An Straitéis le plé ag Seimineár i mBÁC
Eanáir 19, 2011
Beidh seimineár poiblí, ‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge – Na céimeanna tosaigh i dtreo Straitéis inmharthana, á eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an Déardaoin, 3 Feabhra 2011, in Óstán Davenport, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 ón 2-9pm.
Díreoidh an seimineár ar bhlianta tosaigh na Straitéise, ar riachtanais phobal na Gaeilge sna blianta tosaigh sin agus ar na céimeanna ar ghá a ghlacadh chun bunchloch láidir a leagan síos don Straitéis. Feictear don Chomhdháil go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an deis ag an bpobal eolas ar na réimsí gnímh faoin Straitéis a fháil, na réimsí gnímh sin a phlé le saineolaithe na hearnála, le gníomhairí Stáit agus deonacha, agus leis na páirtithe polaitiúla araon.
Reáchtálfar an seimineár ón 2pm-9pm, le trí sheisiún ar leith, ag plé: Réimsí Gnímh na Straitéise; Ról na hearnála deonaí i gcur i bhfeidhm na Straitéise; agus Forógraí Olltoghcháin. Tá cóip de chlár iomlán an tseimineáir ar fáil ar www.gaelport.com.
Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain
Eanáir 14, 2011
Comhghairdeas leis na foirne díospóireachta ó Choláistí Eoin agus Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath, agus ó Choláiste Rís, Dún Dealgan, a bhuaigh duaiseanna ag an dara Craobh Réigiúnach de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain i Má Nuad, Co. Chill Dara aréir ( Déardaoin, 13 Eanáir ).
Sa chraobh shóisearach, labhair na cainteoirí óga go heolach ar an rún ‘Is miotas é cairdiúlacht mhuintir na hÉireann!’ Foirne ó Choláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath; Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin, Iarbhunscoil Mhá Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara agus Coláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú a bhí páirteach. Bhí sceitimíní áthais ar a lucht tacaíochta nuair a fógraíodh gurb iad Coláiste Eoin agus Coláiste Rís na curaidh shóisearacha ! Is iad Ciarán Ó Duinneacha agus Seán Ó Coigligh faoi seach na múinteoirí a chuidigh agus a threoraigh na cainteoirí agus iad ag ullmhú don díospóireacht seo.
‘Is féidir linn ár muinín a chur sa chéad ghlúin eile!’ an rún a bhí faoi chaibidil ag na foirne i gcraobh na sinsear -Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath, Gaelcholáiste Chéitinn, Cluain Meala, Co. Thiobraid Árann agus Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath. Bhí tuairimí spéisiúla spreagúla ag na cainteoirí uilig agus cinneadh deacair le déanamh ag na moltóirí dá réir ! Is iad foirne Choláiste Eoin agus Choláiste Íosagáin a tháinig amach ar barr ar deireadh, agus a gcuid múinteoirí Ciarán Ó Duinneacha agus Fíona Uí Uiginn í an-bhródúil as a scoláirí!
Rachaidh na foirne bhuacacha ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann den chomórtas ar an Déardaoin, 27 Eanáir 2011 i bPortlaoise.
Ranganna Gaeilge i mBÁC 15
Eanáir 13, 2011
Tosóidh Ranganna Comhrá Gaeilge "Cúpla Focal" arís ar an gCéadaoin, 26 Eanáir 2011, in Ionad Acmhainní na Coirre Duibhe, An Chorr Dhubh, Baile Bhlainséir, BÁC 15
Cúrsa 8 seachtainí:
Maidin 10 a.m. go dtí 11.30 a.m.
Oíche 7.30 p.m. go dtí 9 p.m.
Beidh na ranganna saor in aisce
Tae/Caifé ar fáil ar €2 an duine.
