(English) Dámhachtainí FLTA Fulbright chun Gaeilge a theagasc sna Stáit Aontaithe: Déan Iarratas Anois!
Meán Fómhair 7, 2016
Siamsaíocht an Fhómhair!
Meán Fómhair 7, 2016
Tá áthas orainn a fhógairt go mbeimid ag cur tús le séasur nua den tsraith míosúil ‘Siamsaíocht@6!’ in Amharclann Chúirt an Phaoraigh ar an Déardaoin, 20 Deireadh Fómhair 2016– seolfar na sonraí chugaibh in am tráth !
Idir an dá linn, má bhíonn sibh sa chathair ar an Oíche Chultúir, Dé hAoine, 16 Meán Fómhair, buail isteach sa Wood Quay Venue, Oifigí na Cathrach, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath idir 5p.m. – 8p.m., uair a bheidh rogha de mhíreanna ón scannán Mise Éire á thaispeáint, chomh maith le léirithe ceoil agus amhrán ón ngrúpa ‘Círéib’, buaiteoirí Siansa Gael Linn 2016.
Áis Scoile: Tobshlua 1916 & An Eilifint sa GPO
Meán Fómhair 7, 2016
Mír scoraíochta dhátheangach is ea Tobshlua 1916 ar an réabhlóid teangan agus
chultúrtha in Éirinn ón dtréimhse suas go Éirí Amach na Cásca 1916. Lán go barra le
giotaí óráidí, amhrán agus filíochta bunaithe ar obair Chonradh na Gaeilge ón
dtréimhse sin, ardaíonn An Eilifint sa G.P.O. ceist athuair maidir lenár bhféiniúlacht
mar Ghael sa lá atá inniu ann.
Níl uait ach baicle beag aisteoirí chun Tobshlua 1916 a dhéanamh ar an toirt mar dhea,
agus an lucht féachana a tharrac’ isteach ann. Oiriúnach mar réamh imeacht do
dhrámaí, ar thaobh sráide le linn féilte, nó mar lón anama i scoileanna, ionaid
shiopadóireachta agus foirgnimh phoiblí.
Comhfhiontar de chuid An Lab agus Oifig Gaeilge Chomhairle Contae Chiarraí.
An Eilifint sa GPO -Tobshlua 1916
Féasta 100
Meán Fómhair 7, 2016
“Tír gan teanga, tír gan anam.”
― Pádraig Mac Piarais
Dé Sathairn an 3 Nollaig 2016 ceiliúrfar an Ghaeilge go hoifigiúil le Féasta 100, ceann de na príomhimeachtaí deireanacha i mbliain comórtha 1916. Ní féidir le haon duine cumhacht na Gaeilge a shéanadh i bpeannaireacht agus i gcumarsáid a lán de phearsaí Éirí Amach na Cásca.Tugann an ócáid ceiliúrtha seo deis uathúil do dhaoine aitheantas foirmiúil a thabhairt do stádas na Gaeilge agus lena tábhacht a cheiliúradh ag croílár stair agus chultúr na hÉireann.
Tá na sé cheanneagraíocht Ghaeilge tagtha le chéile i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge leis an nGaeilge a cheiliúradh le linn na bliana stairiúla seo, 2016, iad iad sin Conradh na Gaeilge; Cumann na bhFiann; Gael Linn; Gaelscoileanna Teo; Glór na nGael agus Oireachtas na Gaeilge. Tá lúcháir orthu fáilte a chur roimh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, mar aoi oinigh. Is ócáid é an mórdhinnéar seo freisin le tacaíocht agus ardán náisiúnta a chur ar fáil don iomad ealaíontóirí, ceoltóirí agus gnólachtaí le Gaeilge, a coimisiúnaíodh mar chuid den ócáid comórtha céid aonuaire seo.
