Suirbhé ECI maidir le hearcaíocht do sheirbhísí luathbhlianta
Márta 10, 2017
Tá suirbhé tábhachtach ar bun ag Early Childhood ireland faoi láthair maidir le hearcaíocht in earnáil na luathbhlianta agus na dushláin a bhaineann le foireann cuí a earcú agus a choinneáil. Is féidir páirt a ghlacadh ann agus bheith san áireamh i gcrannchur le ticéad do chomhdháil ECI a bhuachan trí cliceáil ar an nasc seo: https://www.surveymonkey.com/r/ECIRecruitmentSurvey
Seoladh Shuíomhanna Gréasáin nua Raidió na Life & Comhar
Márta 9, 2017
Sárscoil Fíbín don Idirbhliain
Márta 8, 2017
Reáchtáil Sárscoil Fíbín an chéad dhá ghearrchúrsa dírithe ar lucht na hIdirbhliana in Indreabhán i gConamara le linn na seachtaine seo caite. Scéim píolótach é Sárscoil Fíbín don Idirbhliain ar tugadh faoi le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Thug grúpa scoláirí, buachaillí agus cailíní as Coláiste na hInse, Baile an Bhiataigh, Co. na Mí faoin gcéad ghearrchúrsa agus grúpa cailíní as Scoil Mhuire i gCathair Chorcaí faoin dara gearrchúrsa.
Bhí clár ama cuimsitheach go maith leagtha amach do na grúpaí le linn an chúrsa. Bhí Darach Mac Con Iomaire, stiúrthóir agus scríbhneoir i mbun na gceardlanna drámaíochta agus rinne Pádraig ‘MC Muipéad’ Ó Conghaile ón mbanna ceoil IMLÉ ceardlanna ‘ag rapáil’ as Gaeilge leis na scoláirí sna tráthnónta. Thug an treoraí áitiúil Eoin Ó Tuairisc ar shiúlóid cois cósta sna hAille na scoláirí chun áilleacht an cheantair a bhlaiseadh agus chun cur síos a dhéanamh dóibh ar stair, logainmneacha agus ar shliogéisc an chladaigh. D’fhan na scoláírí i dtithe lóistín áitiúla agus iad á dtumadh i timpeallacht le Gaeilge le linn a dtréimhse linn chun barr feabhais a chur ar a nGaeilge scríofa agus labhartha.
Bhí comhordaitheoirí Idirbhliana ag achainí ar Sárscoil Fíbín le roinnt blianta anuas clár mar seo a chur ar fáil do lucht na hIdirbhliana agus tar éis d’ionadaithe ó Fíbín freastal ar chomdhálacha dírithe ar mhúinteoirí agus ar thaispeántais dírithe ar scoláirí Idirbhliana le dhá bhliain anuas rinne muid an cinneadh gur bhfiú go mór a leithéid de chúrsa a eagrú agus an margadh aimsithe againn. Tá an cúrsa seo ag teacht mar bhrainse eile den chúrsa coicíse samhraidh Sárscoil Drámaíochta Fíbín a bheidh ar siúl don séú bliain as a chéile i mbliana i mí Iúil agus beidh muid ag tabhairt faoi éisteachtaí mórthimpeall na tíre ag deireadh na míosa seo.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na cúrsaí seo téigh chuig ár suíomh gréasáin www.sarscoilfibin.ie nó seol ríomhphost chuig sarscoilfibin@gmail.com
Acmhainní Múinteoireachta ar Shábháilteacht Idirlín
Márta 8, 2017
Tá roinnt acmhainní múinteoireachta maidir le sábháilteacht Idirlín curtha le chéile ag foireann Webwise. Tá na hacmhainní ar fáil duitse, do do scoil nó do d’eagraíocht saor in aisce. Is féidir iad a úsáid chun cabhrú le daoine óga foghlaim faoin méid a theastaíonn chun na meáin nua a úsáid go sábháilte, go slán agus ar bhealach dearfach. Tá acmhainní breise maidir le sábháilteacht Idirlín ar fáil lena n-íoslódáil ó na leathanaigh Treoirleabhair do Thuismitheoirí agus Beartas Scoile.
Gach acmhainn agus eolas ar fáil ag an nasc seo.
