Méid an Téacs

Achainí ar son Gaelcholáiste – Coláiste Loch Gile, Sligeach

Márta 14, 2016

Achainí  a dhéanamh chuig Aire agus an Roinn Oideachais & Scileanna  chun athrú  a dhéanamh ar an gcinneadh diúltach arna tugadh faoi bhunú  Choláiste Loch Gile. Bhí an scoil dara leibhéal seo le hoideachas a sholáthar  trí mheán na Gaeilge do Shligeach, Liatroim agus Dún na nGall Theas.

Léirigh do thacaíocht anseo https://www.change.org/p/achain%C3%AD-ar-son-gaelchol%C3%A1iste-petition-for-gaelchol%C3%A1iste-col%C3%A1iste-loch-gile-sligeach?recruiter=503336876&utm_source=share_petition&utm_medium=email&utm_campaign=share_email_responsive

Tuismitheoirí le Gaeilge á lorg ag an gclár Róisín, TG4

Márta 14, 2016

Ar an 23ú Márta,  beidh costais cúram leanaí á bplé mar chuid de chlár Róisín ar TG4. Chuige sin, ba mhian le foireann an chláir dul i dteagmháil le tuismitheoirí a bhfuil dhá pháiste (nó níos mó acu) acu í seirbhísí cúram leanaí agus a bhfuil ag íoc go mór as. Ba mhaith leis an gclár fáil amach faoi nithe arbh mhian leis na tuismitheoirí a fheiceail ó thaobh athrú leis an rialtais úr – rudaí a chuideoidh leo ó thaobh costas srl. A scéal féin a chur in iúl. Déan teagmháil le Ann Marie má tá suim agat bheith páirteach sa gclár

Ann Marie 087282640 @roisintg4 https://www.facebook.com/roisintg4/

Scéalaíocht do pháistí ar fud na tíre do Sheachtain na Gaeilge

Márta 10, 2016

Beidh mór imeacht scéalaíochta do pháistí, idir 2-7 bliain d’aois, á reachtáil ag Love Leabhar Gaeilge i nGaillimh, Corcaigh agus Baile Átha Cliath ar an Satharn seo mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge.

Pearsain móra le rá ó TG4 a bheidh i mbun an léitheoireachta le Gráinne Bleasdale i Hodges Figgis (Baile Átha Cliath), Emma Ní Chonaill i Waterstones (Corcaigh) agus Caitlín Nic Aoidh i Charlie Byrne’s Gaillimh.  Rognóidh an triúr pearsan na leabhair a bheidh siad chun léamh do na páistí agus tabharfar blaiseadh de gach atá ar fáil don aos óg i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge.
4
Tá an ócáid saor in aisce do pháistí agus do thuismitheoir agus fáilte roimh chách!  Cuirfear tús leis an scéalaíocht ag 11rn agus mairfidh sé uair an chloig.  Is féidir a thuilleadh eolais a fháil ó MeasMedia ag 091 869617, nó ag info@measmedia.com

Meánscoil Garman, Inis Córthidh buacach ag Comórtas Craobh Tráth na gCeist Feachtas.

Márta 7, 2016

Is í Meánscoil Gharman, Inis Córthidh,Loch Garman, buaiteoirí náisiúnta ar Chraobh Comórtas Tráth na gCeist Feachtas.

Is í Meánscoil na mBráithre Críostaí Chill Chainnigh a tháinig sa dhara áit.

Le sé mhí anuas, ghlac beagnach míle daltaí méanscoile mar chuid d’fhoirne ceathrar páirt i gcraobhacha réigiúnacha ó bhí Méan Fómhar ann.

24 scoil a bhí páirteach i mbabhta ceannais an chomórtais in Óstan Ashling, Baile Átha Cliath inniu. Beagnach 100 déagóirí a bhí rannpháirteach i dTráth na gCeist an lae inniu.

