Méid an Téacs

Gaelscoil Phádraig – Turas Gaeltachta

Iúil 7, 2011

Ár dTuras Gaeltachta
Le Caoimhe Ní Chearúil, Rang a 5

Thosaíomar ag bailiú airgid mí roimh an dturas. Ar dtús rinneamar Siúlóid Urraithe,bhíomar ag súil go mór leis. Bhailíomar thart at dhá mhíle euro idir Rang a 5 agus 6. Ansin bhí Lá Gleasadh Suas againn. Bhí buaiteoir ó gach rang agus fuair said duais beag. Agus thoilleamar béagnach dhá chead ó sin.
Faoi dheireadh tháinig an Luain an 23ú agus bhí sceitimíní ufásach orainn! Bhí an turas sa bhus 6 uair an chloig ar fhad agus bhí tuirse orainn nuair shroiceamar tithe na Mná Tí. Stopamar ag trá Inse roimh a shroiceamar Feothanach. Bhí trí teach éagsúil, bhí teach na buachaillí in aice le teach leath de na cailíní agus bhí an teach eile suas an bother, leis na cailíní eile. Shocraíomar isteach sna tithe agus bhí sproai againn an oíche sin.
Dhúisíomar ag a 8 a chlog maidin Dé Máirt. An chéad áit a chuamar ná Gallerus, an séipéal is sine in Éirinn. Tar éis sin chuamar go dtí reilg a bhí an-shumiúil. Ansin ar aghaigh linn go dtí foirgneamh Ionad an Bhlascaoid. Thug na daoine ann puzail dúinn agus bhíomar ar fad ag rith timpeall ag lorg freagraí! B’shin an lá ba shuimiúla mar tar éis a chríochnaíomar an puzail chuamar isteach sa Daingean chun Fungie a fhéiceáil! Ceapaim go raibh sé seo ceann do na rudaí is fear mar tháinig sé suas in aice na báid! Bhí sé go hálainn, agus bhíomar scroiste tar éis na gníomhaíochtaí ar fad!
An céad lá eile bhíomar ag dul go dtí Scoil Dún Chaoin. Bhí 24 páiste ann, agus ceapaimid go bhfuil scoil beag againne! Thaispeáin siad an talann atá acu agus chuireamar a lán ceisteanna orthu. Tar éis sin chuamar ag siopadóireacht le haghaidh ár gclainne. Is tar éis sin shiúlamar go ‘Oceanworld’- an t-uisceadán. Bhí sé ana-mhaith agus bhaineamar an-taitneamh as! Rinne mé dearmaid ar an potadóireacht a rinnemar maidin dé Céadaoin ach fós bhaineamar an-taitneamh as! Arís bhíomar scroiste,ach bhí lá iontach againn.
Maidin Deardaoin chuamar go dtí scoil eile, Scoil Naomh Eirc. Bhí sé an-shuimiúl. Ansin thaisealaíomar isteach sa Daingean. Bhí a lán ar siúl againn,rinneíomar siúlóid ar dtús, ansin chuamar ag babhlál, agus ansin go dtí ionad dreapodóireachta.
Agus ansin tháinig an Aoine! Bhí brón orainn go raibheamar ag fagáil,agus go raibh 6 uair an chloig le taisteal sa bhus againn!!!  Ach bhí an spraoi againn ann agus béidh na cuimhní sin agam go deo!

Teacher training course reform

Iúil 7, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Dianchúrsa Gaeilge do mhúinteoirí iar-bhunscoile Gaeltachta agus lán-Ghaeilge

Iúil 6, 2011

Ionad:

Trá Lí

Dátaí:

15 -19 Lúnasa 2011 (seachtain, Luan – Aoine)

Am:

9.30am – 3.30pm

Lónadóireacht:

Cuirfear tae, caife agus lón ar fáil

Aidhm an chúrsa:

Dianchúrsa Gaeilge le múinteoirí a ullmhú d’fheidhmiú trí Ghaeilge sa scoil lán-Ghaeilge

Ábhar an chúrsa:

Cruinneas agus saibhreas na teanga labhartha don seomra foirne, timpeall na scoile, le
tuismitheoirí, ag feitheoireacht etc.
Scríobh na Gaeilge maidir le litreacha/nótaí/fógraí.
Gaeilge ábharbhunaithe don teagasc – téarmaíocht, cur i láthair ceachtanna, nótaí teagaisc agus eile.

