Feachtas le bunscoil a bhunú ar an Chéide, Ard Mhacha
Feabhra 11, 2016
Tá feachtas faoi sheol ar an Chéide in Ard Mhacha Theas le Gaelscoil úr a bhunú ann. Anuraidh fosclaíodh Naíscoil an Chéide i gclubtheach áitiúil CLG, Michael Dwyers.
13 páiste atá cláraithe ann faoi láthair ach tá líon maith tuismitheoirí i ndiaidh spéis a léiriú san obair atá ar bun sa cheantar.
Thug an tAire Oideachais John O’Dowd cuairt ar Naíscoil an Chéide le pleananna an choiste áitiúil a fhiosrú.
Labhair Meon Eile leis an Aire agus leis na hionadaithe áitiúla faoi na pleananna don Ghaeloideachas sa cheantar…
Físéan ag an nasc thíos:
Comórtas: Éirí Amach na Cásca 1916: Oidhreacht Choláiste Uladh
Feabhra 10, 2016
Tá dhá chóip den lámhleabhar scoile Éirí Amach na Cásca 1916: Oidhreacht Choláiste Uladh againn le bronnadh ar bhunscoil agus iarbhunscoil amháin.
Níl le déanamh ach ‘is maith liom’ a thabhairt do leathanach Facebook Gaelscoileanna Teo. agus an phostáil faoin gcomórtas seo a roinnt.
Is saothar é seo atá curtha in eagar ag Dr. Seosamh Ó Ceallaigh & Donnnchadh Mac Niallais agus seolfar anocht é i Gaelscoil Lios na nÓg, Raghnallach, BÁC 6 Dé Céadaoin, 10 Feabhra 2016 ar 7.00 i.n.
Fógrófar buaiteoirí an chomórtais ag meánlae ar an Aoine!
93% den airgead deontais Gaeltachta a cheadaigh an tAire McHugh ó thús na bliana imithe chuig Dún na nGall
Feabhra 10, 2016
Ba chóir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh a thabhairt os comhair Choiste na gCuntas Poiblí chun ceisteanna a fhreagairt faoin scéala gur dreamanna i nDún na nGall a fuair 93% den airgead deontais Gaeltachta atá ceadaithe aige ó thús na bliana.
B’in an méid a bhí le rá aréir ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, faoi eolas atá faighte ag Tuairisc.ie faoi dháileadh na ndeontas atá ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta ó thús na bliana.
De réir an eolais sin, ba ghrúpaí, eagraíochtaí agus tograí i nDún na nGall a fuair os cionn 90% den airgead deontais Gaeltachta a cheadaigh Joe McHugh ó thús na bliana.
Dúirt an Seanadóir O Clochartaigh, atá ag seasamh do Shinn Féin i nGaillimh Thiar – Maigh Eo Theas san olltoghchán, go raibh an baol ann go gceapfadh daoine gur “leas polaitiúil an Aire féin” a bhí i gceist le ceadú cuid de na deontais seo.
Dúirt Ó Clochartaigh go raibh “an-amhras” air féin “go pearsanta” faoin scéal agus d’iarr sé ar an Aire ráiteas a dhéanamh ina thaobh láithreach.
De réir an eolais a chuir an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ar fáil do Tuairisc.ie, cheadaigh an tAire McHugh deontas do dheich gcinn de ghrúpaí i gcontaetha Gaeltachta ó thús na bliana 2016 agus tá seacht gcinn de na grúpaí sin lonnaithe i nDún na nGall.
B’fhiú €685,054 san iomlán na deontais a ceadaíodh do ghrúpaí i nDún na nGall agus b’fhiú €52,623 san iomlán na deontais a ceadaíodh don trí dream Gaeltachta eile a fuair tacaíocht ón Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ó thús na bliana.
Ba chuig dreamanna i nDún na nGall a chuaigh ceithre cinn den chúig dheontas is mó a cheadaigh an tAire Stáit ó thús 2016.
Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin le Tuairisc.ie gur scéal “an-tromchúiseach a bhí anseo” agus gur cheart an tAire a thabhairt os comhair Choiste na gCuntas Poiblí i dTithe an Oireachtais “chun fiosrúchán a dhéanamh le fáil amach cén próiseas atá á úsáid aige chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar dheontais.”
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh
Ba é an deontas is mó a cheadaigh an tAire Stáit ó thús na bliana ná an €485,000 a tugadh d’Amharclann Ghaoth Dobhair. Cheadaigh sé chomh maith deontas €88,064 do Cheiltigh Ghaoth Dobhair chun páirc imeartha do pháistí a fhorbairt agus deontas €57,954 do Scoil an tSratha Mhóir i nDún na nGall chun páirc uile aimsire a fhorbairt.
Ba é an ceathrú deontas Gaeltachta ba mhó a cheadaigh an tAire Stáit ná an €31,636 a thug sé do Choiste Forbartha an Fháil Charraigh chun forbairt a dhéanamh ar an Ionad Pobail ansin.
Ó thús na bliana, cheadaigh an tAire deontais freisin do Scoil Mhuire, Caiseal, Dún na nGall chun trealamh spóirt a cheannach (€2,400) agus do Bhanna Ceoil Mhullach Dubh, Dún na nGall, chun cultacha agus uirlisí ceoil a cheannach (€5,000).
Cheadaigh An tAire McHugh deontas €15,000 do Chomhairle Contae Dhún na nGall d’fhorbairt ‘An Bealach Glas’.
Ba é an deontas is mó a cheadaigh an tAire i gcontae Gaeltachta seachas Dún na nGall ná an €25,000 a d’fhógair sé do Choláiste na bhFiann i gContae na Mí. Fuair Ionad Deirbhile i Maigh Eo €22,623 agus fuair Oifig an Choimisinéara Teanga ar an Spidéal i gConamara €5,000.
Cheadaigh an tAire Stáit sé cinn eile de dheontais d’eagraíochtaí lasmuigh den Ghaeltacht ó thús na bliana. Ba é an deontas is mó acusan ná an €150,000 thar thréimhse dhá bhliain a cheadaigh sé do Raidió Rí Rá i mBaile Átha Cliath. Cheadaigh an tAire deontas €12,813 do Choláiste na nGael i bPáras agus thug sé deontais eile don Chumann Scoildrámaíochta (€5,000), Cumann Merriman (€5,000) Ollscoil Cambridge (€3,218) agus Coláiste Pobail Osraí (€2,300).
www.tuairisc.ie
Inis do Scéal – Ceardlann Oiliúna do Naíonraí
Feabhra 9, 2016
DÁTAÍ AN CHEARDLAINNE ATHRUITHE: Beidh an ceardlann margaíochta seo curtha siar ón 9ú Márta chuig 20ú Aibreán. Beidh deis ag aon stiúrthóir a ghlacann páirt sa cheardlann na leabhair álainn seo ón nGúm a bhuachan! Tapaigh an deis!
- Ar mhaith leat tuilleadh a fhoghlaim faoi chonas margaíocht éifeachtach a dhéanamh ar do sheirbhís naíonra?
- Ar mhaith leat tuilleadh úsáideoirí a mhealladh chuig do sheirbhís?
- Ar mhaith leat láithreacht níos mó a bheith ag do naíonra sa phobal áitiúil?