Sparántachtaí Taighde
Márta 1, 2017
Taighde: An Leanúnachas ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil lán-Ghaeilge
Feabhra 15, 2017
Tá réimse leathan taighde mar a bhaineann le hoideachas lán-Ghaeilge, tumoideachas agus eile ar fáil le híoslódáil ó chartlann Gaeloideachas, féach http://www.gaelscoileanna.ie/taighde/. Seo thíos cuid den taighde is déanaí a cuireadh leis an gcartlann:
- An Leanúnachas ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil lán-Ghaeilge – cur i láthair ó Chomhdháil Oideachais 2016 (PDF, 141KB)
- Tuairisc Taighde -An Leanúnachas ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i bPoblacht na hÉireann (PDF, 848KB)
Plean foilsithe ag an Aire Bruton chun aghaidh a thabhairt ar Mhíbhuntáiste Oideachais
Feabhra 15, 2017
Preasráiteas ón Roinn Oideachais & Scileanna:
108 Gníomh chun Cabhrú le gach Duine a Lánacmhainneacht a Bhaint Amach
Tacaíochtaí Breise le cur ar Fáil do thart ar 110; chun Leasa tuairim is 20,000 Dalta
Sheol an tAire Oideachais agus Scileanna, an tUas. Richard Bruton, TD, Plean DEIS (Comhionannas Deiseanna i Scoileanna a Sheachadadh) 2017 inniu, a phlean chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachais.
Caithfidh an deis a bheith ag gach leanbh a lánacmhainneacht a bhaint amach, beag beann ar a gcúinsí. Tá cumas uathúil ag an oideachas na timthriallta míbhuntáiste a bhriseadh.
An sprioc fhoriomlán atá againn ná córas oideachais agus oiliúna na hÉireann a dhéanamh ar an gceann is fearr san Eoraip laistigh de dheich mbliana. Baineann Plean an lae inniu le bheith ar an dream is fearr chun poitéinseal an chórais oideachais a úsáid chun na timthriallta míbhuntáiste sin a bhriseadh trí thorthaí oideachais níos fearr.
Tógann an Plean ar thaithí na scoileanna DEIS atá ann cheana féin agus tarraingíonn ar dheachleachtas idirnáisiúnta. Leagtar amach ann spriocanna nua maidir le:
· Litearthacht agus uimhearthacht a fheabhsú
· Rátaí críochnaithe scoile a fheabhsú
· Dul ar aghaidh chuig ardoideachas agus breisoideachas a fheabhsú
Aithníonn an Plean níos mó ná 100 gníomh a thacaíonn le míbhuntáiste oideachais lena chinntiú gur féidir le gach duine a lánacmhainneacht a bhaint amach. Áirítear ar na gníomhartha sin iad seo a leanas:
· Múnla nua chun scoileanna a aithint ar bhealach cóir agus oibiachtúil chun acmhainní breise a chur ar fáil chun leasa tuairim is 20,000 leanbh agus thart ar 110 scoil
Beidh Scéim Leabhar ar Cíos a fheidhmiú éigeantach do scoileanna a bheidh rannpháirteach sa Chlár Tacaíochta Scoile faoi Mheán Fómhair 2017
· Beidh mar aidhm ag sraith scéimeanna píolótacha nuáil agus cruthaitheacht i scoileanna a spreagadh agus tacóidh Ciste Sármhaitheasa i Scoileanna leis na tionscnaimh sin a fhorbairt; nuáil a spreagadh trí chnuasú scoileanna
· Díriú ar thacaíochtaí do cheannairí agus múinteoirí scoile chun scileanna a thabhairt dóibh tacú le leanaí lánacmhainneacht a bhaint amach (e.g oiliúint i gceannaireacht ghairmiúil, cúrsaí ullmhachta do phríomhoidí nuacheaptha, cúrsaí meantóireachta agus cóitséala)
· Rochtain a thabhairt do gach iarbhunscoil a bheidh rannpháirteach sa Chlár Tacaíochta Scoile ar chomhairleoir gairmthreorach tiomnaithe
An t-aistriú ó réamhscoileanna go dtí scoileanna náisiúnta i bpobail a fheabhsú do leanaí, ag tógáil ar láidreacht chláir mar ABC