Gach eolas: www.cogg.ie

Irish language must be valued

Iúil 6, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Raic leanúnach faoi Ghaelscoil i gCorcaigh

Iúil 4, 2011

Tá sé ina raic i gCathair Chorcaí mar gheall ar phleananna foirgneamh nua a thógáil do Ghaelscoil an Ghoirt Álainn.

Tar éis blianta i gcóiríocht shealadach, tá an Ghaelscoil ag iarraidh baile buan seasta a fháil sa ‘Tank field’ in oirthuaisceart na cathrach. Ní beag, áfach, líon na ndaoine áitiúla, Gaeilgeoirí ina measc, atá ag léiriú a míshástachta leis seo de bharr, dar leo, gurb í an pháirc seo an t-aon áit ghlas amháin sa chuid sin den chathair. Tá an pháirc zónáilte d’úsáid spóirt agus í suite ar an teorainn idir Montenotte na flúirse agus Baile na mBocht (Mayfield). De thoradh an eolais mhíchruinn a bhí i measc an phobail i dtaobh an scéil seo, d’eagraigh an Ghaelscoil lá oscailte ar an Luan seo caite chun daoine a chur ar an eolas faoi. Tugadh cuireadh do chomhairleoirí cathrach Chorcaí bheith ann. Níor tháinig ach ochtar acu.

Sheol an scoil bileog eolais le gairid chuig thart ar 800 teach sa cheantar chun a taobhsan den scéal a shoiléiriú. Ina theannta sin, ghlac thart ar 1500 duine, daltaí scoile ina measc, páirt i mórshiúl ar son na Gaelscoile i mí an Mhárta sa chathair. Ba mhór an cúnamh agus ardú meanman, dar leis an Uasal Ó Brolacháin, leibhéal na tacaíochta a léirigh an pobal an lá sin. I ndiaidh an mhórshiúil, bhuail muintir na scoile le ceathrar T.D. atá, dar leis, ar son bogadh lucht na scoile isteach sa ‘Tank field’. Ba iad sin Jonathan O Brien, SF, Dara Murphy, FG, Kathleen Lynch, Lucht Oibre agus Billy Kelleher, FF. Is iad an dá dhream atá in aghaidh an tsuímh nua seo don Ghaelscoil ná Cumainn Áitritheoirí Montenotte agus Murmount. Dar le Breandán Ó Guagáin ó Chumann Áitritheoirí Montenotte, dá dtógfaí an scoil nua sa ‘Tank field’, beidh cosc iomlán ar an bpobal aon úsáid a bhaint as an t-aon áit ghlas amháin sa cheantar mar atá á úsáid acu le glúine ó tógadh na tithe taobh leis an bpáirc siar sna 1930í.

Gaelscéal – Seosamh Ó Riain

Spraoicheist Gael Linn i gCeatharlach

Meitheamh 29, 2011

B’iontach an ocáid Ghaelach a reachtáileadh le déanaí mar chuid d’imeachtaí na hÉigse i gCeatharlach do dhaltaí ins na hardranganna i mbunscoileanna an cheantair.

Spraoicheist na hÉigse a bhí  ann, eagraithe ag Gael Linn i gcomhar le Glór Cheatharlach, agus d’éirigh go hiontach leis an ócáid. Ghlac seacht bhfoireann is tríocha páirt sa Spraoicheist. Dob é an slua ba mhó riamh agus líonadar halla spóirt na Gaelscoile.Thángadar ag siúl, i gcarranna agus i mbusanna ó aon scoil déag. Bhíodar ann ó Ghleann Uisean, Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Scoil an Easboig Uí Fhoghlú, Beann na gCaorach, Tigh an Raoireann, Baile na mBreathnach, Scoil Chailíní an Teaghlaigh Naofa, Scoil Naomh Bríd Muinebheag, Gaelscoil Átha Í, Scoil Naomh Fiacc agud Díseart Diarmada.