Tá triúr de na healaíontóirí a bheidh ag taibhiú ag Féasta 100 tar éis tionscadail ealaíne a fhorbairt d’fhéilire 1916. Cheap agus léirigh an cóiréagrafaí agus damhsóir, Fearghus Ó Conchúir ó Ghaeltacht na Rinne, Tionscadal Mhic Easmainn, coimisiúnaithe ag an gComhairle Ealaíon le seónna i Londain agus i mBaile Átha Cliath. Coimisiúnaigh an Chomhairle Ealaíon an t-amhránaí sean-nóis Lorcán Mac Mathúna freisin le saothar ceoil a chumadh agus a chóiriú, le hinspioráid ó scríbhinní agus idéil cheannairí Éirí Amach na Cásca. 1916. Léiríodh Visionaries and their Words in Éirinn agus sa Fhrainc.D’eisigh an clairseoir Síle Denvir ó Ghaeltacht Chonamara albam ceoil le déanaí dar teideal Cathréim: Ceol agus Amhráin ó Dhrámaí an Phiarsaigh saothar ceoil le hinspioráid ó dhrámaí Phádraig Mhic Phiarais.
Beidh Féasta 100 ina ócáid mhór dóibh siúd a bheidh i láthair. Deis uathúil atá ann am sos a ghlacadh agus machnamh a dhéanamh ar an nGaeilge agus í a cheiliúradh go bródúil. Táthar ag súil go spreagfaidh sé cruthaitheacht, fuinneamh agus fás as an nua agus an Ghaeilge ag bogadh chun tosaigh sna céad bliain seo romhainn.
Beidh Féasta 100 ar siúl inár bpríomhchathair in Óstan an Double Tree by Hilton, Sráid Líosain Uachtarach, Baile Átha Cliath.Tá fáilte mhór curtha ag bainisteoirí agus foireann Óstán an Double Tree by Hilton roimh oiliúint Gaeilge le seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil ar an oíche, lena n-áireofar biachláir agus comharthaí. Seo an chéad uair don óstán fáilte a chur roimh 700 aoi a labhraíonn Gaeilge agus gan amhras beidh dea-thionchar aige seo ar ábharthacht na Gaeilge sa tionscal seirbhíse inniu.
Tá ticéid le haghaidh Féasta 100 ar fáil anois le ceannach ó cheann ar bith de na ceanneagraíochtaí nó trí Eventbrite: https://www.eventbrite.ie/e/feasta-100-tickets-25641956783?aff=es2. Tá ticéid €80 an duine.
Tuilleadh eolais:
Mary FitzGerald, Mary FitzGerald Public Relations, Teil: 01-6787916, info@maryfitzgeraldpr.ie
Gaeilge do Thuismitheoirí – Acmhainn nua cheannródaíoch foilsithe do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí
Meán Fómhair 6, 2016
Tá ríméad ar Gaelscoileanna Teo. suíomh gréasáin nua a fhógairt, darb ainm www.irishforparents.ie. Tá sé mar aidhm ag an suíomh seo freastal ar dhá riachtanas (i) múinteoirí a bhíonn ag múineadh ranganna Gaeilge do thuismitheoirí agus atá ag lorg ábhar teagaisc dá gcuid ranganna (ii) tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge agus atá ag iarraidh cur lena gcuid Gaeilge agus níos mó a fhoghlaim faoi acmhainní a d’fhéadfadh cabhrú leo.
“Acmhainn nuálaíoch agus saor in aisce d’úsáideoirí atá ann a bheidh ina chabhair ach go háirithe do thuismitheoirí i mbunscoil lán-Ghaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht a bhfuil cúnamh praiticiúil ag teastáil lena gcuid Gaeilge”, a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo. Cuimsíonn an acmhainn rannóg ar an suíomh a thugann eolas do thuismitheoirí maidir leis na hacmhainní atá ar fáil dóibh, atá rangaithe i dtrí chatagóir (i) foghlaim na Gaeilge (ii) an saol teaghlaigh (iii) obair scoile. Tá áis ar fáil ar an suíomh a thacóidh le tuismitheoirí agus iad ag cabhrú le hobair bhaile. Beidh cabhair bheo ar fáil dóibh idir 4 p.m. agus 6 p.m. ó Luan go Déardaoin má tá ceist acu a bhaineann le hobair bhaile trí Ghaeilge. Beidh múinteoirí cáilithe ar fáil le freagraí a thabhairt ar na ceisteanna.