· Leagfaidh scoileanna amach spriocanna a bheidh sonrach, intomhaiste, inscroichte, réadúil agus am-shonrach, lena n-áirítear spriocanna do litearthacht agus uimhearthacht, Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) agus ceannaireacht, agus meastóireacht a dhéanamh orthu gach bliain
Aonad Forbartha DEIS a bhunú sa Roinn Oideachais agus Scileanna chun tacú le cur i bhfeidhm idirghabhálacha nua agus cabhrú leis na hacmhainní riachtanacha a fháil ó na gníomhaireachtaí tacaíochta éagsúla
10 síceolaí NEPS breise a cheapadh chun tacaíochtaí chuig scoileanna DEIS a fheabhsú
Cuirfidh Boird Oideachais agus Oiliúna socruithe for-rochtana foirmiúla ar bun le scoileanna DEIS chun rochtain a spreagadh trí na bealaí oideachais atá ann cheana féin
Leathnófar an Chomhpháirtíocht Gnó Scoileanna chun freastal ar scoileanna nua san áireamh sa Chlár Tacaíochta Scoile
Dúirt an tAire Bruton:
“Caithfidh an deis a bheith ag gach leanbh a lánacmhainneacht a bhaint amach, beag beann ar a gcúinsí. Tá cumas uathúil ag an oideachas na timthriallta míbhuntáiste a bhriseadh. Is é bun-aidhm an Rialtais seo ár ndul chun cinn eacnamaíoch a chothabháil agus é a úsáid chun sochaí chóir agus chomhbhách a chruthú. Níl réimse ar bith níos tábhachtaí don fhís seo ná an t-oideachas.
“Tá an t-ádh linn in Éirinn go bhfuil gairm mhúinteoireachta chomh díograiseach agus tiomanta againn. Leanfaidh ár múinteoirí agus ceannairí scoile ar aghaidh ag imirt ról ríthábhachtach i gcabhrú le leanaí a lánacmhainneacht a bhaint amach. Caithfimid tacú lenár múinteoirí agus lenár gceannairí scoile, trí uas-sciliú, meantóireacht agus cóitseáil, ionas go mbeidh siad in ann pleanáil, feidhmiú agus tacú.
“Forbraíonn ár bplean an deachleachtas ionas gur féidir scoileanna a aithint do thacaíocht bhreise ar bhealach cóir agus oibiachtúil. Úsáidfimid cuir chuige nua ar bhonn píolótach chun nuáil agus torthaí níos fearr do leanaí a spreagadh. Is féidir sin a phríomhshruthú in imeacht ama.
“Cuirfear tacaíochtaí breise ar bun, mar shampla soláthar breise NEPS, soláthar d’fhorbairt ghairmiúil tosaíochta agus scéimeanna leabhar ar cíos.
“Cuireann ár bplean tacaíochtaí ar fáil d’fhoghlaimeoirí de gach aois. Is mian liom tuilleadh daltaí a fheiceáil ag leanúint ar aghaidh chuig ardoideachas agus breisoideachas. Caithfimid bealaí níos fearr a fhobairt dóibh.
“Is mian liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le gach duine a chuir le forbairt an Phlean seo agus táim ag tnúth le bheith ag obair le scoileanna agus tacú leo chun a spriocanna a bhaint amach.”
“Bhí mé an-sásta cuairt a thabhairt ar Scoil Náisiúnta Our Lady Immaculate Junior National School i nDarndál inniu chun ár bplean nua maidir le haghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachais a sheoladh.”
Cuirfear an clár tacaíochta scoileanna DEIS i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2017, agus oibreofar go leanúnach le comhpháirithe oideachais agus páirtithe leasmhara eile lena chinntiú go seachadófar a chuspóirí go rathúil.
Thug an tAire Bruton cuairt ar Scoil Náisiúnta Shóisearach Muire Gan Smál i nDarndál inniu, bunscoil i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, chun a phleananna a leagan amach maidir le deiseanna do leanaí as limistéir faoi mhíbhuntáiste a fheabhsú.
Táthar ag tabhairt liosta de na scoileanna a gheobhaidh sochair bhreise chun críche agus foilseofar go luath é.