Bhí éagsúlacht an-mhaith de cheisteanna le freagairt bunaithe ar spórt agus ceol, scannáin agus cláracha teilifíse, leabhair agus eolas ginearálta. Dob í Niamh de Búrca thar cheann Gael Linn a bhí ag cur na gceisteanna agus bhí muintir Ghlór Cheatharlach i mbun marcála. Bhí na daltaí uile thar a bheith tógtha leis an mbabhta éisteachta agus le babhta na bpictiúr ach go háirithe. Bhain cuid de na foirne scóranna an-ard amach. Tháinig Tigh an Raoireann agus Gaelscoil Cheatharlach ar chomhscór sa tríú háit le Scoil an Easboig Uí Fhoghlú sa dara háit. Ach le scór dochreidte de naoi marc is caoga as seasca fógraíodh na buachaillí ó Scoil Naomh Bríd, Muinebheag mar bhuaiteoirí Spraoicheist 2011. Bronnadh duaiseanna agus plaiceanna Gael Linn ar bhaill na bhfoirne a bhuaigh .

Chun clabhsúr a chur leis an ócáid chuir na daltaí ó Ghaelscoil Átha Í, Scoil an Teaghlaigh Naofa, Gleann Uisean agus Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc taispeántas ceoil i láthair. Ghabh Niamh de Búrca buíochas leis na daltaí, leis na múinteoirí agus le bainistíocht na Gaelscoile as a dtacaíocht do Spraoicheist  Gael Linn  atá anois mar cheann de phríomh imeachtaí na mbunscoileanna ar chlár Fhéile na hÉigse i gCeatharlach.

The Nationalist – Glór Ceatharlach

40 scoil nua le bunú sna sé bhliain amach romhainn – an tAire Quinn

Meitheamh 28, 2011

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., inniu go mbunófar 20 bunscoil nua agus 20 iarbhunscoil nua sna sé bhliain amach romhainn.

Ag fógairt na scoileanna nua dó, dúirt an tAire: “Tá mo Roinnse ag tuar méadaithe de bhreis is 45,050 dalta bunscoile agus 24,900 dalta iarbhunscoile faoi thosach na scoilbhliana 2017/18.

“Chun freastal ar riachtanais an daonra mhéadaithigh páistí atá ag dul ar scoil, caithfimid 40 scoil nua a bhunú maraon le síneadh a chur le roinnt de na scoileanna atá ann cheana.”

As na 40 scoil nua, beidh 17 díobh i gceantar Bhaile Átha Cliath agus 12 eile i i gcrios na gcomaitéirí i gCill Mhantáin, Cill Dara, sa Mhí agus i Lú.

Bunófar sé scoileanna nua i gCorcaí, trí chinn i nGaillimh, ceann i Loch Garman agus ceann sa Chabhán.  (Feic an léarscáil leis seo a thaispeánann suíomhanna na scoileanna nua).

Beidh na scoileanna nua seo mar bhreis ar na seacht bunscoileanna nua a osclaíodh i bhfómhar na bliana 2010.  Bunscoileanna sé déag rangsheomra agus iarbhunscoileanna do suas le 1,000 mac léinn a bheidh iontu de ghnáth.  Meastar gur costas caipitil de tuairim is €380m a bheidh ar bhunú na scoileanna nua agus áireofar roinnt tionscadal Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí sa chlár seachadta.  Beidh tionscadail bhreise sínte scoile ann chomh maith a bheidh ag teastáil chun freastal ar an daonra méadaitheach páistí atá ag dul ar scoil.

D’fhógair an tAire freisin bunú socruithe nua d’aitheantas bunscoileanna agus scoileanna dara leibhéal nua.  Adúirt an tAire Quinn: “Leis an líon suntasach scoileanna nua, beidh deis ann do phátrúin cur isteach ar phátrúnacht na scoileanna seo.

“Tugann na socruithe nua atá foilsithe ag mo Roinnse inniu, cur chuige cothromaithe chun ligint do phátrúin ionchasacha iarratais a chur isteach ar bhunú scoileanna.