Cuirfear tús go luath le sraith cheardlann phraiticiúil bunaithe ar an treoirleabhar margaíochta, Inis do Scéal, foilsithe ag Gaelscoileanna Teo. i gcomhpháirt le Forbairt Naíonraí Teoranta. Deis iontach a bheidh ann do stiúrthóirí teacht le chéile, freastal ar sheisiún oiliúna fiúntach agus taitneamhach agus dea-chleachtais a roinnt lena chéile. Beidh an chéad cheardlann ar siúl in Óstán Pháirc an Chrócaigh ar an 20ú Aibreán ó 19.00-21.00, agus á cur i láthair ag oifigigh forbartha Gaelscoileanna Teo., Ciara Ní Bhroin agus Cormac Ó Feinneadha. Díreofar sa cheardlann seo ar conas fógraíocht éifeachtach a dhéanamh ar an naíonra agus ar úsáid na meán sóisialta, ar mhaithe le tuismitheoirí a mhealladh agus pobal an naíonra a chothú. Níl gá le haon réamheolas a bheith agat maidir le hábhar na ceardlainne agus beidh neart deiseanna ann le ceisteanna a chur agus plé a dhéanamh ar a bhfuil ann. Níl táille i gceist leis an gceardlann, agus bronnfar cóip den lámhleabhar ar rannpháirtithe. Reáchtáilfear ceardlanna eile i gCorcaigh, Luimneach, Gaillimh agus ceantair eile de réir éilimh sna míonna amach romhainn. Tá an cheardlann ar an 20 Aibreán in Óstán Pháirc an Chrócaigh teoranta do 20 rannpháirtí, agus is gá clárú trí teagmháil a dhéanamh leis an oifig ar 01 8535195 nó oifig@gaelscoileanna.ie.
Tá carrchlos ag an óstán agus tá sé saor in aisce páirceáil ann.
Scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge: Tuairimí na múinteoirí i leith na scrúdaithe stáit
Feabhra 9, 2016
Réitigh mé taighde le déanaí don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) chun léargas a fháil ar na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge toisc go bhfuil riachtanais ar leith ag na scoileanna sin i gcomparáid le scoileanna Béarla. Mar chuid den taighde sin, líon múinteoirí ceistneoir cuimsitheach ar dtús (ráta freagartha 67.2%), agus ansin reáchtáladh sé fhócas ghrúpa i mí Eanáir 2015, trí cinn sa Ghaeltacht agus trí cinn i scoileanna lán-Ghaeilge, chun iomlánú a dhéanamh ar an taighde.
Iarradh ar mhúinteoirí cumas Gaeilge a gcuid scoláirí a mheas. Tugadh cúig rogha dóibh; bhí Gaeilge shaibhir líofa chruinn ag barr an speictrim agus bhí Gaeilge thanaí mhíchruinn ag bun an speictrim. Chuir múinteoirí na scoileanna Gaeltachta a gcuid scoláirí sa chúig chatagóir agus chuir na múinteoirí sna scoileanna lán-Ghaeilge a gcuid scoláirí i gceithre chatagóir. Léiríonn taighde éagsúil (An Roinn Oideachais agus Scileanna, Péterváry et al) cé chomh dúshlánach atá sé d’oideachasóirí sna scoileanna Gaeltachta freastal ar réimeanna cumais atá chomh héagsúil sin.
Maidir leis an scrúdú Ardteistiméireachta, léiríonn an taighde seo go bhfuil 90.7% de mhúinteoirí sásta go ndáiltear 40% den scrúdú ina iomláine ar an mbéaltriail: “Tá an 40% iontach maith. Ní fhéadfadh sé bheith níos fearr,” dar le múinteoir Gaeltachta amháin a bhí páirteach i bhfócasghrúpa. Cé go gcreideann móramh na múinteoirí (53.5%) go bhfuil feabhas tagtha ar chaighdeán labhartha a gcuid scoláirí ó tháinig an cúrsa nuashonraithe i bhfeidhm, de réir taighde a rinne Ní Mhaonaigh (2013) ar na leasuithe ar scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta, d’éirigh beagán níos fearr sa chluastuiscint agus sa scríbhneoireacht le grúpa scoláirí a rinne staidéar ar an seanchúrsa in 2011 ná mar a d’éirigh le grúpa scoláirí a rinne staidéar ar an gcúrsa nuashonraithe in 2012.
Níor léiríodh difríocht shuntasach ar bith áfach, idir an dá ghrúpa maidir leis an mBéaltriail (Ní Mhaonaigh 2013: 93). Go n-uige seo, níl aon fhianaise ann go ndearnadh plé ceart ar an toradh tábhachtach sin sa taighde seo.
