400 dalta i Leitir Ceanainn ag plé Bhuntáiste Breise na Gaeilge
Deireadh Fómhair 18, 2010
Tá camchuairt Bhuntáiste Breise na Gaeilge de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi lán seoil le hócáidí i mBéal Feirste agus i Leitir Ceanainn le coicís anuas.
Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i meánscoileanna ar fud na tíre. Le linn na seimineár pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha. Go dtí seo, tá seimineáir reáchtáilte ag an gComhdháil, i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh, i gCaisleán an Bharraigh, i mBéal Feirste, agus i Leitir Ceanainn.
Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.
I measc na n-aoichainteoirí labhair i Leitir Ceanainn an tseachtain seo caite, bhí réalt spóirt de chuid fhoireann peile Dhún na nGall fear Gaeltachta, Caoimhín Ó Casaide. Labhair Loretta Ní Churraighín as Teileann, i gceantar Ghleann Cholm Cille, faoina cuid oibre mar Fheidhmeannach le hOireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus rinne Caitlín Uí Chlochláin cur síos ar a cuid taithí féin agus í ag obair mar Chomhordaitheoir Gaeilge le Comhairle Chontae Dhún na nGall.
Phléigh iriseoir Nuacht RTÉ/TG4, Caoimhe Ní Chonchoille na deiseanna agus na buntáistí a thug an Ghaeilge di féin, agus dúirt sí nach mbeadh gairm beatha dá leithéid bainte amach aici gan an Ghaeilge. D’inis Caoimhe do na 400 dalta scoile a bhí i láthair faoin am a chaith sí ar ollscoil in OÉ, Gaillimh, áit ar thug sí faoi Chéim sna Dána agus Máistreacht sa Nua Ghaeilge le Scoil na Gaeilge, agus faoin Ard Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Mar chuid den seimineár cuireadh fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí, rud a spreag díospóireacht spleodrach faoi thodhchaí na teanga, stádas Gaeltachta, an Ghaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteistiméireacht, an Ghaeilge ag an tríú leibhéal, tacaíocht an Rialtais don teanga.
Bhí ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastán eolais, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.
I mí na Samhna, tabharfaidh an Chomhdháil aghaidh ar an Tulach Mhór agus ar Bhaile Átha Cliath leis an seimineár Buntáiste Breise na Gaeilge. Chun do scoil a chlárú don ócáid seo, déan teagmháil le Brígíd, ag 01 679 4780.
Ról na nGaelscoileanna sa Straitéis le plé
Deireadh Fómhair 18, 2010
Tabharfaidh an tAire Pat Carey TD léargas ar an tábhacht a fheiceann sé i gcoitinne agus don Rialtas leis an earnáil ghaeloideachais ag comhdháil bhliantúil Gaelscoileanna Teo a bheidh ar siúl ar an dTulach Mhór i lár mhí na Samhna.
Tá an dlaoi mhullaigh curtha ar chlár na comhdhála ina bheidh ról straitéiseach na nGaelscoileanna i bhforbairt na Gaeilge sa chéad fiche bliain eile i gcomhthéacs na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge ach go háirithe á phlé ann.
Téama tráthúil go leor atá roghnaithe mar ábhar dhíospóireachta na comhdhála dar le Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na hEagraíochta, “agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge ar tí a bheith foilsithe, cuirtear os comhair ár súile comhthéacs agus tábhacht bhunúsach an ghaeloideachais i bhforbairt thodhchaí na teanga.”
Beidh cainteanna agus ceardlanna éagsúla á reáchtáil le linn na comhdhála a bheidh ar siúl san Óstán Tullamore Court ar an 19 agus 20 Samhain.
Fógraíodh chomh maith go mbeidh múinteoirí ón Tuaisceart agus ón Deisceart ag freastal ar an ócáid mar chuid de thogra nua comhoibrithe agus go mbeidh deis ag múinteoirí saineolas agus dea-chleachtas a roinnt lena chéile ón dá dlinse.
Lá Oscailte i Marino
Deireadh Fómhair 18, 2010
An bhfuil spéis agat a bheith i do Bhunmhúinteoir? Beidh Lá Oscailte ag Coláiste Mhuire Marino ar an Satharn, 20 Samhain ó 11 r.n. – 4 i.n. Tá fáilte roimh chách! Má tá tuilleadh eolais uait, téigh chuig www.mie.ie agus brúigh ar teacher education. Is féidir teacht ar réamheolaire an Choláiste anseo freisin.
