Dátaí don dialann: Tóstal na Gaeilge 2013
Samhain 28, 2012
Reáchtálfar Tóstal na Gaeilge Dé Sathairn 16 Feabhra 2013 in Óstán an Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2.
Cuirfear fáilte roimh pobail Ghaeilge na tíre agus roimh chairde na teanga freastal ar an ócáid chun plé a dhéanamh ar mhórcheisteanna an lae i dtaobh na Gaeilge.
Eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ‘Tóstal na Gaeilge’ chun deis a thabhairt do phobail na Gaeilge a gcuid tuairimí ar nithe ábhartha a léiriú agus a roinnt lena chéile, agus chun moltaí a dhéanamh ar pholasaithe reatha an Rialtais i dtaobh na Gaeilge nó ar pholasaithe ar mhaith leo go gcuirfeadh an Rialtas iad i bhfeidhm.
Ag an ócáid, pléifear polasaithe an Rialtais, cur i bhfeidhm na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge, an Ghaeilge sa chóras oideachais agus sa státchóras agus todhchaí na Táthar ag súil chomh maith go mbeidh plé bríomhar ann ar na dúshláin atá i ndán don Ghaeilge i ré na teicneolaíochta.
Beidh An Chomhdháil ag ceiliúradh 70 bliain ar an bhfód sa bhliain 2013 agus tá i gceist go mbeidh ceiliúradh ar obair na Comhdhála agus ar obair na hearnála deonaí ag an ócáid.
Fógrófar clár an Tóstail sna seachtainí atá amach romhainn ar Gaelport.com agus fógrófar tuilleadh sonraí ar na meáin shóisialta faoin haischlib #Tnag13.
Foilsithe ar Gaelport.com
Dhá leabhar ghleoite leis An Gúm le buachan
Samhain 28, 2012
An tseachtain seo arís beidh deis iontach ag duine cóip de na leabhair aoibhne atá foilsithe ag An Gúm a bhuachan.
An dá leabhar atá i gceist ná Nóinín agus Siar Aniar ó pheann an scríbhneora Eibhlís Ní Dhonnchadha agus Caoimhe agus an Bogha Báistí leis an scríbhneoir Siobhain Grogan.
Casadh Nóinín agus a cairde orainn cheana sa leabhar Nóinín agus Róllaí Póllaí. Seo chugainn ar ais í sa leabhar Nóinín agus Siar Aniar agus cairde nua fós aici agus í ag dul ar eachtra a bhaineann le maidrín fiosrach, portán agus tarracóir draíochtach!
Tá idir phrós, véarsaíocht agus cheol sa scéal seo. Tá an leabhar maisithe go hálainn ag Dómhnal Ó Bric agus tá an dlúthdhiosca a théann leis lán de spraoi agus d’anamúlacht na nDéise.
Pictiúrleabhar nua le flapaí do pháistí óga is ea an leabhar Caoimhe agus an bogha báistí le Siobhain Grogan. Ní maith le Caoimhe torthaí. Ach is breá léi dathanna an bhogha báistí. Déanann Mamaí margadh cliste léi a mbíonn toradh an-sláintiúil air! Leabhar gleoite a mheallfaidh idir óg is aosta atá maisithe ag Róisín Curé.
Tá na leabhair seo feiliúnach do phaistí óga idir 4-7 bliana d’aois.
Ceist na seachtaine seo:
Cén comhlacht foilseacháin a d’fhoilsigh na leabhair Nóinín agus Siar Aniar & Caoimhe agus an Bogha Báistí
• Cló Mhaigh Eo
• Cló Iar-Chonnacht
• Futa Fata
• An Gúm
Seol freagraí chuig duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 13 Nollaig 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Táimid fíorbhuíoch de An Gúm a bhronn an duaiseanna iontacha seo orainn.
Foilsithe ar Gaelport.com
Dul chun cinn an ghaeloideachais léirithe i Sraith na Scoileanna 2012
Samhain 28, 2012
Foilsíodh Sraith na Scoileanna de chuid The Irish Times le déanaí inar ainmníodh 11 Ghaelscoil ar éirigh le 100% de dhaltaí na bliana seo áit sa chóras tríú leibhéal a bhaint amach.