Ba iad na sraitheanna pictiúr ba mhó a mheall tuairimí ó na múinteoirí sna ceisteanna oscailte sa cheistneoir. Rinne múinteoirí géarcháineadh ar líon na sraitheanna pictiúr. Tugtar na sraitheanna do scoileanna thart ar 18 mí roimh scrúdú na hArdteistiméireachta. Bíonn ar scoláirí 20 sraith, a bhfuil sé léaráid i ngach ceann acu, a ullmhú don bhéaltriail. Ciallaíonn san go mbíonn ar scoláirí ullmhúchán a dhéanamh do 120 léaráid roimh ré. Bíonn claonadh ag scoláirí ábhar na sraitheanna pictiúr a fhoghlaim de ghlanmheabhair, dar le formhór na múinteoirí (agus dar le Tuairisc an Phríomhscrúdaitheora, 2012).
Ní haon ionadh, mar sin, go bhfuil múinteoirí den tuairim nach mbaineann scoláirí taitneamh as 20 sraith pictiúr a ullmhú. Níor cheart go mbeadh aon deis ag na daltaí ullmhú do shraitheanna pictiúr roimh ré, dar le móramh de na múinteoirí.
Is díol spéise é go gcreideann múinteoirí sna scoileanna lán-Ghaeilge gur chóir go mbeadh ceist ar stair na litríochta agus stair na teanga ar an bpáipéar scrúdaithe agus gur a mhalairt a chreideann múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta.
I dtaca leis an léamhthuiscint, is féidir le scoláirí an ‘cóipeáil agus greamaigh’ a chur ag obair i gcás ceisteanna áirithe agus lánmharcanna a ghnóthú sa scrúdú mar atá dá bharr. Ar ndóigh, creideann múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge go láidir gur cheart ionramháil a dhéanamh ar fhreagraí, sé sin, gur cheart do scoláirí freagraí a thabhairt ina gcuid focal féin.
Ó thaobh na litríochta de, dúradh go rabhthas sásta le téagar an chúrsa nuashonraithe, agus measadh go bhfuil dúshlán ag baint leis an gcúrsa nuashonraithe, dhá fhreagra a chuir ionadh ar an taighdeoir seo. Bhíothas sásta chomh maith leis na cineálacha ceisteanna a chuirtear sa scrúdú Ardteistiméireachta.
Maidir leis an tsraith shóisearach, bhí moltaí éagsúla ag múinteoirí i leith chomhdhéanamh na béaltrialach, cuid acu ar son an ‘status quo’ a choimeád agus cuid eile acu ar son lúibíní nó ‘cur i láthair’ a thabhairt isteach don scrúdú. Maidir leis an ngearrchúrsa roghnach, moladh go mbeadh béim ann ar an litríocht, ar stair na Gaeilge/ na litríochta agus ar scannánaíocht/ drámaíocht. (Mar a tharlaíonn, rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta cinneadh gan gearrchúrsa a chur ar fáil ag deireadh 2015).
Chun freastal ar raon leathan cumais na scoláirí sa Ghaeilge, sna scoileanna Gaeltachta go háirithe, ba chóir go mbeadh fáil ar chúntóirí teanga de réir mar a theastaíonn chun cabhrú leis na scoláirí a bhfuil Gaeilge thanaí mhíchruinn acu agus leis na scoláirí a bhfuil Gaeilge líofa ach mhíchruinn acu.
Moltar go bhféachfaí ar na heiseamláirí den choibhneas idir na ceithre scileanna teanga, sé sin, éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh. Chuige sin ba cheart féachaint ar na cleachtais atá ar bun maidir le foghlaim teangacha i dtíortha san Eoraip agus i dtíortha thar lear ina bhfuil an Béarla mar chéadteanga iontu. Moltar é sin toisc go bhfuil cás na Gaeilge iomlán as riocht leis na teangacha eile sa churaclam, go háirithe sa bhéaltriail (Gaeilge: 40%, nuatheangacha: 25%). Moltar go mbeadh na sraitheanna pictiúr neamhullmhaithe ionas go mbeadh fíorchumarsáid ar siúl.