Tá Plean Gnímh DEIS 2017 ar fáil ag:
http://www.education.ie/en/Publications/Policy-Reports/DEIS-Plan-2017.pdf
Spriocanna faoin bPlean seo
D’fhonn na spriocanna atá leagtha amach againn a bhaint amach, agus ag tógáil ar na cúig phríomhsprioc atá leagtha amach sa Phlean Gnímh don Oideachas 2016-2019, is iad na Príomh-Spriocanna atá leagtha amach againn dúinn féin sa Phlean DEIS seo:
1. Creat measúnaithe níos láidre agus níos freagrúla a chur i bhfeidhm chun scoileanna a aithint agus leithdháileadh éifeachtach acmhainní a dhéanamh
2. Taithí foghlama agus torthaí daltaí i scoileanna DEIS a fheabhsú
3. Cumas ceannairí scoile agus múinteoirí gníomhú, pleanáil agus acmhainní a úsáid a mhéid is fearr is féidir
4. Tacú le dea-chleachtas i scoileanna agus é a chothú trí chomhoibriú idirghníomhaireachta
5. Tacú le hobair scoileanna tríd an taighde, faisnéis, meastóireacht agus aiseolas a thabhairt chun spriocanna an phlean a bhaint amach
Leagtar amach sa Phlean DEIS, a thagann in áit an Phlean Ghnímh reatha a seoladh i 2005 , ár bhfís maidir le hidirghabháil amach anseo sa réimse ríthábhachtach na cuimsitheachta sóisialta i mbeartas oideachais.
Príomhghné den Phlean ná modh níos freagrúla agus níos solúbtha chun scoileanna a aithint lena gcur san áireamh sa SSP a bhraitheann ar shonraí arna gcoinneáil go lárnach ag DES agus CSO. Ceadóidh an múnla nua do scoileanna a aithint go cruinn i dtéarmaí chúlra socheacnamaíoch an chohóirt daltaí, agus acmhainní agus riachtanas oideachais a mheaitseáil níos fearr. Cuirfidh an próiseas nua seo deireadh leis an ngá le próiseas iarratais agus mar sin laghdófar an t-ualach riaracháin ar scoileanna.
Gné thábhachtach eile ná tabhairt isteach shraith tionscadal píolótach atá dírithe ar bhearta a thabhairt isteach a léirítear go n-oibríonn siad go maith chun torthaí dhaltaí faoi mhíbhuntáiste a fheabhsú. An aidhm leis sin ná nuáil agus cruthaitheacht i scoileanna a spreagadh agus tacófar le forbairt na dtionscnamh seo trí Chiste Sármhaitheasa Scoileanna. Is iad na bearta saindírithe atá le cur san áireamh Ceannaireacht Scoile, líonrú/cnuasú Scoileanna, modheolaíochtaí teagaisc, gach tacaíocht a chomhtháthú i bpobail, úsáid níos mó a bhaint as seirbhísí HSCL.
Beidh comhoibriú agus oibriú idir-ghníomhaireachta lárnach le go n-éireoidh leis an bPlean seo agus tá roinnt gníomhartha ann lena chinntiú go dtarlóidh sin.
Athbhreithniú cuimsitheach ar an gClár DEIS reatha, deachleachtas idirnáisiúnta, agus ionchur ó Ghníomhaireachtaí agus Ranna Rialtais, comhpháirtithe oideachais agus páirtithe leasmhara eile, is cúis leis an bPlean seo.
Scoileanna le cur san áireamh:
Gheobhaidh thart ar 110 scoil tacaíochtaí breise. Tá mionsonraí faoi na scoileanna a gheobhaidh tacaíochtaí breise á gcur le chéile agus fógrófar go luath iad.
Ár bhFís
Go mbeidh an tOideachas ina bhealach cruthaithe chuig deiseanna níos fearr do dhaoine i bpobail atá i mbaol míbhuntáiste agus eisiamh sóisialta.
Ár nUaillmhian
A bheith ar an dream is fearr san Eoraip maidir leis an oideachas a thapú chun bacainní a shárú agus deireadh a chur leis an timthriall de mhíbhuntáiste idirghlúine trí fhoghlaimeoirí a chumasú a bheith rannpháirteach agus rathúil agus cur go héifeachtach leis an tsochaí i ndomhan atá ag athrú.