Cuirtear síos ar na scoileanna ba fhriothálaí i dtaobh an chórais tríú leibhéal sa tsraith bhliantúil agus is cosúil go bhfuil ardú suntasach tagtha ar líon na scoileanna atá mar scoileanna friothála i dtuairisc na bliana seo.
Is iad na scoileanna táille atá mar cheannasaithe ar an liosta i mbliana, mar a bhíonn go hiondúil ach de réir na tuairisce le déanaí tá ardú 50% tagtha ar líon na scoileanna ag a bhfuil ráta ratha 100%. Tá 17% (121 as 724) d’iar-bhunscoileanna na tíre ag cur 100% dá ndaltaí ar aghaidh chuig an gcóras tríú leibhéal i láthair na huaire agus de réir shraith na bliana seo, tá 11 Gaelscoil mar chuid den fhigiúir sin:
• Coláiste Íosagáin, Stigh Lorgan
• Coláiste Eoin, Stigh Lorgan
• Coláiste Íde, An Daingean
• Gaelcholáiste Chiarraí
• Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn
• Pobalscoil Ghaoth Dobhair
• Gairmscoil Fheichín Naofa, Corr na Móna, Gaillimh
• Gaelcholáiste Cheatharlach
• Scoil Mhuire, Corcaigh
• Coláiste Laurel Hill FCJ, Luimneach
• Coláiste Chomain, Maigh Eo
Tá Coláiste Íosagáin, Stigh Lorgan i measc na scoileanna leis na rátaí is airde sa tír, tá sí ainmnithe mar an scoil leis an gceathrú ráta is airde, 100% de 76 dalta ar éirigh leo áit ar ardchúrsa a bhaint amach, agus ainmnítear Coláiste Eoin, Stigh Lorgan (100%) ar an scoil leis an deichiú ráta is airde i leith na gcúrsaí ollscoile leis na pointí is airde (98%).
Luaitear an dá scoil ar liosta de na 5 scoil is fearr i gContae Átha Cliath agus luaitear Coláiste Cois Life, Leamhcán ag a bhfuil ráta 79%, mar uimhir 20 ar an liosta céanna.
Ainmnítear Gaelcholáiste Reachrann, Domhnach Míde sna 5 scoil is fearr i dTuaisceart Átha Cliath le ráta ratha 90% agus tugtar Coláiste Mhuire i gCabrach (68%) mar uimhir 20 ar an liosta céanna.
Cuireadh tús leis an tsraith 10 mbliana ó sin nuair a bhí scoileanna ag cur 70% dá ndaltaí ar aghaidh chuig an tríú leibhéil ar an meán, figiúir atá ardaithe go 80% de réir thuairisc na bliana seo. Is iad na scoileanna táille, Gaelscoileanna agus scoileanna Stáit i gceantair rachmasacha ag a mbíonn na rátaí is airde go hiondúil agus léiríonn na figiúirí thíos cé chomh rathúil is atá an ghaeloideachas fós:
Ráta na ndaltaí ar éirigh leo áit sa chóras tríú leibhéal a bhaint amach i mbliana:
• Coláiste Ráithín, Bré – 96%; Coláiste Chroí Mhuire Gan Smál, An Spidéal – 96%; Coláiste an Phiarsaigh, Cathair Chorcaí – 95%; Pobalscoil Chorca Dhuibhne – 94%; Gaelcholáiste Mhuire, Cathair Chorcaí – 91%; Gairmscoil Éinne, Inis Mór – 90%; Scoil Phobal Mhic Dara, Carna – 90%
• Gaelcholáiste Luimnigh – 88%; Coláiste Mhuire Maigh Eo – 88%; Coláiste Oiriall, Muineacháin – 88%; Gael Choláiste Bhun Chranncha – 86%; Coláiste Chom Cille, Indreabhán – 85%
• Coláiste Ghobnatan, Baile Bhuirne – 78%; Scoil Chaitríona, Glasnaíon, – 77%; Meán Scoil San Nioclás, Dún Garbhán – 73%; Gael-Choláiste Chill Dara – 73%; Coláiste Pobal Osraí, Cill Chainnigh – 70%
• Gairmscoil Chú Uladh, Dún na nGall – 69%; Coláiste de hÍde, Tamhlacht – 68%; Gairmscoil na bPiarsach, Ros Muc – 67%; Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua – 60%
• Coláiste Chillian, Cluain Dolcáin – 59%
Foilsithe ar Gaelport.com
Moladh don Ghaeilge an moladh ba thábhachtaí i dtionscadal Óige an Uachtaráin
Samhain 28, 2012
Thug Uachtarán na tíre, Mícheál D. Ó hUigínn, cuireadh chuig 100 duine óg ó chúlraí éagsúla freastal ar sheimineár dátheangach dar teideal ‘An Óige agus an tÉireannachas’ in Áras an Uachtaráin Dé Sathairn seo caite.