Ba cheart go mbeadh ar scoláirí ionramháil a dhéanamh ar fhreagraí sa léamhthuiscint chun go mbeadh éileamh cognaíoch agus úsáid teanga i gceist. Chun go mbeadh téagar agus dúshlán sa chúrsa ó thaobh na litríochta de, ba chóir go mbeadh ar scoláirí staidéar a dhéanamh ar phróstéacs breise iomlán seachas ar líon teoranta leathanach mar atá leagtha síos sa chúrsa nuashonraithe.
Ba chóir go ndéanfaí staidéar ar stair na teanga agus ar stair na litríochta / saíocht áitiúil ionas go mbeadh tuiscint ag scoláirí ar an saibhreas liteartha agus oidhreachta atá sa Ghaeilge.
Níl anseo ach blaiseadh beag den taighde. Tá an taighde iomlán ar fáil anseo.
Máire Ní Laoire
Folúntas: Gaelscoil Inse Chór, Baile Átha Cliath
Feabhra 9, 2016
Tá príomhoide teagaisc buan de dhíth i nGaelscoil Inse Chór. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24807/
Folúntas: EAGARTHÓIR COIMISIÚNAITHE le LeabhairCOMHAR
Feabhra 8, 2016
EAGARTHÓIR COIMISIÚNAITHE
LEABHAR
LeabhairCOMHAR
Fáiltíonn Bord Stiúrtha COMHAR Teo. roimh iarratais don chúram
seo ó Aibreán 2016 go Márta 2017
Rinneadh athnuachan ar inphrionta leabhar na cuideachta, LeabhairCOMHAR, sa bhliain 2010.
Duine freagrach, fuinniúil, beoga, seifteach atáthar
á iarraidh. Tá pacáiste eolais ar fáil ó:
www.leabhaircomhar.com nó ó comhar.leabhair2016@gmail.com
Cuirtear litir iarratais, mar aon le CV, agus ráiteas físe an iarrthóra don inphrionta leabhar,
chuig an seoladh ríomhphoist comhar.leabhair2016@gmail.com
roimh 5pm Dé Máirt 16 Feabhra 2016. Beidh agallaimh ar bun Luan 29 Feabhra 2016.
Tuilleadh eolais:
Eagarthóir coimisiúnaithe leabhar 2016
Scéim Tacaíochta Teanga 2016
Feabhra 8, 2016
Tá an scéim phíolótach seo á reáchtáil ag Gaelscoileanna Teo. le cúnamh a thabhairt do stiúrthóirí naíonra agus d’fhoireann neamh-theagaisc na scoileanna gur mian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge nó tabhairt faoin scrúdú TEG. Faoin scéim seo is féidir tabhairt faoi oiliúint sa Ghaeilge ag aon leibhéal agus eagraithe ag aon fhoras oiliúna. D’fhéadfaí tabhairt faoin scrúdú TEG, ranganna oíche, cúrsa Gaeilge ar líne, sainchúrsa teanga, dianchúrsa gramadaí, cúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht nó eile, eagraithe ag leithéidí na bhforas thíos:
- Conradh na Gaeilge
- Gaelchultúr
- Gael Linn
- Glór na nGael
- Institiúidí tríú leibhéil
- Ionaid Oideachais áitiúla
- Oideas Gael
- Ranganna.com
- Scoileanna áitiúla
- Teastas Eorpach na Gaeilge (scrúdú amháin)
Níl sa liosta thuas ach treoir agus is féidir tacaíocht a lorg le haghaidh cúrsaí eagraithe ag forais eile nach iad. D’fhéadfaí oiliúnóir a thabhairt isteach le cúrsa a sholáthar don naíonra/scoil féin nó i gcomhpháirt le naíonra(í) nó scoil(eanna) eile sa cheantar, má oireann. Fáiltítear roimh iarratais ó níos mó ná stiúrthóir nó ball foirne amháin. I gcás go bhfuil tú cláraithe do chúrsa ach nach bhfuil sé tosaithe agat go fóill, is féidir aisíocaíocht a lorg ar tháillí atá íoctha cheana féin. Is féidir iarratas a dhéanamh bunaithe ar chúrsa atá beartaithe agat tabhairt faoi amach anseo, ach sonraí an chúrsa a chur ar fáil mar chuid den iarratas. Ní féidir aisíocaíocht a lorg ar tháillí do chúrsa atá déanta agat cheana féin.