Ár Spriocanna
D’fhonn an fhís a bhaint amach, tá sraith spriocanna uaillmhianacha leagtha amach againn.
Preasráiteas iomlán ar www.education.ie
Ceadúnas an ICLA – suirbhé ar bun
Feabhra 8, 2017
Tá Gníomhaireacht na hÉireann um Cheadúnú Cóipchirt i mbun suirbhé faoi láthair, ar mhaithe le deimhniú go ndéanfaí dáileadh cothrom agus ionadaíoch ar an táille ceadúnaithe a íocadh thar ceann scoileanna leis na húdair, na foilsitheoirí agus na fís-chruthaitheoirí – gur múinteoirí scoile iad 95% díbh. Is gá rannpháirtíocht na scoileanna chun an suirbhé a dhéanamh agus tá sé ag brath ar thuairisciú iomlán agus cruinn ar an bhfótachóipeáil agus/nó scanadh a dhéantar ar ábhar faoi chóipcheart le linn thréimhse an tsuirbhé. Tá teagmháil díreach á dhéanamh ag an nGníomhaireacht le scoileanna faoi láthair ina leith, ach seo thíos eolas maidir leis, agus iarann Gaeloideachas ar na scoileanna lán-Ghaeilge, a bhraitheann go mór ar na háiseanna den scoth a chuireann pobal na scoileanna féin ar fáil, bheith lán rannpháirteach ina gcuid oibre.
FÉILTE COIRM GAEL LINN 2017 BUAILTE LINN!
Feabhra 6, 2017
FÉILTE COIRM GAEL LINN 2017 BUAILTE LINN!
Tá scoláirí bunscoile agus a gcuid múinteoirí ó Dhún na nGall go Daingean Uí Chúis ag ullmhú faoi láthair do fhéilte COIRM GAEL LINN 2017! Léireoidh suas le 75 scoil, idir Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta, seóanna scoile in amharclanna timpeall na tíre i rith mhí Feabhra agus mí an Mhárta. Beidh a rogha téama ag gach scoil, agus beidh meascán de mhíreanna – drámaíocht, ceol, amhránaíocht, scéalaíocht, aithriseoireacht, rince agus a leithéid – i ngach seó. Ní comórtas atá i gceist le COIRM ach tabharfar aitheantas (i bhfoirm ghradaim) do sheónna nó do mhíreanna as seónna a léireoidh ardchaighdeán ag na féilte. Agus chun cur le hatmaisféar na féile, beidh siamsóirí i láthair chun gáire a bhaint as an lucht féachana idir mhíreanna ! Cuirfear tús le nach mór gach féile c. 10.30 a.m. agus beidh fáilte roimh lucht féachana ach eolas a chur chuig Gael Linn ( 01:6751200 ) roimhré. Bí linn don spórt agus spraoi !
Naoi gcinn ar fad de fhéilte aonlae a bheidh sa tsraith:
- Déardaoin 2 Feabhra 2017 – Amharclann Phlás an Mhargaidh, Ard Mhacha
- Dé Céadaoin 8 Feabhra 2017 – Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Maí
- Déardaoin 9 Feabhra 2017 – Amharclann Naomh Mícheál, Ros Mhic Thriúin
- Déardaoin 9 Feabhra 2017 – An Grianán, Leitir Ceanainn
- Dé Máirt 14 & 15 Feabhra 2017 – Amharclann Clasach, Fionnradharc, BÁC
- Déardaoin 16 Feabhra 2017 – An tÁras Ealaíne, An Muileann gCearr
- Dé Máirt 28 Feabhra/Dé Céadaoin 1 Márta 2017 – Amharclann na Cathrach, Gaillimh
- Dé Máirt 7 Márta 2017 – Siamsa Tíre, Trá Lí
- Déardaoin 9 Márta 2017 – Amharclann an Hawk’s Well, Sligeach
Operation Transformation as Gaeilge!
Feabhra 3, 2017
Tá físeain Operation Transformation de chuid RTÉ ar fáil le híoslódáil as Gaeilge anois. Is áis físfhoghlama fhíorthairbheach í seo a bhféadfaí a úsáid do ranganna Folláine agus Sláinte. Féach anseo