Labhair Gaelport.com le Paula Melvin a bhí mar bhean an tí ar an ócáid faoina ról féin sa ghluaiseacht óige seo agus faoi na gnéithe éagsúla a thit amach ar an lá.
Conas a chur tú spéis sa togra ‘An Óige agus an tÉireananachas’
D’eagraigh an tUachtarán ceithre réamhcheardlann réigiúnach, ceann i mBaile Átha Cliath, ceann i gCorcaigh, ceann i Muineachán agus ceann i nGaillimh.
Mar a tharlaíonn sé bhí mé gafa le Conradh na Gaeilge nuair a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath mar sin d’fhreastail mé ar an gceardlann i gCorcaigh.
Bhí 100 duine óg i láthair ag na réamhcheardlanna éagsúla idir 17-26 bliana d’aois agus iarradh ar 100 as an líon iomlán a bhí i láthair bheith i láthair ag an Áras.
Ansin fuair mé glaoch ón Áras ag fiosrú an mbeinn mar bhean an tí ar an ócáid agus bhí mé thar a bheith sásta leis sin.
Ní hé amháin gur rud iontach fiúntach a bhí ann, bhailigh sé daoine óga ó cheann ceann na tíre le chéile agus onóir a bhí ann dom fiú a bheith i láthair aige gan smaoineamh ar bheith mar bhean an tí, ach go háirithe nuair a bhíomar á dhéanamh go dátheangach.
Togra an Uachtaráin ab ea é agus ba léir go raibh sé ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn. Bhí mé féin agus fear eile mar láithreoirí ar an ócáid, mise a bhí ag láithriú i nGaeilge agus ansin rinne an fear eile ateangaireacht ar an méid a dúirt mé mar sin bhí an Ghaeilge go mór mór chun tosaigh.
Anuas air seo ghlac níos mó ná 800 duine óg páirt sa tionscnamh. Chuireamar ar fad moltaí chun cinn maidir leis an bhfís atá againn don tír agus céard iad na rudaí is tábhachtaí dúinne a bhaint amach.
An raibh na moltaí leagtha amach cheana féin?
Bhí agus ní raibh. Bhailigh roinnt léachtóirí DIT na moltaí agus na haighneachtaí go léir a tháinig isteach ó na réamhcheardlanna agus tuairimí na ndaoine nach raibh i láthair le cur faoi bhráid an Uachtaráin mar sin cuireadh dréacht de na moltaí ar fad ar fáil dúinne ar an lá.
Ar an lá féin, tháinig neart moltaí eile chun cinn maidir le hoideachas, comhionannas, fostaíocht, fiontraíocht, cearta sibhialta agus ansin chaith an 100 duine óg sa seomra vóta ar son na rudaí ba thábhachtaí dóibh féin.
Rud a chuir an-iontas agus gliondar croí ormsa ná gur bhain moladh maidir leis an nGaeilge an chéad áit amach – an moladh ba thábhachtaí a bhí ann. Is é sin ná gur chóir go mbeadh dhá ábhar Gaeilge éagsúla ar fáil don Ardteist a bheadh ina oiriúnt do scoileanna Béarla agus do Ghaelscoileanna.