Tapaigh an deis! Níl ach buiséad teoranta againn don scéim, agus ceadófar iarratais ar bhonn tús freastail. An spriocdháta d’iarratais ná an 09 Nollaig 2016. Le hiarratas a dhéanamh ar an scéim, ní gá ach foirm shimplí a comhlánú thíos.
Má tá aon cheist agat maidir leis an scéim, déan teagmháil le Sandra ar 01 8535194 nó sandra@gaelscoileanna.ie.
Coinníollacha na Scéime
- Is gá iarratas i scríbhinn a dhéanamh sula gceadófar aon chaiteachas.
- An spriocdháta d’iarratais ná 09 Nollaig 2016.
- An t-uasmhéid a cheadófar in aghaidh an bhaill foirne ná €200. Is féidir iarratas a dhéanamh ar son níos mó na stiúrthóir amháin ón naíonra nó baill foirne neamh-theagaisc amháin ón scoil ach is gá foirm a chomhlánú do gach iarratasóir.
- Íocfar na táillí ar bhonn sonraisc nó admhála ón bhforas oiliúna amháin. Lorgófar sonrasc nó admháil agus sonraí an íocaí uait ar cheadú d’iarratais agus ní gá iad a sheoladh roimhe sin.
- Ní féidir aisíocaíocht a lorg ar tháillí do chúrsa atá déanta agat cheana féin.
- Tabharfar tús áite d’iarratais de réir mar a thagann siad chun na hoifige, agus de réir buiséid teoranta na scéime.
- Cuirfear iarratais nach féidir a cheadú de dheasca ró-éileamh ar liosta feithimh.
- Tá cead ag Gaelscoileanna Teo. maoiniú a aisghairm i leith mí-úsáide.
- Tá an scéim seo ar fáil do naíonraí sna 26 chontae, lasmuigh den Ghaeltacht agus do scoileanna lán-Ghaeilge sna 32 chontae amháin.
Oops! We could not locate your form.
Le Chéile Trí Ghaeilge 2016
Feabhra 8, 2016
Tá Gaelscoileanna Teo. ag cur deontas ar fáil do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta tríd an scéim ‘Le Chéile Trí Ghaeilge’. Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil buiséad ceadaithe don scéim don tréimhse Eanáir – Nollaig 2016 agus go bhfuil muid ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí atá beartaithe laistigh don tréimhse seo. Bíonn an-tóir ar na deontais, agus molaimid do naíonraí agus do scoileanna an deis a sciobadh agus iarratas a dhéanamh go luath! Ceadaítear na deontais ar bhonn tús freastail. Ní gá go mbeidh sonraí an imeachta deimhnithe agat leis an iarratas a dhéanamh, is leor cur síos ar a bhfuil beartaithe. Déantar na h-íocaíochtaí de réir admhála i ndiaidh an imeachta. Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:
• Naíonraí / naíscoileanna
• Bunscoileanna
• Iarbhunscoileanna
Tríd an scéim seo, bíonn deis ag naíonraí agus scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le naíonraí agus scoileanna eile. Cuireann Gaelscoileanna Teo. uasmhéid de:
• €250 / £225 ar fáil d’imeacht le 2 naíonra/scoil rannpháirteach ann
• €500 / £450 d’imeacht le 3 naíonra/scoil nó níos mó rannpháirteach ann
• €750 / £675 más 4 naíonra/scoil nó níos mó atá le bheith rannpháirteach.
Is féidir an fhoirm iarratais a chomhlánú anseo:
http://www.gaelscoileanna.ie/events/foirm-dimeachtai-idir-scoile/
Baineann na deontais seo leis an tréimhse Eanáir – Nollaig 2016 amháin. Ní féidir linn deontais a cheadú d’imeachtaí lasmuigh den tréimhse sin.
An spriocdháta d’iarratais ná 09 Nollaig 2016.