Seimineáir faoi Bhuntáiste Breise na Gaeilge!
Deireadh Fómhair 15, 2010
Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag reáchtáil seimineáir “Buntáiste Breise na Gaeilge” timpeall na tíre faoi láthair.
Is é aidhm an tseimineáir ná an buntáiste breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun ghairm bheatha a léiriú. Tá an seimineár dírithe ar dhaltaí iarbhunscoile sna ranganna sinsir i meánscoileanna.
Bhí an chéad seimineár ar siúl an tseachtain seo caite i gColáiste Feirste, Béal Feirste, i gcomhar le Comhar na Múinteoirí Gaeilge. Labhair aoichainteoirí go spreagúil leis na daoine óga.
I measc na n-aoichainteoirí bhí an craoltóir agus iriseoir Tomaí Ó Conghaile as an Iúr agus Ursula Uí Dhonnaile, a labhair faoina taithí féin mar Oifigeach Gaeilge le Comhairle na Coirre Críochaí agus Comhairle Dhún Geanainn.
Labhair an peileadóir aitheanta agus múinteoir Gaeilge, Conall Ó Máirtín faoina thaithí féin leis an nGaeilge agus na buntáistí agus na deiseanna éagsúla a thug an Ghaeilge dó agus é ag dul i mbun ghairm bheatha agus ag obair le Campa Chormaic agus le coláistí samhraidh i nDún na nGall.
I measc na n-eagraíochtaí a raibh seastán acu bhí Foras na Gaeilge, Acadamh na hOllscolaíochta Gaillimh agus Tonnta.
Ag an seimineár in Óstán Mount Errigal i Leitir Ceanainn inné bhí ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéil i láthair chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.
Bhí an craoltóir le RTÉ, Raidió na Gaeltachta, Rónán Mac Aodha Bhuí ann chomh maith le réalta spóirt de chuid fhoireann peile Dhún na nGall, fear Ghaoth Dobhair, Caoimhín Ó Casaide.
Labhair Loretta Ní Churraighín as Teileann i bparóiste Ghleann Cholm Cille atá ag obair mar fheidhmeannach le hOireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus rinne Caitlín Uí Chlochláin cur síos ar a cuid taithí féin agus í ag obair mar Chomhordaitheoir Gaeilge le Comhairle Chontae Dhún na nGall.
Ag labhairt freisin bhí an t-iriseoir nuachta Caoimhe Ní Chonchoille as Gaoth Dobhair.
Is í seo an tríú bliain ag an seimineár a bheith ar siúl. Roimhe seo reáchtáladh na seimineáir i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh agus i gCaisleán an Bharraigh.
Beidh seimineár á reáchtáil i Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath ar 4 Samhain agus in Óstán Tullamore Court ar an Tulach Mhór ar 18 Samhain.
Gaelscéal – Caroline Ní Chualáin
15 Deireadh Fómhair 2010
Córais oideachais do mhionlaigh teanga
Deireadh Fómhair 14, 2010
Labhróidh an saineolaí mionteangacha, an Dr. Daniel Bourgeois, ó Moncton, Nua-Bhrunsuic, Ceanada, ag ócáid phoiblí in Óstán na Páirce, an Spidéal, anocht, 14 Deireadh Fómhair ag 8.00in. Tá an léacht, a bheidh ag díriú ar bhainistiú an chórais oideachais do mhionlaigh teanga, á eagrú ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta. Cuirfear tús leis an léacht ag 8.00i.n. agus tá an ócáid oscailte don phobal ar fad.
Beidh réamhráitis á ndéanamh roimh an léacht ag Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis agus Breandán Mac Cormaic, Cathaoirleach Bunaidh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
Is saineolaí mionteangacha é an Dr Daniel Bourgeois agus labhróidh sé ar riachtanais agus ar bhainistiú an oideachais do mhionlaigh teanga. Deir sé gurb é “an t-oideachas an tseirbhís is tábhachtaí is féidir le stát a chur ar fáil do theaghlaigh agus do phobail mhionlaigh atá ag iarraidh a dteanga a chaomhnú. Bíonn inmharthanacht agus seasmhacht teangacha mionlaigh ag brath ar Bhoird Oideachais a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas.”
