(English) Oiche Shamhna Bunscoil an Iúir
Deireadh Fómhair 27, 2016
Módúl oiliúna ar airgeadais ar fáil do na boird bainistíochta
Deireadh Fómhair 27, 2016
Cuirfidh Gaeloideachas (Gaelscoileanna Teo.) agus An Foras Pátrúnachta módúl oiliúna ar airgeadais ar fáil do na boird bainistíochta i mí na Samhna, 2016. Iarraimid ar ionadaithe ó bhord bainistíochta na scoileanna clárú le freastal, agus fáiltonn muid roimh ceisteanna ina leith – is féidir teagmháil a dhéanamh le Clare ar 01 8535193 nó clare@gaelscoileanna.ie.
Oops! We could not locate your form.
Fíbín: Tóraíocht
Deireadh Fómhair 27, 2016
Tá an comhlacht drámaíochta Gaeilge Fíbín i nGaillimh ag léiriú leagan nua den scéal eipiciúil “Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne”. Tá “Tóraíocht” scríofa ag Philip Doherty agus stiúrtha ag Mikel Murfi, aisteoir agus stiúrthóir iomráiteach.
Is scéal grá lán le héachtaí aisteacha agus fathaigh é “Tóraíocht”. Bogann an scéal ar aghaidh níos tapa ná haon rás carranna, léimeann an scéal níos airde ná haon léimneoir cuaille agus tá dhá oiread grá sa scéal agus a bheadh ag aon Fhrancach agus Diarmaid agus Gráinne ag déanamh iarracht a bheith céim chun tosaigh ar Fionn agus na Fianna! Insítear an scéal i nGaeilge agus i mBéarla trí amharcíomhánna cumhachtacha a úsáid.
Dúirt léiritheoir Fíbín, Ruth Gordon go bhfuil “an-ríméad ar Fíbín a bheith ag obair le Mikel Murfi agus le Philip Doherty ar scéal chomh corraitheach mar seo. Thosaigh muid ag caint ar “Tóraíocht” breis agus dhá bhliain ó shin agus tá muid ar bís go bhfeicfidh lucht féachana an léiriú mealltach, bríomhar agus an-ghreannmhar seo ar stáitse”.
Tá foireann cumasach de sheisear sa chliar, Lesley Conroy, Kate Finegan, Liz Fitzgibbon, Jonathan Gunning, Fionnuala Gygax, agus Seán T. Ó Meallaigh. Áirítear an scríbhneoir Philip Doherty agus an dearthóir seit Sabine Dargent a bhfuil iliomad gradaim buaite acu i measc an fhoireann chruthaitheach. Bhí Sabine agus Mikel ag obair le chéile le gairid ar “Swan Lake / Loch na hEala”, ceann de na léirithe is mó a sheas amach ag an Dublin Theatre Festival.
Beidh Fíbín ar stáitse le “Tóraíocht” sa Dubhlann i nGaillimh ón 10-13 Samhain le léirithe tráthnóna agus iarnóna. Tá “Tóraíocht” dírithe ar dhaoine os cionn 16 bliain d’aois agus beidh léiriú speisialta ag Fíbín do scoileanna ar an Aoine 11 Samhain ag 2i.n. Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun ticéid a chur in áirithe téigh chuig www.tht.ie nó glaoigh ar 091-569777.
Tá Fíbín ar an gcomhlacht drámaíochta Gaeilge is mó agus is gníomhaí in Éirinn. Téann Fíbín ar camchuairt go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Fuair “Tóraíocht” maoiniú ón gComhairle Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.
(English) Taoiseach and Minister Kyne to launch new Gaeltacht education policy
Deireadh Fómhair 27, 2016
(English) Letterkenny announced as Gaeltacht Service Town
Deireadh Fómhair 27, 2016
Aird lucht an ghaeloideachais ar Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua do sheoladh polasaí Gaeltachta
Deireadh Fómhair 26, 2016
Is ar Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua i gConamara a bheidh aird lucht an ghaeloideachais Dé hAoine nuair a sheolfaidh an Taoiseach Enda Kenny an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022.
