An-spórt ag Féile Peile Gael Linn sa Rinn !
Meitheamh 7, 2016

Gaelscoil Charraig Uí Leighin: Seaimpíní Féile Peile Gael Linn a reáchtáladh i gColáiste na Rinne le déanaí, foireann Ghaelscoil Charraig Uí Leighin, Corcaigh lena múinteoirí bródúla, Neasa Ní Lúing agus Órla Ní Chathasaigh
Bhí an-spórt ag peileadóirí óga ó Ghaelscoileanna agus ó scoileanna Gaeltachta le chéile ag Féile Peile Gael Linn cois mara thiar sa Rinn le déanaí ! Thar dhá lá, Déardaoin, 2 agus Aoine, 3 Meitheamh a reáchtáladh an ócáid bhliantúil seo, agus bhí ocht bhfoireann ( agus suas le 150 scoláire páirteach ann), faoi stiúr a gcuid múinteoirí. Ar na scoileanna a thaisteal go Gaeltacht na Rinne, bhí Gaelscoil Chluain Meala, Gaelscoil Mhichíl Cíosóig, Inis, Gaelscoil Gharbháin, Dún Garbhán, agus ceithre fhoireann ó Chorcaí – Gaelscoil Pheig Sayers, Fearann Phiarais, Gaelscoil Thomás Dáibhís, Magh Eala, Gaelscoil Charraig Uí Leighin agus Gaelscoil na Dúghlaise. Rinne Scoil Náisiúnta na Rinne comhnascadh le Scoil Bhaile Mhic Airt, An Sean Phobal, chun foireann a chur chun páirce chomh maith.
Scoláirí ó na hardranganna, idir bhuachaillí agus cailíní, sna scoileanna seo a bhí ag imirt agus tháinig roinnt de na foirne seo tríd babhtaí réamhcháilithe le bheith páirteach sa bhféile. Bhí neart cluichí le
n-imirt ag na foirne thar an dá lá agus ba é Domhnall Ó Murchadha ón Rinn a bhí ag feidhmiú mar riarthóir orthu ag an bhféile.
Is idir Gaelscoil Charraig Uí Leighin agus Gaelscoil Mhichíl Cíosóig a imríodh an Chraobh. Bhí an-choimhlint ann ach sa deireadh is ag scoláirí Chorcaí a bhí an bua. Bhí áthas an domhain orthu nuair a bhronn Seán Ó Ceallaigh Corn Gael Linn ar a gcaptaen, Rhys Mac Cárthaigh. Ba iad Neasa Ní Lúing agus Órla Ní Chathasaigh na múinteoirí a thraenáil agus a d’ullmhaigh an fhoireann don chomórtas.
Faoi dhíon Choláiste stairiúil na Rinne a bhí na cuairteoirí lonnaithe, agus deis acu aithne a chur ar a chéile! Bhí an-chraic ag na scoláirí istoíche ag an quiz boird, ceolchoirm agus céilí a eagraíodh dóibh. Bhí an aimsir go breá le linn na féile agus bhain na daoine óga ar fad an-sult as an bpeil agus as as na himeachtaí sóisialta. Tá Gael Linn an-bhuíoch de fhoireann an Choláiste agus de gach éinne a chuidigh ar aon bhealach le reáchtáil na féile.
Ba é seo an fhéile deireannach den tsraith de fhéilte a d’eagraigh Gael Linn i ngach cúige i mbliana, agus é ar an dara ceann a reáchtáladh i gCúige Mumhan, chun freastal ar an éileamh mhór ó na scoileanna sa taobh sin tíre.
