Méid an Téacs

Seachtain na Gaeilge i bhFine Gall

Eanáir 17, 2017

An bhfuil ocáid á reachtáil agaibh le haghaidh Seachtain na Gaeilge i gceantar Fhine Gall?

Má tá, ná déan dearmad féachaint ar www.snag.ie le tuilleadh eolais a fháil agus an ócáid a chlárú.

Beidh Comhairle Contae Fhine Gall ag cur clár ar leith le chéile don seachtain.

Má theastaíonn uaibh bhur n-ócáid a bheith san áireamh sa chlár sin téigh i dteagmháil leis an gCoiste Gaeilge ag eolas@fingal.ie nó glaoigh ar Bernie Kelly, Oifigeach Gaeilge ag 01-8905369, chomh luath agus is féidir.

2 Leabhar Nua ag Cois Life

Eanáir 6, 2017

Foilseoidh an comhlacht Cois Life dhá leabhar nua ar an 20 Feabhra, agus beidh siad ar fáil ó na dáilitheoirí Áis ansin. Is é Greim na vaimpíre an ceathrú leabhar ag an údar iomráiteach Orna Ní Choileáin sa tsraith vaimpírí do dhaoine óga. Is leabhar idirghníomhach den scoth do ghasúir in aois 5+ é Cillian ag comhaireamh le Siobhain Grogan. Foghlaimeoidh na páistí conas comhaireamh agus iad ag leanúint Cillian ar a lá breithe agus é mar stiúrthóir cúnta ag cabhrú lena uncail ar an traein. Tá léaráidí gleoite ann ó Olivia Golden.

Tuilleadh eolais le fáil anseo:

Greim na Vaimpíre

Cillian ag Comhaireamh

 

An-Scléip i Muineachán!

Nollaig 7, 2016

gg-13-seasur-an-ghra

‘Séasúr an ghrá’, Coláiste Lú, Dún Dealgan a tháinig sa chéad áit sa chomórtas  Slua-Amhránaíocht  ( Sóisear ) ag réamhbhabhta Scléip Gael Linn 2017 i Muineachán

gg-6-meascan-mearai

‘Donald Trump’ i measc lucht sceitse ‘Meascán Mearaí’ ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, a bheidh ag gabháil san iomaíocht i gcraobhchomórtas Scléip Gael Linn 2017 ar an 2 Feabhra 2017 in amharclann Clasach, BÁC

Bhí atmaisféar iontach in Amharclann an Gharáiste, Muineachán, ag réamhbhabhta an tuaiscirt de chomórtas Scléip Gael Linn ar an  Déardaoin, 1 Nollaig seo caite ! Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá  dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, le béim ar na healaíona comhaimseartha. 

Bhí iomaitheoirí ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, An Fálcarrach, mar aon le scoláirí Choláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Coláiste Oiriall, Muineachán agus Coláiste Lú, Dún Dealgan i measc na rannpháirtithe a rinne  léiríu ar sceitsí, ar rince chruthaitheach, agus ar cheol agus amhránaíocht chomhaimseartha.  Bhain an lucht féachana mhór ard-taitneamh as an seó uilig !  Tugadh an-tacaíocht do gach réalta óg a chuaigh ar stáitse,  cé go raibh teannas an chomórtais le brath anois is arís! 

Mhol na moltóirí,  Edel Ní Churraoin, ceoltóir agus craoltóir le Raidió Fáilte, agus Tomaí Ó Conghaile, Eagarthóir ‘Nós’ agus láithreoir leis an BBC,  na daoine óga uilig a chuaigh ar stáitse, agus thugadar aischothú agus moltaí dóibh a bheidh ina gcabhair acu amach anseo. Bhí cinntí deacra le déanamh  acu tríd síos , ach bhíodar aontaithe gurb iad na míreanna a leanas a leanfaidh na buaiteoirí ó réamhbhabhtaí an iarthair, an oirthir agus an deiscirt go Baile Átha Cliath don chraobhchomórtas in amharclann Clasach, Fionnradharc, ar an Déardaoin, 2 Feabhra 2017:
Rince Cruthaitheach ( Aonair ) Sóisear:  Aoife Nic Gabhann, Coláiste Oiriall, Muineachán

Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) Sóisear: ‘Grúpa Ríoghnach’, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Sceitse Nuachumtha ( Sóisear ): ‘Meascán Mearaí’, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Sceitse Nuachumtha ( Sinsear ): ‘Conraitheoirí Uí Ghallachóir Teo’, Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, Co. Dhún na nGall
Slua-Amhranaíocht ( Sóisear ): ‘Séasúr an ghrá’, Coláiste Lú, Dún Dealgan, Co. Lú
Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sóisear ): Justin Ó hAgáin, Coláiste Lú, Dún Dealgan, Co. Lú
Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sinsear ): Ruairí Mac Lochlainn, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha, le Féintionlacan ( Sóisear ): Aoibhinn Ní Dheagha, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Amhranaíocht Aonair Chomhaimseartha, le Féintionlacan ( Sinsear ): Amy Ní Chléirigh, Coláiste Ailigh, Leitir Cenainn, Co. Dhún na nGall

Grúpa Amhránaíohta Comhaimseartha le Féintionlacan ( Sóisear ): ‘Draíocht’, Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, An Fálcarrach
Grúpa Amhranaíochta Comhaimseartha le Féintionlacan ( Sinsear ):  ‘Cinniúint’, Coláiste Oiriall, Muineachán

CRÍOCH

Tuilleadh eolais:  Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie

Comhghairdeas le Gaelscoil Chnoc na Ré, Sligeach

Samhain 22, 2016

Guíonn Foireann Gaeloideachas gach rath ar Ghaelscoil Chnoc na Ré dá hócáid cheiliúrtha 20 bliain a bheas ar siúl ar an Aoine 25 Samhain. Guíonn muid gach rath ar Phríomhoide Mícheál Ó Broin, foireann, daltaí agus pobal uile na scoile don tréimhse spreagúil atá amach rompu. Ádh mór agus gach rath oraibh.

web

 

Aighneacht ón ngrúpa Cearta Oideachais i leith an Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016

Samhain 22, 2016

Is grúpa tuismitheoirí iad Cearta Oideachais atá ag tógáil a gclanna le Gaeilge. Tháinig siad le chéile toisc go raibh siad imníoch go gcuirfí cosc ar pháistí le Gaeilge freastal ar Ghaelscoileanna mar thoradh ar na leasuithe ar pholasaithe iontrála scoile atá á bheartú ag an Aire Oideachais & Scileanna. Tá siad ag stocaireacht go gcuirfí riachtanais agus cearta oideachais pháistí atá á dtógáil le Gaeilge san áireamh sa reachtaíocht nua atá á bheartú.

Is féidir an aighneacht leith an Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 a léamh anseo: Aighneacht – leagan Gaeilge

Tá tuilleadh eolais maidir le Cearta Oideachais le fáil ar Facebook: https://www.facebook.com/ceartaoid/

Nuacht ó Choláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair

Samhain 21, 2016

1-o-caoimh-eile

Saoirse Trought (Meitheal) ag bronnadh saothar ealaine ar Éamonn Ó Cuiv T.D ar ócáid chomórtha bhreithlá an Phiarsaigh a bhí eagraithe ag Gaelachas Teo. i gcomhar le Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair ar an 10 Samhain 2016.

2-torthai

Deiseal: Seonaid Ní Mhaolaidh, Liam Pléimeann agus Cáit Ní Chorcráin.

Tréaslaimid le gach dalta a rinne Scrúdú an Teastais Shóisearaigh i mbliana. Ní bréag a rá go raibh na torthaí nótáilte ar fad. Rinne gach duine acu éacht ach caithfear a rá go raibh triúr dár ndaltaí a rinne thar barr. D’éirigh leo 10 A an duine a bhaint amach. Thugadar faoin ard-chúrsa i ngach ceann de na hábhair freisin. Níl aon dabht ach go bhfuilimid go léir fíor-bhródúil agus mórtasach astu agus ba léir go rabhadar bródúil, díograiseach, uaillmhianach, dála a múinteoirí i rith na bliana.