Bronnadh duaischiste €1,000 don chomórtas.   Bronnadh €600 ar an fhoireann bhuacach Meánscoil Gharman,Bill Breathnach,Aaron Jackman, Jack Ó Ciuirc, agus Liam Ó Lionáin agus €400 ar fhoireann CBS Chill Chainnigh, Jack Gargan, Mark Kenny, Kevin Barrett, agus Ultan Conroy.

“Beagnach 1,000 déagóir ó mhéanscoileanna Béarla agus Gaelcholáistí  na tíre a bhí páirteach i mbabhtaí an chomórtais i mbliana, a réachtlaíodh go híomlán trí Ghaeilge. Tá muid iontach sásta leis an rath a bhí ar chomórtas na bliana seo agus is léiriú é fosta ar an éileamh atá ann dá leithéid i measc déagóirí óga ar spéis leo an Ghaeilge agus iad ag teacht tríd an chóras oideachais,” arsa Loretta Ní Churraighín, bainisteoir Feachtas. “Is é an aidhm atá ag Feachtas ná chun deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, agus ghlac gach foireann páirt sna réamhbhabhtaí de lasmuigh den am scoile.”

“Tá comórtas Tráth na gCeist Feachtas mar chuid lárnach d’obair Feachtas ó bunaíodh é in 1980 agus é mar aidhm seans a thabhairt do dhaoine sna méanscoileanna atá ag foghlaim Gaeilge, an teanga a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, ag ócáid thaitneamhach agus bíonn duaiseanna iontacha do na buaiteoirí agus bíonn an spraoi ag na hiomaitheoirí ar fad,” a dúirt Pádraigín Nic Ghearailt, Cathaoirleach Feachtas.

Tacaíocht do Dhaltaí le Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) i Scoileanna Lán-Ghaeilge

Márta 1, 2016

I gcomhpháirt le Gaelscoileanna Teoranta agus le Scoil an Oideachais i UCD, agus le cabhair ó COGG, tá taighde idir lámha againn faoi staid reatha sholáthar RSO i mbunscoileanna lán-Ghaeilge. Is í aidhm an taighde seo ná tuiscint a fháil ar an ndea-chleachtas, i leith soláthair RSO, atá á chur i bhfeidhm i scoileanna lán-Ghaeilge. Tá Gaelscoileanna Teo. i mbun oibre ar son na hearnála chun na láidreachtaí agus na dúshláin san earnáil a mheas, chun an cur chuige is fearr a aithint don eagras agus iad i mbun stocaireachta, agus chun stádas scoileanna lán-Ghaeilge san earnáil a phlé.

Chuige sin, seo nasc chuig suirbhé ar-líne: https://www.surveymonkey.com/r/RSO-i-Scoileanna . Tuigimid go dtagann go leor suirbhéanna chun na scoile, ach tá fíorthábhacht ag baint leis an gceann seo ionas gur féidir linn freastal ar an bhfás agus bhforbairt a bhaineann le réimse na riachtanais speisialta sa chóras LánGhaeilge agus a bheith in ann pleanáil chucu dá bharr. Bheimis go mór faoi do chomaoin dá bhféadfá, nó dá bhféadfadh ball den fhoireann tacaíochta/RSO, an ceann seo a líonadh. Tá fáilte roimh phríomhoide, leasphríomhoide, múinteoir tacaíochta nó acmhainne nó aon mhúinteoir eile sa scoil an suirbhé seo a líonadh.

Tá muid an-bhuíoch as do chuid comhoibrithe.

An Suirbhé: Cabhróidh torthaí an tsuirbhé seo go mór linn léargas cruinn a chruthú ar an gcóras agus ar staid reatha soláthar RSO. Tá 30 ceist sa suirbhé agus ní cóir go dtógfaidh sé i bhfad é a líonadh.

Rúndacht: Má líonann tú an suirbhé, beidh na torthaí in úsáid mar chuid de thráchtas i Scoil an Oideachais i UCD, agus mar thaighde Ghaelscoileanna Teo. Ní lorgófar aon ainm ná eolas aitheantais.