Beidh an Taoiseach agus an tAire Oideachais araon i láthair ag an seoladh sa bhunscoil Ghaeltachta ag meán lae Dé hAoine do sheoladh an pholasaí nua.
Dúirt an Taoiseach an tseachtain seo caite go léireodh na hacmhainní a chuirfear ar fáil don pholasaí oideachais nua don Ghaeltacht go bhfuil an Stát “dáiríre faoi theagasc na Gaeilge”.
Dheimhnigh an Taoiseach gur pléadh na moltaí oideachais ag cruinniú de Choiste Rialtais don Ghaeilge, coiste a bhfuil an Taoiseach féin ina Chathaoirleach air.
“Má táimid dáiríre faoi seo ní foláir dúinn dul i ngleic leis ar bhealach dáiríre,” a dúirt Kenny sa Dáil.
Dúirt An Taoiseach go gcuirfear “próiseas nua ar fad” i bhfeidhm” sa Ghaeltacht agus go mbeidh deis ag scoileanna clárú chun aitheantas a fháil mar scoileanna ‘Gaeltachta’.
Mhúinfí gach ábhar trí Ghaeilge sna scoileanna sin agus chuirfí an tumoideachas i bhfeidhm iontu, a dúirt sé.
Mar sin, is ar Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua Dé hAoine a bheidh aird iad siúd atá ag éileamh le fada go mbeadh cur chuige ar leith ó thaobh an oideachais sa Ghaeltacht.
Beifear ag súil go háirithe go ndéanfaidh an Taoiseach beart de réir a bhriathair maidir le hacmhainní a chur ar fáil don pholasaí nua.
Rinne an Roinn Oideachais costasú ar chur i bhfeidhm an pholasaí nua agus meastar go mbeadh costas idir €2 milliún agus €3 milliún in aghaidh na bliana air dá gcuirfí i bhfeidhm na moltaí ar fad atá ann.
Ní fios go fóill, áfach, cad iad na moltaí a bhfuil glactha leo sa pholasaí féin.
I mBealtaine 2015 a foilsíodh na moltaí don pholasaí nua Gaeltachta, agus ba i nDeireadh Fómhair na bliana seo caite a bhí an cruinniú deireanach sa phróiseas comhairliúcháin a lean foilsiú na moltaí sin.
Cuireadh fáilte roimh na moltaí don pholasaí nuair a foilsíodh anuraidh iad toisc gur measadh go dtugann siad aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail.
(English) Gaeltacht Service Town meeting to be held tonight
Deireadh Fómhair 25, 2016
LEABHAR NUA: AM GNÓ
Deireadh Fómhair 25, 2016
Tá Aonad 1&5 den leabhar ‘Am Gnó’ ar fáil ar an nasc seo:-
http://timeforbusiness.ie/wp-content/uploads/2016/10/abs5546s_am_gno_teacsleabhar.pdf
EDCO a d’fhoilsigh an leabhar i gcomhar le COGG.
Folúntas: Scoil Santain Tamhlacht, B.Á.C. 24
Deireadh Fómhair 24, 2016
Tá múinteoir naíonáin bheaga ag teastáil don tréimhse 7- 18/11/16 (10 lá oibre) i Scoil Santain Tamhlacht, B.Á.C. 24. Tá Gaeilge líofa riachtanach don phost seo. Beidh grinnbhreithniú na ngardaí de réir Ciorcalán 31/2016 éigeantach mar aon le Dearbhú Reachtúil. Is Scoil DEIS 2 lán Ghaeilge í Scoil Santain.
Tuilleadh eolais ar fáil ó Éamon Ó Deagha (Príomhoide) ar 087914898 nó priomhoidescoilsantain@gmail.com
Cúram Leanaí Bheal An Átha Móir Teo
Deireadh Fómhair 24, 2016
Tá Cúram Leanaí Bheal An Átha Móir Teo, Co. Liatroma ag ceiliúradh fíche bliain ar an bhfód. Osclaíodh é ar an 21 Deireadh Fómhair 1996.