“Cuireann na critéir atá le n-úsáid chun pátrúnacht na scoileanna nua a chinneadh béim ar leith ar an éileamh ó thuismitheoirí ar iolrachas agus éagsúlacht pátrúnachta.”

Cuireann an fógra béim arís ar thiomantas an Aire chun feidhmithe luath na dtiomantas i gClár an Rialtais maidir le gluaiseacht i dtreo córais níos iolraí pátrúnachta ag an dara leibhéal.

Tá sé ag tógáil freisin ar an bhFóram faoi Phátrúnacht  agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile a bhunaigh an tAire.

“Is ceart go mbeadh rogha na dtuismitheoirí ag croílár an bhreithiúnais faoin gcineál scoile a aithneofar,” a dúirt an tAire Quinn.

“Deanfaidh na socruithe nua foráil go n-iarrfar ar comhlachtaí pátrúnachta atá ag moladh scoileanna ag an gcéad nó ag an dara leibhéal fianaise faoi éileamh a chur faoi bhráid.”

D’fhógair an tAire freisin bunú an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua a chuirfidh comhairle air faoi phátrúnacht scoileanna nua tar éis dó tuairisc faoi na hiarratais a bhreithniú a chuir an Roinn le chéile.  An Dr. Seamus McGuinness (iar-léachtóir sinsearach i Roinn an Oideachais i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath) a bheidh ina Chathaoirleach ar an nGrúpa agus áiríonn sé chomh maith Ms. Sylda Langford (iar-Stiúrthóir Oifig an Aire Leanaí) agus an tOllamh Seán Ó Riain (Roinn na Socheolaíochta, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad).

Is iad na chéad céimeanna eile i bpróiseas na scoileanna nua seo ná:

  • Cuirfidh an Roinn in iúl go gairid do na comhlachtaí pátrúnachta na sonraí faoi na chéad scoileanna atá le bunú.
  • Is féidir leis na comhlachtaí pátrúnachta iarratais a chur faoi bhráid ansin.
  • Dréachtfaidh oifigigh de chuid na Roinne tuairisc a bheidh bunaithe ar na hiarratais seo a bhreithneoidh an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua agus cuirfidh sé sin tuairisc agus moltaí inti chuig an Aire chun a bhreithnithe.

www.education.ie

Borradh faoi líon na Naíonraí sa tír

Meitheamh 28, 2011

Tá borradh ollmhór faoi líon na naíonraí atá á n-oscailt ar fud na tíre le cúpla bliain anuas. Faoi láthair tá go leor folúntas atá bainteach leis an réimse oibre seo fógartha i naíonraí éagsúla in Uíbh Fháilí, Cill Chainnigh, Cill Dara, Baile Átha Cliath, Trá Lí agus Cill Mhantáin.

Is poist lánaimseartha agus pháirtaimseartha atá i gceist do dhaoine atá cáilithe chun tabhairt faoi phoist amhail Stiúrthóir Naíonra agus stiúrthóirí cúnta.

Tháinig méadú suntasach ar an méid naíonraí nua atá oscailte ar fud na tíre le dhá bliain anuas. Sa bhliain 2009 d’oscail cúig naíonra nua, anuraidh osclaíodh seacht gcinn déag nua agus i mbliana tá sé beartaithe go mbeidh breis is fiche naíonra nua oscailte i gceantair  éagsúla ar fud na tíre ag tús na scoilbhliana.

Ag tagairt don bhorradh faoi lion na naíonraí sa tír le blianta beaga anuas dúirt Seán Ó hAdhmaill atá ag obair mar Oifigeach Forbartha le Forbairt Naíonraí Teoranta “go raibh dhá phríomhchúis leis an méadú suntasach seo” , dúirt sé “gur chuir An Scéim um Chúram agus Oideachas Luath-Óige, a cuireadh i bhfeidhm anuraidh, mar aon le córas nua chun Stiúrthóir Naíonra a cheapadh go mór leis an mborradh seo”.