Buntáistí an Taighde: Tá bearna sa taighde ar staid reatha RSO i scoileanna lán-Ghaeilge. Táimid ag súil go dtaispeánfaidh ár dtaighde an dea-chleachtas atá á chur i bhfeidhm i scoileanna lán-Ghaeilge.

Deireadh an Taighde: Nuair a bheidh torthaí bailithe, bainfear úsáid as na sonraí chun alt a scríobh i Scoil an Oideachais, UCD, agus chun treoir a chur ar fáil do Ghaelscoileanna Teo. maidir le soláthar RSO i scoileanna lán-Ghaeilge. Roinnfear na torthaí le cibé scoileanna ar mian leo iad a fháil.

Ceisteanna: Má tá aon cheist nó léirmheas agat maidir leis an suirbhé nó an taighde, chuirfimis fáilte roimh do theagmháil, agus tá ár gcuid sonraí le feiscint ag deireadh na litreach seo.

Is sinne, le meas,

Máire Bairéad
mary.barrett.1@ucdconnect.ie
(Múinteoir Gaelscoile/Síceolaí Oideachais faoi Oiliúint, UCD)

Clodagh Ní Mhaoilchiaráin
clodaghni@gmail.com
(Príomhoide Gaelscoile/Cathaoirleach an Fhochoiste um Oideachais Riachtanais Speisialta, Gaelscoileanna Teo.)

Stiúrthóir an Taighde: Dr. William Kinsella (william.kinsella@ucd.ie)

CLÁR FRITH-BHULAÍOCHTA – LEABHAR OIBRE

Márta 1, 2016

Clár frith-bhulaíochta:

Tá an clár seo an-oiriúnach do dhaltaí an Teastais Shóisireagh agus na h-Ardteiste.

Is féidir é a úsáid mar áis i ranganna éagsúla; Gairm Treoir, Religiún, Oideachas Sláinte,Oideachas Saoránach Sóisialta agus Polaitiúil srl.

Capture

Baintear usáid as físeanna, idirphlé, leabhair oibre, rólghlacadh agus féinmheas.

Ní bheidh na daltaí in amhras faoi:

Aonad 1: Cad is bulaíocht ann?

Aonad 2: An bulaíocht í?

Aonad 3: Cibearbhulaíocht

Aonad 4: Breathnóirí

Aonad 5: Conas dul i gcomhairle  duine eile

Aonad 6: Socrú /conradh ranga

Tá gach eolas ar fáil ar an suíomh: 

http://classroomguidance.ie/antiBullyingGlc.html 

DIALANN DÚRADÁIN An teideal Gaeilge ar  ‘DIARY OF A WIMPY KID’

Feabhra 25, 2016

An tEarrach seo, ar Lá Domhanda na Leabhar agus le linn Sheachtain na Gaeilge, tá ríméad ar theach foilsitheoireachta an Spidéil, Futa Fata, eagrán Gaeilge den tsraith mhórdhíola ‘Diary of a Wimpy Kid’ a chur i láthair ár léitheoirí.

Dialann DúradáinBhí a fhios again go raibh lucht leanúna dílis ag an tsraith cheana féín in Éirinn. Nuair a chinn orainn aontú ar theideal Gaeilge, chinn muid ar chomórtas a reáchtáil féachaint cé na moltaí a thiocfadh chun cinn. Seo mar a mhíníonn stiúrthóir Futa Fata, Tadhg Mac Dhonnagáin, an scéal: “Bhí muid ag cuartú teidil a thabharfadh léargas ar nádúr an phríomhcharachtar an leabhair, Greg Heffley – tá sé ag iarraidh clú agus cáil a bheith air, tá sé ag iarraidh bheith ar an duine is mó ar scoil a bhfuil aird agus meas air. Ach ní go rómhaith atá ag iarraidh leis an stádas sin a bhaint amach.”