Ní amháin gur bhain an Ghaeilge an chéad áit amach, bhain moladh eile leis an nGaeilge an tríú háit amach agus is é sin go mbeadh níos mó deiseanna labhartha Gaeilge ag daoine óga. Dochreidte! Táim iontach sásta gur bhain an chéad cheann agus an tríú ceann le an nGaeilge as an líon ard moltaí ar déanadh ar an lá.
An raibh an dearcadh i leith na Gaeilge dearfach i measc na ndaoine óga?
Is cinnte go raibh. Labhair mé go láidir ar son na Gaeilge ag an gceardlann i gCorcaigh agus níor labhair duine ar bith i mo choinne ach cloisim go raibh rud nó dhó diúltach in áiteanna eile – rudaí beaga bhí ansin. Bhí an Ghaeilge an-tábhachtach agus gar do chroíthe na ndaoine óga a bhí ansin agus ba léir gur chaith daoine vóta i leith na Gaeilge fiú nuair nach raibh Gaeilge acu féin.
Rinne an tÁras neart poiblíochta faoi ar na stáisiúin raidió agus sna páipéir nuachta réigiúnacha agus náisiúnta agus rinneadh iarracht ollmhór meascán daoine ó gach aicme, mic léinn ar an tríú leibhéal agus daoine óga atá ag obair a roghnú le bheith páirteach ar an lá. Measaim féin go raibh ionadaíocht fíor-chothrom ann don óige sa tír seo agus is cinnte gur dea-scéal é sin don Ghaeilge.
Céard iad na céimeanna a bheidh á nglacadh ag an Rialtas chun na moltaí seo a chur i bhfeidhm?
Bhuel, táim féin iontach buíoch don Uachtarán as an deis seo a thabhairt domsa agus do na daoine óga eile a bheith i láthair lenár gcuid tuairimí a nochtadh agus iad a chur ar stáitse chomh hard leis seo.
Cuirfear ár bhfís don tír seo faoi bhráid na Ranna Stáit ar fad agus os comhair neart comhairleoirí polaitíochta agus súil againn go nglacfaidh na comhairleoirí seo na céimeanna cearta chun ár bhfís a bhaint amach.
Táimid ag coimeád súil ghéar orthu agus táimid ag lorg freagra an Rialtais ar an togra. Ní hé seo críoch an scéil, táimid tar éis grúpa a chur le chéile ag leanúint ar aghaidh ón lá san Áras agus is cinnte go dtiocfaidh rudaí fiúntacha as sin. Chruthaigh sé pobal úr de dhaoine óga ar mhian leo polaitíocht na tíre a mhúnlú amach anseo.
Foilisthe ar Gaelport
Ciorrú eile fógartha don Ghaeloideachas -COGG le cónascadh le heagras stáit eile
Samhain 28, 2012
Tá fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar maidin go bhfuil An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) le cónascadh leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.
Chuir ionadaí ón Roinn Oideachais an fógra in iúl don slua atá ag freastal ar Chomhdháil Ghaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teoranta i gcathair na Gaillimhe inniu.
Cuireann COGG seirbhísí tacaíochta ar fáil do bhunscoileanna agus do scoileanna iar-bhunoideachais lán-Ghaeilge. Chomh maith leis sin, cuireann COGG acmhainní teagaisc ar fáil do scoileanna agus cuirtear maoiniú ar fáil do thaighdeoirí sa réimse seo.
Faoi láthair, níl ach beirt fostaithe ag an gComhairle de bharr nár ceadaíodh postanna eile a líonadh le tamall de bhlianta anuas.
Bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta faoi fhorálacha Alt 31 den Acht oideachais 1998 tar éis feachtais a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaelscoileanna, agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.
Ceapadh ag an am go raibh géarghá le sainstruchtúr le freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge.
Ag labhairt dó inniu, dúirt Seán Ó Foghlú, Ard Rúnaí na Roinne Oideachais:” Ceadóidh na socruithe nua le COGG a cuid acmhainní a dhíriú ar a príomhfheidhmeanna chun acmhainní teagaisc a sholáthar mar thacaíocht ar theagasc na Gaeilge i gcomhair le hobair CNCM ar leasú an churaclaim. Beidh na feidhmeanna ginearálta riaracháin, atá mar ualach suntasach ar fhoireann bheag, á gcur ar fáil anois ag CNCM,” a dúirt sé.