Díríonn an dara cuid den suíomh ar mhúinteoirí a bhíonn ag múineadh ranganna Gaeilge do thuismitheoirí agus den chéad uair riamh tá acmhainn náisiúnta ar fáil a thugann treoir, tacaíocht agus cúnamh do na múinteoirí sin. Gheobhaidh siad ábhar teagaisc samplach dá gcuid ranganna ar an suíomh seo, ábhar samplach atá bunaithe ar shainriachtanais tuismitheoirí.
Anuas air seo, tá scrúduithe samplacha bunaithe ar Teastas Eorpach na Gaeilge ar fáil ar an suíomh chomh maith – tascanna scrúdaithe atá bunaithe ar shainriachtanais tuismitheoirí.
Beidh an suíomh seo á fhorbairt de réir a chéile – beidh ábhar teagaisc nua á chur leis i rith an fhómhair agus an gheimhridh. Beidh cúrsa oiliúna ar siúl ar an 8 Deireadh Fómhair i Marino ina mbeidh deis acu siúd a mhúineann ranganna Gaeilge do thuismitheoirí níos mó a fhoghlaim faoin ábhar teagaisc ar an suíomh agus faoi conas é a úsáid sa seomra ranga.
Gabhann Gaelscoileanna Teo. buíochas le Foras na Gaeilge as an maoiniú chun an togra seo a fhorbairt. Tá an chabhair bheo á maoiniú ag COGG agus á bainistiú go seachtrach ag múinteoirí cáilithe.
Le clárú don Chúrsa Oiliúna do mhúinteoirí:
Cuir ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie roimh an Chéadaoin 21 Meán Fómhair 2016. Ní ghearrfar aon táille ar an gcúrsa. Tá spás d’uasmhéid 20 duine ar an gcúrsa oiliúna.
Tuilleadh eolais faoin acmhainn ag www.irishforparents.ie nó ó Bhláthnaid ní Ghréacháin ag 01 8535190.
(English) Enrolment doubles at Irish medium school in Dungiven
Meán Fómhair 6, 2016
Folúntas: Beirt Stiúrthóirí á n-earcú ag Páistí na Beatha i gCill Dhéagláin, Co. na Mí
Meán Fómhair 6, 2016
Beirt Stiúrthóirí á n-earcú ag Páistí na Beatha i gCill Dhéagláin, Co na Mí
Cineál Poist: Tá post lánaimseartha agus páirtaimseartha ar fáil
Riachtanais:
Gaeilge líofa
CDBO Leibhéal 6 nó níos airde i gCúram Leanaí
Dáta tosaithe: Láithreach
CV agus litir iarratais chuig Sinéad ag preschool@fungalaxy.ie
Folúntas: Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath
Meán Fómhair 6, 2016
Tá Coláiste Cois Life ag lorg ionadaí do shaoire mháithreachais. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://www.educationposts.ie/post/view/75700
Folúntas: Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath
Meán Fómhair 5, 2016
Tá Coláiste Cois Life ag lorg múinteoir ar chonradh páirtaimseartha rialta.
Tuilleadh eolais ag: http://www.educationposts.ie/post/view/75636
The 2017-2018 Fulbright Irish Awards application period is now open!
Meán Fómhair 2, 2016
Fulbright Irish Awards provide grants for postgraduate students, researchers, lecturers and professionals across all disciplines, to study, research or teach in the USA. The application deadline is 4pm, 28th October 2016.
To find out more, visit the Fulbright Irish Awards page. Interested candidates should review the eligibility criteria & award categories on our website, then contact awards@fulbright.ie for the 2017-2018 Award application guidelines & the link to the online application.
Further information:
- Fulbright will host a Webinar giving an overview of the Awards on offer at 1pm on Tuesday 13th September 2016. To register, email emma.loughney@fulbright.ie by 3pm on 12th September
- Fulbright Award Managers can be reached at awards@fulbright.ie or by phone on +353 1 660 7670 to answer queries