Cuireadh an-suim sa chomórtas agus chuir daoine isteach air ó gach cúinne den tír. Thaitin cuid de na moltaí linn a raibh blas simplí, sothuighthe orthu: Dialann Ghreannmhar Ghreg, mar shampla, nó Dialann Rógaire Gheanúil,Dialann an Phleibín. Daoine eile, chaith said an-dua ag iarraidh aistriúchán cruthaitheach a dhéanamh ar an bhfocal sin ‘wimp’: ina measc siúd bhí  Dialann an Ghearrcaigh Mheataigh, Dialann Leaid Óg Gan Cnámh Droma, agus Dialann Óganaigh a Chaill a Mhojo.

Dialann Dúradáin 7 8 Lth Samplach

Tar éis dúinn na céadta moltaí a mheas, shíl muid gurbh fhearr díriú ar theideal a bhí gonta, ceann nach raibh rófhoclach agus ceann a raibh rithim agus fuaim cheolmhar aige. Thaitin Scríbhinn Séacla linn agus Dialann Dúramáin. Ach an ceann ba dheise linn ar fad ó thaobh fuaime, rithime agus brí, ceann a thug leis gné lárnach de charachtar Greg Heffley ná Dialann Dúradáin. I measc na mbríonna atá ag foclóir Uí Dhónaill don fhocal ‘dúradán’ tá ‘a puny, insignificant person.’

Aisling Ní Fhátharta an té a mhol agus tá luach €500 de leabhair Futa Fata bainte aici do leabharlann a scoile, Scoil Naisiúnta Thír an Fhia, Co. na Gaillimhe. Comhghairdeachas leatsa, a Aisling!

Tá áthas orainn a fhógairt go seolfar DIALANN DÚRADÁIN ar LÁ DOMHANDA NA LEABHAR, an 3ú MÁRTA I SIOPA LEABHAR EASON, SRÁID UÍ CHONAILL, BAILE ÁTHA CLIATH ag 11AM. Tá fáilte romh chách chuig an ócáid seo. Beidh aistritheoir an leabhair, Máirín Ní Mhárta I láthair le léamh agus le cóipeanna a shíniú.

Praghas RRP €9.95.  Is féidir réamhordú a dhéanamh ar an leabhar anois don scoil. Lascainí 20% ar 5 nó níos mó cóip.

w: www.futafata.ie

t:@futafata

facebook.com/futafata

TG4 AR THÓIR AR LÁITHREOIRÍ ÓGA AIMSIRE DO SHEACHTAIN NA GAEILGE

Feabhra 15, 2016

Tá TG4 ag eagrú comórtais a thabharfaidh an deis do chúigear dalta bunscoile (6-12 bliain) a bheith mar chomh-láithreoirí ar an Aimsir Láithreach,  seirbhís aimsire an chainéil, le linn Sheachtain na Gaeilge 14 -18 Márta.  Beidh na buaiteoirí ag craoladh i bpáirt le láithreoirí aitheanta an chainéil ar an gcraoladh aimsire ag 6.55pm gach tráthnóna.

Roghnófar na láithreoirí óga is fearr a bhfuil teacht i láthair agus Gaeilge líofa acu.  Caithfidh na buaiteoirí a bheith ar fáil le teacht go Ceannáras TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe ar cheann de na dátaí seo: Márta 14, 15, 16.

Iarrtar ar dhaltaí ar suim leo a bheith páirteach, físeán gearr a sholáthar ina míníonn siad cén fáth gur mian leo An Aimsir Láithreach a chur i láthair, a chur chuig  cula4@tg4.ie  roimh 5 Márta 2016.    Is gá uimhir teileafóin tuismitheora/caomhnóra fásta a chur leis an iarratas.

Is é Cúla4  an zón don óige ar TG4 a chraoltar ar an gcainéal gach lá Luan-Aoine 7 – 10am agus          2- 6pm.  Bíonn an t-ábhar ar fáil freisin ar Sheinnteoir TG4 ar AIP APP nó ag  www.cula4.com.