“Faoin socrú nua seo, coinneoidh COGG aitheantas dá cuid féin faoi choimirce CNCM. Láidreoidh an beart seo a cumas le tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le teagasc na Gaeilge i gcoitinne”.
Cuireann An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta comhairle ar an Aire Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí curaclaim agus measúnachta san oideachas luathóige agus i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna.
Foilsithe ar Gaelport.com
An Caifé Craosach – fís chluiche nua aimseartha ar fáil saor in aisce go hiomlán i nGaeilge
Samhain 27, 2012
Tá Foras na Gaeilge i ndiaidh tacaíocht a thabhairt don chomhlacht Black Market Games le leagan Gaeilge den físchluiche “Dead Hungry Diner” a chur ar fáil i nGaeilge. An Caifé Craosach atá air agus is féidir é a íoslódáil saor in aisce ó shuíomh Idirlín an chomhlacht. Is cluiche d’ard chaighdeán é a dhíríonn isteach ar scileanna fadhb réitithe agus tá sé fóirsteanach do phaistí agus do dhéagóirí agus fiú do dhaoine fásta. 7 bliain+ an grád oifigiúil atá faighte aige.
http://www.deadhungrydiner.com/irish.php
Leabhrán/CD nua “An tAifreann Naofa”
Samhain 27, 2012
Sheol an tArdeaspag Diarmuid Ó Máirtín an leabhráin/CD nua “An tAifreann Naofa” ar an 12ú Samhain i gColáiste na Croise Naofa, Cluain Life.
Is áis úsáideach é le freagraí an Aifrinn a mhúineadh agus iad a fhreagairt. Chomh maith le sin tá siad úsaideach do na hAifrinn a bhaineann le ceiliúradh na sacraimintí sna bunscoileanna
Do ghaelscoileanna thart fán tír tá siad ar fáil ón dá suíomh thíosluaite:
1) www.udar.ie (Tel 046 948 7573)
2) Siopaí Leabhar VERITAS (Tel 01 8788 177)
Peter Pan sa Taibhdhearc
Samhain 27, 2012
Faighigí réidh le heitilt go Never Never Land san athchóiriú ceolmhar de chuid Taibhdhearc na Gaillimhe d’úrscéal clasaiceach JM Barrie, Peter Pan. Tá an scéal draíochtúil seo, faoi bhuachaill beag nár theastaigh uaidh dul in aois, ag cur geasa ar lucht féachana leis na cianta. Tugann an scéal álainn muid ar aistear lán de dhraíocht agus de cheol go domhain i bhfad inár samhlaíocht.
Scéal faoi mhisneach, cairdeas, dílseacht, maitheas, olc agus, ar ndóigh – gan dul in aois riamh – níl dabht ar bith faoi ach gur seó é seo don teaghlach uile séasúr na Nollag seo.
Beidh Seó Nollag na bPáistí á léiriú sa Taibhdhearc an tseachtain seo chugainn, an 4 go dtí an 8 Nollaig. Is í Treasa Ní Thiarnáin atá mar stiúrthóir agus ba í Treasa a bhí ina stiúrthóir ar Peter Pan an uair dheireanach a léiríodh Peter Pan sa Taibhdhearc, in 1987
Tá ceol nua-chumtha scríofa go speisialta ag Morgan Cooke don léiriú seo. Tá taithí na mblianta ag Morgan bheith ag obair leis na páistí sna geamaireachtaí sa Taibhdhearc agus bíonn sé ag obair go rialta leis an gcuideachta drámaíochta do pháistí, Branar agus Moonfish. Is í Kate Upton atá i mbun cóiréagrafaíochta ar an dráma Peter Pan.
Is iad páistí na Gaillimhe a bheidh sna príomhpháirteanna sa dráma: Emily Ní Bhrosnacháin mar Tink, Gillian Ní Dubháin mar Peter, Ciara Ní Mhaoldomhnaigh mar Wendy, Ruairí Mac Seoinín mar Mr. Darling agus Yasmin Rather mar Mrs. Darling.