 

Seachtain na Gaeilge le Gaelscoil Bhun Cranncha

Samhain 15, 2016

Griangraif de na himeachtaí a reachtáil an scoil ina dhiaidh cur isteach ar ár scéim Le Chéile Trí Ghaeilge.

img_9420

img_9519

img_9549

img_9588

img_9634

naiscoil-1

naiscoil-4

(English) €3333.33 presented to Clon Gaelscoil ASD classes

Samhain 15, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Moladh déanta ag Bord Fhoras na Gaeilge maidir le ceapadh Príomhfheidhmeannaigh

Samhain 4, 2016

Ag cruinniú Boird Fhoras na Gaeilge ar an 4 Samhain 2016 pléadh ceapachán Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. Agus an próiseas earcaíochta anois curtha i gcrích tá Leas-Phríomhfheidhmeannach / Stiúrthoir Seirbhísí Oideachais reatha Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, á mholadh ag Bord Fhoras na Gaeilge le teacht i gcomharbacht ar Fherdie Mac an Fhailigh mar Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.

Ag labhairt dó inniu dúirt Seán Ó Coinn “Tá bród as cuimse orm as an mhuinín atá léirithe ag Bord Fhoras na Gaeilge ionam inniu. Is pribhléid mhór é a bheith ag teacht sna sála ar an bheirt Phríomhfheidhmeannach a tháinig romham, Ferdie Mac an Fhailigh agus Seosamh Mac Donncha”

Is as an Mullach Bán i gContae Ard Mhacha Seán Ó Coinn, áit a bhfuil sé ina chónaí anois lena bhean Áine. Tá céim onóracha sa Léann Ceilteach aige ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus dioplóma sa Bhainistíocht ó Ollscoil Uladh.

Tá tréimhsí caite ag Seán mar láithreoir ar BBC Raidió Uladh, ag teagasc Gaeilge ag an dara leibhéal, mar thaighdeoir in Ollscoil na Banríona Béal Feirste ar Scéim Logainmneacha Thuaisceart Éireann, ina bhainisteoir tionscadail ar an tionscadal forbartha cultúrtha Tí Chulainn ar an Mullach Bán, agus ina aistritheoir scrúduithe le Comhairle Curaclaim Scrúduithe agus Measúnaithe Thuaisceart Éireann. Chaith sé tréimhse 10 mbliana mar Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle na Gaelscolaíochta, an foras forbartha gaelscolaíochta i dTuaisceart Éireann. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Naíscoil agus Bhunscoil Ard Mhacha. Ceapadh é ina Leas-Phríomhfheidhmeannach / Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais i bhForas na Gaeilge i mí Mheán Fómhair 2011.

Tá moladh an bhoird curtha faoi bhráid na Comh-Aireachta Thuaidh Theas.

Meánscoil ilchreidmheach nua fógartha do Phort Laoise

Samhain 4, 2016

Tá An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge in Éirinn, roghnaithe mar iontaobhaí ar mheánscoil nua i bPort Laoise i bpáirtnéireacht le Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uíbh Fháilí. D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton TD an toradh inniu (03.11.16) ar an gcomhiarratas.

Osclóidh an scoil ilchreidmheach agus comhoideachasúil i 2017 agus beidh suas le 1,000 dalta ag freastal uirthi amach anseo. Beidh aonad lán-Ghaeilge mar chuid den scoil úr. Den chéad uair, tá sé beartaithe go bhfásfaidh an tAonad ina Ghaelcholáiste neamhspleách faoi chomhphátrúnacht an dá eagraíocht.

Agus é ag trácht ar an bhfógra inniu, dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta: “Is cúis áthais dúinn go bhfuil An Foras ainmnithe mar iontaobhaí ar an meánscoil nua seo i bPort Laoise. Táimid ag súil le dul i mbun oibre le Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise Uíbh Fháilí, eagraíocht a bhfuil clú orthu as sároideachas a chur ar fáil sa cheantar seo.”

“Tá sé thar a bheith tábhachtach don Fhoras go raibh mianta na dtúismitheoirí san áireamh mar chuid den phróiseas iomaíoch seo le pátrún a roghnú. Táimid an-sásta go gcuirfidh an scoil nua i bPort Laoise rogha ar fáil mar gur scoil comhoideachasúil agus ilchreidmheach a bheidh inti.”

“Is í an aidhm atá againn ná oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do gach páiste ar mian leo é a fháil. Cuirfidh an tAonad éagsúlacht ar fáil ó thaobh an éitis teanga agus beimid ag úsáid ár saineolas leis an Aonad a fhás ina Ghaelcholáiste neamhspleách faoi chomhphátrúnacht an dá eagraíocht.”

www.foras.ie

« Previous PageNext Page »