Dé réir na scéime um Chúram agus Oideachas Luath-Óige bíonn an-deis ag tuismitheoirí a bpáistí a chur chuig naíonra saor in aisce ar feadh bliana. Tá an scéim seo dírithe ar pháistí a bheidh ag tosú ar scoil an bhliain dár gcionn.
Leis seo tháinig an-éileamh ar naíonraí mar go dtugann roinnt de na gaelscoileanna timpeall na tíre tús áite de ghasúir a d’fhreastail ar naíonraí.

Maidir leis an gcóras nua earcaíochta atá curtha i bhfeidhm agus ag ceapadh Stiúrthóirí ar naíonraí , bíonn agallamh Gaeilge mar pháirt lárnach don phróisis seo anois. Ciallaíonn seo go mbíonn caighdeán ard Gaeilge sna naíonraí.

Le blianta anuas tá níos mó féidearthachtaí ann chun naíonra a bhunú i gceantair timpeall na tíre, de bharr go bhfuil go leor naíonraí i mbailte beaga eile cheana féin. Tá an-tóir orthu mar go hiondúil téann na páistí ar aghaidh chuig Gaelscoil má tá ceann sa cheantar agus ar an gcaoi sin bíonn aithne ag na gasúir ar dhaoine eile agus bíonn cairde déanta acu agus iad ag dul tríd an gcóras oideachais trí mheán na Gaeilge.

Tá tuilleadh eolais maidir le naíonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Fhorbairt Naíonraí Teoranta: www.naionrai.ie.

©Gaelport.com 28 Meitheamh 2011

Togha na gcúrsaí ollscoile ar fáil trí Ghaeilge

Meitheamh 28, 2011

Tá áthas an domhain ar lucht an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteiste  mar gur tháinig deireadh leis na scrúduithe Stáit Dé hAoine seo cáite.

Cé go mbeidh ócáidí ceiliúrtha á n-eagrú acu anois tá jab amháin fós le déanamh acu siúd a bhfuil suim acu a n-intinn a athrú ar chúrsaí tríú leibhéal atá roghnaithe acu.

Is féidir le daltaí Ardteiste a líon isteach foirm CAO cúrsaí tríú leibhéal a roghnú roimh 5.15i.n ar 1 Iúil trí www.cao.ie.

Tá éileamh mór ann do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu, le teacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, an Ghaeilge a bheith aitheanta mar theanga oifigiúla san Aontas Eorpach agus forbairt na meán craoltóireachta le cúpla bliain anuas gan trácht ar mhúinteoirí  bunscoile agus iar-bhunscoile. Chun an t-éileamh seo a sásamh tá fás mór tagtha ar chúrsaí tríú leibhéal a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhghné iontu.

Is féidir BA a dhéanamh sa Ghaeilge i gcuid mhaith d’institiúidí tríú leibhéal lena n-áirítear Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Má tá suim agat i gcúrsaí gnó nó iriseoireacht is féidir BA Gnó agus Gaeilge nó BA Gaeilge agus Iriseoireacht a dhéanamh le FIONTAR DCU (www.dcu.ie/fiontar)

Ós rud é go bhfeidhmíonn cúrsaí FIONTAR go hiomlán trí Ghaeilge agus go bhfuil áiseanna teanga d’ardchaighdeáin ar fáil sna ríomhlanna bíonn mic léinn réidh le hobair trí Ghaeilge gan mórán stró.  Cuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh (http://www.acadamh.ie/)  réimse leathan de chúrsaí ar fáil ar nós cúrsaí aistriúcháin, riaracháin gnó agus cumarsáíde.

Tugann na cúrsaí san Acadamh deis do mhic léinn cúrsa tríú leibhéal a dhéanamh i gcroílár ceantair Gaeltachta amhail Connemara agus Dún na nGall,  a chabhraíonn go mór leo a scileanna teanga a fhorbairt.

©Gaelport.com 28 Meitheamh 2011

‘Níl go leor spásanna sna Gaelscoileanna’

Meitheamh 28, 2011

Ní raibh 1,200 páiste in ann áit a fháil i ngaelscoil anuraidh de bharr easpa spáis san earnáil, de réir figiúirí ó Gaelscoileanna Teo.