Eolas breise: Karina Feirtéar, Young People’s Editor, TG4. 091 505221/ karina.feirtear@tg4.ie

Tús na n-Oibreacha ar fhoirgneamh buan do Ghaelscoil an Bhradáin Feasa

Feabhra 15, 2016

Tháinig DEICH mBLIAIN d’obair chrua agus tiomantas chun críche nuair a d’iompaigh  Phil Reilly agus Cathal Mac Cearáin  fód chun tús na n-oibreacha ar fhoirgneamh buan do Ghaelscoil Feasa Bhradáin ar Bhóthar an Mhuilinn a cheiliúradh.

Scoil nua-aimseartha atá oiriúnach do pháistí an 21ú haois, a bheidh suite taobh thiar de na seomraí réamhdhéanta atá ann. Osclóidh sí i mí Bealtaine 2017 tar éis togra tógála a thógfaidh 16 mí.

1

Tom Kelly a ghearr an ribín


Ag an suíomh ar an Luan, is iad Tom Kelly agus Cathal Mac Cearáin a d’iompaigh fód. Bhí na sceitimíní le braith sa aer agus áthas an domhain ar chomhaltaí a chaith 10 mbliana ag streachailt chun an fhoirgneamh buan seo a fháil.

2

Sceitimíní ar na páistí!

Bhí Cathal Mac Cearáin mar chathaoirleach ar an gcoiste bunaithe, agus is Cathaoirleach é  ar an mbord bainistíochta ó osclaíodh an scoil sa bhliain 2007. D’oibrigh Cathal agus Siobhán Ní Dhúill (príomhoide) go dlúth leis an Roinn Oideachais agus leis na polaiteoirí áitiúla chun an pointe seo a shroichint. Is iad ailtirí Van Dijk a ceapadh chun an scoil nua-aimseartha seo a dhearadh agus P.J Mc Loughlin a thógfaidh an fhoirgneamh a chuimsíonn 16 seomra ranga, seomraí tacaíochta foghlama, seomraí acmhainne, aonad do pháistí le riachtanais speisialta, halla scoile, ionad bhog-shúgartha, clós shúgartha shóisearach agus dhá chúirt cispheile. I 2013, bhí an scoil san áireamh ar liosta tógála do 2015/16.Ag labhairt dó ag fáiltiú sa scoil, chuir an tUasal Mhic Cearáin, Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta fáilte roimh gach duine chuig an ócáid ​​agus dúirt go raibh siad ag tús an deireadh  de ‘thuras fhada agus céasmhar’. Ghabh sé buíochas le Phil Reilly as a chuid tacaíochta sna laethanta tosaigh nuair a d’athchóirigh sé na seomraí feistis i CLG Naomh Colmcille chun scoil a dhéanamh astu thar oíche!

3

Martin Mc Loughlin, Tom Kelly, Cathal Mac Cearáin agus Tommy.

Thagair Siobhán an príomhoide do Confucius a thug le tuiscint nuair nach bhféadfaí spriocanna soiléire a bhaint amach, ní raibh le déanamh ach na céimeanna gníomhaíochta a athrú agus sin a déanadh sa scoil seo faoi threoir Chathail Mhic Cearáin a d’oibrigh gan stad gan staonadh chun an pointe seo a shroichint.

Thug sí ómós freisin do thuismitheoirí, mhuinteoirí, foireann na scoile agus do h-airí oideachais agus polaiteoirí áitiúla a bhí ina gcúnamh mór maraon le lucht an fhreasúra.

TEN YEARS of hard work and dedication finally came to fruition as Mr. Phil Reilly and Cathal Mac Cearáin turned the sod to mark the beginning of works on the new Gaelscoil an Bhradáin Feasa on the Mill Road.

The new state-of-the-art school, which will be situated behind the current prefabs is due to open in May 2017 after an 16-month build.