Gach eolas ó Monica 01 8219021/8219750
Irish taught well in only 50pc of schools
Eanáir 13, 2011
Language activists blast FG’s plan to make Irish optional
Eanáir 12, 2011
Comórtas Thráth na gCeist Bord
Eanáir 7, 2011
Eagraíonn Feachtas Comórtas Thráth na gCeist Bord idir iarbhunscoileanna gach bliain. Beidh na réamhbhabhtaí ar siúl i mbliana i Mí Feabhra / Mí Marta 2011 agus an Craobh i Mí Aibreán 2011. Foirne de cheathrar atá i gceist: beirt atá ag déanamh an Teastas Sóisearach agus beirt atá ag déanamh na hArdteiste. Beidh deich mbabhta ceisteanna agus sé cheist i ngach babhta. Bíonn réamhbhabhtaí ar fud na tíre ( dátaí agus suíomh le socrú) agus bíonn níos mó ná 1000 duine páirteach sa Chomórtas.
Costas 3 euro in aghaidh an duine agus ag an Chraobh beidh dhá scoláireacht go dtí An Ghaeltacht don fhoireann a mbeidh an bua acu agus scoláireacht amháin dóibh seo a gheobhaidh an darna áit chomh maith le roinnt dearbháin dlúthdhiosca agus leabhar.
Má tá suim ag do scoil páirt a ghlacadh sa chomórtas Thráth na gCeist téigh i dteagmháil le Liam Ó Maolchluiche ag liam.feachtas@gmail.com chomh luath agus is féidir chun clárú don chéad chomórtas.
Chomh maith le sin tá Feachtas ag lorg ionaid chun na Tráth na Gceist a chur ar siúl. Má tá tú in ann do scoil a chur ar fáil mar ionad, cur in iúl dóibh, le do thoil.
Má tá tuilleadh eolais uaitse déan teagmhail le Liam Ó Maolchluiche ag an seoladh r-phost nó scairt ar 01 8786424 ( oifig) nó 087 9046136 ( fón póca).
Call for real leadership for Irish language to flourish
Eanáir 5, 2011
The new Irish language strategy which aims to increase the number of daily Irish speakers to 250,000 in 20 years is achievable according to a leading language campaigner in Mayo but he stressed the government need to ‘put their money where their mouths are’.
Last week, announcing the Government’s 20-year strategy for the Irish language with the key target of increasing the number of daily irish speakers from 83,000 to 250,000. Máirtín Ó Maicín of Conradh na Gaeilge in Mayo said he believes the strategy is possible and a step in the right direction but will need leadership to succeed. “The strategy is a positive step forward even if it might be a little late in the day but if we are serious about it we can do it, ” he said. “It is possible but the government needs to put their money where their mouths are and back up this strategy with concrete resources,” he told The Mayo News.
“The language has had the same problem as the current economic difficulties and that is the lack of leadership from the top. Words are fine but they need to be put these words into action. The onus is on all of us; parents, teachers, community leaders and the media to make this work. The lack of simple Christmas greetings by politicians and the media in Irish is an example of this. It is extremely important that we show that Irish is a living language and not just a school subject,” he said. Some of the other key targets of the strategy proposes to reconfigure Údaras na Gaeltachta as a new Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta and a total of EUR1.5 million has been set aside by the department from within existing resources to support the strategy.
Up to 20 per cent of places in colleges of education to be retained for students educated through Irish in Gaeltacht schools, in gaelscoileanna and for those attaining a high performance threshold in Irish in the Leaving Certificate. Gaeltacht status for communities will be based on linguistic criteria and new areas may be included in the Gaeltacht if they meet the linguistic criteria. The strategy was supported ‘in principle’ by Fine Gael spokesperson on the Gaeltacht, Deputy Frank Feighan and Ó Maicín welcomed this adding that he hoped that they change their policy regarding scrapping the obligatory teaching of Irish at Leaving Cert level.
Many observers believe that the Irish language may suffer because of the economic hardship with families deciding not to send their children to Gaeltacht colleges in the summer. However, Ó Máicin – who recently retired as Principal of Killawalla National School – takes the opposite view and believes that people will now look at Irish in a more positive outlook. “There has been an increasing positive attitude to Irish in the last 20 years and I believe the current economic climate will strengthen it further. The language is the one thing we have which is distinctively Irish and people will realise that. Our economic sovereignty can be take-away from us but they can’t take-away our language. Only we can do that and I am positive about the future of the language.”