Beidh Dr Bourgeois ag díriú freisin ar na riachtanais a bhaineann le Bord Oideachais a bhunú, a mbeadh lámh ag tuismitheoirí agus baill an phobail lena riaradh, le bainistiú a dhéanamh ar oideachas an mhionlaigh teanga.
Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
14 Deireadh Fómhair
An Gaeloideachas – croílár na Straitéise fiche bliain don Ghaeilge – téama tráthúil Comhdháil Bhliantiúil 2010 Gaelscoileanna Teo.
Deireadh Fómhair 14, 2010
Sheol an Comhairleoir áitiúil Seán O’Brien Comhdháil Oideachais Bhliantúil 2010 GAELSCOILEANNA TEO. go hoifigiúil aréir san óstán Tullamore Court, an Tulach Mhór, ionad roghnaithe na Comhdhála don bhliain 2010 a bheidh ar siúl ar an 19 agus an 20 Samhain.
D’aithin an seoladh oifigiúil go gcuireann an Chomhdháil ardán tábhachtach ar fáil do Phríomhoidí, Múinteoirí, Tuismitheoirí, Baill de Choistí na dTuismitheoirí, Baill de na Boird Bainistíochta, agus ionadaithe na n-Eagras Gaeilge agus Oideachais, chomh maith le pobal na Gaeilge agus pobal na scoileanna lán-Ghaeilge maguaird teacht le chéile agus ceiliúradh a dhéanamh ar an ngaeloideachas.
Agus í ag tagairt do mhana na Comhdhála, An Gaeloideachas – croílár na Straitéise fiche bliain don Ghaeilge, míníonn Ardfheidhmeannach na hEagraíochta, Bláthnaid ní Ghréacháin tráthúlacht na mana seo, “agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge ar tí a bheith foilsithe, cuirtear os comhair ár súile comhthéacs agus tábhacht bhunúsach an ghaeloideachais i bhforbairt thodhchaí na teanga. Tugann an t-aitheantas agus na gealltanais atá leagtha amach sa Straitéis chun leasa earnáil an ghaeloideachais ról lárnach do lucht riartha an oideachais, d’eagrais tacaíochta ar nós GAELSCOILEANNA TEO. agus do chleachtóirí sna scoileanna i múnlú na todhchaí.”
Fáiltíonn sí go mór roimh dheimhniú an Aire Carey go mbeidh sé ag tabhairt léargas don phobal ag an gComhdháil faoin tábhacht a fheiceann sé i gcoitinne agus don Rialtas leis an earnáil ghaeloideachais.
I dtaobh Clár na Comhdhála deir ní Ghréacháin “tá clár an-chuimsitheach curtha le chéile do Comhdháil Bhliaintúil 2010 agus tá aiseolas an-dearfach faighte againn ó phobail na scoileanna ina thaobh, ach go háirithe i dtaobh an meascán de theoiric agus ceardlanna praiticiúla. Tá an-áthas orainn a bheith in ann freastal ar riachtanais na scoileanna ó thaobh oiliúna de agus táimid cinnte go mbeidh idir thairbhe agus taitneamh ann do phobail uile na scoileanna”.
Ag ócáid seolta oifigiúil na Comhdhála, chuir Uachtarán na hEagraíochta, Mícheál Ó Broin, fáilte ar leith roimh an phobail áitiúil, “táimid fíor-bhuíoch de Ghaelscoil Eiscir Riada agus Gaelscoil Éadan Doire ach go háirithe atá ag cabhrú linn chun an pobal a chur ar an eolas agus chun cuireadh a leathnú dóibh chun na Comhdhála. Is mór an tacaíocht atá á tabhairt acu agus ag gníomhairí eile sa cheantar chun a chinntiú gur Comhdháil mhealltach fiúntach a bheidh ann agus léiríonn a gcúnamh an tábhacht a bhaineann le forbairt an scoilphobail agus ionchur daoine áitiúla i bhforbairt na scoileanna lán-Ghaeilge”.
D’fhógair Ó Broin forbairt nua do Comhdháil Bhliantúil 2010, “tá an-áthas orm a fhógairt go mbeidh múinteoirí ó ghaelscoileanna sa Tuaisceart linn don Chomhdháil mar chuid de thogra nua comhoibrithe agus go mbeidh deis ag múinteoirí saineolas agus dea-chleachtas a roinnt lena chéile ón dá dlinse.”