Bailíonn an eagraíocht staitisticí ó scoileanna lán-Ghaeilge faoi líon na bpáistí ar liostaí feithimh, agus tá na figiúirí do 2009/2010 eisithe acu anois. Ní raibh 890 páiste in ann dul chuig bunscoil lán-Ghaeilge sa Phoblacht agus ní raibh áit i nGaelscoil dara leibhéal do 340 scoláire eile. Bhí 367 dalta ar liostaí feithimh bunscoile i mBaile Átha Cliath, 262 sa chuid eile de Chúige Laighean, 113 sa Mhumhain, 100 i gConnachta agus 38 i nDún na nGall, i Muineachán agus sa Chabhán. Tá leath de na daltaí dara leibhéal nach bhfuair áit i meánscoil lonnaithe i gCúige Mumhan. Níl figiúirí do 2010/2011 eisithe ag Gaelscoileanna Teo go fóill. Tá ganntanas spáis i nGaelscoileanna ina fhadhb le fada an lá, agus bíonn díomá ar thuismitheoirí timpeall na tíre gach uile bhliain nuair nach féidir leo áit a fháil i scoil lán-Ghaeilge dá bpáistí.

Cláraíonn roinnt tuismitheoirí a bpáistí le gaelscoileanna chomh luath agus a thagann siad ar an saol de bharr an éilimh ar spásanna. “Níl go leor spásanna sna gaelscoileanna,” arsa Seán Mac Cárthaigh, Príomhoide Ghaelscoil Chluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath. “Tá an-éileamh ar an nGaelscolaíocht. Bíonn thart ar 30 dalta ar liosta feithimh na scoile gach bliain, agus bíonn an-díomá ar na tuismitheoirí nuair a deir muid leo nach bhfuil áit ann dá gcuid páistí.” “Ba cheart níos mó scoileanna lán-Ghaeilge a oscailt nó na cinn atá ann faoi láthair a dhéanamh níos mó, sa chás go bhfuil spás do sheomraí breise acu.” Dúirt an tAire Oideachais Ruairí Quinn an tseachtain seo caite nach féidir le 20% de na scoileanna ar fad sa Phoblacht freastal ar an éileamh d’áiteanna. Níl na páistí a bhí cláraithe do ghaelscoileanna nua a rabhthas ag iarraidh iad a oscailt ó 2008 i leith san áireamh sna figiúirí ó Gaelscoileanna Teo. Tá spéis léirithe ag tuismitheoirí i 14 ceantar ar leith i mbunscoil lán-Ghaeilge a bhunú le blianta beaga anuas. Cuireadh stop leis an obair a bhí ar siúl ag roinnt de na coistí bunaithe, ina measc coistí i Dún Léire, Contae Lú, i gCromghlinn, Baile Átha Cliath agus i Ros Mhic Thriúin, Loch Garman, de bharr polasaithe nua na Roinne Oideachais.

De réir rialacha reatha na Roinne, ní féidir scoil nua a oscailt mura bhfuil sé lonnaithe i gceantar ina bhfuil an daonra ag fás. Níl aon chinnteacht go mbeidh tuismitheoirí in ann gaelscoil a oscailt fiú sna ceantair sin féin áfach. Tá an tAire Oideachais i mbun comhráití leis na heaglaisí agus le forais eile agus é mar aidhm aige córas nua pátrúnachta a aontú roimh dheireadh na bliana. Chuir an Coimisiún um Chóiríocht Scoile tuairisc faoi bhráid an Aire i mí Feabhra a bhí báúil don Ghaeilge. Dúradh ann gur cheart go mbeadh áit ag an ngaelscolaíocht sa chóras nua “trí fhorbairtí campais le scoileanna eile, nó, nuair is cuí, ar a suíomhanna féin.” Deir an Coimisiún chomh maith gur cheart go mbeadh an rogha ag scoileanna a dteanga teagaisc a athrú ó Bhéarla go Gaeilge “chomh fada agus a aontaíonn na páirtithe leasmhara go léir leis an athrú agus nach gciallaíonn sé go bhfuil easpa cóiríochta sa cheantar.”

Gaelscéal – Colm Ó Broin

« Previous PageNext Page »