear ):
Rhianna Nic Dhomhnaill, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le féintionlacan (Sinsear ):
Sonny Ní Chathasaigh, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Grúpaí Amhránaíochta Chomhairseartha le féintionlacan ( Sóisear ):
‘Grád A’, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal
Grúpaí Amhránaíochta Chomhairseartha le féintionlacan ( Sinsear ):
Sorcha Ní Choncharraige, Stiofán Ó Ceallaigh, Mark Ó Gormáin Dálaigh, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Tá Gael Linn an-sásta go bhfuil ardú tagtha ar líon na scoileanna atá ag glacadh páirte i gcomórtas Scléip arís i mbliana. Beidh réamhbhabhtaí réigiúnacha eile á n-eagrú sna laethanta amach romhainn , san Ionad Óige, Mainistir Fhear Muí, Co. Chorcaí ar an gCéadaoin, 23 Samhain, in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath ar an Mháirt, 29 Samhain, agus in Amharclann an Gharáiste, Déardaoin, 1 Nollaig, 2016, agus fógrófar na torthaí in am tráth ! Coinnigh súil amach ar leathanach Facebook Scléip Gael Linn do ghrianghraif ó na hócáidí éagsúla.
Comhghairdeas le Gaelscoil Chnoc na Ré, Sligeach
Samhain 22, 2016
Guíonn Foireann Gaeloideachas gach rath ar Ghaelscoil Chnoc na Ré dá hócáid cheiliúrtha 20 bliain a bheas ar siúl ar an Aoine 25 Samhain. Guíonn muid gach rath ar Phríomhoide Mícheál Ó Broin, foireann, daltaí agus pobal uile na scoile don tréimhse spreagúil atá amach rompu. Ádh mór agus gach rath oraibh.