Comórtais Dathúcháin ó Cartoon Saloon
Meitheamh 7, 2016
Beidh an scannán Amhrán na Mara curtha ar scaileán mar chuid den Fhéile Litríochta Hay i gCeanannas Mór. Chun an ócáid seo a cheiliúradh, tá comórtais ealaín á n-eagrú do pháistí faoi 6 bliana d’aois agus do pháistí 6-11 bliana d’aois. Fógrófar na buaiteoirí roimh taispeántais an scannán Amhrán na Mara ag an bhFéile Litríochta Hay ar an Satharn 25 Meitheamh ag 11 r.n. An spriocdháta le haghaidh iarratas ná an Aoine 17 Meitheamh 2016. Seol d’iarratais chuig Desiree Meade, Cartoon Saloon, An Teach Braiche, Cill Cheannaigh nó chuig desiree.meade@cartoonsaloon.ie
Tá an pictiúr atá le dathú isteach le fáil anseo: Comórtais Dathúcháin Cartoon Saloon
Dalta na Bliana, Choláiste de hÍde 2016
Meitheamh 3, 2016
Bhronn Príomhoide Coláiste de hÍde Deiric Mac An Bhaird, Dalta na Bliana Choláiste de hÍde 2016 ar Ruth Báille bliain 6 an tseachtain seo chaite ag Oíche Bhronnadh bliain a sé sa choláiste. Ghuí Deiric gach rath ar bhliain a sé san Ardteistiméireacht agus sa todchaí. Dúirt sé go mbeadh siad in chailiúint mór don scoil. Ba oíche álainn a bhí ann le oráidí, ceol agus sóláistí.
Cúrsa Aisteoireachta/Drámaíochta le Sárscoil Fíbín.
Meitheamh 2, 2016
Spásanna fós le líonadh ar Sárscoil Fíbín an tsamhraidh seo a bheidh ar siúl in Indreabhán ón 4ú -15ú Iúil. Ar mhaith leat tabhairt faoi chúrsa i scileanna aisteoireachta/drámaíochta i gConamara? Bí i dteagmháil ar 091-505855 nó sarscoilfibin@gmail.com
Achainí ar scoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath
Meitheamh 1, 2016
Tá 733 páiste i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath gan oideachas lán-Ghaeilge ilchreidmheach ina gceantar. Tá an-díomá ar a gcuid tuismitheoirí nár aithin an Roinn Oideachais agus Scileanna an t-éileamh ollmhór ar an rogha oideachais seo i Marino/Droim Conrach/BÁC1. Tá tús curtha acu le hachainí chun na Roinne le hiarraidh orthu a gcéad rogha oideachais a chur ar fáil ar bhonn práinne. Tacaigh leo leis an achainí thíos a shíniú agus scaip an focal.
https://my.uplift.ie/petitions/support-the-irish-language-733-campaign
Dalta na hIdirbhliana 2016, Colaiste de hÍde
Bealtaine 31, 2016
Tharla Oíche Bhronnadh na hIdirbhliana 2016 i gColaiste de hÍde Luan 30 Bealtaine 2016. Bronnadh Dalta na Bliana 2016 bliain 4 ar Grace Ní Hící. Comhghairdeas do Ghrace agus a chlann.

Shirley Ni Hicí (Máthair Grace0, Evelyn Ni Raghail (Co ordaitheoir na hIdirbhliana), Grace Ni Hicí (Dalta na bliana bliain 4 2016), Deiric Mac An Bhaird (Priomhoide Colaiste de hÍde)
SLAM MATAMAITICE COLÁISTE DE HÍDE
Bealtaine 31, 2016
Comhghairdeas do Keith Ó Cinnéide, Shane Ó Craosadéil agus Aisling Ní Bhroin (sa phictiúr) : thriúr dalta na hIdirbhliana Choláiste de hÍde a ghlac le teastaisí Matamaitice tar eis cúrsa sé mhí a chaitheamh thar deich deireadh seachtainí i gColaiste na Trionóide. Teastaíonn cumas agus scileanna ceannaireachta sa chúrsa Matamaitice seo mar shampla bhí orthú ranganna Códachán sa Mhatamaitice a mhúineadh do bhliain a haon mar chuid den chúrsa. Comhghairdeas dá múinteoir Matamaitice Joy Uí Mhurchadha.
Féile Peile Chonnachta – Corn Gael Linn ag dul ar ais go Cathair na Mart!
Bealtaine 30, 2016

Gaelscoil na Cruaiche:Foireann ríméadach Ghaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mar, ag ceiliúradh a mbua athuair ag Féile Peile Chonnacht i Leitir Móir.