Tugann na himeachtaí seo deis tábhachtach do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le chéile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa an naíonra agus na scoile, chun leasa na bpáistí agus na ndaltaí agus chun leasa an phobal. Is féidir teagmháil a dhéanamh liom má tá ceist ar bith agat ina leith. Tá liosta ar ár suíomh d’eagraíochtaí a chuireann seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil agus seans go mbeidh spreagadh ann daoibh agus sibh ag pleanáil i dtreo imeacht a reáchtáil – féach http://www.gaelscoileanna.ie/events/foirmeacha-iarratasapplication-forms/
Tá an scéim deontais seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.
TOGHA NA TALLAINNE AG CRAOBHCHOMÓRTAS SCLÉIP GAEL LINN 2016 !
Feabhra 8, 2016
Bhí togha na tallainne ag Craobhchomórtas Scléip 2016 a d’eagraigh Gael Linn, Déardaoin seo caite, 4 Feabhra, 2016. Thaistil suas le 300 scoláire ó iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ó cheann ceann na tíre, mar aon lena gcuid múinteoirí agus tuismitheoirí, go hamharclann Clasach, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath don ócáid. Cháiligh na hiomaitheoirí uilig trí réamhbhabhtaí réigiúnacha roimh Nollaig do bhuaicphointe seo an chomórtais, ina mbíonn an bhéim ar na healaíona comhaimseartha. Ba iad Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, agus Niamh Ní Chróinín, Raidió Rí-Rá, a bhí mar láithreoirí ar an seó.
Cuireadh tús breá leis an lá leis na comórtais Rince Cruthaitheach do dhaoine aonaracha agus do ghrúpaí rinceoirí, idir shóisir agus shinsir. Bhí scoláirí ó Ghaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, Coláiste Oiriall, Muineachán, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Scoil Chaitríona, Glasnaíon agus ó Choláiste Cois Life, Leamhcán, páirteach iontu, agus bhaineadar uilig ardchaighdeán amach. Ina dhiaidh sin, bhí deis ag aisteoirí óga ó chuid de na scoileanna céanna, mar aon le haisteoirí ó Ghaelcholáiste Reachrann, Domhnach Míde a gcuid scileanna a léiriú sna comórtais Sceitse Nuachumtha. Bhí sé in am ansin do na comórtais Shlua-Amhránaíochta, a reáchtáladh don chéad uair i mbliana. Bhí Coláiste Lú, Dún Dealgan agus Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair, i measc na scoileanna a chuir taispeántais de ardchaighdeán i láthair an lucht féachana! Bhí na moltóirí, an léiritheoir Síle Ní Dhuibhne, an rinceoir Sibéal Davitt agus an ceoltóir Méabh Ní Thuathaláin, an-tógtha leis na míreanna ar fad a chonaic siad i rith na maidine.
I ndiaidh an lóin, bhí scoláirí ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua agus ó Choláiste de hÍde, Tamhlacht ar chuid de na hiomaitheoirí
sna comórtais Ceol Aonair Comaimseartha agus Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le Féintionlacan. Bhí iomaíocht ghéar ansin sna rannóga sóisearacha agus sinsearacha den chomórtas Grúpa Amhránaíochta Comhaimseartha le Féintionlacan. An t-am seo, chuaigh grúpaí ó Ghaelcholáiste Luimnigh, Coláiste Chilliain, Cluain Dolcain, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus ó Ghaelcholáiste Mhuire, An Mhainistir Thuaidh, Corcaigh ar stáitse, mar aon leis na rannpháirtithe eile. Bhí slua mór sa halla agus cuireadh ar a gcosa iad leis an gceol agus amhránaíocht ó na grúpaí iontacha uilig !
Tháinig deireadh leis an lá agus am na ciniúna róscioptha! Ba iad na ceoltóirí agus cumadóirí Cian Mac Cárthaigh, Enda Reilly agus Méabh Ní Thuathaláin a bhí ag moltóireacht ar na comórtais seo. Ar dtús, thugadar léirmheas ar a raibh feicthe acu ar ardán agus thugadar ardmholadh do phobal óg na Gaeilge as siamsaíocht den scoth a chur i láthair. Bhí buaiteoirí le roghnú i ngach comórtas, agus an dara háit le roghnú, chomh maith, ins na rannóga ina raibh cúig (5) iomaitheoir nó níos mó.