Beidh seó oíche ag tosú gach oíche ón Máirt go dtí an Aoine, ag 7.30pm, agus beidh seó ar an Satharn, an 8 Nollaig ag 3.00pm. Ní chosnaíonn na ticéid ach €10/€5 agus tá siad ar fáil ón Taibhdhearc, an tSráid Láir, Gaillimh. Cuir glao ar 091-562024 nó téigh chuig www.antaibhdhearc.com.
Gach eolas ón Taibhdhearc:
091-562024
eolas@antaibhdhearc.com
Labhraíonn Seán Ó Foghlú, Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna ag Comhdháil Bhliantúil Ghaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta
Samhain 27, 2012
Athruithe móra fógartha in oideachas na Gaeilge agus oideachas trí mheán na Gaeilge
Áirítear athruithe i gcuraclam na Gaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus i scoileanna príomhshrutha, trialacha béil Gaeilge éigeantacha sa tsraith shóisearach, leathnú ar scolaíocht trí mheán na Gaeilge, agus feabhsuithe sa Ghaeilge in oideachas múinteoirí i measc na mórfhorbairtí a d’fhógair Seán Ó Foghlú, Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna inniu.
In óráid fhad-réimseach chuig comh-chomhdháil bhliantúil Ghaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta i nGaillimh, dúirt an tUasal Ó Foghlú go raibh an Roinn Oideachais agus Scileanna tiomanta go hiomlán d’fheidhmiú na ngníomhartha uaillmhianacha sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Tá tosaíocht tugtha ag an Roinn do phríomhréimsí gníomhaíochta, lena n-áirítear bearta chun soláthar na scolaíochta trí mheán na Gaeilge a mhéadú agus curaclaim níos fearr don Ghaeilge a sholáthar i scoileanna a i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus i scoileanna príomhshrutha.
Dúirt an tUasal Ó Foghlú, “Déanfaidh an Roinn Oideachais agus Scileanna dícheall, thar saol na Straitéise, oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do scoláirí gur mian lena dtuismitheoirí leas a bhaint as.”
Luaigh sé an próiseas reatha chun bunscoileanna a dhídhílsiú i limistéir ina bhfuil daonra reatha mar dheis trína bhféadfaí tuilleadh scoileanna a oibriú mar ghaelscoileanna, dá mbeadh éileamh ann ó na tuismitheoirí.
Ag leibhéal na hiar-bhunscoile, dúirt se, “Leanfaimid de limistéir a aithint ina bhfuil gá le gaelcholáiste nua faoi réir thairseach an éilimh (is é sin, 400 dalta) atá níos lú go mór ná an tairseach do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla (is é sin, 800). Tá a fhios againn freisin go gcaithfear fiosrú a dhéanamh maidir le cumas an roghanna eile ar nós na n-aonad Gaeilge agus na sruthanna Gaeilge.”
Luaigh an tUas Ó Foghlú freisin go raibh athrú suntasach ar siúl in oideachas tosaigh múinteoirí. Tá na hathruithe ann le teagasc na Gaeilge i gcoláistí a neartú agus lena chinntiú go bhfeabhsófar caighdeáin na múinteoirí sa Ghaeilge agus a gcumas leis an teanga a mhúineadh.
Dúirt an tArd-Rúnaí gur aithin straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta na Roinne go bhfuil gá leis an gcuraclam a leasú ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile agus go bhfuil an obair seo idir lámha ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.
“Measaimid go mbeidh an scrúdú teanga béil ina chuid éigeantach den siollabas nua agus na riachtanais measúnaithe don Ghaeilge faoi réir fheidhmiú an Chreata don tSraith Shóisearach a sheol an tAire Quinn an mhí seo caite,” a dúirt sé.
Ag teacht leis seo sa tsraith shóisearach, bheadh gearrchúrsa breise roghnach ag ardchaighdeán sa Ghaeilge ar fáil le húsáid ag scoláirí i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus i scoileanna Gaeltachta; bhí sé seo á éileamh le fada ag lucht an oideachais trí mheán na Gaeilge.