Mar fhocal scoir ag an ócáid inniu, ghabh sé buíochas mór leis na páistí a chuir ceol den scoth ar fáil mar bhlas beag ar an gceiliúradh a bheidh romhainn ag an gComhdháil. Chuir sé fáilte uí Cheallaigh roimh mhuintir na háite agus an pobal i gcoitinne a bheith linn don Chomhdháil ar an 19 agus an 20 Samhain.
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.
Críoch
Do lucht na Meáin Chumarsáide ag súil le freastal ar an gComhdháil Bhliantúil san Óstán Tullamore Court ar Aoine an 19 Samhain, nó d’éinne eile ag lorg eolais, moltar teagmháil a dhéanamh le:
Oifig ag 01-8535195 nó Bláthnaid ní Ghréacháin ag 086 8050335/Mícheál Ó Broin ag 0879467700.
Deis do mhúinteoirí/príomhoidí taighde a chur i láthair
Deireadh Fómhair 13, 2010
Tá an Coiste Seasta Thuaidh/Theas ar Ghaeloideachas, a bhfuil GAELSCOILEANNA TEO. mar bhall de, ag eagrú Seimineár Lae ar thaighde chun deis a thabhairt do dhaoine a gcuid taighde a chur i láthair lucht an tSeimineáir. Is é an sprioc a bhaineann leis an seimineár ná deis a chur ar fáil do lucht déanta taighde ar an ngaeloideachas in institiúid oideachais, scoileanna agus eile eolas a fháil ar thaighde ar fud an oileáin agus níos faide i gcéin, saineolas a mhalartú ar a chéile agus aiseolas a fháil ar thaighde atá idir lámha agus atá beartaithe.
Is iad sonraí an tseimineáir ná:
Dáta: – Luan, 6 Nollaig 2010
Ionad: – Teach Ósta The Clarion, ag Aerfort Átha Cliath
Ag brath ar líon na ndaoine a léiríonn spéise, beidh seisiúin ghairide idir 15 agus 20 nóiméad ann le cur i láthair a dhéanamh agus cúpla nóiméad do cheisteanna agus aiseolas.
Bheadh fáilte roimh aon duine a mbeadh spéis acu sa tairiscint aischothú a thabhairt dúinn roimh Aoine an 23 Deireadh Fómhair. Déanfar iarracht freastal ar gach iarratas ó na scoileanna, de réir buiséide agus beidh toradh an scagtha ar fáil go gairid ina dhiaidh sin.
I bhfianaise gur Luan a bheadh i gceist, déanfaidh an coiste gach iarracht costas ionadaíochta na ndaoine a roghnófar a chlúdach.
Bunaíodh An Coiste Seasta Thuaidh/Theas ar Ghaeloideachas i mBealtaine 2009 de bharr caidrimh ghníomhaigh idir eagraíochtaí gaelscolaíochta thuaidh agus theas. Tá an coiste tar éis teacht i gceann a chéile trí huaire agus tá ionadaithe ó raon leathan d’eagraíochtaí gaelscolaíochta agus gaeloideachais thuaidh agus theas araon air. Is é fócas an Choiste torthaí dearfacha a bhaint amach do dhaoine óga, do thuismitheoirí agus do pháirtithe leasmhara Gaelscolaíochta trí bheith ag comhroinnt eolais agus ag sainaithint achair chomhroinnte agus chomhoibrithe thrasteorann.
Seo thíos na comhlachtaí a bhfuil ionadaithe acu ar an Choiste Seasta:
- Comhairle na Gaelscolaíochta
- Iontaobhas na Gaelscolaíochta
- Gaelscoileanna
- COGG
- Foras na Gaeilge
- Altram
- An Foras Pátrúnachta
- Forbairt Naíonraí Teoranta
- RO
- ROS – lena dhearbhú
- Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
- Comhar na Múinteoirí Gaeilge
- Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta
- Comhar na Naíonraí Gaeltachta
‘Croílár straitéise’
Deireadh Fómhair 13, 2010
PÓL Ó MUIRÍ Eagarthóir Gaeilge
IS É “An Gaeloideachas – croílár na straitéise 20 bliain don Ghaeilge” a bheidh mar mhana ag comhdháil bhliantúil oideachais Ghaelscoileanna Teo, eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.