At the site on Monday, Tom Kelly  and Cathal Mac Cearáin turned a very wet sod at the site where not even the rain could dampen the spirits of those gathered to witness the event, some of whom have been part of the school’s struggle for 10 years.

One of those people is Cathal Mac Cearáin who was cathaoirleach of the founding committee and has been cathaoirleach of the Board of Management since the school opened in 2007. Cathal and principal Siobhán Ní Dhúill have worked closely with the Department of education and all local politicians in order to get to this stage. Van Dijk architects have designed a state of the art school which P.J Mc Loughlin will build. It encompasses 16 classrooms, learning support rooms, resource rooms, a special needs unit, school hall, soft play area, junior play area and two basketball courts.

In 2013, the school was included in the building list for 2015/16.

Speaking at a reception in the school, Mr. Cathal Mac Cearáin, Chairperson of the Board of Management welcomed everyone to the event and said they were at the beginning of the end of a “long and torturous journey.” He thanked Phil Reilly for his support in the early days when he refurbished the changing rooms in St. Colmcilles GAA and turned the clubhouse into a school overnight!

Siobhán the principal referred to a Confucius quote which suggested that when obvious goals could not be reached, you did not adjust the goals but the action steps and that, she said, was what the school had done, under the guidance of Cathal Mac Cearáin who had an “indefatigable and unwavering drive”.

She paid tribute also to parents, staff, Ministers for education and local politicians who had been of great assistance both while in government and in opposition.

Turas Báid Oideachasúil le THE Doolin Ferry Co. & Bill O’Brien

Feabhra 12, 2016

Seachtain-na-Gaeilge_Lógó_Lándaite-1-e1455209290308

“Táimid an-sásta go bhfuil The Doolin Ferry Company ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge leis an turas báid speisialta seo as Gaeilge. Tá súil againn go mbainfidh daltaí taitneamh agus tairbhe as a bheith ag foghlaim

trí Ghaeilge agus iad amuigh faoin aer”.

Le linn 2016 táimid ag cur tús le foghlaim curaclam-bhunaithe lenár ‘Sraith Oideachais d’Fhoghlaim faoin Tírdhreach’ de thurais scoile do scoláirí bunscoile, meánscoile agus tríú leibhéal. Chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh agus a chur chun cinn, tabharfaidh ár gcriú oileánda turas báid eolasach agus taitneamhach do do scoil faoi scáth Aillte draíochtúil an Mhothair – ar fad as Gaeilge.

Foghlaimeoidh sibh faoin dóigh a cruthaíodh na haillte seo 450 milliún bliain ó shin! Foghlaimeoidh sibh chomh maith faoin Timpeallacht Mara agus Cóilíneachtaí na nÉan Mara a thagann gach bliain chun a ngearrcaigh a chothú.

Feicfidh sibh chomh maith pluais ón scannán ‘Harry Potter & the Half Blood Prince’!

Múinteoirí saor in aisce! 

School.Tours_.CliffsofMoher-150x150Testimonial

Bhí turas Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin chuig Aillte an Mhothair le The Doolin Ferry Company le Bill O Brien, ar cheann de bhuaic phointí na bliana acadúla. Sheol muid ar thuras oideachasúil a rinne ceansú ar áilleacht agus ar gnéithe an nádúir I mbarr a réime. Bhí na radharcanna draíochtúil agus bhí idir mhúinteoirí agus daltaí faoi gheasa ag iontais na nAillte ón mbun. Bhí an criú fíor oibleagáideach agus ba léir go raibh siad bródúil an taithí álainn seo a roinnt linn. Turas scoile den chéad scoth!” ~Mairéad Ní Fhátharta, Príomhoide

Guthán:  065 707 5555

Ríomhphost:  sales@doolinferry.com

Caithfear réamh-áirithint a dhéanamh ar thurais Gaeilge. Fágann tuarais scoile 12:00pm gach lá agus maireann tuaras ar feadh uaire.

« Previous PageNext Page »