“Ligfeadh gearrchúrsa dá leithéid do scoláirí i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge staidéar a dhéanamh agus creidiúint a fháil as cumas sa teanga ag ardleibhéal suntasach,” a dúirt sé.
D’fhógair an tUasal Ó Foghlú freisin go raibh cinneadh glactha ag an Roinn an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a chomhtháthú faoi choimirce na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM).
“Ceadóidh na socruithe nua le COGG a cuid acmhainní a dhíriú ar a príomhfheidhmeanna chun acmhainní teagaisc a sholáthar mar thacaíocht ar theagasc na Gaeilge i gcomhair le hobair CNCM ar leasú an churaclaim. Beidh na feidhmeanna ginearálta riaracháin, atá mar ualach suntasach ar fhoireann bheag, á gcur ar fáil anois ag CNCM,” a dúirt sé.
Faoin socrú nua seo, coinneoidh COGG aitheantas dá cuid féin faoi choimirce CNCM. Láidreoidh an beart seo a cumas le tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le teagasc na Gaeilge i gcoitinne.
€661,071 curtha i dtreo chur chun cinn na Gaeilge i mí na Samhna 2012
Samhain 21, 2012
D’fhógair an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeilge i gcaitheamh na míosa seo go rachadh deontais éagsúla de luach €661,071 san iomlán i dtreo comhlachtaí, grúpaí agus clubanna lonnaithe sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht.
Rachaidh an maoiniú i dtreo tionscadail reatha sna Gaeltachtaí i gCo. Chiarraí, Co. na Gaillimhe, Co. Dhún na nGall agus Co. Phort Láirge.
Chuaigh an líon is mó deontas chuig eagraíochtaí agus Coláistí Samhraidh ag plé leis an óige le luach €61,634 ag dul do 11 coláiste Gaeilge ar fud na tíre. Chuaigh €18,787 den luach sin go Coláiste Chiaráin, An Cheathrú Rua.
Cheadaigh an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich €5,000 mar chabhair chun an Scéim Oiliúna Rugbaí a fhorbairt i gCorca Dhuibhne don scoilbhliain 2012/13 agus €6,965 do Ghasóga Ghaoth Dobhair chun trealamh campála a cheannach.
Ar na mórdheontais a ceadaíodh an mhí seo, bronnadh €74,738 ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar mhaithe le cartlann úr d’ábhar RTÉ Raidió na Gaeltachta a craoladh ó bunaíodh an stáisiún in 1971 in Áras Shorcha Uí Ghuairim i Roisín na Mainiach, Carna, Co. na Gaillimhe. Táthar ag súil go gcuimseoidh an chartlann ábhar a bhfuil luach náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint léi.
Chomh maith leis sin, bronnadh €470,000 don tionscadal taighde www.abair.ie a seoladh ag Oireachtas na Samhna 2012 i Leitir Ceanainn. Déanann an físeán thíos cur síos ar an togra leanúnach seo: Gaelport.com
Ó thaobh na n-ealaíona Gaeilge de, cheadaigh an tAire Stáit €4,475 do Scoil Cheoil Shliabh Liag chun cur ar chumas an choiste áitiúil an costas a bhain le ranganna ceoil a chuireadh ar fáil do pháistí an cheantair a chlúdach. Chomh maith leis sin, ceadaíodh deontas €8,000 don “Chrann Óg”, na Doirí Beaga, chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na healaíona i gceantar Ghaoth Dobhair agus €750 do Choiste Banna Sóisearach an Mhachaire le dul i dtreo uirlisí ceoil úra a cheannach.
I measc na ndeontas eile ceadaíodh €9,471 do Choiste Ionad Pobail Charraig Uí Bhaoill chun cur ar a gcumas iomaire féir a cheannach agus chuaigh deontas de luach €6,082 chuig Phobalscoil Chorca Dhuibhne le dul i dtreo gléas fótachóipeála nua agus dhá theilgeoir a cheannach.
Foilsithe ar Gaelport