The Mayo News
4 Eanáir 2011
Scoil Lorcáin – Féile Eolaíochta
Nollaig 23, 2010
Bhí Féile Eolaíochta ar siúl ag Scoil Lorcáin i rith na seachtaine. Tháinig scolairí ó Choláiste Iosagáin chugainn ag miniú dos na daltaí gnéithe a bhaineann le Eolaíócht. Ar an Luan agus an Mháirt bhí an chreatlach agus Leicteachas á dhéanamh leo. Tháinig na cailíní isteach sna ranganna, le trealamh is le a lán fuinneamh!!! D'usáid siad an fearas chun creatlach an duine a mhiniú agus an ciorcad leictreachas a dhéanamh. D'éirigh go h-an mhaith leo leis an aois ghrúpa seo.
Ar an Mháirt, tháinig siad isteach arís chugainn, ach le gníomhaíochtaí eagsúla do rang, 3,4,5 agus a 6. Le rang 3 agus a 4, thógadar teach solais an duine, soléir le tuiscint go raibh a lán obair idir láimh acu, ach d'éirigh go hiontach leo. Le Rang a cúig is a sé, bhí neart bileoga oibre is obair eagraithe acu bainteach le corp an duine, na cnámha agus an craiceann. D'éirigh go hiontach leo, is tá sé beartaithe againn é a eagrú an bhliain seo chugainn!
Easpa aitheantais do ghaelscoileanna nua, ainneoin plean teanga an Rialtais don Ghaeilge
Nollaig 23, 2010
D’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna an tseachtain seo nach bhfuil ach ceithre cheantar aitheanta acu ina bhfuil riachtanais do sholáthair bhreise don bhunoideachas do Mheán Fómhair 2011. Cé go bhfuil éileamh láidir ar ghaelscolaíocht sna ceantair sin, tá díomá ar GAELSCOILEANNA TEO. nach bhfuil aon aird á thabhairt ag an Roinn ar na ceantair eile ar fud na tíre ina bhfuil coistí bunaithe i mbun dian-fheachtais le gaelscolaíocht a chinntiú dá bpáistí, agus díomá ar leith nach bhfuil aitheantas á thabhairt do Ghaelscoil Ráth Tó, a d’oscail gan cúnamh na Roinne i Meán Fómhair 2010. Thug múinteoir agus páistí na scoile cuairt ar oifigí an Aire Oideachais, an Tánaiste Mary Coughlan, an tseachtain seo caite le litreacha achainí di agus d’impíodar uirthi aitheantas a bhronnadh ar an scoil, nach bhfaigheann aon maoiniú nó tacaíocht ón Roinn, ainneoin an éilimh mhór ar an ngaelscolaíocht sa cheantar.
Níl polasaí ná cur chuige na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir leis an ngaelscolaíocht ag luí le Straitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge, a foilsíodh ar an 21 Nollaig. Scríobhtar sa straitéis go ndéanfar iarracht an córas oideachais a fheabhsú, ach ní léir go bhfuil an Roinn ag déanamh beart de réir briathar agus ag tacú mar is ceart leis na gaelscoileanna. Roimhe seo, d’aithin córas na Roinne i leith scoileanna nua a bhunú an tslí ina fhásann an scoil agus an ról tábhachtach atá aici sa chomhphobal ina fheidhmíonn sí. Faoi láthair, is ar déimeagrafaic amháin atá cinntí na Roinne maidir le scoileanna nua bunaithe agus is cosúil nach mbaineann rogha na dtuismitheoirí beag ná mór le plean na Roinne do sholáthar breise bunoideachais do 2011.
Éilíonn GAELSCOILEANNA TEO. ar an Roinn Oideachais aitheantas a thabhairt do Ghaelscoil Ráth Tó agus na coistí bunaithe gaelscolaíochta eile atá ag feidhmiú timpeall na tíre, agus freastal a dhéanamh ar an éileamh agus an cheart atá ag tuismitheoirí oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil dá bpaistí.
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Cuirtear fáilte roimh dhaltaí ó gach cúlra teanga, cultúrtha agus sóisialta. Tá 172 gaelscoil agus 39 gaelcholáiste lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.
Vow to triple our Irish speakers
Nollaig 23, 2010