Foireann Ghaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mart, a thug leo Corn Gael Linn arís eile ag Féile Peile Chonnacht Gael Linn i Leitir Móir, Déardaoin, 26 Bealtaine. Ní raibh ach cúpla scór eatarthu féin agus a bhfreasúra ó scoileanna Ros Muc agus Chamuis nuair a séideadh feadóg an réiteora don uair
dheireanach i gcluiche spórtúil. Bhí bród an domhain ar mhúinteoirí na foirne, Colm Ó Conghaile agus Máire Ní Fhaoláin, as éacht seo a bpeileadóirí óga don cheathrú bliain as a chéile!
Thréaslaigh Seán Ó Ceallaigh, as Gael Linn, a mbua leis an bhfoireann bhuacach, agus bhronn sé Corn Gael Linn ar bheirt chaptaen na foirne, Emily Ní Cheallaigh agus Shane Ó Máille.
Reáchtáladh an fhéile thar dhá lá – Dé Céadaoin 25 agus Déardaoin, 26 Bealtaine – agus bhí suas le 160 scoláire rannpháirteach ann ó Ghaelscoileanna agus ó bhunscoileanna an chúige – Gaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mart, Gaelscoil Iarfhlatha, Tuaim, Gaelscoil de hÍde, Roscomáin, Gaelscoil Uí Cheithearnaigh, Béal Átha na Slua, Scoil Sailearna, Indreabhán, Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Scoileanna Chamuis/Rosmuc agus an fhoireann baile, Scoileanna Leitir Móir/Leitir Caladh, faoi chúram a múinteoirí díograsacha! Foirne mheascaithe, le naonúr imreoirí an taobh, a bhí i gceist, agus d’imir gach foireann trí chluiche ar a laghad le linn na féile. Cháiligh na foirne ba airde pointí do na leathchraobhacha, agus ansin an Chraobh.
Cuireadh fáilte roimh na cuairteoirí sna tithe lóistín áitiúla, agus thapaigh go leor acu an deis cuairt a thabhairt ar shuíomhanna spéisiúla an cheantair. Anuas ar na cluichí peile, cuireadh tráth na gceist boird, ceolchoirm agus céilí ar bun do na daoine óga sa Spórtlann.
Tá Gael Linn an-bhuíoch de Mháirtín Ó Meachair agus Bríd Ní Cheallaigh ó Chumann Lúthchleas Gael Naomh Anna a rinne formhór an eagrúcháin áitiúil, agus le coiste na páirce a chuir gach áis ar fáil don ócáid.
Bhí an fhéile cúige seo ar cheann de chúig fhéile peile den chineál céanna a bheidh á n-eagrú ag Gael Linn le linn mhí Bealtaine agus mhí an Meithimh.
Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie
Gaelscoil Phortlaoise, Lá an Forógra
Bealtaine 30, 2016
Féach thíos ar an gcomóradh iontach a bhí ag nGaelscoil Phortlaoise ar Lá an Forógra. Bhí an halla dubh le daoine don cheolchoirm agus ghlac gach rang páirt ann. Bhí amhránaíocht, ceol traidisiúnta, rince-seit, dramaíocht agus filíocht mar chuid den chéiliúradh. Baineadh spórt agus scléip as an lá agus ní dhéanfar dearmad air go deo.
Taithi Mhuintir LADT ar scoil
Bealtaine 25, 2016
Tá áthas orainn a roinnt an acmhainn nua seo do Gaelscoileanna chun treoir a sholáthar chun tacú le mic léinn LGBT. “Taithí Mhuintir LADT ar scoil: Acmhainn d’iar-bhunscoileanna chun bulaíocht homafóbach agus trasfóbach a chosc agus chun tacaíocht a thabhairt do dhaltaí LADT”.
Tá sé ar fáil ag an nasc seo agus beidh sé ar fáil ar shuímh idirlín na Roinne Oideachais agus GLEN freisin.
GLEN_2016_EdResource_IRISH_WEB
_____________
Sandra Irwin-Gowran
Director of Education Policy
GLEN – Gay and Lesbian Equality Network
2 Exchange Street Upper, Dublin 8, DO8 XW7D
t: +353 1 6728650 m: +353 87 7960615
GLEN – Delivering equality for lesbian, gay and bisexual people in marriage, at home, at school, at work and in the wider community.