Is iad seo a leanas na duaiseoirí:
Rince Cruthaitheach Aonair ( Sóisear): Ellen Ní Chonchra, Gaelcholáiste Luimnigh
Rince Cruthaitheach Aonair ( Sinsear ): Cian Ó Conraoi, Coláiste Oiriall, Muineacháin
Rince Cruthaitheach Grúpaí ( Sóisear ): Shauna agus Shannon, Coláiste Cois Life, Leamhcán
Rince Cruthaitheach Grúpaí ( Sinsear ): Grúpa Choláiste Oiriall, Muineachán
Sceitse Nuachumtha ( Sóisear ): Joe Mac Aoidh agus a Chairde, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Sceitse Nuachumtha ( Sinsear ): An Coiste Cróinéara, Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí
Slua-Amhránaíocht le Fuaimriain Taca ( Sóisear ): Na Reibiliúnaigh, Coláiste Lú, Dún Dealgan
Slua-Amhránaíocht le Fuaimriain Taca ( Sinsear ): Idirbhliain, Scoil Chaitríona, Glasnaíon
Ceol Aonair Comaimseartha ( Sóisear ): Ruairí Mac Closcaí, Coláiste Lú, Dún Dealgan
Ceol Aonair Comaimseartha ( Sinsear ): Jack O’ Callaghan, Gaelcholáiste Luimnigh
Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le Féintionlacan ( Sóisear ): Caoimhe Nic Raghnaill, Scoil Chaitríona, Glasnaíon
Amránaíocht Aonair Chomhaimseartha le Féintionlacan ( Sinsear ): Sonny Ní Chathasaigh, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
Grúpa Amhranaíochta Comhaimseartha le Féintionlacan ( Sóisear ) An Chéad Áit: Clú, Coláiste Lú, Dún Dealgan An Dara hÁit: Anne Marie, Emma agus Róisín, Coláiste Íosagáin, Co Bhaile Átha Cliath
Grúpa Amhránaíochta Comhaimseartha le Féintionlacan ( Sinsear ) An Chéad Áit: Na Fomhuireáin, Gaelcholaiste Mhuire, An Mhainistir Thuaidh An Dara hÁit: Na Painéil Bhána, Coláiste Oiriall, Muineachán
Bronnadh duaiseanna, a bhí deartha go speisialta don ócáid ag an seodóir Neil Conway, orthu uilig. Tabharfar cuireadh do bhuaiteoirí na gcomórtas amhránaíochta páirt a ghlacadh i bhféile siamsaíochta Ravelóid sa samhradh.
Chomh maith leis sin, bhí Gradam Scléip le bronnadh ar an amhránaí/ceoltóir aonair nó ar an ngrúpa is mó a sheas amach as na buaiteoirí uilig sna comórtais cheoil/amhránaíochta. Bhí na moltóirí ar aon fhocal go raibh an duais seo tuillte go mór ag Na Fomhuireáin, a raibh buanna ar leith ceoil, cumadóireachta agus amhránaíochta acu! Bhí lúcháir an domhain ar na réalta óga glacadh leis an ngradam speisialta seo ó Bhainisteoir Scéimeanna Gael Linn, Seán Ó Ceallaigh. Ghabh an tUasal Ó Ceallaigh buíochas leis na múinteoirí as a dtacaíocht don chomórtas agus dúirt: ‘Tá traidisiún fada ag Gael Linn i gcur chun cinn na Gaeilge tríd na healaíona. Ag Scléip, tugtar deis do dhéagóirí an Ghaeilge a chleachtadh agus a dtallainn a léiriú in atmaisféar taitneamhach. Bhí líon ard iontrálacha don chomórtas i mbliana, agus bheadh súil againn tuilleadh scoileanna fós a mhealladh le bheith rannpháirteach ann sna blianta amach romhainn’.
Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca 01 6753303