Agus í ag ullmhú le clár oifigiúil na comhdhála a sheoladh inniu, dúirt príomhfheidhmeannach an eagrais, Bláthnaid Ní Ghréacháin, go raibh “tábhacht bhunúsach” leis an ghaeloideachas i bhforbairt na teanga.
Bhí ról lárnach ag lucht oideachais agus Gaelscoileanna san fhorbairt sin. Ghlacfadh múinteoirí ó ghaelscoileanna sa Tuaisceart páirt sna himeachtaí mar chuid de thogra nua comhoibrithe idir an dá dhlínse agus bhí clár cuimsitheach imeachtaí agus ceardlann ann.
Bhí sí sásta go mbeadh Aire na Gaeltachta, Pat Carey, i láthair don chomhdháil a bheadh ar siúl Dé hAoine 19ú agus Dé Sathairn 20ú Samhain ar an Tulach Mór, Co Uibh Fhailí.
Dúshlán scoile
Deireadh Fómhair 13, 2010
PÓL Ó MUIRÍ, Eagarthóir Gaeilge
TABHARFAIDH AN saineolaí ar chúrsaí mionteanga, an Dochtúir Daniel Bourgeois, Nua-Bhrunsuic, Ceanada, léacht amárach ar “Stiúradh na Scoileanna Lán-Ghaeilge: Dúshláin agus Riachtanais” ag 8pm in Óstán na Páirce, an Spidéal, Co na Gaillimhe.
Déanfaidh príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, caint ar an oíche fosta.
Is é riachtanais agus bainistiú an oideachais do mhionlaigh teanga a bheas mar phriomhábhar ag Bourgeois agus é den tuairim gurb é an t-oideachas an tseirbhís is tábhachtaí “is féidir le stát a chur ar fáil do theaghlaigh agus do phobail mhionlaigh atá ag iarraidh a dteanga a chaomhnú. Bíonn inmharthanacht agus seasmhacht teangacha mionlaigh ag brath ar bhoird oideachais a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas”.
Mhol urlabhraí an bhrúghrúpa, Guth na Gaeltachta, Éamonn Mac Niallais, ábhar na cainte do gach aon duine a raibh spéis aige/aici in oideachas na Gaeilge. Bhí bord oideachais do “scoileanna Gaeilge ag teastáil le treoir agus polasaí a thabhairt” d’fhorbairt na teanga. Bhí scoileanna Gaeltachta ann a bhí i muinín “Jolly Phonics córas fuaimníochta aibítir Bhéarla in áit córais don aibítir Ghaeilge”.
Dá mbíodh bord reachtúil ag lucht na Gaeltachta agus na Gaeilge, bheadh deis ann cinnithe a ghlacadh ó thaobh polasaithe de, an dea-chleachtas is fearr a léiriú agus taighde a chur sa siúl ar na riachtanais do mhionteanga, a dúirt sé.
Múinteoirí de dhíth – Gaelscoil an Chaistil
Deireadh Fómhair 12, 2010
Múinteoir de dhíth ó thús Samhain 2010 go Meitheamh 2011 agus múinteoir de dhíth ó thús Eanáir go Meitheamh 2011 le bheith ag obair mar chuid d’fhoireann bhríomhaire i nGaelscoil atá ag fás agus ag forbairt rith an ama.
Riachtanach:
Cumas maith i nGaeilge labhartha agus scríofa
Dúthrachtach maidir le luachanna na Gaeilge agus an dátheangachais a úsáid mar bhuntaiste forbartha agus foghlamtha
Inmhianaithe:
Taithí ar theicneolaíocht, ar spórt agus/nó ar dhráma
***
Cúntóir Naíscoile de dhíth ó Eanáir 2011
Inmhianaithe:
NVQ 2 nó 3 nó a mhacasamhail
Cumas labhartha Gaeilge
Taithí a bheith ag obair le paistí óga ar bhonn proifisiúnta
Chun foirm iarratais a fháil gabh i dteagmháil linn ag:
Gaelscoil an Chaistil
5 Bóthar na hÁithe
Baile an Chaistil
Co Aontroma
BT54 6QQ
nó ar ríomhphost ag gaelscoilanchaistil@gmail.com
Dáta druidim le haghaidh foirmeacha comhlánaithe fríd phost nó ríomhphost:
Aoine 22 Deireadh Fómhair 2010
Beidh agallaimh ar siúl sa tseachtain dár tús 25 Deireadh Fómhair 2010.